Dramh-threalamh Leictreonach agus Leictreach a Athchúrsáil

Eolas

Tá dúshlán roimh Éirinn, faoi mar atá roimh an gcuid eile den Eoraip, atá ag dul i méid, i dtaobh déileáil le dramhaíl a chruthaíonn trealamh leictreach agus leictreonach (DTLL). Tá de chuspóir na reachtaíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • A chinntiú go ndéantar seantrealamh leictreach agus leictreonach a athchúrsáil nó a athúsáid, seachas a dhumpáil i láithreáin líonadh talún
  • A spreagadh go ndéantar táirgí leictreacha agus leictreonacha a dhearadh níos fearr chun gur féidir athchúrsáil níos fusa agus níos éifeachtúla a dhéanamh orthu.

Leagtar amach na rialacha a bhaineann sna Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach), 2005 (I.R. 340), agus i dTreoir 2012/19/AE ón gCoimisiún Eorpach a cuireadh i bhfeidhm an 14 Feabhra 2014.

Rialacha

Cad ba cheart do mhiondíoltóirí a dhéanamh faoi DTLL?

Caithfidh miondíoltóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Clárú mar tháirgeoir DTLL
  • Do sheantrealamh a thabhairt ar ais saor in aisce nuair a cheannaíonn tú earraí nua
  • A chinntiú go bhfuil tú ar an eolas ar na roghanna ar threalamh a thógáil ar ais a chuireann siad ar fáil, agus ar bhealaí eile chun do sheantrealamh leictreach agus leictreonach a dhiúscairt (mar shampla, trí bhileoga nó comharthaí a sholáthar ag pointe an díola)
  • Dramhtháirgí leictreacha a stóráil i gceart agus iad a iompar go sábháilte chuig saoráid fhaofa bhailithe

Tá sonraí breise ar na hoibleagáidí seo thíos.

Cén trealamh is féidir a thabhairt ar ais?

  • Caithfidh miondíoltóirí do sheantrealamh leictreach agus leictreonach a thógáil ar ais sa siopa saor in aisce ar bhonn ‘trealamh de shaghas éigin do threalamh de shaghas éigin’ nó ar bhonn ‘macasamhail le macasamhail’. Ciallaíonn seo gur gá don seantáirge a bheith den chineál céanna nó go bhfuil an cuspóir céanna aige atá ag an earra nua a ceannaíodh.
  • Caithfidh miondíoltóirí i siopaí móra (ina bhfuil limistéar díolacháin earraí leictreacha níos mó ná 400 méadar cearnach) glacadh le d’fhearais bheaga (níos lú ná 25 cm ar airde) le hiad a athchúrsáil gan a éileamh go gceannaíonn tú aon rud.
  • Is féidir leat saghsanna áirithe de dhramhchadhnraí a fhágáil ag siopaí éagsúla saor in aisce (féach ‘Conas ba cheart dom cadhnraí agus dramhaíl éilithe a dhiúscairt?’ thíos).

Cad a tharlaíonn más maith liom go ndéanfar rud éigin a sheachadadh chuig mo theach?

  • Má tá rud éigin á sheachadadh chuig do theach, is féidir an seanearra a bhailiú ag an am céanna ar chostas ar bith ar an mbonn céanna ‘trealamh de shaghas éigin do threalamh de shaghas éigin’ nó ar bhonn ‘macasamhail le macasamhail’.
  • Ní féidir leis an miondíoltóir costas a ghearradh ar an dramhthrealamh a bhailiú (cé gur féidir leo táille sheachadta a ghearradh ar an earra nua).
  • Caithfidh miondíoltóirí fógra 24 uair an chloig a thabhairt sula ndéantar rud éigin a sheachadadh agus caithfidh an seanearra a bheith réidh agat lena bhailiú agus caithfidh sé a bheith dícheangailte ó gach córas leictreach, gáis nó uisce (faoi mar is cuí).
  • Murar thug miondíoltóir fógra 24 uair an chloig sula ndéanfar rud éigin a sheachadadh agus mura bhfuil seanfhearas réidh lena bhailiú, caithfidh siad filleadh lena bhailiú laistigh de 15 lá.
  • Mura mian leat úsáid a bhaint as an tseirbhís bhailithe saor in aisce nuair a sheachadtar d’earra nua, is féidir leat filleadh le do sheanearra ar an siopa ag tráth ar bith.

Rataí

Cé a íocann as DTLL a athchúrsáil?

Cistíonn táirgeoirí earraí leictreacha agus leictreonacha DTLL a athchúrsáil. Íocann siad na táillí i gcomhréir lena sciar reatha den mhargadh.

Cad iad Costais Bhainistíochta Comhshaoil?

  • Muirir chaighdeánaithe iad Costais Infheicthe Bhainistíochta Comhshaoil (CIBCanna) a chuirtear leis an bpraghas a bhíonn ar earraí áirithe lena chabhrú íoc as costais athchúrsála. Faomhann Cumann Cláraithe DTLL Teoranta an ráta a ghearrtar. Is comhlacht cláraithe náisiúnta é atá tionscalbhunaithe ach a dhéantar a bhainistiú go neamhspleách.
  • Feicfidh tú CIBC ar an bpraghas atá ar taispeáint ar gach aonad cuisnithe, fearas móra tí, teilifíseáin atá níos mó ná 73 cm, lampa gás-díluchtúcháin agus gach dé-óid astaithe solais (LED). Áirítear le praghas miondíola an earra an CIBC agus caithfear a áireamh leis an bpraghas atá ar taispeáint an fhoclaíocht seo a leanas: ‘San áireamh sa phraghas seo tá ranníocaíocht le costais athchúrsála (suim na ranníocaíochta)’. Caithfear a lua ar do shonrasc, fáltas nó duillín an méid seo a leanas: ‘Áirítear le praghas earraí leictreacha ranníocaíocht le costais athchúrsála’.
  • Cistíonn na muirir CIBC an dá chomhscéim comhlíonta a oibrítear in Éirinn: DTLL Éireann agus Ardán Athchúrsála na hEorpa. Cinntíonn na scéimeanna seo go láimhseáiltear an DTLL tí go léir gan díobháil a dhéanamh don timpeallacht nuair a thugtar ar ais é chuig miondíoltóirí nó nuair a fhágtar é ag láithreáin líonadh talún nó ag láithreáin chonláiste chathartha.

Ní féidir leis na CIBCanna a thaispeántar ar na hearraí a cheannaíonn tú costais iarbhír na hathchúrsála a shárú. Rinne an Clár DTLL sceideal CIBCanna (pdf) a dheimhniú agus a eisiúint atá le taispeáint.

  • Chun teacht ar bhreis faisnéise ar CIBCanna, téigh go dtí an Clár DTLL.

Conas by cheart dom cadhnraí éilithe a dhiúscairt?

Ba cheart cadhnraí a dhiúscairt go cúramach agus níor cheart iad a chur chun líonadh talún mar gheall go rangaítear iad mar dhramhaíl ghuaiseach. De réir na reachtaíochta DTLL, ní gá do mhiondíoltóirí ach glacadh le cadhnraí atá éillithe laistigh de threalamh leictreach nó leictreonach.

Is féidir leat dramhchadhnraí a fhágáil saor in aisce ag:

  • Aon láithreán conláiste chathartha údaráis áitiúil
  • Aon siopa ina ndíoltar an saghas céanna de chadhnra

Caithfidh miondíoltóirí cadhnraí a thógáil ar ais atá den saghas céanna a sholáthraíonn siad, fiú murar cheannaigh tú na cadhnraí uathu. Ní gá duit aon rud a cheannach ón siopa nuair a bhíonn dramhchadhnraí á bhfágáil agat ann.

Ach ní gá do mhiondíoltóirí cadhnraí a thógáil ar ais atá den saghas sin nach ndíolann siad. Mar shampla, ní gá dóibh cadhnra gluaisteáin a thógáil ar ais mura ndíolann siad ach cadhnraí atá oiriúnach do thóirse nó cianrialtán.

Níl oibleagáid ar mhiondíoltóirí glacadh le dramhaíl éilithe a chruthódh riosca sláinte agus sábháilteachta dá bhfoireann, ar nós cadhnraí atá silteach.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Chun teacht ar bhreis faisnéise maidir le CBCanna, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gClár DTLL. Tá sonraí teagmhála thíos.

None

Teil: 01 5522606
Láithreán Gréasáin: https://www.producerregister.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Lúnasa 2019