Bruscar a chaitheamh agus dumpáil

Réamhrá

Ciallaíonn bruscar aon saghas de bhruscar a fhágtar in áit oscailte nó in áit phoiblí. Áirítear leis gach rud idir bunanna toitín agus salú ag madraí agus troscán nach bhfuil ag teastáil. Is féidir le húdaráis áitiúla pionóis a ghearradh ar dhaoine a chaitheann bruscar. Is féidir leis na Gardaí fíneálacha ar an láthair a eisiúint do chionta bruscair freisin.

Cé atá freagrach as áiteanna achoimeád saor ó bhruscar?

Údaráis áitiúla agus bruscar a chosc

Tá údaráis áitiúla freagrach as áiteanna poiblí atá faoina rialú a choimeád saor ó bhruscar. I measc na ndualgas atá orthu, tá an méid seo a leanas:

•Glantachán sráideanna

•Araidí bruscair a sholáthar agus a fholmhú

•Dul i mbun caingean dlí in aghaidh daoine a sháraíonn nó a thugann neamhaird ar an dlí

Déanann údaráis áitiúla an méid seo a leanas, chomh maith:

•Pleananna bainistíochta bruscair a ullmhú i gcomhairle leis an bpobal áitiúil. Caithfear plean a leagan amach faoi conas a chuirfidh an t-údarás áitiúil cosc agus srian ar bhruscar agus daoine a dhéanamh níos feasaí ar bhruscar

•Suirbhéanna a dhéanamh ar thruailliú bruscair agus na sonraí a sheoladh chuig an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, a dhéanann measúnú ar athruithe le himeacht ama

•Deontais a thairiscint do thionscadail feasachta in aghaidh an bhruscair agus in aghaidh graifítí

Bruscar agus áiteanna poiblí

Má tá úinéireacht agat ar nó má tá freagracht ort as áit atá oscailte don phobal, tá dualgas dlíthiúil ort an áit a choimeád saor ó bhruscar, gan aird ar conas a bhain an bruscar an áit amach. I measc na n-áiteanna poiblí seo, tá campais scoile, páirceanna poiblí, stáisiúin traenach nó busárais, agus an limistéar timpeall ar ionaid siopadóireachta, mar shampla.

Salú ag madraí

Tá úinéirí madra freagrach as salachar a madraí a bhaint ó áiteanna poiblí agus é a dhiúscairt ar an mbealach ceart. Aimsigh níos mó eolais faoi úinéireacht agus smacht ar mhadraí.

Bruscar agus réadmhaoin phríobháideach

Má tá úinéireacht agat ar nó má áitíonn tú réadmhaoin, caithfidh tú na limistéir taobh amuigh ar do réadmhaoin atá infheicthe ó áit phoiblí a choimeád saor ó bhruscar. Má theipeann ort é seo a dhéanamh, is féidir le d’údarás áitiúil fíneáil a ghearradh ort nó thú a ionchúiseamh.

Limistéir ardbhruscair

Má ligeann tú do bhruscar dul in olcas in áit atá infheicthe ó áit phoiblí, is féidir leis an údarás fógra a eisiúint a cheanglaíonn ort an bruscar a bhaint. Má theipeann ort an fógra a chomhlíonadh, is féidir leis an údarás áitiúil pé rud a dhéanamh a theastaíonn chun an bruscar a bhaint agus beidh ort íoc as na costais a bhíonn air seo a dhéanamh.

Bruscar a rialú ag imeachtaí móra

Caithfidh tionscnóirí nó eagraithe imeachtaí móra (ar nós cluichí peile, féilte ceoil) a chinntiú go bhfuil bearta rialaithe bruscair i bhfeidhm timpeall ar an ionad roimh an imeacht, i rith an imeachta agus i ndiaidh imeachta. Féadfaidh an t-údarás áitiúil tabhairt faoi seo a dhéanamh dóibh, ach ní mór don tionscnóir nó don eagraí íoc as.

Asraonta bia soghluaiste

Má oibríonn tú asraon bia soghluaiste ina ndíoltar deochanna nó bia, nó asraon ar nós stalla ina ndíoltar torthaí feirme, caithfidh tú boscaí bruscair oiriúnacha a chur ar fáil. Caithfidh tú aon bhruscar a chruthaíonn do chuid díola a ghlanadh, chomh maith leis sin, laistigh de gha 100 méadar timpeall ar d’asraon.

Rialacha bruscair do phóstaeir,comharthaí, bileoigíní agus málaí plaisteacha

Póstaeir agus comharthaí

Tá sé in aghaidh an dlí póstaeir nó comharthaí a chur in airde ar chuaillí nó ar struchtúir eile in áiteanna poiblí, mura bhfuil cead scríofa faighte agat ó úinéir an chuaille nó an struchtúir. Ní mór go mbeidh ar aon phóstaer nó comhartha nó fógra ainm agus seoladh:

•An duine a bhfuil an t-imeacht atá á fhógairt á chur chun cinn aige/aici, nó

•An duine a bhfuil an póstaer, an comhartha nó an fógra á chur in airde thar a c(h)eann

I gcás póstaeir toghcháin, caithfidh páirtí nó iarrthóir póstaeir a bhaint laistigh de sheacht lá i ndiaidh an toghcháin. Mura mbaintear póstaeir laistigh den tréimhse seo, bainfidh an t-údarás áitiúil iad agus eiseoidh siad fíneáil ar an láthair €150 maidir le gach cion. Má dhiúltaíonn páirtí nó iarrthóir an fhíneáil seo a íoc, is féidir iad a ionchúiseamh agus fíneáil a mhéid le €3,000 a ghearradh orthu. Tá faisnéis bhreise ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi na rialacha maidir le póstaeir thoghcháin.

Bileoigíní fógraíochta

Má bheartaíonn tú bileoga fógraíochta a scaipeadh sa tsráid, ba cheart duit a sheiceáil ar dtús leis an údarás áitiúil féachaint an bhfuil aon srianta áitiúla ar bhruscar. Tá sé in aghaidh an dlí bileoga fógraíochta a chur ar ghaothscáthanna gluaisteáin.

Málaí plaisteacha

Caithfidh miondíoltóirí a chuireann málaí plaisteacha ar fáil tobhach a ghearradh ar chustaiméirí ar gach mála siopadóireachta. Déantar seo leis an úsáid a bhaintear as málaí ath-inúsáidte a spreagadh agus meonta faoi bhruscar a chaitheamh a athrú. Íoctar ioncam a ghineann ón tobhach leis an gCiste Comhshaoil.

Is é an muirear 22 cent in aghaidh an mhála agus caithfear seo a mhioneadlú ar aon sonrasc, fáltas scipéid nó duillín a fhaigheann tú. Ní ghearrtar an tobhach ar mhálaí siopadóireachta ath-inúsáidte, a fhad agus a ghearrann an miondíoltóir ar a laghad 70 cent ar an mála.

Chun gearán a dhéanamh faoi mhiondíoltóir nach bhfuil táille á gearradh acu ar mhálaí plaisteacha, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Feasachta Comhshaoil i d’údarás áitiúil. Is féidir níos mó eolais a fháil faoin tobhach ar mhálaí plaisteacha.

Fíneálacha caithimh bruscair

Is cion é bruscar a fhágáil nó a chaitheamh in áit phoiblí. Is féidir fíneáil ar an láthair €150, nó fíneáil uasta €4,000 a ghearradh ort, má chiontaítear thú sa Chúirt Dúiche. Is féidir le maoir bhruscair agus na Gardaí fíneálacha ar an láthair a eisiúint.

Má leanann tú le bruscar a chaitheamh i ndiaidh ciontú, is féidir fíneáil a mhéid le €600 a ghearradh ort as gach lá a leanann tú le bruscar a chaitheamh. Má chiontaítear thú i leith cion bruscair, b’fhéidir go mbeidh ort íoc as costais dlí an údaráis áitiúil, chomh maith.

Gearrtar fíneálacha ar an láthair a mhéid le €130,000 ar an timpeallacht a thruailliú, agus gearrtar €10,000 sa lá ina dhiaidh sin ar chionta leanúnacha a dhéanamh.

Conas a thugaim dumpáilneamhdhleathach le fios?

Má thugann tú dumpáil neamhdhleathach faoi deara, féadfaidh tú í a chur in iúl don údarás áitiúil, ar féidir leis ionas í a fhiosrú agus dul i mbun aon ghnímh ina leith. Mar mhalairt air sin, féadfaidh tú í a chur in iúl don Líne Ghutháin 24 Uair maidir le Gearáin Náisiúnta Chomhshaoil – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos. Cuirfear sonraí faoin ngearán ar aghaidh chuig an údarás áitiúil, an Garda Síochána nó an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), faoi mar is cuí. Cuirtear níos mó eolais ar fáil ar conas gearán comhshaoil a dhéanamh anseo.

Más féidir le húdarás áitiúil a dheimhniú cé leis an t-ábhar a rinneadh a dhumpáil go neamhdhleathach, is féidir an t-úinéir a ionchúiseamh, fiú murar rugadh orthu agus dumpáil ar siúl acu. Sa mhullach air sin, féadfaidh údaráis áitiúla a cheangal ort, mar shealbhóir tí nó ar oibreoir gnó, a thabhairt le fios conas atá agus cá bhfuil do dhramhaíl á diúscairt agat. Is féidir leo é seo a dhéanamh mura n-úsáideann tú seirbhís bhailithe bruscair nó mura dtugann tú do dhramhaíl chuig saoráid údaraithe diúscartha.

Bruscar tí a bhailiú

Ba cheart bruscar a chur in araid rothaí nó in araid eile storrúil bhruscair eile lena bhailiú, nó i málaí láidre plaisteacha. Níor cheart é a fhágáil amuigh ró-fhada sula mbíonn an bailiú le déanamh, mar gheall go bhféadfadh sé éin nó ainmnithe a mhealladh agus bruscar a chruthú.

Is cion é do dhramhaíl tí a chur i mboscaí bruscair sráide. Má dhéanann tú é seo, is féidir leis an údarás áitiúil thú a ionchúiseamh. Tá dramhaíl tí a dhó i do ghairdín nó i d’áit chónaithe in aghaidh an dlí. Aimsigh níos mó eolais faoi dhramhaíl tí a dhiúscairt anseo.

Eolas breise

Chun teacht ar bhreis eolais faoi bheartais chaithimh bruscair i do cheantar, nó iarratas a dhéanamh ar chúnamh deontais do thionscadal um fheasacht in aghaidh an bhruscair, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Chun bruscar a chaitheamh nó dumpáil neamhdhleathach a thabhairt le fios, déan teagmháil leis an údarás áitiúil nó glaoigh ar an Líne Náisiúnta Ghearáin Chomhshaoil 24 uair an chloig ar 1850 365 121.

Tabhair faoi deara gur gné thábhachtach é rialú bruscair de chomórtas na mBailte Slachtmhara.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Deireadh Fómhair 2021