Ceadanna fostaíochta

  • Faoin Acht um Cheadanna Fostaíochta (Leasú), 2014, tá 9 cineál de chead fostaíochta ann. Aimsigh níos mó sonraí faoi na cineálacha éagsúla de chead.

  • Faigh amach faoi Cheadanna Fostaíochta Ginearálta, cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh agus cá huair is féidir le duine a bhfuil cead oibre aige poist a mhalartú

  • Is cead fostaíochta é Cead Fostaíochta Scileanna Ríthábhachtacha d'fhostaithe i gcatagóirí ainmnithe, ag brath ar leibhéal an tuarastail.

  • Mionsonraí na socruithe le teacht ar fhostaíocht a dhéanamh do chéilí, do pháirtnéirí agus do chleithiúnaigh shaoránaigh neamh-LEE atá ina sealbhóirí Ceada Fostaíochta Scileanna Ríthábhachtacha nó taighdeoirí.

  • D’fhéadfadh náisiúnaigh neamh-LEE a raibh cead bailí fostaíochta acu, ach a d’fhág an córas gan iad féin a bheith mar chúis leis, nó ar caitheadh go dona leo nó ar baineadh leas astu san ionad oibre, bheith i dteideal Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe a fháil a cheadóidh dóibh oibriú arís.

  • Faoin Scéim Oibre Neamhthipiciúla, féadfaidh náisiúnaigh neamh-LEE obair ghearrthéarmach chonartha áirithe a dhéanamh nach bhfuil cumhdaithe ag na hAchtanna um Cheadanna Fostaíochta.

  • Tá comhaontuithe saoire oibre ag Éirinn le roinnt tíortha éagsúla.