Táillí uisce do ghnólachtaí

Réamhrá

Tugtar cuntas sa cháipéis seo ar conas a íocann gnólachtaí as a n-uisce.

Táillí uisce tráchtála

Caithfidh gach eagraíocht tráchtála táillí uisce a íoc má tá uisce á sholáthar dá n-úsáid. Caithfidh ospidéil, tithe do dhaoine atá faoi mhíchumas meabhrach nó fisiciúil, tithe máithreachais, ionaid téarnaimh, saotharlanna, clinicí, ionaid sláinte, scoileanna agus clubanna táillí uisce a íoc chomh maith.

Tá dhá shaghas cuntas ann i dtaobh táillí uisce tráchtála - méadraithe agus neamh-mhéadraithe.

Cuntais neamh-mhéadraithe

Tá an bunráta seo le híoc anois le hUisce Éireann. Ríomhtar an ráta trí mheastachán a dhéanamh ar cé mhéid uisce (agus fuíolluisce) a úsáideann do ghnólacht. Is éagsúil a bheidh méid an uisce agus an fhuíolluisce, ag brath ar shaghas an ghnólachta agus an líon fostaithe. Mar shampla, ní ghearrfar an táille chéanna ar shiopa nuachtán agus a ghearrfar ar ghruagaire mar gheall go n-úsáideann sé níos lú uisce. Níl aon táille íosta leagtha síos sa reachtaíocht. Bhí na rátaí leagtha amach roimhe seo ag gach údarás áitiúil agus rinneadh athbhreithniú orthu gach bliain.

Cuntais mhéadraithe

Is éard a bhaineann le cuntas méadraithe go ndéantar méadar a fheistiú chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid uisce tráchtála. Tá cuntais mhéadraithe tráchtála faoi réir muirear seasta ar uisce agus fuíolluisce don mhéadar féin. Is gnách go n-íoctar an muirear seasta ar bhonn ráithiúil.

Tá liúntas tís ar fáil nuair a bhaintear comhúsáid as an soláthar uisce d’úsáid baile agus tráchtála. Is féidir leis an liúntas tís a bheith éagsúil i measc údaráis áitiúla.

Gnólachtaí i ngrúpscéimeanna uisce

Tá ar áitreabh tráchtála (ar nós feirmeacha nó gnólachtaí eile tuaithe) ar baill iad de ghrúpscéimeanna uisce íoc as an uisce a úsáideann siad chun a ngnólachtaí a reáchtáil. Faigheann siad liúntas tís caighdeánach chun íoc as cuid dá n-úsáid uisce baile. I bhformhór na gcásanna, déanann méadar uisce monatóireacht ar an úsáid seo. Asbhaintear an liúntas tís caighdeánach as an úsáid iomlán lena dheimhniú cé mhéid uisce a d’úsáid an gnólacht.

Má tá úinéir an ghnólachta i ngrúpscéim uisce poiblí, gearrfaidh an t-údarás áitiúil muirear ar an ngnólacht de réir a n-úsáide ar an ráta seasta tráchtála. Má tá úinéir an ghnólachta i ngrúpscéim uisce phríobháideach, is féidir leis an ngrúpa iad a ghearradh de réir a n-úsáide. Mar mhalairt air sin, is féidir leo comhaontú ar ráta seasta le baill eile den ghrúpa.

Táillí uisce a íoc

Caithfidh gach áitreabh tráchtála, mura mbíonn tarscaoileadh cruatain phearsanta i gceist, a dtáillí uisce a íoc. Mura n-íocannn tú, is féidir le hUisce Éireann thú a ghlacadh chuig an gCúirt Dúiche chun na táillí a aisghabháil uait. Mar mhalairt air sin, is féidir leis an gCúirt Dúiche thú a dhícheangal nó cosc a chur ar do sholáthar uisce. Is annamh a dhéantar seo mar gheall ar impleachtaí i dtaobh sláinte agus sábháilteachta.

Bailíonn Uisce Éireann íocaíochtaí anois (bhailigh na húdaráis áitiúla iad roimhe seo). Is féidir leat do bhille táillí uisce a íoc ar roinnt bealaí.

grúpscéimeanna uisce freagrach as monatóireacht a dhéanamh orthu féin. Caithfidh an grúpa agus a iontaobhaithe déileáil le baill tráchtála de ghrúpscéimeanna nach n-íocann a sciar de na costais chothabhála. Is faoi bhaill agus iontaobhaithe grúpscéimeanna cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na híocaíochta ar cheart do gach duine a íoc agus ar na cásanna inar féidir táillí a tharscaoileadh nó a laghdú.

Má tá tú i ngrúpscéim phríobháideach, caithfidh tú plé a dhéanamh ar aon deacrachtaí maidir le híocaíocht le hiontaobhaithe an ghrúpa.

Athruithe a bheartaítear

In 2016, thosaigh Uisce Éireann ag oibriú leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (an CRF) chun Creat nua Taraifí Neamh-Bhaile a bhunú. Déanfaidh an creat seo táillí uisce neamhbhaile a chaighdeánú ar fud na n-údarás áitiúil agus na gcomhairlí baile, a chiallaíonn go n-íocfaidh gnólachtaí an méid céanna dá n-uisce ar fud na tíre.

Is féidir leat níos mó a léamh faoin tionscadal sa bhileog faisnéise (pdf) seo a chuireann an CRF ar fáil.

Cá háit d dhéanfaidh mé iarratas

Teil: +353 1 707 2827
Lóghlao: 1850 778 778

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Éire

Teil: (01) 888 2000
Lóghlao: 1890 202 021
Láithreán Gréasáin: http://www.housing.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Samhain 2018