Ag cónaí le chéile agus pósadh: cad iad na difríochtaí dlíthiúla?

Cad iad na príomhdhifríochtaí dlíthiúla idir pósadh agus cónaí le chéile?

Braitheann do chearta dlíthiúla mar pháirtnéir ar cibé acu an bhfuil tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag cónaí le chéile (ag comhchónaí). Go ginearálta, bíonn níos lú ceart agat má chónaíonn tú agus do pháirtnéir le chéile ná mar a bhíonn agat má bhíonn sibh pósta. Is tábhachtach na difríochtaí a bheith ar eolas agat agus a thuiscint conas a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh duit.

Achoimre ar dhifríochtaí dlíthiúla idir pósadh agus cónaí le chéile

Lánúineacha pósta Lánúineacha a chónaíonn le chéile
Réadmhaoin agus teach an teaghlaigh Cosnaítear teach teaghlaigh lánúine pósta sa reachtaíocht. Ní féidir le céile nó páirtnéir sibhialta amháin áit chónaithe an teaghlaigh/an áit chónaithe chomhroinnte a dhíol, a ligean ar léas nó a aistriú nó morgáiste a fháil dó gan toiliú an chéile nó an pháirtnéara shibhialta eile a fháil.

Má fhaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás, níl ort Cáin Fháltas Caipitiúil a íoc ar aon oidhreacht a fhaigheann tú uathu.

Má tá tú ag cónaí le do pháirtnéir ina dteach, ní gá dóibh do thoiliú scríofa a fháil sular féidir leo an teach a dhíol nó a ligean ar léas.

Fiú más comhthionóntaí sibh (tá comhúinéireacht agaibh ar an réadmhaoin agus is libh na sciartha céanna de), mura bhfuil sibh pósta nó má fhaigheann do pháirtnéir bás, b’fhéidir go mbeidh tú (comhthionóntaí marthanach na réadmhaoine) faoi dhliteanas Cáin Fáltas Caipitiúil a íoc mar thoradh ar úinéir iomlán na réadmhaoine a dhéanamh díot trí mharthanas.

Leanaí agus caomhnóireacht Is comhchaomhnóirí dá leanaí tuismitheoirí pósta go huathoibríoch agus bíonn na cearta céanna acu maidir lena leanaí. Ní athraíonn idirscaradh ná colscaradh é seo. Tá caomhnóireacht uathoibríoch i leith a leanaí ag gach máthair, cibé acu má bíonn siad pósta nó a mhalairt. Níl cearta uathoibríocha caomhnóireachta ag athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh.
Leanaí agus freagracht airgeadais Tá an bheirt tuismitheoirí freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt dá leanaí. Tá an bheirt tuismitheoirí freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt dá leanaí.
Oidhreacht Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, tá ceart ag do pháirtnéir marthanach sciar de d’eastát (d’iarmhais) a fháil nuair a fhaigheann tú bás, is cuma cad atá scríofa i d’uacht.

Níl céilí/páirtnéirí sibhialta faoi dhliteanas íoc as Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) ar oidhreacht a fhaigheann siad óna chéile.

Má bhí tú ag cónaí le do pháirtnéir agus má fhaigheann tú bás gan uacht, níl aon cheart uathoibríoch ag do pháirtnéir aon sciar de d’eastát a fháil, is cuma cé chomh fada a bhí sibh le chéile.

Fiú má rinne do pháirtnéir soláthar duit ina n-uacht, caithfear libh mar strainséirí ar chuspóirí Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) i dtaobh bhur n-oidhreachta. íocann páirtnéirí comhchónaithe CFC 33% ar bhronntanais/oidhreacht ar fiú breis agus €16,250 iad.

Leanaí agus oidhreacht Bíonn na cearta céanna oidhreachta ag leanaí (níl aon srianta ar aois) óna dtuismitheoirí, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn a dtuismitheoirí pósta. Bíonn na cearta céanna oidhreachta ag leanaí (níl aon srianta ar aois) óna dtuismitheoirí, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn a dtuismitheoirí pósta.
Pinsin do chéilí nó páirtnéirí marthanacha Má fhaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Phinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach). Ní féidir leat cáiliú do Phinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, is cuma cé chomh fada a bhí sibh le chéile.

Ullmhú don todhchaí le comhaontú comhchónaithe

Má chónaíonn tú le do pháirtnéir agus mura mbeartaíonn tú pósadh, is féidir leat do leasanna airgeadais a chosaint trí iontráil isteach in ‘comhaontú comhchónaithe’ (ar a dtugtar a comhaontú comháitritheora freisin). Comhaontú deonach sínithe é seo a cheadaíonn duit comhshocruithe laethúla airgeadais do chaidrimh a shonrú.

Is féidir leat a shonrú freisin conas a bheartaíonn tú do shócmhainní a scaradh, cosúil le réadmhaoin chomhroinnte, sa chás go dtiocfadh deireadh leis an gcaidreamh. Caithfidh an bheirt agaibh comhairle dlí neamhspleách a fháil chun go mbeidh an comhaontú bailí. Is é an buntáiste a bhaineann le comhaontú comhchónaithe go ndéanann tú ullmhú d’imeachtaí amach anseo fad a bhíonn bhur gcaidreamh cairdiúil go fóill. Ciallaíonn seo gur cheart go mbeadh na pleananna a dhéanann sibh cothrom agus réasúnta don bheirt agaibh.

Scéim sásaimh do lánúineacha comhchónaithe

Má bhí tú ag cónaí le do pháirtnéir agus má thagann deireadh le bhur gcaidreamh, b’fhéidir go mbeidh tú in ann leas a bhaint as an scéim sásaimh do lánúineacha comhchónaithe. Is í aidhm na scéime sásaimh duine den lánúin atá spleách ó thaobh cúrsaí airgeadais de a chosaint má thagann deireadh leis an gcaidreamh comhchónaithe fadtéarmach (trí bhás nó idirscaradh).

Faoin scéim sásaimh, is féidir le lánúineacha comhchónaithe orduithe a fháil ón gcúirt atá cosúil leo siúd atá ar fáil do lánúineacha pósta nuair a scarann nó a fhaigheann siad colscaradh óna chéile, má bhíonn an chúirt sásta go raibh duine díobh spleách ó thaobh cúrsaí airgeadais ar an duine eile.

Chun iarratas a dhéanamh ar orduithe cúirte faoin scéim sásaimh, caithfidh tú a bheith i do chomháitritheoir cáilithe. Ciallaíonn seo gur gá duit na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Bhí sibh ag cónaí le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí ar feadh ar a laghad 5 bliana, nó
  • Bhí sibh ag cónaí le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí ar feadh ar a laghad 2 bhliain má bhí leanbh agat le do pháirtnéir

Leagtar rialacha na scéime amach san Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.

Faoi chúinsí áirithe, má fhaigheann do pháirtnéir bás agus sibh fós i gcaidreamh le chéile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar sciar dá n-eastát, ach ní gá a chruthú go raibh tú ag brath orthu i dtaobh cúrsaí airgeadais de. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh go ndeonaítear an phrobháid nó an riaradh i dtosach. Tá bronntanas nó oidhreacht a fhaightear de bhun ordú cúirte faoi Chuid 15 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC), sochar san áireamh ó ghlaneastát do pháirtnéara nach maireann.

Comhairle a fháil

Déanann go leor lánúineacha an cinneadh nach main leo pósadh ar go leor cúiseanna éagsúla. Ach má dhéanann sibh an cinneadh cónaí le chéile, is tábhachtach a thuiscint conas a d’fhéadfadh seo tionchar a imirt ort má chliseann ar bhur gcaidreamh nó má chuirtear deireadh leis de bharr báis. Labhair le haturnae faoi conas is féidir leat thú féin agus a chéile a chosaint, agus pleanáil don todhchaí.

Eolas breise

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
V23 RD36
Éire

Teil: 066 947 1000
Lóghlao: 0818 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Clann Amhain

8 Coke Lane
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 662 9212
Lóghlao: 0818 66 22 12
Láithreán Gréasáin: https://onefamily.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meán Fómhair 2022