Cad is carthanas ann?

Réamhrá

Caithfidh eagraíocht critéir ar leith a shásamh go n-aithneofar go dlíthiúil iad mar charthanas in Éirinn. Leagtar amach na critéir seo agus oibleagáidí dlíthiúla carthanais san Acht Carthanas, 2009.

Faoin Acht, is é an sainmhíniú a thugtar ar chumann carthanachta:

•Comhlacht a chuireann cuspóir carthanach, agus an cuspóir sin amháin, chun cinn (sprioc é cuspóir carthanach a théann chun leas an phobail)

•Comhlacht a luaitear ina bhunreacht nó ina cháipéisí rialála gur gá dó úsáid a bhaint as a réadmhaoin go léir chun a chuspóir carthanach a chur chun cinn (seachas i gcás airgid a úsáidtear ina oibriú agus a chothabháil, mar shampla, pá foirne)

•Comhlacht nach n-úsáideann a réadmhaoin chun sochair chomhchineáil a íoc nó a sholáthar dá chomhaltaí, seachas faoi chúinsí ar leith

Caithfear carthanas a bhunú ar bhealach amháin as 3 bhealach. Is iontaobhaithe carthanais na daoine a dhéanann carthanas a rialú agus atá freagrach go dlíthiúil as carthanas a bhainistiú. Is féidir níos mó a léamh faoi struchtúir rialachais carthanais.

Is é an tÚdarás Rialála Carthanas (an Rialálaí Carthanas) an comhlacht neamhspleách reachtúil a dhéanann carthanas a rialáil in Éirinn. Coimeádann sé clár poiblí de charthanas atá gníomhach in Éirinn agus déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh an Achta Carthanas, 2009 ina measc.

D’fhoilsigh an Rialálaí Carthanas Cód Rialachais do Charthanas nua i Samhain 2018, ina leagtar amach íoschaighdeáin maidir le rialachas carthanais. Ba cheart go mbeadh carthanas réidh leis an gCód a chomhlíonadh in 2020 agus tuairisciú ar a gcomhlíonadh in 2021.

Cad is cuspóir carthanach ann?

Caithfidh cuspóir carthanach a bheith ag d’eagraíocht chun go ndéanfar carthanas cláraithe de. Is éard is ‘cuspóir’ ann an chúis gur bunaíodh d’eagraíocht. Áirítear leis an méid atá d’eagraíocht dírithe ar a bhaint amach, conas a bhainfidh sé na haidhmeanna seo amach, cé a bhainfidh tairbhe as agus cé dó a gcuirtear na tairbhí ar fáil. Le bheith carthanach, caithfidh cuspóir d’eagraíochta dul chun sochair an phobail

Is gnách go ndéantar do chuspóir a leagan amach i gcáipéis rialála d’eagraíochta. Braitheann saghas na cáipéise rialála atá ag d’eagraíocht ar conas a dhéantar é a struchtúrú, mar sin:

•Más iontaobhas carthanais d’eagraíocht - is é an cháipéis seo an gníomhas iontaobhais a bhunaíonn an t-iontaobhas.

•Más cuideachta d’eagraíocht - is é an cháipéis seo an bunreacht (tugadh an meabhrán agus airteagail chomhlachais air seo roimhe seo).

•Más comhlachas neamhchorpraithe d’eagraíocht - sraith rialacha scríofa atá sa cháipéis seo.

Is féidir níos mó a léamh faoi na 3 shaghas struchtúir ar féidir le carthanas a bheith acu anseo.

Saghsanna cuspóra charthanaigh

Liostaítear ceithre shaghas cuspóra charthanaigh san Acht Carthanas, 2009.

1. Bochtaineacht nó cruatan geilleagrach a chosc nó a mhaolú

Níl díreach easpa airgid nó rudaí ábhartha i gceist le bochtaineacht agus cruatan geilleagrach. Is féidir leis baint leis an tionchar a imríonn easpa airgid nó rudaí ábhartha ar dhuine. Mar shampla, d’fhéadfadh d’eagraíocht comhairle a sholáthar faoi conas fiachas a bhainistiú, nó oiliúint a sholáthar chun ionchais fostaíochta daoine a fheabhsú.

ciallaíonn bochtaineacht nó cruatan geilleagrach a chosc nó a mhaolú rudaí éagsúla, ag brath ar cé leis a n-oibríonn d’eagraíocht, agus cá n-oibríonn sé. Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfidh eagraíocht a oibríonn i gceann de na réigiúin is boichte ar domhan sláintíocht bhunúsach agus uisce reatha ar fáil agus d’fhéadfadh eagraíocht a oibríonn in Éirinn cabhair a thabhairt le heaspa dídine a laghdú.

2. Oideachas a chur chun cinn

Ciallaíonn oideachas a chur chun cinn gur gá do d’eagraíocht tacú le hoideachas. Tá ar na scoileanna go léir clárú mar charthanas. Ach b’fhéidir go gcáileoidh go leor eagraíochtaí nach scoileanna iad mar charthanas freisin faoin sainmhíniú seo. Mar shampla, d’fhéadfadh d’eagraíocht scoileanna a thógáil i dtír i mbéal forbartha nó leabhair scoile a sholáthar do leanaí le teaghlaigh ísealioncaim in Éirinn.

3. Creideamh a chur chun cinn

Deimhnítear sa chásdlí reatha go bhfuil dhá chroíghné ag creideamh:

•Creideamh sa ‘Neach is Airde’

•Creideamh agus adhradh ‘an Neach is Airde’ sin

Scrúdóidh an Rialálaí Carthanas cibé acu an sásaíonn nó nach sásaíonn d’eagraíocht critéir chreidimh (faoi mar a dtugtar cuntas air thuas) agus conas a chuireann d’eagraíocht an creideamh seo chun cinn. Mar shampla, b’fhéidir go gcuireann tú ionaid adhartha ar fáil, go músclaíonn tú feasacht ar chreideamh reiligiúnach nó go n-eagraíonn tú oilithreachtaí nó cúrsaí spioradálta.

Meastar go dtéann tabhartais nó bronntanais chun creideamh a chur chun cinn chun sochair an phobail, murach go gcruthaítear a mhalairt. Níl tabhartas nó bronntanas cumhdaithe ag cur chun cinn creidimh má théann sé chun sochair eagraíochta nó cultais:

•A úsáideann ionramháil leatromach shíceolaíoch

•Arb é a phríomhchuspóir brabús a dhéanamh

Más mian leis an Rialálaí Carthanas a rialáil nach dtéann bronntanas chun an creideamh a chur chun cinn chun sochair an phobail, caithfidh sé toiliú a fháil ón Ard-Aighne.

4. Aon chuspóir eile a théann chun sochair an phobail

Catagóir fhairsing é seo, ach cuirtear samplaí ar fáil san Acht Carthanas, 2009 de chuspóirí a théann chun sochair an phobail, lena n-áirítear:

•Leas an phobail a chur chun cinn, cúnamh a thabhairt do dhaoine san áireamh atá i ngátar atá óg, aosta, breoite nó atá faoi mhíchumas

•Freagracht chathartha nó obair dheonach a chur chun cinn

•Cur chun cinn na sláinte

•Comhréir reiligiúnach nó chiníoch a chur chun cinn

•An timpeallacht nádúrtha a chosaint agus fulaingt ainmhithe a chosc

•Úsáid éifeachtúil as réadmhaoin eagraíochtaí carthanachta a chur chun cinn

•Na healaíona, an cultúr, an oidhreacht nó an eolaíocht a chur chun cinn

•Daoine faoi mhíbhuntáiste a imeascadh isteach sa tsochaí

Ní carthanas ó thaobh an dlí é eagraíocht nach dtéann chun sochair duine amháin, meastar gur sochar príobháideach é sin, seachas sochar poiblí. Sampla de seo a bheadh in airgead a thiomsú do chostais leighis duine.

Glactar leis nach rachaidh eagraíocht chun sochair ach grúpa beag amháin daoine, a fhad agus nach mbíonn srianta ann, nó nach bhfuil ach srianta réasúnta ann, maidir le cé ar féidir leo tairbhe a bhaint as. Mar shampla, tiomsú airgid chun costais leighis a íoc do dhaoine a bhfuil an bhreoiteacht chéanna orthu, fiú más breoiteacht é nach dtagtar air go minic agus mura mbíonn ach líon beag daoine incháilithe.

An tástáil ar charthanas

Caithfidh d’eagraíocht riachtanais ar leith a shásamh go measfar gur cumann carthanachta é. Tugann an Rialálaí Carthanas ‘an tástáil ar charthanas’ air seo agus caithfidh d’eagraíocht na critéir eile go léir a shásamh chun cáiliú. Caithfidh d’eagraíocht na critéir seo a leanas a shásamh:

•Caithfidh sé oibriú i bPoblacht na hÉireann (ní gá go bhfuil na daoine a gcabhraíonn d’eagraíocht leo in Éirinn)

•Caithfidh sé a bheith ar bun ar mhaithe le cuspóir(í) carthanach(a) (féach thuas)

•Caithfidh sé an cuspóir/na cuspóirí seo, agus iad siúd amháin, a chur chun cinn

•Caithfidh sé tabhairt faoi na gníomhaíochtaí uile chun an cuspóir/na cuspóirí seo a chur chun cinn

•Caithfidh an carthanas a bheith ann ar mhaithe le leas an phobail nó cuid den phobal in Éirinn, nó in áit eile, trína chuspóir(í) carthanach(a)

•Caithfidh nach comhlacht eisiata é (féach thíos)

Comhlachtaí eisiata

Ní féidir carthanas a dhéanamh de shaghsanna áirithe eagraíochtaí. Tugtar comhlachtaí eisiata orthu agus áirítear leo:

•Comhlachtaí spóirt (féach thíos)

•Comhlachtaí a chuireann cúis pholaitiúil chun cinn, mura mbaineann sé go díreach le cuspóirí carthanacha an chomhlachta a chur chun cinn (féach thíos)

•Páirtithe polaitíochta, nó comhlachtaí a chuireann páirtí nó iarrthóir polaitíochta chun cinn (tá riachtanais ar leith chláraithe ann do pháirtithe polaitíochta)

•Ceardchumainn nó comhlachtaí ionadaíocha fostóirí

•Comhlachais tráchtála

•Comhlachtaí a chuireann cuspóirí chun cinn atá neamhdhleathach, mímhorálta, in aghaidh beartas poiblí, a thacaíonn le sceimhlitheoireacht nó gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, nó a théann chun sochair eagraíochta ar neamhdhleathach bheith mar bhall de

Comhlachtaí spóirt

Níl gach comhlacht a bhaineann le spórt eisiata go huathoibríoch as bheith ina charthanas. Mar shampla, is féidir a mheas gur carthanas é cumann rothaíochta do mharthanóirí ailse agus a dteaghlaigh in áit ar leith in Éirinn faoi leas an phobail agus cur chun cinn na sláinte a thabhairt chun cinn. D’fhéadfadh cumann spóirt a bunaíodh ar mhaithe le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu a chomhtháthú a bheith incháilithe do stádas carthanúil.

Cúiseanna polaitiúla a chur chun cinn

Ní féidir eagraíocht a bhfuil cuspóir polaitiúil aige, agus an cuspóir sin amháin, a bheith cláraithe mar charthanas. Meastar go bhfuil cuspóir polaitiúil ag eagraíocht sna cásanna seo a leanas:

•Is páirtí polaitíochta é

•Cuireann sé páirtí polaitíochta nó iarrthóir chun cinn

•Bunaítear go heisiach é chun cúis pholaitiúil, ar nós athrú a thabhairt isteach sa dlí nó i mbeartais an Rialtais nó chomhlachtaí poiblí eile

Is féidir le carthanas tabhairt faoi ghníomhaíochtaí, áfach, a chuireann cúis pholaitiúil chun cinn má dhéanann an chúis pholaitiúil a chur chun cinn an méid seo a leanas:

•Baineann sé go díreach lena chuspóir carthanach a chur chun cinn

•Ní chuireann sé páirtí polaitíochta nó iarrthóir chun cinn

•Níl sé in aghaidh cháipéis rialaithe an charthanais

D’fhoilsigh an Rialálaí Carthanas Treoir maidir le Carthanas agus Cúiseanna Polaitiúla a Chur chun Cinn (pdf), ina mínítear na rialacha a bhaineann le heagraíochtaí nuair a dhéanann siad obair chun cúis pholaitiúil a chur chun cinn.

Má tá cúis pholaitiúil á cur chun cinn ag do charthanas, ba cheart duit an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 a chomhlíonadh freisin. Faoin Acht seo, caithfidh aon duine a thugann faoi bhrústocaireacht clárú ar Chlár Brústocaireachta poiblí agus eolas a sholáthar faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. D’fhoilsigh lobbying.ie liosta de na deich rud ar gá do charthanas a bheith ar eolas acu faoi bhrústocaireacht. Is féidir leat clárú ar lobbying.ie.

Is féidir níos mó a léamh faoi rialáil brústocaireachta anseo.

Buarthaí a thabhairt le fios

Má tá tú buartha faoi charthanas nó a ghníomhaíochtaí, féadfaidh tú buairt a thabhairt le fios don Rialálaí Carthanas. Déileálfaidh siad le buarthaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

•Baol go mbeidh carthanas thíos le caillteanas nó díobháil shuntasach

•Iontaobhaithe carthanais a sháraigh a ndualgais

•Mí-iompar acu siúd atá i gceannas ar charthanas

•Mura sásaíonn carthanas na ceanglais dhlíthiúla le bheith ina charthanas

I measc na mbuarthaí faoi charthanas nár cheart a thabhairt le fios don Rialálaí Carthanas, tá:

•Ceisteanna nach mbaineann le dlí carthanais – ar nós saincheisteanna fostaíochta

•Gníomhaíocht choiriúil – ba cheart seo a thabhairt le fios don Gharda Síochána

•Gearáin a bhaineann le seirbhísí a sholáthair an carthanas – ba cheart iad seo a thabhairt le fios don charthanas

•Díospóidí idir iontaobhaithe an charthanais – ba cheart iad seo a réiteach go hinmheánach

Is féidir leat buairt a thabhairt le fios tríd an bhfoirm bhuarthaí ar líne seo a chomhlánú. Nuair a bhíonn do bhuairt á próiseáil, gníomhaíonn an Rialálaí i gcomhréir lena bheartas buarthaí (pdf).

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Charities Regulatory Authority

3 George's Dock

IFSC

Dublin 1

D01 X5X0

Opening Hours: Phone line: Monday - Friday 10.00am - 5.00pm

Tel: 353 (0)1 633 1500

Email: info@charitiesregulator.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Samhain 2021