Saoire do thuismitheoirí

Cad í saoire thuismitheoireachta?

Rannóg na Ranníocaíochtaí Deonacha

Roinn Coimirce Sóisialaí
McCarter's Road,
Buncrana,
Dún na nGall,
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690690

An féidir liom saoire thuismitheoireachta a fháil?

caithfidh tú critéir áirithe a shásamh le bheith incháilithe do shaoire thuismitheoireachta. Caithfidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Caithfidh gur tuismitheoir ábhartha thú. Ciallaíonn seo gur tuismitheoir, tuismitheoir uchtála, nó duine thú a ghníomhaíonn “in loco parentis” (a ghníomhaíonn mar thuismitheoir don leanbh)
  • Caithfidh tú an tsaoire a ghlacadh roimh bhreithlá 12 bhliain do linbh (nó breithlá 16 bliana do linbh má tá do leanbh faoi mhíchumas nó má tá breoiteacht fhadtéarmach orthu)
  • Caithfidh tú fógra ar a laghad 6 seachtaine a thabhairt do d’fhostóir
  • Caithfidh tú an tsaoire a ghlacadh in aon tréimhse leanúnach amháin, nó i mbloic ar a laghad 6 seachtaine (mura gcomhaontaíonn d’fhostóir leis ligean duit an tsaoire a ghlacadh ar bhealach éagsúil – féach ‘An gá dom mo shaoire thuismitheoireachta go léir a ghlacadh ag an am céanna?’ thíos)

Ní leagtar amach sa reachtaíocht ach an teidlíocht íosta do shaoire thuismitheoireachta. Ag brath ar do chonradh fostaíochta, b’fhéidir go bhfuil cearta níos fairsinge agat i leith saoire thuismitheoireachta.

Fad na Seirbhíse

Go ginearálta, caithfidh go raibh tú ag oibriú do d’fhostóir ar feadh bliana, ar a laghad, le bheith i dteideal saoire thuismitheoireachta a fháil.

Má tá do leanbh an-ghar don teorainn aoise agus má bhí tú ag oibriú do d’fhostóir ar feadh breis agus 3 mhí (ach níos lú ná bliain amháin), is féidir leat ‘saoire thuismitheoireachta pro-rata’ a ghlacadh.

Teorainneacha aoise do leanaí

Is féidir leat saoire thuismitheoireachta a ghlacadh do gach leanbh go dtí a mbreithlá 12 bhliain d’aois.

Má rinne tú do leanbh a uchtú idir aois 10 agus 12 bhliain, is féidir leat saoire thuismitheoireachta a ghlacadh dóibh go dtí 2 bhliain i ndiaidh dháta an ordaithe uchtála.

Má tá do leanbh faoi mhíchumas nó má tá breoiteacht fhadtéarmach orthu, is féidir leat saoire thuismitheoireachta a ghlacadh go dtí go mbaineann siad leanbh 16 bliana d’aois amach.

Is féidir síneadh le saoire thuismitheoireachta a cheadú má chuir breoiteacht nó éagumas eile stop ort ón tsaoire a ghlacadh sular bhain do leanbh an teorainn aoise amach.

Cé mhéid saoire thuismitheoireachta is féidir liom a ghlacadh?

Is féidir leat a mhéid le 26 seachtain de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh do gach leanbh incháilithe Leagtar seo amach san Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019.

Má tá breis agus leanbh amháin agat, ní cheadaítear ach 26 seachtain de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh i dtréimhse 12 mhí. D’fhéadfadh seo a bheith níos faide má chomhaontaíonn d’fhostóir leis.

Cad a tharlaíonn má tá cúpla nó trírín agam?

Is féidir le tuismitheoirí cúpla nó trírín breis agus 26 seachtain de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh i mbliain.

Cad a tharlaíonn má oibrím go páirtaimseartha?

Má oibríonn tú go páirtaimseartha, laghdaítear do theidlíocht do shaoire thuismitheoireachta ar bhonn pro-rata.

Ciallaíonn seo, má oibríonn tú 50% de ghnáthsheachtain oibre, is féidir leat 13 sheachtain iomlána de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh.

I gcásanna áirithe, beidh ort féin agus d’fhostóir a dhéanamh amach cad atá i gceist le do ghnáthsheachtain oibre, bunaithe ar an méid uaireanta a oibríodh le 26 seachtain anuas.

An gá dom mo shaoire thuismitheoireachta go léir a ghlacadh ag an am céanna?

Tá tá i dteideal 26 seachtain de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh do gach leanbh incháilithe. Is féidir leat an tsaoire seo a ghlacadh:

  • Mar thréimhse leanúnach amháin de shaoire
  • Mar 2 bhloc ar leith saoire ar a laghad 6 seachtaine an ceann (caithfidh bearna ar a laghad 10 seachtaine a bheith idir an 2 thréimhse de shaoire thuismitheoireachta in aghaidh an linbh).

Is féidir leat do shaoire thuismitheoireachta a bhriseadh isteach i laethanta oibre nó in uaireanta an chloig (nó meascán den dá rud) má chomhaontaíonn d’fhostóir leis seo. Mar shampla, is féidir leat iarraidh ar lá amháin saoire thuismitheoireachta a ghlacadh sa tseachtain go dtí go bhfuil an liúntas iomlán 26 seachtain úsáidte.

An féidir liom mo shaoire thuismitheoireachta neamhíoctha a roinnt le mo pháirtnéir?

Tá teidlíocht chothrom ar leith ag an mbeirt tuismitheoirí do shaoire thuismitheoireachta. Ciallaíonn seo go bhfuil an bheirt agaibh i dteideal 26 seachtain de shaoire a ghlacadh.

Má oibríonn tú don fhostóir céanna agus má chomhaontaíonn d’fhostóir leis, is féidir leat 14 seachtaine de do theidlíocht do shaoire thuismitheoireachta a aistriú chuig an tuismitheoir eile.

Cad a tharlaíonn má athraím post sular ghlac mé mo shaoire go léir?

Má athraíonn tú post agus má d’úsáid tú cuid de do liúntas saoire thuismitheoireachta, is féidir leat úsáid a bhaint as fuílleach do liúntais i ndiaidh fostaíocht bliain amháin le d’fhostóir nua (chomh fad agus atá do leanbh níos óige ná 12 bhliain d’aois go fóill).

Do chearta fostaíochta a chosaint

Cosnaítear do chearta fostaíochta i rith saoire thuismitheoireachta. Caitear leat, go ginearálta, faoi mar atá tú fostaithe fad a bhíonn tú ar saoire thuismitheoireachta.

Is í an t-aon eisceacht leis seo ná an ceart atá agat pá nó aoisliúntas (ranníocaíochtaí pinsin) a fháil ó d’fhostóir fad a bhíonn tú ar saoire thuismitheoireachta.

Saoirí poiblí agus saoire bhliantúil

Is féidir leat leanúint le shaoire bhliantúil a charnadh fad a bhíonn tú ar saoire thuismitheoireachta. Má thagann do shaoire aníos i rith saoire thuismitheoireachta, is féidir iad a ghlacadh ag tráth níos déanaí.

Tá tá i dteideal aon saoirí poiblí a fháil a thagann aníos fad a bhíonn tú ar saoire thuismitheoireachta. Is féidir do theidlíocht do shaoire phoiblí a chur le deireadh shaoire tuismitheoireachta.

Cad a tharlaíonn má éirím breoite fad a bhím ar saoire thuismitheoireachta?

Má éiríonn tú breoite fad a bhíonn tú ar saoire thuismitheoireachta agus mura féidir leat aire a thabhairt do do leanbh, is féidir an tsaoire a chur ar fionraí d’fhad na breoiteachta.

Caithfidh tú fógra scríofa agus fianaise i leith do bhreoiteachta a thabhairt do d’fhostóir a luaithe agus is indéanta go réasúnta.

Atosaítear an tsaoire thuismitheoireachta i ndiaidh na breoiteachta. Caitear leat mar fhostaí atá breoite i rith na breoiteachta.

Cad a tharlaíonn le mo ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh?

Is féidir leat ranníocaíochtaí ÁSPC a chuirtear do shochar a fháil fad a bhíonn saoire thuismitheoireachta á glacadh agat. Is féidir le ranníocaíochtaí ÁSPC a chuirtear do shochar do thaifead árachais shóisialaigh agus do theidlíocht do shochair amach anseo a chosaint.

Caithfidh d’fhostóir scríobh chuig an Rannóg Seirbhísí Cáilitheachta Cliant den Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS), agus na seachtainí nár oibrigh tú a lua, chun gur féidir leat ranníocaíochtaí ÁSPC a chuirtear do shochar a fháil don am seo.

An féidir le m’fhostóir m’iarraidh ar shaoire thuismitheoireachta a dhiúltú?

Ní féidir le d’fhostóir saoire thuismitheoireachta a dhiúltú ach mura bhfuil tú i dteideal í a ghlacadh.

An féidir le m’fhostóir mo shaoire thuismitheoireachta a chur siar?

Is féidir le d’fhostóir do shaoire thuismitheoireachta a chur siar ar feadh a fhaide le 6 mhí. Caithfidh siad é seo a dhéanamh sula síníonn siad an cháipéis deimhnithe. Ní féidir do shaoire a chur siar ina dhiaidh sin gan chomhaontú breise scríofa a bheith déanta.

Is féidir an méid seo a leanas a áireamh le cúiseanna le saoire a chur siar:

  • Easpa cumhdaigh fad a bhíonn tú ar saoire
  • An chaoi go bhfuil fostaithe eile ar saoire thuismitheoireachta cheana féin.

Ní féidir gnáthshaoire thuismitheoireachta a chur siar ach uair amháin. Is féidir do shaoire a chur siar faoi dhó más iad athruithe séasúracha ar an méid oibre is cúis leis.

An féidir le m’fhostóir mo shaoire thuismitheoireachta a chealú?

Níl saoire thuismitheoireachta le húsáid ach le haire a thabhairt don leanbh atá i gceist. Má ghlacann tú le saoire thuismitheoireachta agus má úsáideann tú í ar chúis eile, tá d’fhostóir i dteideal an tsaoire a chealú.

Filleadh ar an obair tar éis saoire thuismitheoireachta

Tá tú i dteideal filleadh ar do phost i ndiaidh saoire thuismitheoireachta a ghlacadh, murach go bhfuil sé indéanta go réasúnta do d’fhostóir a cheadú duit filleadh ar an bpost céanna.

Más amhlaidh an cás, caithfear post eile oiriúnach a thairiscint duit laistigh den ghnólacht. Ní féidir le coinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach céanna baint leis an bpost eile i gcomparáid leis an bpost a bhí agat roimhe sin, mar shampla, caithfidh na coinníollacha céanna pá (nó coinníollacha níos fearr) baint leis. Ina theannta sin, tá tú i dteideal aon fheabhsúcháin ar phá nó ar choinníollacha eile a fháil a rinneadh fad a bhí tú ar saoire thuismitheoireachta.

Tá tuismitheoirí a théann ar saoire thuismitheoireachta á gcosaint ó dhífhostú éagórach.

An féidir liom iarraidh ar shocruithe oibre níos solúbtha?

Nuair a fhilleann tú ar obair i ndiaidh dul ar saoire thuismitheoireachta, is féidir leat athruithe ar d’uaireanta nó do phatrúin oibre a iarraidh. Is gnách go mbeartaítear seo a dhéanamh ar feadh tréimhse shocraithe ama. Caithfidh d’fhostóir machnamh a dhéanamh ar d’iarraidh agus freagairt a thabhairt duit laistigh de 4 seachtaine. Ní gá do d’fhostóir comhaontú le d’iarraidh.

Cá féidir liom gearán a dhéanamh?

Má bhíonn gearán agat faoi do theidlíocht do shaoire thuismitheoireachta, ba cheart duit labhairt le d’fhostóir faoi seo ar dtús.

Mura féidir leat an tsaincheist a réiteach go neamhfhoirmiúil, is féidir leat nó leis an bhfostóir an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an díospóid nó gearán. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a chur leis an teorainn ama ach amháin má tá cúis réasúnta leis an moill.

Is féidir leat do ghearán a sheoladh ar aghaidh trí úsáid a bhaint as foirm ghearáin ar líne an CCÁO.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi conas gearán a dhéanamh, sonraí faoi phróiseas breithnithe an CCÁO san áireamh.

Conas iarratas a dhéanamh ar shaoire thuismitheoireachta

Má bheartaíonn tú dul ar saoire thuismitheoireachta, caithfidh tú fógra scríofa a thabhairt do d’fhostóir ar a laghad 6 seachtaine sula mbíonn an tsaoire le tosú.

Ba cheart go gcuirfí an méid seo a leanas san áireamh i d’fhógra scríofa:

  • An dáta a bheartaíonn tú tús a chur le saoire thuismitheoireachta
  • An bealach ina nglacfar an tsaoire (mar shampla, i mbloc leanúnach amháin 26 seachtain nó 1 lá saor ón obair sa tseachtain)
  • Fad na saoire

Caithfidh tú cáipéis deimhnithe a shíniú le d’fhostóir, ina ndeimhnítear na sonraí faoi do shaoire thuismitheoireachta, ar a laghad 4 seachtaine sula mbíonn an tsaoire le tosú.

Ba cheart d’fhostóirí scríobh chuig an Rannóg Seirbhísí Cáilitheachta Cliant den Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS), a dheimhníonn fad, líon seachtainí agus dátaí cruinne na saoire tuismitheoireachta.

Eolas breise

Is í an reachtaíocht a bhaineann leis an tsaoire thuismitheoireachta an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998-2019.

Is féidir leat eolas breise a fháil sna ceisteanna coitianta faoi shaoire thuismitheoireachta ar justice.ie.

Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

SharedAddress for Social Protection (Client Eligibility Services) : ID a09e4f3dbf3

SharedAddress for Workplace Relations Customer Services (formerly NERA Information Service) : ID ab4e9891b61

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Márta 2022