Cás-staidéar 2: Conas a bhíonn tionchar ag ioncam ó fhostaíocht in Éirinn ar an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

Case study

Léiríonn an cás-staidéar seo an tionchar a bhíonn ag obair ar an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta (rataí 2023)

Cás-staidéar

Tá Frank ina chónaí lena pháirtí Joanne agus lena mbeirt leanaí. Chaill sé a phost le gairid agus tá iarratas déanta aige ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta. Tá obair shealadach aige ag tiomáint mionbhus do sheirbhís áitiúil do dhaoine faoi mhíchumas gach Satharn agus Domhnach. Tá a thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe cothrom le €140.

Tá Joanne ag obair go páirtaimseartha trí lá sa tseachtain agus tuileann sí €85 in aghaidh na seachtaine. Faigheann sí Sochar Leanaí don bheirt leanaí chomh maith faoi 12 blian d'aois.

Dhíol siad seanteach an teaghlaigh le déanaí agus cheannaigh siad teach níos nuaí. Rinne siad brabús €15,000 ar dhíol an tí agus tá coigilteas breise €5,000 acu.

Céim 1

Ar dtús ríomh acmhainní Frank agus Joanne.

Ioncam inmheasúnaithe Frank ó fhostaíocht €60

(Féach nóta 1)

Ioncam inmheasúnaithe Joanne ó fhostaíocht €15

(Féach nóta 2)

Acmhainní measúnaithe ó choigilteas 0

(Féach nóta 3)

Acmhainní Iomlána €75

Céim 2

Ríomh uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta atá ag Frank. Cuimsíonn sé seo an t-uasráta pearsanta agus aon mhéadú le aghaidh duine aosaithe cháilithe.

Ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta €220

Móide méadú le haghaidh duine aosaithe cháilithe €146

Móide méadú do leanaí cleithiúnacha €84

Iomlán €450

Céim 3

Uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta lúide acmhainní inmheasúnaithe. Sa chás seo,

Uasráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta €450

Lúide acmhainní inmheasúnaithe €75

Iomlán €375

(Ráta pearsanta LLCF móide méadú le haghaidh duine aosaithe cháilithe)

Iomlán Ráta an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta atá iníoctha le Frank €375

Nóta 1

Ar dtús, déan ioncam Frank ón obair a mheasúnú agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas:

Déanfar €20 in aghaidh an lae ó obair ócáideach (suas le huasmhéid de €60) a bhaint as a mheántuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil, agus ansin déanfar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar a acmhainní seachtainiúla.

€140 - €40 (don dá lá a oibríodh) = €100 x 60% = €60

Déantar na lamháltais a leanas a asbhaint ó d’olltuilleamh i gcónaí chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil:

  • ÁSPC (Ranníocaíocht)
  • Dleachtanna ceardchumainn
  • Aoisliúntas
  • CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta)
  • Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise

Tá acmhainní seachtainiúla Frank ó fhostaíocht arb ionann iad agus €60 níos lú ná an t-uasmhéid a bheadh sé i dteideal a fháil ó thaobh a imthosca (€409.70). Toisc go bhfuil a fhios againn anois go bhfuil sé i dteideal méid áirithe dá Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a choinneáil is é an chéad chéim eile ná méid iarbhír an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a bhfuil sé i dteideal a fháil a ríomh. Caithfidh tú a ‘thuilleamh inmheasúnaithe laethúil’ a ríomh chun é seo a dhéanamh.

Níl sé i dteideal an LLCF a fháil ach do thréimhsí dífhostaíochta amháin. Is é an íostréimhse go gcaithfidh duine a bheith dífhostaithe chun LLCF a fháil ná 4 lá i dtréimhse 7 lá as a chéile. Tá cúig lá dífhostaíochta as a chéile ag Frank. Tá sé fostaithe 2 lá as 7 lá.

Is ionann meántuilleamh inmheasúnaithe laethúil Frank agus (€140)

Lúideneamhaird don lá a oibríodh €140 - €40 = €100

60 % dá thuilleamh laethúil inmheasúnaithe de €100= €60

Tá Ioncam inmheasúnaithe Frank ó fhostaíocht cothrom le €60

Nóta 2

Is é an t-ioncam ó fhostaíocht a fhaigheann Joanne ná €85.

Déanfar €20 in aghaidh an lae ó obair ócáideach (suas le huasmhéid de €60) a asbhaint óna meántuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil, agus ansin déanfar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar a hacmhainní seachtainiúla.

€110 – €60 (don 3 lá a oibríodh) = €25 x 60% = €15

Ní chuirtear Sochar Leanaí san áireamh nuair atá acmhainní á ríomh.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad Conas atá tionchar ag ioncam fostaíochta ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus inár mBileog oibre ar Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus ioncam ón obair.

Nóta 3

Tá coigilteas €20,000 ag Joanne agus Frank in éineacht. Tá sé sin faoin tairseach €20,000 agus ní chuirtear san áireamh mar acmhainní é.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Eanáir 2023