Saoire do Thuismitheoirí

Réamhrá

Tá sé de cheart ag tuismitheoirí am saor ón obair a thógáil chun aire a thabhairt dá leanaí. Tá cineálacha éagsúla teidlíochtaí saoire reachtúla ag tuismitheoirí, mar shampla, saoire mháithreachais, saoire uchtaíocht, saoire atharthachta, saoire thuismitheoireachta agus saoire thuismitheora

Tá na difríochtaí idir na cineálacha saoire do thuismitheoirí mínithe an tábla seo.

Saoire Cé atá i dteidealí? Cá fhad? an Saoire íoctha í?
Saoire mháithreachais Fostaithe baineanna 26 seachtain agus suas le 16 seachtaine neamhíoctha Sea, íoctar Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtaine
Saoire uchtaíoch Tuismitheoir amháin den lánúin uchtaithe, nó tuismitheoir atá ag uchtú leis/léi féin 24 seachtaine agus suas le 16 seachtaine gan íoc Sea, íoctar Sochar Uchtaíoch ar feadh 24 seachtaine
Saoire atharthachta Tuismitheoirí nua de leanaí faoi bhun 6 mhí d’aois Coicís Sea, íoctar Sochar Atharthachta ar feadh coicíse
Saoire thuismitheoireachta Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí faoi 12 22 seachtain Ní hea, tá sé gan íocadh
Saoire thuismitheora Tuismitheoirí de leanaí faoi bhun 2 bhliain d’aois (nó le linn na céad dhá bhliain tar éis an uchtaithe) 5 seachtain Sea, íoctar Sochar Tuismitheora ar feadh 5 seachtain

Saoire mhaithreachais

Má éiríonn tú torrach agus tú i bhfostaíocht, tá tú i dteideal 26 seachtaine saoire mháithreachais a ghlacadh. Ní gá d'fhostóirí tú a íoc agus tú ar shaoire mháithreachais. B'fhéidir go mbeidh tú i dteideal Sochar Máithreachais. Tá tú i dteideal suas le 16 seachtaine de shaoire mháithreachais bhreise gan phá a ghlacadh, nach bhfuil clúdaithe ag Sochar Máithreachais.

Saoire uchtaíoch

Tá tuismitheoir amháin den lánúin uchtaithe, nó tuismitheoir atá ag uchtú leis/léi féin, i dteideal 24 seachtain saoire uchtaithe, ag tosú ar an lá a chuirtear an leanbh faoina c(h)úram. Ní gá d'fhostóirí fostaí a íoc as saoire uchtaíoch. D'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Uchtaíoch. Tá tú i dteideal saoire uchtaíoch bhreise le 16 seachtaine gan phá a ghlacadh chomh maith, ach níl an tréimhse seo clúdaithe ag Sochar Uchtaíoch.

Saoire atharthachta

Tá tuismitheoirí nua i dteideal 2 seachtain saoire atharthachta ón fhostaíocht nó ón fhéinfhostaíocht nuair a saolaítear leanbh nó nuair a uchtáiltear leanbh. Ní gá d'fhostóirí tú a íoc agus tú ar shaoire atharthachta. D'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Atharthachta.

Saoire thuismitheoireachta

Ón 1 Meán Fómhair 2019 tá gach tuismitheoir i dteideal saoire thuismitheora neamhíoctha 22 seachtaine (méadófar é seo go 26 seachtaine ó 1 Meán Fómhair 2020). Ní mór duit saoire tuismitheora a ghlacadh sula sroichfidh an leanbh 12 bliana d'aois, nó 16 bliana d'aois má tá míchumas ar an leanbh. Go ginearálta, ní mór duit a bheith ag obair do d'fhostóir ar feadh 12 mhí ar a laghad chun a bheith i dteideal saoire tuismitheora. Níl aon íocaíocht leasa shóisialaigh ar fáil.

Saoire thuismitheora

Is teidlíocht reachtúil nua é saoire thuismitheora do thuismitheoirí atá fostaithe nó féinfhostaithe. Tá sé mar aidhm ligean do thuismitheoirí atá ag obair, níos mó ama a chaitheamh lena naíonán nó lena leanbh uchtaithe le linn na céad dhá bhliain. Tá gach tuismitheoir i dteideal 5 seachtain saoire i leith linbh a rugadh nó a uchtaíodh ar, nó tar éis 1 Samhain 2019. D’fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Tuismitheora.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Bealtaine 2021