Gníomhairí eastáit, ceantálaithe agus gníomhairí bainistíochta a rialáil

Cad is soláthraithe seirbhísí maoine ann?

Is éard is soláthraithe seirbhíse maoine (PSPanna) daoine nó cuideachtaí a bhfuil baint acu le:

  • Maoin seachas talamh a dhíol ar cheant
  • Talún a cheannach, a dhíol nó a ligean amach
  • Seirbhísí bainistíochta réadmhaoine

I measc PSPanna tá ceantálaithe, gníomhairí eastáit, gníomhairí ligin agus gníomhairí bainistíochta.

Cé a rialaíonn soláthraithe seirbhísí maoine?

Tá an tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine (PSRA) freagrach as soláthraithe seirbhísí maoine in Éirinn a cheadúnú agus a rialáil.

Tá an PRSA freagrach freisin as:

  • Gearáin ó thomhaltóirí a imscrúdú agus córas cúiteamh a reáchtáil
  • Caighdeáin a leagan síos agus a fhorfheidhmiú maidir le seirbhísí maoine a sholáthar
  • Ciste cúitimh a choinneáil
  • An Clár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe a chothabháil
  • An Clár Léasa Tráchtála a Chothabháil
  • An Clár Soláthraithe Seirbhíse Maoine Ceadúnaithe a chothabháil

Cad is ceadúnas PSRA ann?

Caithfidh ceadúnas PSRA a bheith ag gach PSP. Ní féidir le PSP ach an tseirbhís nó na seirbhísí lena bhfuil sé ceadúnaithe a sholáthar. Coinníonn agus foilsíonn an PSRA clár de na soláthraithe seirbhísí maoine ceadúnaithe go léir.

Tá ainm, uimhir, cineál ceadúnais agus suíomh gach soláthraí seirbhísí maoine liostáilte ar a gclár.

Tá 4 chineál ceadúnais éagsúla ann:

  • Cineál A - Maoin seachas talamh a chur ar cheant (mar shampla, mín-ealaín, seandachtaí, ainmhithe)
  • Cineál B – Talamh a cheannach (trí cheant nó trí chonradh príobháideach lena n-áirítear foirgnimh).
  • Cineál C – Talamh a ligean (foirgnimh san áireamh)
  • Cineál D - Seirbhísí bainistíochta réadmhaoine

Féadfaidh PSPanna iarratas a dhéanamh ar a gceadúnais ar líne ag Licenses.ie. Tá ceadúnais bailí ar feadh bliana, agus caithfear iad a athnuachan go bliantúil.

D’fhoilsigh an PRSA Treoir maidir le bheith i do sholáthraí seirbhísí maoine ceadúnaithe chun cabhrú le PSPanna na riachtanais a bhaineann le bheith ceadúnaithe agus conas na foirmeacha iarratais a chomhlánú a thuiscint.

Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil PSPanna ceadúnaithe?

Má tá tú chun PSP a úsáid, ba cheart duit a sheiceáil go bhfuil an PSP ceadúnaithe ag an PSRA. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí:

  • Clár na Soláthraithe Seirbhíse Maoine Ceadúnaithe a Sheiceáil
  • Cárta ceadúnais PSRA an tsoláthraí seirbhísí maoine a lorg
  • Ceadúnas gnó an PSRA a lorg, a chaithfidh a bheith ar taispeáint in oifig an PSP nó ag ceant

Bíonn cosaint thomhaltóra agat má úsáideann tú PSP ceadúnaithe. Tá sé mídhleathach seirbhís réadmhaoine a sholáthar gan cheadúnas. Tá PSPanna a bhraitear a bheith ag trádáil gan ceadúnas faoi réir:

  • Smachtbhannaí
  • Fíneála
  • Príosúnachta

Má cheapann tú go bhfuil PSP ag soláthar seirbhíse maoine gan cheadúnas ba chóir duit é seo a thuairisciú don PRSA ag info@psr.ie.

Soláthraí seirbhísí maoine a úsáid

Tá comhairle ar PSPanna agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad ar fáil sa Treoir d’úsáideoirí soláthraithe seirbhísí maoine in Éirinn. Tá eolas sa treoir seo faoi na rudaí a mbeifeá ag súil leo agus PSP ceadúnaithe á úsáid. Ba cheart do PSPanna iad féin a iompar go gairmiúil agus iad ag soláthar a gcuid seirbhísí agus faoi na rialacháin agus an Cód Cleachtais atá leagtha amach don tionscal.

Nuair a úsáideann úinéir réadmhaoine PSP chun réadmhaoin a dhíol, a ligean nó a bhainistiú, ní mór don PSP Comhaontú Seirbhísí Maoine (PSA) nó Litir Chomhaontaithe (LOE) a thabhairt dó/di.

Is conradh comhaontaithe idir an PSP agus a chliant é an PSA nó LOE. Ba cheart go dtabharfadh an doiciméad breac-chuntas soiléir ar na seirbhísí réadmhaoine atá á soláthar agus ar na costais go léir atá i gceist. Is conradh dlíthiúil agus ceangailteach é PSA nó LOE idir an gníomhaire agus a chliant.

Tá tuilleadh eolais agus sampla de chomhaontú seirbhísí Maoine (PSA) nó litir chomhaontaithe (LOE) ar fáil ar shuíomh gréasáin an PSRA.

Gearáin agus cúiteamh

Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh i gcoinne PSP ceadúnaithe maidir le hiompar míchuí, a tharla nuair a bhí an PSP ag soláthar seirbhíse maoine. Déantar na gearáin seo leis an PSRA.

Tá íoschaighdeáin (pdf) agus Cód Cleachtais (pdf) ann a mhíníonn conas ba chóir do PSPanna iad féin a iompar agus a gcuid seirbhísí á soláthar, agus úsáidtear iad seo agus gearáin á n-imscrúdú.

Tá eolas faoin gcaoi a ndéantar gearáin a imscrúdú, agus conas an fhoirm ghearáin a úsáid ar fáil ar shuíomh gréasáin PRSA.

Riarann an PRSA ciste cúitimh, atá á mhaoiniú ag earnáil na seirbhísí maoine. Soláthraíonn an ciste seo cúiteamh do chliaint PSPanna ceadúnaithe, a bhfuil caillteanais acu mar gheall ar mhímhacántacht PSP ceadúnaithe.

D’fhonn éileamh a dhéanamh ar chúiteamh, caithfidh ceadúnas bailí a bheith ag an PSP ceadúnaithe nuair a soláthraíodh an tseirbhís réadmhaoine.

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar an bpróiseas chun éileamh a dhéanamh, léigh treoir an PSRA maidir le héileamh a dhéanamh.

Cad é an Clár na Léasanna Tráchtála?

Coinníonn agus foilsíonn an PSRA Clár na Léasanna Tráchtála, ina bhfuil eolas faoi gach léas tráchtála a rinneadh ó 1 Eanáir 2010. Áirítear ar léasanna tráchtála:

  • Léasanna oifige
  • Léasanna mmiondíola
  • Léasanna tionsclaíocha
  • An chuid is mó léasanna talmhaíochta nó talún

Déanta na fírinne, is léasanna tráchtála iad beagnach gach léas ina n-íoctar dleacht stampa leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Caithfidh aon tionónta (duine, cuideachta, eagraíocht nó comhlacht poiblí) a bhfuil léas tráchtála acu Tuairisceán Léas Tráchtála a dhéanamh ar an PSRA agus léas nua á thosú. Is riachtanas reachtúil é seo. Is féidir Tuairisceán Léasa Tráchtála a dhéanamh saor in aisce tríd an bhfoirm ar líne seo a úsáid.

Is é aidhm Chlár na Léasanna Tráchtála trédhearcacht a sholáthar don mhargadh cíosa tráchtála. D’fhéadfadh sé a bheith cabhrach má tá tú ar tí léas tráchtála a chomhaontú, toisc go go bhfuil tú in ann costas léasanna comhchosúla a fheiceáil.

Téigh i dteagmháil le hAonad Léasanna Tráchtála an PSRA ar commlease@prsa.ie chun tuilleadh eolais a fháil maidir le tuairisceán a dhéanamh.

Cad é an Clár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe?

Coinníonn agus foilsíonn an PSRA an Clár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe, lena n-áirítear dáta díolta, praghas agus seoladh na réadmhaoine cónaithe go léir a ceannaíodh in Éirinn ón 1 Eanáir 2010.

Déantar an Clár a thiomsú ag úsáid dearbhuithe dleachta stampa do na Coimisinéirí Ioncaim, agus níl sé beartaithe le bheith mar innéacs praghsanna réadmhaoine.

Déan teagmháil leis an Údarás Rialála Seirbhísí Maoine

An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine

An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine

Foirgnimh na Mainistreach

Bóthar na Mainistreach

An Uaimh

Co. na Mí

C15 K7PY

Teil: (046) 903 3800

Íosghlao: 1890 252 712

Facs: (046) 903 3888

Láithreán Gréasáin: https://www.psr.ie

Email: info@psr.ie

Page edited: 12 May 2021

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Bealtaine 2021