Bíonn naoi gcinn de laethanta saoire phoiblí in Éirinn gach bliain. Déanann laethanta saoire phoiblí comóradh ar laethanta nó imeachtaí ar leith, Lá Fhéile Pádraig (17 Márta), mar shampla, nó Lá Nollag (25 Mí na Nollag). Bíonn tromlach scoileanna agus gnóthaí dúnta ar laethanta saoire phoiblí ach bíonn seirbhísí áirithe, iompar poiblí, mar shampla, fós ag dul, ach go mbíonn sceidil srianta i bhfeidhm. Seo a leanas liosta de na laethanta saoire phoiblí a bhíonn ann in aghaidh na bliana:
Ní saoire phoiblí í Aoine an Chéasta. Cé go ndúntar scoileanna agus gnóthaí ar an lá sin, níl aon teidlíocht uathrialach agat i gcomhair am saor ar an lá sin.
Luan Cásca an t-aon saoire poiblí a n-athraíonn go suntasach ó bhliain go bliain. Athraíonn dáta na Cásca le haghaidh úsáid shibhialta gach bliain taobh istigh den fhéilire idirnáisiúnta. De ghnáth beidh Domhnach Cásca ar an gcéad Dhomhnach tar éis an chéad ghealach lán ar, nó i ndiaidh 21 Márta. Ciallaíonn seo gurb é 22 Márta an dáta is luaithe do Dhomhnach Cásca agus 25 Aibreán an ceann is deireanaí in aon bhliain. Beidh Luan Cásca ar na dátaí seo a leanas idir seo agus 2015: 9 Aibreán 2012, 1 Aibreán 2013, 21 Aibreán 2014, 6 Aibreán 2015.
Leagtar do theidlíocht i gcomhair saoire phoiblí amach san Acht um Eagrú Ama Oibre 1997. Bíonn tromlach na bhfostaithe i dteideal saoire le pá ar na laethanta saoire phoiblí. Eisceacht amháin ná fostaithe páirtaimseartha nach bhfuil 40 uair oibre ar a laghad déanta acu sna 5 seachtaine roimh an lá saoire poiblí.
Beidh fostaithe incháilithe i dteideal mar a leanas:
De bharr an Achta um Eagrú Ama Oibre tig leat iarraidh ar d'fhostóir 21 lá roimh an tsaoire phoiblí, cé acu a bheas i gceist. Mura bhfreagraíonn d'fhostóir 14 lá roimh an tsaoire, tá de cheart agat an lá a thógáil mar lá saor le pá.
Má tá 40 uair oibre ar a laghad déanta agat sna 5 seachtaine roimh an lá saoire poiblí agus titeann an lá saoire ar lá a oibríonn tú de ghnáth, beidh tú i dteideal pá lae i gcomhair an lae saoire poiblí. Má iarrtar ort oibriú ar an lá sin beidh tú i dteideal pá lae sa bhreis.
Mura mbíonn tú ag obair ar an lá saor ba chóir an cúigiú cuid dá do phá seachtainiúil a thabhairt duit. Fiú mura n-iarrtar ort riamh oibriú ar lá saoire phoiblí, ta tú i dteideal an cúigiú cuid dá do phá seachtainiúil mar chúiteamh i leith saoire phoiblí.
Más ann d'aon cheann de na cúinsí thuas, is féidir d'fhostóir saoire íoctha in áit phá a thabhairt duit mar do theidlíocht i gcomhair saoire phoiblí.
Más oibrí lánaimseartha tú atá ar saoire breoiteachta i rith lae/laethanta saoire phoiblí, tá tú i dteideal sochar saoire poiblí a fháil ón obair i gcomhair an lae/na laethanta saoire phoiblí a chaill tú, mar a thuairiscítear thuas. Más oibrí páirtaimseartha tú ar saoire thinnis le linn lá saoire poiblí, bheifeá i dteideal sochar saoire poiblí i gcomhair an lae saoire phoiblí chomh fada is gur oibrigh tú 40 uair sa tréimhse 5 seachtaine roimhe sin -féach 'Fostaithe páirtaimseartha' thuas.
Má tá tú neamhláithreach ó obair díreach roimh an lá saoire phoiblí agus má tá tú neamhláithreach ó obair le níos mó ná 26 seachtaine de bharr tinnis choitianta nó timpiste, agus i gcás tionóisce cheirde 52 seachtaine, níl tú i dteideal an saoire phoiblí.
Tá tú i dteideal am saor a fháil i gcomhair aon laethanta saoire phoiblí a tharlaíonn chomh fada is a bhíonn tú ar shaoire mháithreachais, tuismitheora nó uchtála. Leagtar na cearta dlíthiúla seo amach sna hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004, Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998, agus Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995 faoi seach.
Má tá tú neamhláithreach ó obair díreach roimh shaoire phoiblí ní bheidh tú i dteideal am saor a fháil i gcomhair aon laethanta saoire phoiblí sna cásanna seo a leanas:
Má thagann deireadh le d’fhostaíocht sa tseachtain dar críoch lá roimh saoire poiblí, agus má bhí tú ag obair le d’fhostóir i rith na 4 seachtaine roimhe sin, ba chóir go bhfaighfeá pá lae bhreise le haghaidh na saoire poiblí sin. Baineann sé seo le fostaithe páirtaimseartha a chruthaigh ceart don tsaoire poiblí dóibh féin trí 40 uaire oibre a dhéanamh sna 5 seachtaine roimhe sin.
Mar a thiteann lá saoire poiblí ar dheireadh seachtaine, sa ghnáthchúrsa ní bhíonn teidlíocht dhlíthiúil agat go mbeadh an chéad lá oibre eile saor ón obair agat. Tarlaíonn seo i 2013 nuair tá Lá Fhéile Pádraig (17 Márta) ar Dhomhnach. An toradh a bhí leis seo ná nár lá saoire poiblí é Luan 18 Márta 2013. Nuair a tharlaíonn seo tá do theidlíocht mar a leanas:
Is ceadmhach do d'fhostóir iallach a chur ort freastal ar an obair ar na laethanta sin.
Is féidir leat leabhrán mínithe faoi shaoire agus laethanta saoire phoiblí (pdf) a léamh anseo nó téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Mura bhfuil tú ag fáil a bhfuil dlite agat maidir le saoire phoiblí is féidir gearán a dhéanamh de réir An Achta um Eagrú Ama Oibre 1997 agus an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.