Teacht go hÉirinn le infheistiú nó gnó a chur ar bun

Réamhrá

Más saoránach den LEE nó den Eilvéis thú, tá tú i dteideal teacht ag obair go hÉirinn mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe. Ní chaithfidh saoránaigh an LEE ná na hEilvéise cead gnó a bheith acu le gnó a bhunú in Éirinn, ná víosa le cuairt a thabhairt ar Éirinn, taisteal go hÉirinn ná maireachtáil nó oibriú in Éirinn. Féadfaidh daoine nach saoránaigh den LEE iad gnó a bhunú in Éirinn ach caithfidh siad cead a bheith acu. Tá 3 bealach do náisiúnaigh neamh-LEE chun infheistíocht a dhéanamh nó gnó a chur ar bun in Éirinn – féach ‘Scéimeanna do náisiúnaigh neamh-LEE féinfhostaithe’ thíos.

Má tá tú ag teacht as an gcoigríoch le gnó a bhunú Éirinn, beidh faisnéis ag teastáil uait faoi raon ábhar, ar nós cánacha agus riachtanas dlíthiúil - féach 'Tacaíochtaí faisnéise' thíos.

Scéimeanna do náisiúnaigh neamh-LEEféinfhostaithe

Clár Infheisteoir Inimircigh

Dúnadh an Clár Infheisteoirí Inimirceach d’iarratasóirí nua ag deireadh an 15 Feabhra 2023. Is féidir ‘ceisteanna coitianta’ agus cad a chiallaíonn deireadh leis an IIP do thionscadail agus d’infheisteoirí atá ann cheana a léamh.

Cuireann an Clár Infheisteoir Inimircigh roghanna infheistíochta ar fáil a ligfidh d’infheisteoirí faofa neamh-LEE agus lena neasteaghlach Éire a iontráil ar víosaí iliontrála agus fanacht anseo ar feadh a mhéid agus 5 bliana agus d’fhéadfaí athnuachan leanúnach a cheadú dóibh.

Clár Tionscnaimh d’Fhiontraithe

Ligfidh an Clár Tionscnaimh d’Fhiontraithe ligfidh sé do rannpháirtithe neamh-LEE ag a bhfuil togra nuálach gnó mar aon le cistiú nó tacaíocht airgeadais ar a laghad €50,000 teacht anseo agus gnó a bhunú in Éirinn. Is í aidhm an Chláir tacú le Gnólachtaí Nuathionscanta Ardchumais a shainmhínítear amhail fiontair nuathionscanta faoi réir na gcritéar a leanas:

  • Táirge nó seirbhís nua nó nuálaíoch a thabhairt isteach i margaí idirnáisiúnta
  • Bheith in ann 10 bpost a chruthú in Éirinn agus €1 milliún a réadú i ndíolacháin laistigh de thrí nó ceithre bliana tar éis tús a chur leis an ngnólacht
  • Bheith faoi stiúir foireann thaithíoch bainistíochta
  • Go mbíonn ceanncheathrú an ghnólachta lonnaithe in Éirinn agus go mbíonn sé á rialú in Éirinn
  • Níos lú ná 5 bliana d’aois

Níl feidhm ag an scéim CNTF maidir le miondíol, lónadóireacht, seirbhísí pearsanta nó gnólachtaí comhchosúla. Ní leagfar síos aon spriocanna tosaigh maidir le cruthú post mar go n-aithnítear go dtógfaidh sé roinnt ama ar ghnólachtaí dá leithéid tosú amach. Tá faisnéis mhionsonraithe i dTreoirlínte an Chláir Nuathionscanta Fiontraí.

Cónaitheacht

Tabharfar cead cónaithe ar feadh 2 bhliain ar dtús d’iarratasóirí rathúla ar an gClár um Fhiontraí Tionscnaimh agus dá ngarghaolta.

Ciallaíonn a ngarghaolta a gcéile, a bpáirtí sibhialta nó a bpáirtí agus leanaí cleithiúnacha faoi 18 mbliana d’aois. I gcásanna áirithe, breithneofar leanaí idir 18 agus 24 bliana d’aois le haghaidh ceart cónaithe faoin gclár. Is féidir an cead seo a athnuachan ar feadh 3 bliana eile. Tar éis na chéad 5 bliana sin, féadfaidh an t-infheisteoir nó an fiontraí iarratas a dhéanamh ar cheart cónaí fadtéarmach. Más gá, deonófar víosaí dul isteach iolrach dóibh ar feadh na dtréimhsí céanna.

Faisnéis agus tacaíocht

Má tá tú ag teacht ó lasmuigh d’Éirinn chun gnó a bhunú beidh faisnéis uait ar roinnt ábhar ar nós cánach agus riachtanais dlí. Is féidir leat faisnéis a fháil faoi ghnó a thosú agus a bheith féinfhostaithe ar an suíomh Gréasáin seo, lena n-áirítear sonraí faoi struchtúir dhlíthiúla agus faoi dhliteanais ionchasacha. Is féidir leat léamh faoi na heagraíochtaí, na láithreáin ghréasáin agus na foilseacháin ar féidir leo cabhrú leat inár ndoiciméad, Foinsí faisnéise maidir le gnó a thosú.

Is tairseach é businessregulation.ie chun cabhrú leat na príomhrialacháin a théann i bhfeidhm ar do ghnó a aithint. Má tá tú féinfhostaithe agus má laghdaítear d’ioncam is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad ar fhéinfhostaíocht agus ar dhífhostaíocht.

Is gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann í GFT (An Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail) Éire atá freagrach as infheistíocht nua a fháil ó thar lear in earnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta. Féadfaidh sé faisnéis a sholáthar faoi ghnó a bhunú in Éirinn agus féadfaidh sé deontais a sholáthar do chuideachtaí ar mian leo lonnú in Éirinn nó a gcuid oibríochtaí reatha a leathnú in Éirinn.

Is gníomhaireacht rialtais Éireannach í Fiontraíocht Éireann atá freagrach as forbairt thionscal na hÉireann. Soláthraíonn sé comhairle agus tacaíocht airgeadais do Gnóthaí Tosú Ardacmhainne (TAA). Is féidir leat faisnéis a fháil faoi ghnó a thosú in Éirinn ar a shuíomh Gréasáin.

Soláthraíonn Oifig Fiontair Áitiúil tacaíochtaí cosúil le comhairle agus deontais do ghnóthaí áitiúla (10 bhfostaí nó níos lú) atá ag tosú nó ag forbairt. Is féidir leat faisnéis a fháil faoina gcláir oiliúna agus cúrsaí do ghnó féin a thosú chomh maith le tacaíocht mheantóireachta agus airgeadais ar localenterprise.ie.

Conas iarratas a chur isteach

Dúnadh an Clár d'Infheisteoirí inimirceach d’iarratasóirí nua an 15 Feabhra 2023.

Chun iarratas a dhéanamh ar an gClár Nuathionscanta Fiontraí comhlánaíonn tú an fhoirm iarratais um fhiontraí nuathionscanta (pdf) agus íocann tú táille iarratais neamh-inaisíoctha de €350. Is féidir leat sonraí iomlána ar an CNTF a fháil ón SSI.

Tá na foirmeacha iarratais agus na treoirlínte chomh maith le teimpléadplean gnó samplach ar fáil ar shuíomh Gréasáin an SSI. Beidh na doiciméid seo a leanas uait chun an t-iarratas a chomhlánú:

● Do phas agus pas do chéile/pháirtí agus do chleithiúnaithe (más bainteach)

● Fianaise ar chaidrimh theaghlaigh (más bainteach)

● Fianaise cistí

● Fianaise ar infheistíocht nó sonraí nuathionscanta

● Tuairisc póilíní nó tuairisc charachtair ó chomhairleoireacht bainistíochta riosca duit féin agus do do chéile nó do pháirtí (más bainteach)

tuilleadh faisnéise faoi na cláir infheisteoirí agus fiontraithe ar fáil ar irishimmigration.ie.

Téigh i dteagmháil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí chun do ghnó a chlárú - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos. Féadfaidh tú doiciméid leat, ar nós do chuid tuairisceán bliantúil, a chlárú agus a chomhdú ar-líne leis an OCC ach úsáid a bhaint as CORE (Companies Online Registration Environment - Timpeallacht Cláraithe Ar-Líne do Chuideachtaí).

Féadfaidh tu dul i dteagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil chun fáil amach na tacaíochtaí maidir le gnó a chur ar bun in Éirinn – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos.

Féadfaidh tú fáil amach faoi mar is féidir clárú don cháin ó d'oifig cánach áitiúil – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Téigh i dteagmháil le d' oifig cánach

Déan teagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil

Déan teagmháil le do chuideachta forbartha áitiúla (pdf)

Aonad Infheistíochta agus Fiontraí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
ÉIRE

An tAonad Cead Gnó

Rannóg Cónaithe

Inimirce Seirbhís Sheachadadh
1 Urlár, 13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/

An Oifig um Chlárthú Cuideachtaí

Teach Bloom
Gloucester Place Lower
Baile Átha Cliath 1
D01 C8P4
Éire

Teil: (01) 804 5200
Lóghlao: 0818 452 000
Facs: (01) 804 5222
Láithreán Gréasáin: http://www.cro.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Eanáir 2024