Soláthar uisce

Réamhrá

Ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh, aistríodh freagracht as soláthar éifeachtúil uisce do thithe agus gnólachtaí ó údaráis áitiúla go hUisce Éireann. Is ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a thagann cistiú chun an bonneagar soláthair uisce a chothabháil agus a fheabhsú (píopaí, córais scagacháin agus díghalraithe). Tá an earnáil á rialáil ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (an CRF).

Tá plean gnó 7 mbliana á chur i bhfeidhm ag Uisce Éireann faoi láthair dar teideal Seirbhísí Uisce a Chlaochlú in Éirinn go dtí 2021 (pdf). Tugadh an Plean isteach faoin Acht um Sheirbhísí Uisce, 2013 agus an tAcht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013. Tá breis faisnéise ar fáil ar water.ie, agus ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Cáilíocht uisce a chinntiú

Chun teacht ar bhreis faisnéise ar conas a chinntítear cáilíocht soláthairtí uisce poiblí agus príobháideacha araon, féach ár gcáipéis ar cháilíocht uisce.

Saghsanna soláthar uisce

Scéimeanna uisce poiblí

Déanann Uisce Éireann príomhlíonraí uisce poiblí a riar agus a chothabháil, ach cuireann údaráis áitiúla seirbhísí áirithe ar fáil thar ceann Uisce Éireann trí chomhaontuithe seirbhíse.

Faoi láthair, ní ghearrtar tobhach ar tháillí ach ar uisce a sholáthraítear do áitreabh tráchtála. Cistíonn an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil tionscadail chaipitil a sholáthar agus a uasghrádú i seirbhísí uisce agus fuíolluisce. Riarann Uisce Éireann tógáil féin tionscadail soláthair uisce phoiblí. Tugann údaráis áitiúla faoi thástáil dhian uisce ar gach uisce poiblí agus cuirtear na torthaí ar fáil don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) gach bliain.

Grúpscéimeanna uisce

Freastalaíonn grúpscéimeanna uisce ar go leor teaghlach nach bhfuil ceangailte le soláthar uisce poiblí. Cruthaítear na scéimeanna seo nuair a thagann dhá theaghlach nó níos mó le chéile chun a gcomhsholáthar féin uisce a sholáthar. Toghann an grúpa iontaobhaithe chun gníomhú thar ceann a mball i ngach déileáil leis an údarás áitiúil.

De ghnáth, bunaítear grúpscéimeanna i gceantair nach mbeartaíonn an t-údarás áitiúil córas soláthair uisce a shuiteáil go gairid amach anseo, nó in aon chor. Is féidir le grúpscéimeanna uisce a fháil ón bpríomhlíonra poiblí, más féidir, nó ó fhoinsí príobháideacha, ar nós toibreacha nó lochanna.

Tá ort íoc as d’uisce má tá tú mar bhall de ghrúpscéim uisce phríobháideach. Cuireann údaráis áitiúla fóirdheontais ar fáil, áfach, do gach teach i ngrúpscéim – féach Rátaí thíos. Tá an sainchúram ag údaráis áitiúla chun an soláthar uisce a thástáil agus a chinntiú go bhfuil sé sábháilte le hól ach níl siad freagrach as píopaí agus córais scagacháin ghrúpscéime a chothabháil.

Más mian le baill de ghrúpscéim uisce go nglacfaidh an t-údarás áitiúil ceannas ar reáchtáil na scéime, caithfidh siad tarscaoileadh a shíniú lena cheadú do phearsanra an údaráis áitiúil bheith ar a dtalamh chun píopaí a chothabháil, etc. Caithfidh an grúpa léarscáil a thabhairt don údarás áitiúil den chóras píopaí agus rochtain a thabhairt dóibh chun tástáil a dhéanamh ar phíopaí i dtaobh sceite. Má ghlacann an t-údarás áitiúil ceannas ar an scéim, bíonn sé freagrach ansin as an gcóras uisce a chothabháil. Má bhíonn grúpscéim uisce go hiomlán príobháideach, áfach, is féidir leis cúnamh teicniúil agus deontais a fháil ón údarás áitiúil d’aon oibreacha riachtanacha uasghrádaithe.

Comharchumann is ea Cónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce a bunaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna ball de ghrúpscéimeanna uisce. Cuireann sé seirbhísí comhairleacha, oiliúna, forbartha agus eile ar fáil do bhaill den scéim.

Soláthairtí uisce príobháideacha (screamhuisce)

Mura ball thú de scéim soláthair uisce (poiblí nó grúpa), beidh ort machnamh a dhéanamh ar do thobar féin a tholladh agus screamhuisce a bhaint as chun soláthar a dhéanamh do do riachtanais féin. D’ullmhaigh Institiúid Gheolaithe na hÉireann (IGI) treoirlínte maidir le toibreacha príobháideacha a dhruileáil.

Nuair a bhíonn an tobar druileáilte, ba cheart duit é a shéalú in aghaidh truailliú, a chinntiú go bhfuil sé díghalraithe agus sampla a sheoladh ar aghaidh go ndéanfar tástáil air. Féach treoirlínte IGI maidir le tobar uisce a thógáil (pdf) chun teacht ar bhreis sonraí. Má rinneadh do sholáthar uisce a thruailliú trí fhaillí, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Féadfaidh sé iad siúd atá freagrach a ionchúiseamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977.

Cáilíocht uisce a chinntiú

Chun teacht ar bhreis faisnéise ar conas a chinntítear cáilíocht soláthairtí uisce poiblí agus príobháideacha araon, féach ár gcáipéis ar cháilíocht uisce.

Caomhnú uisce

Foráiltear san Acht um Sheirbhísí Uisce, 2007 d’uisce a chaomhnú nuair a tharlaíonn sceitheadh mar gheall ar phíopaí nó trealamh nár deisíodh, nó nuair a bhíonn cur amú nó úsáid iomarcach uisce mar thoradh ar dhrochbhainistíocht. Tá Clár um Laghdú Sceite á oibriú ag Uisce Éireann faoi láthair chun feabhas a chur ar an ngréasán píopaí fud fad na tíre.

Baineann Rialacháin a dhéantar faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (pdf), chomh maith, leis na srianta uisce nuair a bhíonn ganntanais uisce ann. Is féidir le hUisce Éireann ordú a dhéanamh chun úsáid soláthairtí uisce a stopadh nó a shrianadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Gairdíní, páirceanna áineasa nó faichí spóirt a uisciú
  • Gluaisteáin agus leantóirí a ní (saoráidí tráchtála nite gluaisteán ina measc)
  • Linnte snámha, linnte, locháin agus lochanna a líonadh nó a athlíonadh
  • Barra a uisciú nó barra a spraeáil.

Is cion é gan ordú caomhnaithe uisce a chomhlíonadh.

Deontais do thoibreacha agus grúpscéimeanna uisce

Deontais do sholáthar uisce príobháideach

Faoin gClár Uisce Tuaithe, tá deontais ar fáil chun feabhas a chur ar sholáthar uisce príobháideach daoine i gceantair thuaithe nuair nach féidir leo teacht ar an soláthar uisce poiblí. Soláthraíonn soláthar uisce príobháideach uisce do theach amháin agus is minic gur tobar atá ann.

Chun cáiliú do dheontas, caithfidh gur tógadh do theach breis agus 7 mbliana ó shin agus nach bhfuil sé ceangailte le scéim phoiblí ná grúpscéim. Is féidir leat deontas a fháil leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

Soláthar uisce príobháideach a dheisiú

Íocann an deontas seo as 85% de na costais fhaofa a bhíonn ar oibreacha athshlánaithe ar do thobar, faoi réir €3,000, ar a mhéid.

Tobar nua a shuiteáil

Íocann an deontas seo as 85% de na costais fhaofa a bhíonn ar thobar nua, faoi réir €5,000, ar a mhéid. Caithfidh d’údarás áitiúil comhaontú leis gurb é tobar nua an réiteach is cuí.

Caighdeán an uisce a fheabhsú

Íocann an deontas seo as 100% de na costais fhaofa a bhíonn ar cháilíocht an uisce a fheabhsú, faoi réir €1,000, ar a mhéid. Féadtar a áireamh leis an obair scagachán nó cóireáil Ultravialait.

Is é an deontas íosta a fhaigheann tú €750.

Chun iarratas a dhéanamh ar dheontas, ba cheart duit foirm iarratais (pdf) a líonadh agus é a sheoladh chuig an rannóg uisce tuaithe i d’údaráis áitiúil.

Chun teacht ar eolas breise, féach téarmaí agus coinníollacha na Roinne do na deontais.

Deontais do ghrúpscéimeanna uisce

Tá deontais ar fáil ón údarás áitiúil má thagann 2 theaghlach nó níos mó le chéile chun córas uisce a sholáthar dá dtithe agus feirmeacha nuair nach ann do chóras faoi láthair. Caithfidh coiste a dhéanann ionadaíocht do bhaill den scéim an scéim a bheartú agus caithfidh an t-údarás áitiúil é a fhaomhadh. Braitheann méid an deontais a bheidh le híoc ar cén áit a bhfuil an scéim lonnaithe. Seiceáil le d’údarás áitiúil chun teacht ar shonraí faoi do cheantar. Go ginearálta, íocfaidh deontas as 85% den chostas, agus tá teorainn €7,650 ar gach teach sa scéim. Caithfidh baill den ghrúpa íoc as an bhfuílleach, ach is féidir costais a choimeád íseal más féidir le baill roinnt den obair a dhéanamh iad féin.

Tá fóirdheontas bliantúil ar fáil do chostais reatha na grúpscéime uisce. Caithfidh an t-údarás áitiúil é seo a fhaomhadh. Is é an fóirdheontas:

  • A mhéid le €115 do gach teach a sholáthraítear uisce dó ó fhoinse phríobháideach (Uisce Éireann)
  • A mhéid le €231 do gach teach a sholáthraítear uisce dó ó fhoinse phríobháideach (ar nós tobar príobháideach, locha nó tollphoill)
  • An costas in aghaidh an tí nuair a chuirtear díghalrú agus cóireáil uisce faoi chonradh chun Seirbhísí Uisce a Dhearadh, a Thógáil agus a Oibriú (conradh DBO)
  • A mhéid le €100 do gach teach do scéimeanna ina bhfuil níos lú ná 100 teach páirteach, a chomhaontaíonn le hoibriú i dtreo cónasctha nó straitéise a gcruthaíonn siad aonán nua dá bharr

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat teacht ar fhoirmeacha deontais agus faisnéis faoi sholáthar uisce ar láithreán gréasáin d’údaráis áitiúil. Tá breis faisnéise faoi sholáthar uisce ar fáil ó Uisce Éireann.

Cá háit d dhéanfaidh mé iarratas

Cónaidhm Náisiúnta na nGrúipscéimeanna Uisce

24 Seanchearnóg na Croise
Muineacháin
Éire

Teil: +353 (0)47 72766
Facs: +353 (0)47 72788
Láithreán Gréasáin: http://www.nfgws.ie

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Éire

Teil: (01) 888 2000
Lóghlao: 1890 202 021
Láithreán Gréasáin: http://www.housing.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Feabhra 2022