Saoire cúramóra

Cad í saoire chúramóra?

Tugann saoire chúramóra cead d’fhostaithe saoire a ghlacadh óna bhfostaíocht ar bhonn sealadach le cúram agus aird lánaimseartha a sholáthar do dhuine óna dteastaíonn sé.

Tá tú i dteideal saoire chúramóra a ghlacadh ar feadh íostréimhse 13 seachtaine agus uastréimhse 104 seachtain. Má iarrann tú ar thréimhse shaoire chúramóra níos lú ná 13 seachtaine a ghlacadh, is féidir le d’fhostóir d’iarratas a dhiúltú. Féach ‘Cé chomh fada a mhaireann saoire chúramóra?’ thíos

Ní fhaightear aon íocaíocht ar Shaoire Chúramóra ó fhostaíocht ach leanfar le do phost a choimeád duit nuair a fhilleann tú.

Má tá do dhóthain ranníocaíochtaí ASPC déanta agat, d'fhéadfá cáiliú do Shochar Cúramóra. Mura mbíonn tú i dteideal Sochar Cúramóra a fháil, d'fhéadfá a bheith incháilithe do Liúntas Cúramóra, arb íocaíocht í ar a ndéantar tástáil mhaoine. Is féidir leat saoire chúramóra a ghlacadh fiú mura gcáilíonn tú do na híocaíochtaí seo.

Cé ar féidir leo saoire chúramóraa ghlacadh?

Le saoire chúramóra a fháil, caithfidh gur oibrigh tú do d’fhostóir ar feadh 12 mhí gan sos san fhostaíocht.

Caithfidh go dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha ón duine a mbeidh cúram á thabhairt agat dóibh. Déanfaidh oifigeach breithiúnachta an RCS an cinneadh cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn an cúram seo uathu i ndiaidh seiceáil lena DG.

Caithfidh go dteastaíonn ón duine go mbíonn duine leo ag gach tráth leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Iad a choimeád sábháilte agus cabhrú i gcaitheamh an lae lena ngnáthriachtanais phearsanta, cosúil le hithe, ól, ní agus gléasadh
  • Iad a chosaint ó bheith ina mbaol dóibh féin

Ní gá gur duine muinteartha nó céile atá sa duine a dtugann tú cúram dó/di, ach d'fhéadfadh cara nó comhghleacaí a bheith iontu.

Cé chomh fada a mhaireann saoirechúramóra?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh le saoire cúramóra a ghlacadh in aon tréimhse leanúnach amháin a fhaide le 104 seachtain nó ar feadh roinnt tréimhsí níos giorra a fhaide le 104 seachtain ar an iomlán.

Mura dtógann tú saoire cúramóra in aon tréimhse leanúnach amháin, is gá go mbeidh bearna 6 seachtaine ar a laghad idir gach tréimhse de shaoire cúramóra.

Is í an tréimhse íosta saoire chúramóra is féidir leat a ghlacadh 13 seachtaine. Má dhéanann tú iarratas ar thréimhse shaoire cúramóra níos lú ná 13 seachtaine, is féidir le d'fhostóir diúltú cead a thabhairt duit (má bhíonn cúis mhaith leis). Má dhiúltaíonn d’fhostóir an tsaoire seo, caithfidh siad an fáth a bhíonn leis seo a mhíniú i scríbhinn.

Is féidir le d'fhostóir agus leat féin socruithe maidir le saoire chúramóra a chomhaontú a oireann níos fearr duit, áfach.

Caithfidh tú fógra 6 seachtaine, ar a laghad, i scríbhinn a thabhairt do d’fhostóir go mbeartaíonn tú dul ar saoire chúramóra – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Cúram a thabhairt do bhreis agus duine amháin

Má chónaíonn beirt daoine le chéile agus má theastaíonn cúram agus aird lánaimseartha ón mbeirt acu, is féidir leat saoire chúramóra a fháil do gach duine díobh. Sa chás seo, is é an méid iomlán saoire chúramóra 208 seachtain (104 do gach duine faoi do chúram).

Nuair a chríochnaigh do shaoire chúramóra, caithfidh tú fanacht ar feadh 6 mhí sular féidir leat tréimhse eile shaoire chúramóra a ghlacadh chun cúram a thabhairt do dhuine eile.

Cé mhéid a íocfar liom i rithsaoire chúramóra?

Ní íocann d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar saoire chúramóra. Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat, áfach, is féidir leat cur isteach ar Shochar Cúramóra. Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cúramóra ar a ndéantar tástáil mhaoine.

An féidir liom í a chur siar nódeireadh a chur léi go luath?

Tá an comhaontú a shíníonn tú le d’fhostóir faoi dhul ar saoire chúramóra sholúbtha. Ciallaíonn seo gur féidir leat do shocruithe a athrú le saoire chúramóra a ghlacadh. Fiú má thosaigh tú do shaoire cheana féin, is féidir leat an tsaoire go léir nó cuid di a chur siar go dtí tráth níos déanaí, filleadh ar an obair ón tsaoire níos luaithe nó na socruithe a athrú.

Caithfidh tú féin agus d’fhostóir comhaontú leis an athrú. Is féidir leat na hathruithe ar an gcomhaontú maidir le saoire chúramóra a chur san áireamh agus é a shíniú arís. Ba cheart do d’fhostóir an comhaontú lenar comhaontaíodh a choimeád agus cóip de a thabhairt duit.

Is féidir deireadh a chur le saoire chúramóra faoi na cúinsí seo a leanas:

  • Ní theastaíonn cúram agus aird lánaimseartha ón duine a bhfuil cúram á thabhairt dóibh a thuilleadh
  • Ní féidir leat cúram agus aird lánaimseartha a sholáthar a thuilleadh
  • Faigheann an duine a bhfuil cúram á sholáthar agat dóibh bás Má tharlaíonn seo, cuirfear deireadh le do shaoire chúramóra 6 seachtaine i ndiaidh an bháis nó ar an dáta a shonraítear sa chomhaontú le d’fhostóir – pé ceann is luaithe
  • Ceapann d’fhostóir nach sásaíonn tú féin, nó an duine a bhfuil an cúram á fháil acu na coinníollacha do shaoire chúramóra a thuilleadh. Sa chás seo, is féidir leis an bhfostóir iarraidh ar an RCS cinneadh a dhéanamh faoin tsaincheist ag dáta lena gcomhaontaítear idir tú féin agus d’fhostóir

Rialacha eile faoi shaoirechúramóra

An féidir liom oibriú fad a bhím ar saoire chúramóra?

Is féidir leat oibriú ar feadh a fhaide le 15 huaire a chloig sa tseachtain agus tú ar saoire chúramóra chomh fada agus go dtuilleann tú níos lú ná €332.50 sa tseachtain. (Seo do ghlanphá tar éis asbhaintí cosúil le cáin, ÁSPC agus dleachtanna ceardchumainn).

De rogha air sin, is féidir leat freastal ar chúrsa oideachais nó oiliúna nó obair dheonach a dhéanamh ar feadh 18.5 uair an chloig, ar a mhéid, sa tseachtain.

Sula dtosaíonn tú obair nó oiliúint, ba cheart duit an Rannóg Sochar Cúramóra a chur ar an eolas – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos. Fad a bhíonn tú as láthair ón teach, caithfidh aire mhaith a bheith á tabhairt don duine a bhfuil cúram á thabhairt agat dóibh. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi Shochar Cúramóra.

Cad a tharlaíonn le mo thaifead ÁSPC?

Má tá Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra á fháil agat, gheobhaidh tú ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a chuirtear do shochar (ar a dtugtar creidmheasanna). Má tá tú ar saoire chúramóra ach mura n-íoctar Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra leat, is féidir leat iarratas a dhéanamh le creidmheasanna ÁSPC a fháil. Ciallaíonn creidmheasanna ÁSPC a fháil go leanfaidh tú de cháiliú do shochair leasa shóisialaigh.

Cearta fostaíochta eile

Caithfear leat, go ginearálta, faoi mar atá tú ag oibriú i rith saoire chúramóra. Ciallaíonn seo:

  • Go bhfuil tú i dteideal saoire chúramóra agus saoirí poiblí a ghlacadh do na chéad 13 seachtaine de shaoire chúramóra.
  • Nach mór nach ndéantar thú a dhífhostú i ngeall ar shaoire chúramóra a ghlacadh
  • Nach mór nach ndéantar íospairt ort as saoire chúramóra a ghlacadh nó as glacadh saoire chúramóra a phleanáil Ní féidir le d’fhostóir pionós a ghearradh ort ná caitheamh go héagórach leat, mar shampla, trí choinníollacha fostaíochta níos measa a thabhairt duit nó thú a roghnú d’iomarcaíocht

Conas iarratas a dhéanamh ar shaoirechúramóra

1. Déan iarratas leis an RCS

Caithfidh an RCS a dheimhniú go dteastaíonn an cúram sin ón duine a mbeidh cúram á thabhairt agat dóibh. Is é an chéad chéim chun saoire chúramóra a fháil an fhoirm iarratais ar Shochar Cúramóra (pdf) a líonadh.

Caithfidh DG an duine a mbeidh cúram á thabhairt agat dóibh cuid den fhoirm a líonadh. Má tá an duine faoi 16 bliana d’aois agus má tá Liúntas Cúramóra á íoc dóibh, ní gá don DG cuid den fhoirm a líonadh.

Caithfidh d’fhostóir cuid den fhoirm seo a líonadh lena dheimhniú gur fostaí thú

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Shochar Cúramóra don dara duine, ba cheart duit úsáid a bhaint as foirm iarratais CARB2 (pdf).

Seol an fhoirm iarratais líonta chuig Rannóg Sochar Cúramóra ag an RCS. Féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos.

Déanfaidh an RCS cinneadh faoi cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha ón duine, i ndiaidh comhairle a fháil ón DG. Déanfaidh siad cinneadh freisin faoi cibé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn tú do Shochar Cúramóra.

Mura bhfuil tú sásta faoi chinneadh an RCS, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc.

2. Déan iarratas le d’fhostóir

Caithfidh tú iarratas foirmiúil i scríbhinn a dhéanamh le d’fhostóir ar an tsaoire seo ar a laghad 6 seachtaine sula mbeartaíonn tú an saoire chúramóra a ghlacadh. Ba cheart duit fógra a thabhairt a luaithe agus is féidir i gcásanna eisceachtúla nó éigeandála nuair nach féidir leat fógra 6 seachtaine a thabhairt.

Caithfidh tú an méid seo a leanas a lua i do litir:

  • Is mian leat saoire chúramóra a ghlacadh faoin Acht um Shaoire Chúramóra, 2001
  • An dáta is mian leat an tsaoire chúramóra a thosú
  • An bealach a bheartaíonn tú an tsaoire seo a ghlacadh (is é sin, i mbloc amháin, nó i sraith bloic níos giorra)
  • D’iarr tú ar an RCS a dheimhniú go dteastaíonn an cúram seo ón duine a mbeidh cúram á thabhairt agat dóibh

Saoire chúramóra a dheimhniú

Caithfidh tú féin agus d’fhostóir cáipéis a shíniú a dheimhníonn an socrú do shaoire chúramóra ar a laghad 2 sheachtain sula dtosaíonn tú an tsaoire. Caithfear an méid seo a leanas a áireamh leis an gcomhaontú seo (ar a dtugtar an cháipéis deimhnithe):

  • An dáta is mian leat do shaoire chúramóra a thosú
  • Cé chomh fada a mhairfidh sé
  • Conas a ghlacfaidh tú é (i mbloc amháin nó i mbreis agus bloc amháin)

Coimeádann d’fhostóir cóip den cháipéis seo agus ní mór dóibh cóip de a thabhairt duit.

Filleadh ar an obair

Caithfidh tú fógra ar a laghad 4 seachtaine i scríbhinn a thabhairt do d’fhostóir go mbeartaíonn tú filleadh ar an obair. Nuair a thagann deireadh le do shaoire chúramóra, caithfidh d’fhostóir scríobh chuig an RCS le hiad a chur ar an eolas ar an dáta a fhillfidh tú ar an obair.

Fadhbanna a bheith agat maidir lesaoire chúramóra a ghlacadh

Má tá gearán nó díospóid agat le d’fhostóir maidir le saoire chúramóra, ba cheart duit é a thabhairt le fios do d’fhostóir ar dtús. Mura féidir leat an tsaincheist a réiteach go díreach le d’fhostóir, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Conas gearán a dhéanamh leis an CCÁO

Má tá díospóid agat faoi shaoire chúramóra le d’fhostóir nó má bheidh tú thíos le dífhostú éagórach de bharr cearta saoire chúramóra, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an CCÁO. Ba cheart duit an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid.

Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an díospóid. Is féidir síneadh a fhaide le 6 mhí bhreise a chur leis an teorainn ama seo má bhí cúis réasúnta leis an moill.

Eolas breise

Is féidir leat eolas breise a fháil ó Sheirbhísí Faisnéise agus do Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre – féach ‘Cá ndéanfaidh mé gearán?’ thíos

Déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil nó le Rannóg Sochar Cúramóra an RCS chun teacht ar eolas breise faoi Shochar Cúramóra.


Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Rannóg an tSochair Cúramóra

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha an Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Deireadh Fómhair 2018