Ealaíontóirí gairmiúla ar Liúntas Cuardaitheora Poist

Intreoir

Tugann an Scéim Leasa Shóisialaigh d'Ealaíontóirí Gairmiúla ar Liúntas Cuardaitheora Poist (JA) deis d'ealaíontóirí gairmiúla atá ag fáil JA díriú ar a saothar ealaíne agus a bpunann a fhorbairt don chéad bhliain go bhfuil siad as obair.

Faoin Scéim, is féidir le healaíontóirí gairmiúla a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith díolmhaithe ó ghníomhachtú an mhargaidh saothair don chéad bhliain go bhfuil siad as obair.

I measc na bhfoirmeacha ealaíne a chlúdaítear faoin Scéim tá na hamharcealaíona, amharclann, litríocht, ceol, damhsa, ceoldráma, scannán agus sorcas. Soláthraíonn an Roinn Sóisialaí liosta iomlán de na foirmeacha ealaíne gairmiúla atá clúdaithe ag an Scéim (pdf

Rialacha

Le cáiliú don Scéim, ní mór duit a bheith os cionn 18 agus faoi 66. Ní mór duit a bheith:

Ba cheart 50% ar a laghad de d'ioncam sa bhliain roimhe sin a bhaint as do chuid oibre mar ealaíontóir gairmiúil. Mar shampla:

  • Díolacháin saothar ealaíne
  • Díol leabhar
  • Dleachtanna
  • Sparánachtaí agus deontas ag éirí as stádas mar ealaíontóir
  • Léamh leabhar
  • Táillí cuma
  • Táillí léachta
  • Díolacháin eagrán ealaíonta
  • Táille ealaíontóra ar oibreacha coimisiúnaithe
  • Táille ealaíontóra ar thaispeántais
  • Táille ealaíontóra ar an gclár oideachais agus for-rochtana
  • Comhairleacht ealaíne
  • Táille ealaíontóra do phainéil roghnúcháin
  • Táille ealaíontóirí do phainéil chomhairleacha ealaíne
  • Tacaíocht theicniúil agus suiteála ealaíne
  • Dámhachtainí agus duaiseanna ealaíne
  • Cónaitheachtaí ealaíonta
  • Táille ealaíontóra ar chomhairleoirí dearaidh

Nuair atá tú á measúnú don Scéim, déanfar tástáil acmhainne ort mar dhuine féinfhostaithe agus beidh costais áirithe a bhaineann le do ghairm incheadaithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Nuair a dhéanann tú iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist, ba cheart duit na doiciméid riachtanacha uilig a sholáthar, lena n-áirítear:

  • Deimhniú nó dearbhú ó chomhlacht gairmiúil gur ealaíontóir gairmiúil thú
  • Doiciméid ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a thaispeánann gur as do chuid oibre mar ealaíontóir gairmiúil an bhliain roimhe sin a bhí 50% d’ioncam

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat cheana féin agus má cheapann tú go bhféadfá cáiliú don Scéim, ba chóir duit dul i dteagmháil le d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Scéim le haghaidh ealaíontóirí gairmiúla ar Liúntas Cuardaitheora Poist a ligeann duit díriú ar do shaothar ealaíne agus do phunann a fhorbairt.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Eanáir 2020