Seirbhísí athchúrsála agus bainistíocht dramhaíola.
Freagrachtaí agus róil
Tá freagracht fhoriomlán ar an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil as athchúrsáil agus bainistíocht dramhaíola.
I gcás dramhaíola nach bhfuil guaiseach, tá 3 réigiún freagrach as pleanáil i leith bhainistíocht dramhaíola: Deisceart, Oirthear-Lár agus Connacht-Uladh.
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as an méid a leanas:
- Gníomhaíochtaí bailithe dramhaíl tráchtála a údarú agus a rialú
- Easpórtálacha dramhaíola a údarú agus monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí inmheánacha de dhramhaíl ghuaiseach
- Ceadanna dramhaíola do ghníomhaíochtaí beagscála aisghabhála agus diúscartha
- A chinntiú go bhfuil socruithe leordhóthanach bailithe, aisghabhála agus diúscartha dramhaíola i bhfeidhm ina limistéir
- Monatóireacht agus cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí dramhaíola go ginearálta
Déanann údaráis áitiúla socruithe chun seirbhísí bruscar tí agus athchúrsáil dramhaíl tí a sholáthar. Seachnaítear bruscar a chur chun líonadh talún trí athchúrsáil a dhéanamh.
Tá ar údaráis áitiúla agus an GCC cláir a choimeád ina sonraítear réimse fairsing dá ngníomhaíochtaí i limistéar na bainistíochta dramhaíola. Féadfaidh an pobal súil a chaitheamh ar na cláir seo saor in aisce.
Tá miondíoltóirí agus údaráis áitiúla freagrach as dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), a éascaíonn DTLL a athchúrsáil.
Dramhaíl a dhiúscairt
Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dramhbhia Tí agus Bithdhramhaíl), 2015, tá ar gach teaghlach (seachas i gceantair ina bhfuil daonraí an-bheaga nó ar oileáin bheaga) ceann amháin den mhéid a leanas a dhéanamh lena ndramhbhia:
- Í a dheighilt ón dramhaíl eile agus a chur amach le bailiú ar leithligh
- Í a mhúiríniú sa bhaile (gan núis nó drochbholadh)
- Í a thabhairt chuig áis údaraithe ina ndéantar múiríniú no cóireáil eile atá cuí uirthi
Tá sé in aghaidh an dlí dramhaíl tí nó ghairdín a dhó sa bhaile nó i do ghairdín.
Tá rialacháin ar leith ann a dhéanann soláthar do dhramhaíl ó fheithicil a bhfuil a ré caite aici a dhiúscairt, ar nós gluaisteáin.
Tuilleadh eolais
Gearrtar tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha siopadóireachta. Ní mór do mhiondíoltóirí méid iomlán an tobhaigh a ghearradh ar chustaiméirí ag an gcuntar amach. Cuirtear ioncam a ghineann an tobhach leis an gCiste Comhshaoil chun tacú le bainistíocht dramhaíola agus le tionscnaimh bhruscair agus chomhshaoil eile.
Cuireadh deireadh leis an bhfaoiseamh cánach ar mhuirir dhramhaíola le héifeacht ó Eanáir 2012 agus ní féidir é a éileamh a thuilleadh.
Faigh tuilleadh eolais mar gheall ar chúrsaí bainistíochta dramhaíola inár gcáipéis ar reachtaíocht bhainistíochta dramhaíola.