Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe

Réamhrá

Má bhí cead fostaíochta bailí agat agus mura bhféadfá é a athnuachan agus gan an locht a bheith ort, nó mar gheall gur thug d’fhostóir drochíde duit nó gur tháinig siad i dtír ort, b’fhéidir go mbeidh tú in ann Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe a fháil.

Caithfidh tú cead a fháil ó Sholáthar Seirbhíse Inimirce (SSI) agus Cead Cónaithe Éireannach bailí a bheith agat sula gcuireann tú isteach ar an gcead.

Chun Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe a fháil:

•Caithfidh go raibh cead fostaíochta agat roimhe seo

•Caithfidh go bhfuil tú dífhostaithe

•Caithfidh go bhfuil tairiscint poist agat

•Caithfidh cead inimirce sealadach Stampa 1 agus litir “Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe” a bheith agat ó SSI.

Tá an Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe ar fáil do gach gairm bheatha, seachas poist intíre (seachas cúramóirí áirithe).

Ní theastaíonn tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair.

Cé atá incháilithe CeadFostaíochta Athghníomhachtaithe a fháil?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gCead Fostaíochta Athghníomhachtaithe má tá tú i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

Sealbhóirí Cead Fostaíochta Ginearálta

•Má bhí Cead Fostaíochta Ginearálta agat agus mura bhfuil tú sa chóras a thuilleadh (níl Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ) bailí agat a thuilleadh) gan an locht a bheith ort.

•Tá cead oibre agat do phoist ísealoilte agus ísealphá agus is mian leat fostóir a athrú ach ní cháilíonn tú do Chead Fostaíochta Ginearálta

Céilí agus páirtnéirí

•Tá Cead Fostaíochta Céile/Cleithiúnaí agat agus is mian leat poist a athrú, ach ní cháilíonn tú do chead nua nó do stampa 1G (mar gheall, mar shampla, go bhfuil tú scartha ó do chéile).

Is féidir le roinnt catagóirí eile d’iarshealbhóirí cead fostaíochta iarratas a dhéanamh freisin.

Ní féidir leat Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe sna cásanna seo a leanas:

•D’iontráil tú an Stát mar mhac léinn nó cuairteoir agus mura raibh cead fostaíochta riamh agat

•Deonaíodh Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe cheana féin duit (murach go bhfuil poist á athrú agat nó má rinneadh iomarcach thú)

•Tá Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla, nó Cead Fostaíochta Ginearálta agat agus rinneadh iomarcach thú.

•Tá Cead Fostaíochta Aistrithe Idir-Chuideachta, Conradh le haghaidh Seirbhísí, Intéirneacht nó Comhaontú Malartaithe agat agus má d’fhan tú in Éirinn i ndiaidh gur éag do chead.

•Bhí cead fostaíochta agus cead inimirce stampa 1 agat roimhe seo ach d’athraigh tú do stádas chuig stampa eile.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi na critéir cháilitheachta (pdf) anseo don Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe.

Caithfear Pá Náisiúnta Íosta a íoc leat, ar a laghad.

Poist incháilithe

Tá an Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe ar fáil do gach gairm bheatha, seachas poist intíre (seachas cúramóirí áirithe).

Tairiscint poist

Ní mór go bhfuil fíor-thairiscint poist agat agus ní mór go bhfuil na cáilíochtaí, scileanna agus taithí agat a theastaíonn don phost. Caithfidh tú bheith fostaithe agus íoctha go díreach ag d’fhostóir. Ní mór go mbeidh an fostóir ag trádáil in Éirinn, cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, más infheidhme, leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Ní eiseofar Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe do chuideachtaí nuair is náisiúnaigh neamh-LEE breis agus 50% de na fostaithe. Tugtar an riail 50:50 air seo.

Ní theastaíonn tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe a fháil, caithfidh tú iarratas a dhéanamh i dtosach ar chead sealadach inimirce le SSI. A luaithe a fhaomhtar do chead sealadach inimirce, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe.

Iarratas a dhéanamh ar chead sealadach inimirce

Chun iarratas a dhéanamh ar chead sealadach inimirce, caithfidh tairiscint poist reatha a bheith agat.

Is gá duit foirm iarratais ar CFA a líonadh agus í a sheoladh chuig SSI. Tá treoirlínte ar fáil le cabhrú leat leis an bhfoirm seo. Déanfaidh SSI measúnú ar an iarratas agus má cháilítear thú do chead sealadach inimirce, gheobhaidh tú cead sealadach inimirce stampa 1 do 4 mhí. Caithfidh tú an cead seo a chlárú ag d’oifig clárúcháin áitiúil.

Iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe

Déanann tú iarratas ar Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe leis an Rannóg Ceadanna Fostaíochta den Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (an RFTF) trí úsáid a bhaint as an gCóras Ceadanna Fostaíochta ar Líne (CCFAL). Is féidir le d’fhostóir ionchasach iarratas a dhéanamh thar do cheann nó is féidir leat iarratas a dhéanamh tú féin. Caithfidh tú an cháipéisíocht tacaíochta a theastaíonn a sholáthar.

I ndiaidh duit iarratas a dhéanamh

Is féidir leat stádas d’iarratais a sheiceáil trí úsáid a bhaint as an tsaoráid fiosrúcháin ar stádas ar líne. Tá na hamanna próiseála iarratais ar láithreán gréasáin na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Má dhiúltaítear d’iarratas, caithfear na cúiseanna a diúltaíodh é a thabhairt duit. Is féidir leat an cinneadh seo a achomharc laistigh de 28 lá, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm athbhreithnithe ar chinneadh chun cead fostaíochta a dhiúltú.

Do theaghlach

Is féidir le daoine a bhfuil Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe acu a dteaghlach a thabhairt leo chun cónaí leo in Éirinn i ndiaidh gur éag 1 bhliain ó eisíodh an cead. Tá ort a thaispeáint gur féidir leat tacú leo, trí bhreis agus na teorainneacha d’Íocaíocht Teaghlaigh Oibre a thuilleamh.

Ó thír atá do theaghlach óna dteastaíonn víosa óna saoránaigh chun Éire a iontráil: caithfidh gach duine acu iarratas a dhéanamh ar víosaí ar leith.

Ó thír atá do theaghlach nach dteastaíonn víosa óna saoránaigh chun Éire a iontráil: caithfidh siad cruthúnas a thaispeáint gur daoine muinteartha le sealbhóir Cead Fostaíochta Ginearálta iad d’oifigeach inimirce san aerfort nó sa chalafort ina n-iontrálann siad Éire.

Clárúchán agus obair

Caithfidh do chéile nó páirtí de-facto agus aon leanbh atá 16 bliana d’aois agus níos sine clárú agus CCÉ a fháil.

Caithfidh siad cur isteach ar chead fostaíochta chun oibriú in Éirinn.

Do phost a athrú nó achailleadh

Do phost a athrú

Más é seo do chéad Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe, caithfidh tú leanúint d’oibriú le d’fhostóir ar feadh 12 mhí (seachas faoi chúinsí eisceachtúla). Ina dhiaidh sin, féadfaidh tú aistriú chuig fostóir nua, a fhad agus go ndéantar iarratas nua ar chead fostaíochta.

Do phost a chailleadh

Má dhéantar iomarcach thú, ba cheart duit fógra a thabhairt don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Tabharfaidh an Roinn 6 mhí duit chun post eile a aimsiú. Nuair a aimsíonn tú post eile, eiseofar Cead Fostaíochta Athghníomhachtaithe nua duit.

Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le d’oifig clárúcháin inimirce áitiúil le do stádas inimirce a dheimhniú. Má éagfaidh do chead inimirce faoi cheann 6 mhí, ar a laghad, is féidir leat cónaí in Éirinn ar feadh 6 mhí. Má tá cead inimirce níos lú ná 6 mhí agat, is féidir síneadh 6 mhí a chur le do chead inimirce, a chiallaíonn go mbeidh ort íoc as CCÉ nua. Murar aimsigh tú post nua i ndiaidh 6 mhí, b’fhéidir go mbeidh ort Éire a fhágáil.

Má fhaigheann tú tairiscint fostaíochta in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta nua.

Táillí

Is iad na táillí a ghearrtar ar Cheadanna Fostaíochta Athghníomhachtaithe:

 
Iarratais nua  
Fad ceada Méid
A mhéid le 6 mhí €500
A mhéid le 2 bhliain €1,000
 
Athnuachaintí  
Fad ceada Méid
A mhéid le 6 mhí €750
A mhéid le 3 bliana €1,500

Má dhiúltaítear iarratas, aisíocfar 90% den táille leis an iarratasóir.

Is í an táille atá ar Dheimhniú Clárúcháin an Cheada Cónaitheachta in Éirinn ná €300.

Athnuachaintí

Féadfaidh fostóir nó an fostaí iarratas a dhéanamh ar an gCead Fostaíochta Athghníomhachtaithe a athnuachan agus leas á bhaint as an gCóras Cead Fostaíochta ar Líne (CCFAL) 16 seachtaine sula n-éagfaidh an cead reatha.

Clárú

Nuair a eisítear do Chead Fostaíochta Athghníomhachtaithe duit, is gá duit clárú le Oifig Chlárúcháin Ché an Bhúrcaigh. Caithfidh tú seo a dhéanamh chun cead a fháil chun fanacht sa Stát mar fhostaí. Is tábhachtach seo a dhéanamh, mar mura ndéantar é, ní bheidh an stádas ceart inimirce agat.

Tá breis faisnéise faoi Cheadanna Fostaíochta Athghníomhachtaithe ar láithreán gréasáin na Roinne.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/

An Roinn Fiontar Trádála agua Fostaíochta

Rannóg Ceadanna Fostaíochta

Ionad Phort an Iarla
bóthar níos ísle
Baile Átha Cliath 2
D02 PW01
Éire

Uaireanta Oscailte: Líne Chabhrach: Luan go hAoine 9:30rn - 5ir
Teil: +353 1 417 5333
Lóghlao: 0818 808 090
Facs: +353 1 631 3268
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Aibreán 2024