Tá 14 príosúin agus Áiteanna Coinneála in Éirinn; 7 i mBaile Átha Cliath, 5 i gCúige Laighean, 3 i gCuige Mumhan, ceann amháin i gConnacht agus ceann amháin i gCúige Uladh. Is Institiúid Dúnta iad 13 acu le slándáil inmheánach agus imlíneach. Tá 3 cinn acu ina ionaid oscailte leis an íosmhéid slándáil inmheánach agus imlíneach.
Is institiúid iad seo a choinníonn daoine idir 16-21 bliain d'aois. Coinníonn cuid de na hInstitiúid daoine fásta chomh maith.
Beidh tú curtha isteach i bpríosún athchuir má tá tú fós ag fanacht le triail agus nuair nach bhfuil tú fós scaoilte amach ar bannaí.
Soláthraíonn an láithreán gréasáin Sheirbhís Phríosúin na hÉireann eolas mionsonraithe ar phríosúin agus ar áiteanna coinneála. Lean na naisc thíos.
Ionad Dóchais - Príosún na mBan i Muinseo
Príosún Chaisleán an Riabhaigh
Ionad Coinneála Ghort na Cruithneachta
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.