Saghsanna ceadanna fostaíochta

Réamhrá

Caithfidh cead fostaíochta a bheith ag formhór na náisiúnach neamh-LEE chun oibriú in Éirinn. Má bhog tú go hÉirinn chun cónaí le duine muinteartha, nó má thug an tAire Dlí agus Cirt cead cónaithe in Éirinn duit, b’fhéidir go mbeidh cead agat oibriú gan cead fostaíochta.

Próiseálann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (an RFTF) ceadanna fostaíochta. Cuireann tú isteach ar chead fostaíochta, de ghnáth, nuair a rinneadh post a chur ar tairiscint duit. Caithfidh tú do chead fostaíochta a fháil, i bhformhór na gcásanna, sula dtagann tú go hÉirinn. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcead fostaíochta tú féin, nó is féidir le d’fhostóir iarratas a dhéanamh air duit.

Teastaíonn ceadúnas fostaíochta ó do chéile nó do pháirtí freisin chun oibriú, mura bhfuil Ceadúnas Fostaíochta Scileanna Criticiúla, Cead Fostaíochta Ginearálta do dhochtúirí (Stampa 1H) agat nó má tá tú clúdaithe faoi Chomhaontú Óstála.

Tá 9 gcinn de cheadanna fostaíochta éagsúla á riar ag RFTF agus Comhaontú Óstála speisialta do thaighdeoirí acadúla arna riar ag an Roinn Bhreisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Is iad na ceadanna fostaíochta is coitianta ná an Cead Fostaíochta Ginearálta agus an Ceadúnas Fostaíochta Scileanna Criticiúla.

Rialaítear an scéim ceadanna fostaíochta sna hAchtanna um Cheadanna Fostaíochta, 2003-2014.

Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Scileanna Criticiúla má dhéantar post a thairiscint duit:

  • A íoctar ar ráta €32,000 sa bhliain, ar a laghad, agus atá ar an Liosta Gairmeacha Beatha Scileanna Criticiúla
  • A íoctar ar ráta €64,000 sa bhliain, ar a laghad, sa bhliain agus nach bhfuil ar an liosta gairmeacha beatha neamh-incháilithe

Tá Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla d’oibrithe oilte atá cáilithe i ngairmeacha ina bhfuil easnamh scileanna in Éirinn. Caithfidh gur bhain tú cáilíocht ábhartha tríú leibhéal amach, ach d’fhéadfá a bheith incháilithe i gcás roinnt saghsanna poist, agus cáilíocht níos ísle agat nó má tá an taithí riachtanach phraiticiúil agat leis an bpost a dhéanamh.

Caithfidh d’fhostóir ionchasach conradh fostaíochta 2 bhliain, ar a laghad, a thairiscint duit.

Is féidir le do dhaoine muinteartha teacht go hÉirinn le cónaí ann leat láithreach. Is féidir le do chéile nó páirtnéir Cead Cónaithe Éireannach Stampa 1G a fháil, a cheadaíonn dóibh oibriú gan cead fostaíochta. Is féidir leat cur isteach ar Chead Cónaithe Éireannach Stampa 4 tar éis oibriú ar feadh dhá bhliain agus Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla agat in Éirinn, a cheadaíonn duit oibriú gan cead fostaíochta.

Cead Fostaíochta Ginearálta

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Ginearálta má dhéantar post a thairiscint duit:

  • A íocann ar a laghad €34,000 in aghaidh na bliana (ó 17 Eanáir 2024) – féach thíos le haghaidh eisceachtaí
  • Nach bhfuil i ngairm atá ar liosta gairmeacha beatha neamh-incháilithe
  • I gcás gnólachta ina bhfuil breis agus leath na n-oibrithe ó áiteanna lasmuigh den LEE. Tugtar an riail 50:50 air seo.

Caithfidh go bhfuil an chuideachta nó an gnólacht ag trádáil cheana féin in Éirinn agus cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Is féidir le do dhaoine muinteartha teacht go hÉirinn le cónaí ann leat tar éis do chéad bhliana fostaíochta. Tá ar do chéile nó páirtnéir cur isteach ar chead fostaíochta chun oibriú in Éirinn.

Má fhaigheann tú Cead Fostaíochta Ginearálta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht go hÉirinn (má theastaíonn víosa uait le hÉirinn a iontráil). Is féidir leat cur isteach ar Chead Cónaithe Éireannach Stampa 4 tar éis oibriú ar feadh 5 bliana, a cheadaíonn duit oibriú gan cead fostaíochta.

Tástáil Riachtanas an Mhargaidh Shaothair

Caithfidh go ndearna an fostóir iarracht an post a líonadh le saoránach Éireannach nó an LEE. Caithfidh siad a thaispeáint go ndearna siad an post a fhógairt le EURES agus an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) ar feadh ar a laghad 4 seachtaine. Caithfidh siad an post a fhógairt freisin i nuachtán náisiúnta ar feadh ar a laghad 3 lá, agus i nuachtán áitiúil, nó le gníomhaireacht earcaíochta ar líne (nach láithreán gréasáin an RCS nó EURES é) ar feadh 3 lá. Tá roinnt eisceachtaí ann maidir le cathain a theastaíonn Tástáil Riachtanas an Mhargaidh Shaothair.

Ráta pá

Caithfidh íostuarastal bliantúil de €34,000 a bheith ag an bpost.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin má tá do thuarastal bliantúil €30,000 (le íosráta in aghaidh na huaire de €14.79) agus má:

● Faigheann tú tairscint poist mar oibrí próiseála feola

● Faigheann tú tairscint poist mar oibrí gairneoireachta

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin má tá do thuarastal bliantúil €27,000 agus má:

  • Offered a job as a healthcare assistant (you must have a Level 5 QQI qualification or a relevant health and social care qualification comparable to a Level 5 QQI, or get one within 2 years of starting your job)
  • Offered a job as a home carer (you must have a Level 5 QQI qualification, or get one within 2 years of starting your job)

● Faigheann tú tairscint poist mar chúntóir cúraim sláinte (ní mór cáilíocht QQI Leibhéal 5 nó cáilíocht chuí maidir le sláinte agus cúram shóisialta atá inchomparáide le QQI Leibhéal 5 a bheith agat, nó ceann a fháil laistigh de 2 bhliain tar éis duit do phost a thosú)

● Faigheann tú tairscint poist mar chúramóir baile (ní mór cáilíocht QQI Leibhéal 5 a bheith agat, nó ceann a fháil laistigh de 2 bhliain tar éis duit do phost a thosú)

Cead Fostaíochta Cleithiúnaí, Comhpháirtí, Céile

Má tá Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla agat nó más taighdeoir tú faoi Chomhaontú Óstála, ní bheidh ceadúnas fostaíochta ag teastáil ó do chéile nó do pháirtí de-facto chun oibriú in Éirinn. Mar sin féin, beidh cead fostaíochta ag teastáil ó do chleithiúnaithe agus is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Cleithiúnach, Comhpháirtí, Céile.

Níl céilí, cleithiúnaithe nó páirtithe sealbhóirí Cead Fostaíochta Ginearálta incháilithe do Chead Fostaíochta Cleithiúnaí, Comhpháirtí, Céile agus ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta ina gceart féin.

Cead Fostaíochta Conradh Seirbhíse

Má tá tú ag oibriú do chuideachta a bhfuil conradh acu le gnólacht nó comhlacht Éireannach chun tabhairt faoi obair in Éirinn, is féidir le d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Conradh Seirbhíse. Caithfidh go raibh tú ag oibriú don chonraitheoir (an gnólacht thar lear ar bronnadh an conradh orthu) ar feadh ar a laghad 6 mhí.

Níl an Cead bailí ach ar feadh chomh fada agus is gá tabhairt faoin obair ar conradh. Ní féidir leat fanacht in Éirinn ar feadh níos faide ná 5 bliana má tá Cead Fostaíochta Conradh Seirbhíse agat. I gcás conarthaí gearra níos giorra ná 3 mhí, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an Scéim Oibre Neamhthipiciúla.

Baineann na rialacha seo a leanas:

  • Caithfidh an conraitheoir a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Caithfidh saoránaigh an LEE a bheith i gceist le leath fhostaithe an chonraitheora nó na cuideachta ag a bhfuil an conradh, ar a laghad.
  • Teastaíonn Tástáil Riachtanas an Mhargaidh Shaothair i bhformhór na gcásanna.
  • Is é an ráta pá íosta €40,000 sa bhliain.

Cead Fostaíochta Intéirneachta

Más mac léinn lánaimseartha thú i gcoláiste lasmuigh den LEE, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Intéirneachta le taithí oibre a fháil in Éirinn.

Baineann na rialacha seo a leanas:

  • Caithfidh gur riachtanas de chuid do chúrsa í taithí oibre.
  • Is é an ráta pá íosta an pá íosta náisiúnta
  • Caithfidh gur gairm bheatha atá ar an Liosta Gairmeacha Beatha Scileanna Criticiúla í d’intéirneacht.
  • Mairfidh an Cead ar feadh tréimhse uasta 12 mhí. Nuair a bhíonn an Cead críochnaithe, caithfidh tú Éire a fhágáil.

Cead Fostaíochta Spóirt agusCultúir

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Spóirt agus Cultúir do phoist sna hearnálacha spóirt agus cultúir in Éirinn.

Caithfidh na scileanna agus na cáilíochtaí ábhartha ar leith a bheith agat le hoibriú i ngnólacht nó eagraíocht spóirt nó chultúir.

Cead Fostaíochta Comhaontaithe Malartaithe

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Comhaontaithe Malartaithe má tá tú ag teacht go hÉirinn trí cheann de na cláir seo a leanas:

  • AIESEC
  • An Cumann Idirnáisiúnta um Malartú Mac Léinn le haghaidh Taithí Theicniúil (IAESTE)
  • Clár Fulbright
  • Comhaontú malartaithe an Bhoird Bhia idir Ollscoil Naomh Seosamh, Philadelphia agus UCC do mhic léinn mhargaíochta bia

Mairfidh ceadanna ar feadh tréimhse uasta 12 mhí.

Cead Fostaíochta Aistrithe IdirCuideachtaí

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Aistrithe Idir Cuideachtaí má oibríonn tú do chuideachta ilnáisiúnta agus aistrítear thú chuig brainse Éireannach na cuideachta. Tá an Cead do:

  • Bainisteoirí sinsearacha a thuilleann ar a laghad €40,000 sa bhliain
  • Príomhphearsanra a bhfuil saineolas acu, a thuilleann ar a laghad €40,000 sa bhliain
  • Oiliúnaithe a thuilleann ar a laghad €30,000 sa bhliain

Caithfidh gur oibrigh bainisteoirí sinsearacha agus príomhphearsanra leis an gcuideachta ar feadh 6 mhí, ar a laghad, roimh an aistriú beartaithe. Caithfidh gur oibrigh oiliúnaithe leis an gcuideachta ar feadh aon mhí, ar a laghad.

Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe má bhí tú ag oibriú in Éirinn le cead fostaíochta, agus nach raibh aon cháipéisí agat agus gan an milleán ort féin, nó gur chaith d’fhostóir go dona leat.

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh leis an Rannán Seirbhísí Inimirce ar chead le bheith in Éirinn. Má éiríonn le d’iarratas, is féidir leat clárú leis na húdaráis inimirce agus iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe. Caithfidh tairiscint fostaíochta a bheith agat. Caithfidh an post an pá íosta, ar a laghad, a íoc, agus níl aon srianta ar an saghas poist ar féidir leat iarratas a dhéanamh air.

Comhaontú Óstach do thaighdeoirí acadúla

Más taighdeoir neamh-LEE thú, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun taighde íoctha a dhéanamh in eagraíocht chreidiúnaithe faoin scéim um chead oibre mear do phearsanra T&F Neamh-AE (Comhaontú Óstála). Próiseálann EURAXESS Ireland na hiarratais don Roinn Bhreisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Caithfidh go bhfuil:

● Conradh ar feadh 3 mhí ar a laghad

● Tuarastal €23,811 in aghaidh na bliana (€30,000 má tá cleithiúnaithe agat)

● An cháilíocht ardoideachais chuí a thugann teideal duit rochtain a fháil ar chláir dhochtúireachta

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim ar shuíomh Gréasáin EURAXESS.

Eolas breise agus teagmhálaithe

I gcás conarthaí gearrthéarmacha, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Oibre Neamhthipiciúla.

Is féidir leat léamh faoi ag teacht go hÉirinn le hoibriú.

An Roinn Fiontar Trádála agua Fostaíochta

23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 TD30
Éire

Teil: (01) 631 2121
Lóghlao: 1890 220 222
Láithreán Gréasáin: http://www.enterprise.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Eanáir 2024