Araidí donna agus múiríniú bia agus dramhaíl ghairdín sa bhaile

Réamhrá

Ní mór duit do dhramhaíl tí a scaradh. In Éirinn, is féidir leat an chuid is mó de dhramhaíl tí a athchúrsáil. Caithfidh tú ábhar orgánach cosúil le dramhaíl bia agus gairdín a athchúrsáil ar leithligh ó bhruscar tí ginearálta agus earraí in-athchúrsáilte eile.

Laghdaítear an méid dramhaíola in-bhithmhillte a chuirtear chuig líonadh talún trí athchúrsáil a dhéanamh ar dhramhaíl bia agus gairdín (orgánach). Laghdaíonn sé freisin an méid dramhaíola tí a chuireann tú isteach i líonadh talún nó bruscar ginearálta, mar sin íocfaidh tú táillí araide níos ísle má dhéanann tú do dhramhaíl bia agus gairdín a athchúrsáil.

Níor cheart duit mionbhristeoir a úsáid chun dramhaíl bia a dhiúscairt sa chóras séarachais nó dramhaíl bia a chur sa bhailiúchán ginearálta dramhaíola.

Conas is féidir liom dramhaíl bia agus gairdín a athchúrsáil?

Is féidir leat dramhaíl orgánach a athchúrsáil trí í a chur isteach in araid dhonn, í a mhúiríniú sa bhaile nó í a thabhairt chuig ionad taitneamhachtaí pobail.

  1. Araidí Donna: Caithfidh do bhailitheoir dramhaíola seirbhís bailithe araidí donna a thairiscint duit (mura bhfuil cónaí ort ar oileán amach ón gcósta).
  2. Múiríniú tí: Déan carn múirín i do ghairdín nó úsáid coimeádán múirín. Cuireann roinnt údarás áitiúil coimeádáin mhúirín ar díol ar rátaí laghdaithe.
  3. Ionaid taitneamhachtaí pobail: Is féidir leat dramhaíl orgánach a thabhairt chomh maith chuig go leor ionad taitneamhachtaí pobail lena múirín a dhéanamh. Aimsigh d’ionad taitneamhachtaí pobail ar an léarscáil seo agus seiceáil an nglacann sé le dramhaíl bia agus gairdín.

Bailiúchán araide dhonn

Cuireann seirbhísí bailithe araide araid dhonn ar fáil do theaghlaigh chun go leor cineálacha dramhaíola orgánach a bhailiú agus a athchúrsáil. Seoltar do dhramhaíl ón araid dhonn le haghaidh múirínithe nó díleá anaeróbach laistigh d’Éirinn. Is éard is díleá anaeróbach ann nuair a dhéantar dramhaíl bia agus gairdín a thiontú ina bhithghás, ar féidir leis leictreachas a ghiniúint.

Ó 1 Eanáir 2024 i leith, ní mór do chuideachta bailithe araid dhonn a thabhairt duit agus socrú a dhéanamh chun d’araid dhonn a bhailiú. Baineann sé seo le gach teaghlach in Éirinn, seachas teaghlaigh ar oileáin amach ón gcósta.

Tá tréimhse ama tugtha do chomhlachtaí bailithe araide chun socrú a dhéanamh chun a seirbhís araide dhonn a leathnú go dtí níos mó teaghlach. Go dtí sin, is féidir leat dul i dteagmháil le do bhailitheoir dramhaíola reatha agus a chur in iúl dóibh go dteastaíonn seirbhís bailithe araide dhonn uait. Seiceáil cad iad na soláthraithe dramhaíola atá ar fáil i do limistéar áitiúil.

Cad is féidir dul isteach san araid dhonn?

Is féidir leat gach dramhaíl bia seachas olaí cócaireachta a chur isteach san araid dhonn. Áirítear leis seo fiú táirgí déiríochta, uibheacha, feoil amh agus cócaráilte, éisc agus cnámha.

Is féidir leat naipcíní páipéir agus tuáillí páipéir le bia orthu agus boscaí píotsa a chur isteach san araid dhonn in éineacht le do dhramhaíl bia tí.

Bí ag faire amach don lógó síolóige ar phacáistíocht agus ar chupáin caife. Beidh an tsiombail seo cosúil le planda péacánach agus ciallaíonn sé go bhfuil an táirge deimhnithe mar inmhúirínithe. Ba chóir é seo a chur in araid dhonn nó é a thabhairt chuig ionad taitneamhachtaí pobail má thairgeann siad seirbhís mhúirín. Níor cheart riamh é a chur in araid athchúrsála glas.

Is féidir dramhaíl ó do ghairdín a chur san araid dhonn freisin, mar shampla scotháin féir agus duilleoga.

Seiceáil na CCanna maidir le dramhaíl bia ar waste.ie.

B’fhéidir go mbeidh ar chuideachtaí bailithe araide áirithe dramhaíl gairdín na haraide doinne a scaradh ó dhramhaíl bia na haraide doinne. Seiceáil le do chuideachta bailithe araide.

Cé chomh rialta is atá bailiúchán na naraidí donna?

Má iarrann tú bailiúchán na naraidí donna, ní mór do do chuideachta bailiúcháin araide do bhailiúchán dramhaíola gairdín a bhailiú go míosúil ar a laghad ó 1 Márta go 31 Deireadh Fómhair gach bliain. Beidh an chuideachta bailithe araide in ann tú a chur ar an eolas faoin sceideal do bhailiúcháin dramhaíola bia freisin. Caithfidh do sheirbhís bailiúcháin araidí donna tú a chur ar an eolas go bhfuil sé ar fáil.

Beidh tuilleadh faisnéise ag do chuideachta bailithe araidí ar cad ba cheart a chur isteach i do bhosca bruscair, cathain a bhailítear é agus cé mhéad a chosnaíonn an bailiúchán. Seiceáil cad iad na soláthraithe dramhaíola atá ar fáil i do limistéar áitiúil.

An gcaithfidh mé araid dhonn a úsáid?

Ní mór duit do dhramhaíl bia agus gairdín a scaradh ó dhramhaíl athchúrsála eile agus ó bhruscar ginearálta nó líonadh talún. In ionad araid dhonn, is féidir leat do dhramhaíl bia agus gairdín a úsáid chun múirín a dhéanamh sa bhaile nó í a thabhairt chuig seirbhís taitneamhachtaí pobail.

Ní mór do do chuideachta bailithe araide taifead a choinneáil ar chustaiméirí nach n-úsáideann a mbailiúchán araidí donna; is féidir le d’údarás áitiúil rochtain a fháil air seo. Má roghnaíonn tú gan do dhramhaíl orgánach a bhailiú, beidh ort scríobh chuig do bhailitheoir araide le sonraí faoin gcaoi a ndéanann tú do dhramhaíl bia a bhainistiú. Déanfar an leathanach seo a nuashonrú de réir mar a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil.

Léigh tuilleadh faisnéise faoin tseirbhís mhéadaithe araidí donna ar waste.ie.

Cad é múiríniú tí?

Is féidir leat ábhar orgánach cosúil le bia atá fágtha agus dramhaíl gairdín a athchúrsáil tú féin trí mhúiríniú a dhéanamh i do ghairdín. Cothaíonn miocrorgánaigh, lena n-áirítear baictéir agus fungais, dramhaíl orgánach agus briseann siad síos i mais bhrusach dorcha ar a dtugtar múirín. Tá múirín saibhrithe le cothaithigh plandaí, agus is féidir leat é a thochailt san ithir chun do ghairdín a fheabhsú.

Is féidir leat dramhaíl torthaí agus glasraí cócaráilte nó neamhchócaráilte, caife, tae, dramhaíl ghairdín, blaoscanna uibhe, páipéar cistine, cairtchlár éadrom (boscaí uibheacha agus gránach, mar shampla) a mhúiríniú chomh maith le míreanna eile.

Ní féidir leat feoil, éineoil, iasc, ramhar, ola, toir shíorghlasa, gual agus luaithreach a mhúiríniú chomh maith le míreanna eile.

Faigh liosta iomlán de dhramhaíl is féidir leat agus nach féidir leat a mhúiríniú ó Chumann Múirínithe na hÉireann.

Faigh tuilleadh faisnéise ar mhúiríniú sa bhaile ag waste.ie.

Múiríniú sa bhaile

1.Ullmhaigh do threalamh:

-Roghnaigh coimeádán atá den mhéid cheart do do theaghlach. Má roghnaíonn tú araid ar a bhfuil bonn, ba cheart go mbeadh poill ann le go mbeidh péist in ann é a iontráil agus le ligean do thaise draenáil amach.

-Teastóidh sluasaid ghairdín nó forc uait chun an múirín a mheascadh agus a bhaint.

2.Déan cinneadh cá gcuirfidh tú é:

-Leag an araid ar fhéar nó ar chré chun go mbeidh péist ábalta é a iontráil ón mbun.

-Ardaigh an araid idir 1cm agus 2 cm ón talamh trí chúpla cloch réidh a chur faoin mbonn. Cuirfidh seo stop leis na poill a bhlocáil.

-Ná leag an araid ró-fhada ó dhoras na cistine – bíodh sé gar a dhóthain chun go mbeidh sé áisiúil ach bíodh sé fada go leor uait d’fhonn nach mbeidh bolaithe le boladh.

-Roghnaigh áit ghrianmhar, mar gheall go mbrostóidh teas an próiseas múirínithe.

-Cosain ón araid ó bháisteach throm. Má éiríonn an múirín báite, cuirfidh sé stop leis an dianscaoileadh.

3.Is féidir leat gníomhachtóirí a chur san araid más mian leat an próiseas múirínithe a bhrostú, ach ní theastaíonn siad, i ndáiríre.

4.Tosaigh d’araid mhúirín san earrach, sa samhradh nó san fhómhar, mar go moillítear nó go stoptar múiríniú sa gheimhreadh.

Breis faisnéise

Is féidir leat faisnéis a fháil ar an méid is féidir (agus nach féidir) leat a chur isteach in araid múirín ó Chumann Muirínithe na hÉireann.

Is féidir leat teacht ar bhreis faisnéise, chomh maith, faoi múiríniú tí ó Rannóg Seirbhísí Comhshaoil d’údaráis áitiúil.

Chun teacht ar fhaisnéis ar réimse ceisteanna comhshaoil, féach ENFO.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2024