An Chúirt Dúiche

Réamhrá

Tá an Chúirt Dúiche ar an gcúirt is ísle i gcóras cúirte na hÉireann. Tá Uachtarán na Cúirt Dúiche chomh maith le 63 Breitheamh den Chúirt Dúiche i gceannas uirthi.

Tá an Chúirt Dúiche eagraithe ar bhonn réigiúnach. Tá 23 Dúiche sa Chúirt Dúiche, chomh maith le Dúiche Cheannchathartha Bhaile Átha Cliath. Tá gach Dúiche ansin roinnte i gceantair den Chúirt Dúiche.

Is cúirt áitiúil agus le húdarás srianta é an Chúirt Dúiche. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sí srianta ó thaobh na gcásanna ar féidir léi cinneadh a dhéanamh i gcúinsí sibhialta agus coiriúla.

Faoi Chuid 3 d'Acht na gCúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2013 an dlínse airgeadaíochta na Cúirte Dúiche méadaithe go dtí €15,000 (ba é €6,348.69) le héifeacht ón 3 Feabhra 2014.

Cúinsí sibhialta

Údarás áitiúil

Ní féidir le Cúirt Dúiche éisteacht le cás nár thosaíodh sa cheantar den Chúirt Dúiche cirte. Ní mór an cás a thógáil, éisteacht leis agus cinneadh a dhéanamh air sa cheantar den Chúirt Dúiche:

  • Ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó duine de na cosantóirí nó san áit ina bhfuil siad ag obair, ina bhfuil gnó nó fostaíocht acu

  • Má roghnaíonn an t-éilitheoir,

    - i gcásanna bunaithe ar chonradh, san áit inar rinneadh an conradh

    - i gcásanna bunaithe ar thort (m.sh. cásanna gortaithe phearsanta), ina bhfuil sé líomhainte gur tharla an tort

    - i gcásanna chun duine a íobairt ó thailte nó ó mhaoin, san áit ina bhfuil na tailte nó an mhaoin atá i gceist lonnaithe;

Údarás teoranta

Tá srian ar an gCúirt Dúiche maidir le héisteacht le cásanna ina dtéann na damáistí nó an cúiteamh atá á n-éileamh thar mhéid áirithe. Is féidir leis an gCúirt Dúiche éisteacht le cásanna:

  • I gconradh go ginearálta nuair nach dtéann an t-éileamh níos airde ná €15,000
  • I gcásanna bunaithe ar chomhaontuithe fruilcheannaigh agus díolacháin creidmheasa, nuair nach dtéann praghas ceannaigh na n-earraí nó méid an éilimh thar €15,000
  • I dtort, nuair nach dtéann an t-éileamh ar chúiteamh thar €15,000
  • In imeacht eisiachtana mar gheall ar neamh-íocaíocht de chíos nó maoin a róshealbhú, nuair nach dtéann an cíos bliantúil thar €15,000 in aghaidh na bliana
  • I gcásanna de choinneáil éagórach d’earraí nuair nach dtéann luach na n-earraí éilithe thar €15,000

D’fhéadfadh an Chúirt Dúiche éisteacht le cineálacha cásanna eile lena n-áirítear:

  • Cásanna teaghlaigh nuair atá an chumhacht ag an gCúirt Dúiche orduithe cothabhála, barrtha, coimeádta, rochtana agus comhcheangail a dhéanamh
  • Feidhmiú breithiúnais, lena n-áirítear an chumhacht scrúdú a dhéanamh ar fhiachóirí maidir lena n-acmhainní, íocaíocht an fhéich a ordú trí dhíolaíochtaí agus an fiachóir a aithint do phríosún sa chás go dteipeann orthu íoc
  • Cásanna ceadúnaithe, m.sh. teastais a bhronnadh do cheadúnais deochanna meisciúla, teastais a bhronnadh do cheadúnais ceantálaí agus crannchuir, ceadúnais a bhronnadh do damhsaí poiblí, srl.
  • Cásanna damáistí mailíseacha nuair nach dtéann an mhéid atá á éileamh thar €15,000

Cásanna coiriúla

Údarás áitiúil

Éistfear le cás coiriúil sa cheantar den Chúirt Dúiche:

  • Inar rinneadh an choir nó
  • Ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ina ndéanann sé/sí a g(h)nó nó
  • Inar gabhadh an cosantóir

Údarás teoranta

Tá dhá chineál choir choiriúla ann:

  • Coireanna achomair, m.sh. coireanna atá triailithe ag breitheamh atá ag suí leis/léi féin
  • Coireanna díotálacha, m.sh., coireanna a d'fhéadfadh a bheith triailithe ag breitheamh agus giúiré

Tagann údarás cóiriúil den Chúirt Dúiche faoi na ceannteidil seo a leanas.

Coireanna achomair a d'fhéadfadh a bheith eisithe ag Breitheamh den Chúirt Dúiche ag suí gan ghiúiré Déanann sé seo suas an-chuid den obair a dhéanann an Chúirt Dúiche agus tagann na coireanna seo ó reachtaíocht amháin.

Coireanna díoltálacha gur féidir a thriail go hachomair chomh fada agus go bhfuil:

  • I dtuairim an bhreithimh, na fíricí líomhainte ina mionchoir agus
  • An duine atá cúisithe i gcoinne nó tar éis agóid a dhéanamh i gcoinne a bheith triailte go hachomair, agus é ráite leis/léi go bhfuil sé de cheart aige a bheith triailte ag giúiré
  • I gcás coireanna áirithe, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí tar éis triail achomair a cheadú

Tá na cineálacha coireanna seo sainithe sa reachtaíocht chuí.

Coireanna díoltálacha a d’fhéadfadh a bheith pléite go hachomair (ní coireanna áirithe lena n-áirítear éigniú, tromionsaí gnéasach, dúnmharú, tréas agus píoráideacht) nuair:

  • A phléadálann an té atá cúisithe ciontach, agus iad os comhair na Cúirte Dúiche agus
  • Atá an breitheamh sásta go dtuigeann an té atá cúisithe an chúis agus
  • A cheadaíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Mura bpléann an Chúirt Dúiche leis an gcás, cuirtear an té atá cúisithe ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda le haghaidh pianbhreithe. Ag an gCúirt Charda, d’fhéadfadh sé/sí a p(h)léadáil de ‘ciontach’ a aistarraingt agus é a athrú go ‘neamhchiontach’ agus sa chás sin tarlaíonn triail.

Coireanna díoltálacha nach féidir a thriail go hachomair, is é sin, cásanna a chaithfidh breitheamh agus giúiré éisteacht leo. Sna cásanna seo, tá “Leabhar Fianaise” curtha os comhair an té atá cúisithe, m.sh., ráiteas den chúis agus den fhianaise a bheidh curtha i láthair os comhair na cúirte chomh maith le liosta finnéithe agus taispeántán. Ní dhéanann an breitheamh den Chúirt Dúiche machnamh ar an ábhar nó ar na haighneachtaí níos mó, ar son an té atá cúisithe nó an ionchúisimh, d’fhonn cinneadh a dhéanamh an bhfuil leorchás ann. Ba phróiseas é seo ar a tugadh réamhscrúdú agus fuarthas réidh leis. Seolfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche an té atá cúisithe ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda nó an bPríomh-Chúirt Choiriúil don triail tar éis don Leabhar Fianaise a bheith seirbheáilte agus gur cheadaigh an DPP an cás a sheoladh ar aghaidh.

Tuilleadh Eolais

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gCúirt Dúiche déan teagmháil le:

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Feabhra 2014