Struchtúir Rialachais Carthanas

Réamhrá

Is gnách go ndéantar cumainn charthanachta in Éirinn a struchtúrú ar cheann amháin de 3 bhealach:

•Mar chomhlachas neamhchorpraithe

•Mar chomhlacht corparáideach

•Mar iontaobhas carthanach

Is iad iontaobhaithe carthanais na daoine a dhéanann carthanas a rialú agus atá freagrach go dlíthiúil as carthanas a bhainistiú. Leagtar dualgais ar leith d’iiontaobhaithe carthanais amach san Acht Carthanas, 2009.

Is é an tÚdarás Rialála Carthanas (an Rialálaí Carthanas) an comhlacht reachtúil a dhéanann monatóireacht ar chomhlíonadh an Achta i measc carthanais.

Saghsanna struchtúr carthanais

Iontaobhais charthanachta

Bunaítear iontaobhas carthanach faoi ghníomhas iontaobhais. Ciallaíonn seo gur gá do na hiontaobhaithe réadmhaoin uile an iontaobhais a úsáid chun cuspóir an charthanais a chur chun cinn (seachas i gcás an airgid a úsáidtear leis an iontaobhas a bhainistiú).

Comhlachtaí corparáideacha

Is minic go mbunaítear carthanas mar chuideachtaí. Is gnách gur cuideachtaí iad atá faoi theorainn ráthaíochta agus go ndéanann bunreacht iad a rialáil (tugadh meabhrán agus airteagail chomhlachais orthu roimhe seo). Tá cuideachtaí faoi réir dlí cuideachtaí agus caithfidh siad rialacha a chomhlíonadh faoi chuntais agus taifid a choimeád. Déanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach dlí cuideachtaí a chur i bhfeidhm.

Comhlachais neamhchorpraithe

Is féidir le cumainn charthanachta níos lú a bheith ina gcomhlachais neamhchorpraithe atá á rialáil ag bunreacht nó sraith rialacha. Tá na heagraíochtaí seo cosúil le clubanna agus daoine atá iontu atá faoi cheangal ag comhaontú frithpháirteach, a chasann le chéile go rialta le haghaidh a thabhairt ar leas coiteann.

Tá an bunreacht ceangailteach i measc chomhaltaí na heagraíochta, ach níl aon éifeacht dhlíthiúil aige ar dhaoine nach comhaltaí iad. Ar an ábhar sin, déanann comhaltaí uile na heagraíochta aon rud a dhéanann an eagraíocht agus tá siad freagrach as gníomhaíochtaí uile na heagraíochta. Tá comhaltaí aonair faoi dhliteanas go pearsanta as aon fhiachais nó oibleagáidí na heagraíochta.

Ní aonán dlíthiúil ar leith óna gcomhaltaí é comhlachas neamhchorpraithe, agus níl sé faoi dhliteanas teoranta agus níl pearsantacht dhlíthiúil dá cuid féin aige. Ciallaíonn seo nach féidir leis iontráil i gconarthaí nó úinéireacht a bheith aige ar réadmhaoin.

Iontaobhaithe carthanais

Is iad iontaobhaithe carthanais na daoine a dhéanann carthanas a rialú agus atá freagrach go dlíthiúil as carthanas a bhainistiú. Is iad iontaobhaithe carthanais:

•Iontaobhaithe a liostaítear i ngníomhas iontaobhais iontaobhais carthanais, más iad siúd na daoine a dhéanann cinneadh faoi bheartas agus a dhéanann na sócmhainní a rialú.

•Stiúrthóirí agus oifigigh eile chuideachta nuair is carthanas an chuideachta. Beidh dualgais bhreise faoin dlí cuideachtaí agus faoin dlí coiteann orthu ina gcáil mar stiúrthóir cuideachta.

•Oifigigh, nó aon duine a ghníomhaíonn go hoifigiúil chun an eagraíocht a rialú, cosúil le comhaltaí coiste, i gcásanna gur grúpa neamhchorpraithe atá san eagraíocht.

Ní féidir leat brabús a bhaint ó do dhualgais mar iontaobhaí carthanais. Ní féidir leat glacadh le tuarastal nó tairbhí eile a fháil i ngeall ar ghníomhú go sonrach mar iontaobhaí carthanais. Is féidir le do charthanas thú a aisíoc, áfach, as aon chostais a thagann chun solais ó thabhairt faoi do dhualgais mar iontaobhaí.

Dualgais iontaobhaí

Leagtar do dhualgais mar iontaobhaí carthanais amach i gcáipéis rialaithe do charthanais, sa reachtaíocht agus sa dlí coiteann (téacs dhlí na hÉireann atá bunaithe ar chleachtas bunaithe agus ar chinntí na gcúirteanna). Tá dualgais ar leith ort faoin Acht Carthanas, 2009 agus tá ort a chinntiú freisin go sásaíonn do charthanas an reachtaíocht ábhartha eile.

Is iad do dhualgais ghinearálta mar iontaobhaí:

•Cáipéis rialaithe do charthanais a shásamh

•A chinntiú go bhfuil do charthanas ag tabhairt faoina chuspóirí carthanacha ar mhaithe le leas an phobail

•Gníomhú sárleasa do charthanais

•Sócmhainní do charthanais a bhainistiú

•Cinntí cuí infheistíochta a dhéanamh

•A chinntiú go bhfuil do charthanas cláraithe ar Chlár Carthanas an Rialálaí Carthanas

•A chinntiú go gcoimeádann do charthanas leabhair chuí chuntais (caithfear a áireamh leo seo iontrálacha laethúla den airgead go léir a fhaigheann do charthanas agus a íocann sé amach, anuas ar thaifead ar shócmhainní agus dliteanais do charthanais)

•A chinntiú go n-ullmhaíonn agus go dtugann do charthanas a chuntais airgeadais don Rialálaí Carthanas

•A chinntiú go n-ullmhaíonn agus go dtugann do charthanas a thuarascáil bhliantúil don Rialálaí Carthanas

•A chinntiú go sásaíonn tú aon treoracha a eisíonn an Rialálaí Carthanas.

•A chinntiú go gcuireann tú an Rialálaí Carthanas ar an eolas má cheapann tú gur thit goid nó calaois amach sa charthanas

Caithfidh iontaobhaithe a chinntiú freisin go sásaíonn carthanas riachtanais na reachtaíochta ábhartha eile, mar shampla, cosaint sonraí, sláinte agus sábháilteacht agus an reachtaíocht fostaíochta.

Cé ar féidir leis/léi a bheith ina iontaobhaí?

Ní féidir leat bheith i d’iontaobhaí le cumann carthanachta sna cásanna seo a leanas:

•Tá tú féimheach

•Iontrálann tú socrú dócmhainneachta faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012

•Ciontaítear i gcion thú

•Gearrtar téarma príosúnachta ort

•Tá tú dícháilithe ó ghníomhú mar stiúrthóir nó iniúchóir nó ó chuideachta a bhainistiú faoi Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna leasú)

•Tá tú dícháilithe ó bheith i d’iontaobhaí ciste pinsin faoi na hAchtanna Pinsean

•Baineadh thú ó phost iontaobhaí carthanais ag ordú Ard-Chúirte faoin Acht Carthanas, 2009

Más aonán dlíthiúil an t-iontaobhaí, cosúil le cuideachta, ní féidir leo bheith ina iontaobhaí má tá an chuideachta á foirceannadh.

Mura féidir leat bheith i d’iontaobhaí mar gheall go bhfuil tú i gceann de na catagóirí thuas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Ard-Chúirt agus iarraidh go gceadaítear duit oibriú mar iontaobhaí le carthanas ar leith nó in aicme ar leith charthanais. Is féidir leis an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh a cheadaíonn duit bheith i d’iontaobhaí má cheapann sé go rachadh seo chun leas an phobail agus chun sárleasanna an charthanais atá i gceist.

Is cion é gníomhú mar iontaobhaí má thagann tú faoi chuimsiú ceann de na catagóirí thuas agus mura bhfuair tú ordú ón Ard-Chúirt a cheadaíonn duit oibriú mar iontaobhaí.

Buarthaí a thabhairt le fios

Má tá tú buartha faoi charthanas nó a ghníomhaíochtaí, féadfaidh tú buairt a thabhairt le fios don Rialálaí Carthanas. Déileálfaidh siad le buarthaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

•Baol go mbeidh carthanas thíos le caillteanas nó díobháil shuntasach

•Iontaobhaithe carthanais a sháraigh a ndualgais

•Mí-iompar acu siúd atá i gceannas ar charthanas

•Mura sásaíonn carthanas na ceanglais dhlíthiúla le bheith ina charthanas

I measc na mbuarthaí faoi charthanas nár cheart a thabhairt le fios don Rialálaí Carthanas, tá:

•Ceisteanna nach mbaineann le dlí carthanais – ar nós saincheisteanna fostaíochta

•Gníomhaíocht choiriúil – ba cheart seo a thabhairt le fios don Gharda Síochána

•Gearáin a bhaineann le seirbhísí a sholáthair an carthanas – ba cheart iad seo a thabhairt le fios don charthanas

•Díospóidí idir iontaobhaithe an charthanais – ba cheart iad seo a réiteach go hinmheánach

Is féidir leat buairt a thabhairt le fios tríd an bhfoirm bhuarthaí ar líne seo a chomhlánú. Nuair a bhíonn do bhuairt á próiseáil, gníomhaíonn an Rialálaí i gcomhréir lena bheartas buarthaí (pdf).

Eolas breise

Is féidir leat níos mó a léamh faoi chumainn charthanachta inár gcáipéis ‘Cad é carthanas?’.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Samhain 2021