An Scéim Oibre Neamhthipiciúla

Réamhrá

Más náisiúnach thú ó thír nach bhfuil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an AE, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin), an RA nó an Eilvéis, teastóidh cead uait chun oibriú in Éirinn. Tá ort cur isteach ar chead fostaíochta i bhformhór na gcásanna, mar gheall air seo. Tá 8 saghas cead fostaíochta éagsúla ann.

Ceadaíonn an Scéim Oibre Neamhthipiciúla do náisiúnaigh neamh-LEE obair áirithe ar conradh gearrthéarmach a dhéanamh nach bhfuil incháilithe do chead fostaíochta. Faoin Scéim, ceadaítear do náisiúnaigh neamh-LEE, ar nós dochtúirí ionaid nó iad siúd atá ar conarthaí gearrthéarmacha (a fhaide le 90 lá) oibriú in Éirinn.

Anuas air sin, is féidir le baill de chriú cabhlaigh áirithe iascaigh cead a fháil chun oibriú faoin Scéim.

Riarann Soláthar Seirbhíse Inimirce (SSI) an Scéim.

Ní féidir leat iarratais a dhéanamh ar an Scéim ach ó áiteanna lasmuigh d’Éirinn.

Cé atá incháilithe don ScéimOibre Neamhthipiciúla?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim má chuirtear post ar tairiscint duit in Éirinn:

  • Sa chás go bhfuil ganntanas scileanna aitheanta ann
  • Scil speisialaithe nó ardscileanna a sholáthar do thionscal, do ghnólacht nó d’institiúid acadúil
  • Mar fhostaí nó intéirneach gearrthéarmach íoctha nó cistithe. Baineann sé seo le mic léinn a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar chúrsa tríú leibhéal ceadaithe lasmuigh d’Éirinn ina bhfuil fostaíocht Éireannach nó intéirneacht Éireannach mar chuid den chúrsa (Ní áirítear leis seo intéirneacht leighis nó intéirneacht/socrúcháin poist gan tuarastal).
  • Mar dhochtúir ionaid arna fhostú agus arna íoc ag gníomhaireacht (sna hearnálacha ospidéil nó cúraim phríomhúil)
  • Mar altra nó cnáimhseach ar Chlár Oiriúnaithe agus Measúnaithe Cliniciúla CRMÉ
  • Mar bhall criú i gcabhlach iascaigh na hÉireann

Is féidir leat na critéir a léamh do na catagóirí incháilithe a ndéantar cur síos orthu thuas.

Ní bhaineann an Scéim Oibre Neamhthipiciúla le náisiúnaigh neamh-LEE:

  • Atá ag maireachtáil go dlíthiúil in Éirinn cheana féin
  • Atá ag teacht isteach in Éirinn chun críocha fostaíochta ar feadh a fhaide le 2 sheachtain
  • Atá ag teacht isteach in Éirinn chun críocha gnó ar feadh a fhaide le 90 lá, mar shampla, chun freastal ar chomhdháil nó seimineár
  • A bhfuil cead fostaíochta acu cheana féin
  • A cháilíonn do chead faoi Bhreithiúnas Van Der Elst
  • A bhfuil Údarú d’Agallamh Poist Ardoilte acu
  • A bhfuil Cead Fostaíochta um Aistriú Ionchuideachta acu i ndlínse eile
  • A bheadh ag oibriú i gcuideachta ina mbeadh níos mó ná 50% de na fostaithe ina náisiúnaigh neamh-LEE dá bharr

Scéim Neamhthipiciúil do bhaillcriú cabhlaigh iascaigh

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh a thuilleadh ón 31 Nollaig 2022 ar an Scéim Oibre Neamhthipiciúla más ball criú de bhád iascaireachta nach bhfuil cláraithe in Éirinn thú. Is é is cúis leis seo go mbeartaítear scéim ceadanna fostaíochta a thosú do bhaill chriú in 2023.

In ionad iarratas a dhéanamh don Scéim, is féidir leat cead inimirce Stampa 4 a fháil. Má tá cead fostaíochta Stampa 4 agat, is féidir leat oibriú gan cead fostaíochta.

Is féidir leat cead inimirce Stampa 4 a fháil má tá an méid seo a leanas agat:

  • Cárta bailí Ceada Chónaithe Éireannaigh (CCÉ) a éagann an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh
  • Litir cheada chun oibriú i gcriú iascaireachta a eisíodh faoin Scéim an 3 Deireadh Fómhair 2022 nó ina dhiaidh

Má d’éag do chead chun oibriú faoin Scéim Oibre Neamhthipiciúla an 31 Nollaig 2022 nó roimhe sin agus mura ndearna tú seo a athnuachan, ní féidir leat cead inimirce Stampa 4 a fháil.

Le cead inimirce Stampa 4 a fháil, ba cheart duit coinne a chur in áirithe le d’oifig inimirce áitiúil.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi conas cead inimirce Stampa 4 a fháil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Inimirce na hÉireann.

Táillí

Is é an táille iarratais ná €250 agus ní féidir é a aisíoc. Ní mór íocaíocht a dhéanamh trí Ríomhaistriú Leictreonach Cistí (EFT). Is féidir leat eolas breise a fháil sna treoirlínte atá ar fáil ag irishimmigration.ie.

Conas iarratas a dhéanamh

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an Scéim ó áit lasmuigh d’Éirinn agus caithfidh nach dtaistealaíonn tú go hÉirinn go dtí go mbíonn Litir Cheada don Scéim Oibre Neamhthipiciúla agat. Má tá ionadaí údaraithe ag déanamh iarratais thar do cheann, ní mór litir údaraithe atá sínithe agat gabháil leis an iarratas.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim ar líne. Ní mór íocaíocht a dhéanamh don scéim oibre neamhthipiciúla trí Ríomhaistriú Leictreonach (EFT). Ba cheart duit tréimhse phróiseála ar a laghad 20 lá oibre a thabhairt.

Is féidir leat coinníollacha agus treoirlíntena Scéime Oibre Neamhthipiciúla a léamh atá ar fáil ar irishimmigration.ie.

Inimirce agus clárúchán

Má éiríonn le d’iarratas agus má chónaíonn tú lasmuigh d’Éirinn, tá ort iarratas a dhéanamh ar víosa iontrála ar líne go fóill más ó thír thú a dteastaíonn víosa óna saoránaigh chun Éire a iontráil. Ba cheart duit cóip de do Litir Cheada a chur san áireamh mar chuid den cháipéisíocht do d’iarratas ar víosa.

Má bheidh tú ag fanacht in Éirinn ar feadh níos faide ná 90 lá, caithfidh tú clárú le d’oifigeach clárúcháin áitiúil.

Do theaghlach

Ní féidir le do theaghlach thú a thionlacan in Éirinn faoi théarmaí na Scéime seo.

Teagmhálacha

An Rannán um Scéim Oibre Neamhthipiciúil

An Roinn Dlí agus Cirt

Inimirce Seirbhís Sheachadadh
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath
D02 XK70
Éire

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Aibreán 2024