Saoire gan phá do chúram leighis

Cad is saoire gan phá do chúram leighis?

Tugadh isteach saoire gan phá do chúram leighis an 3 Iúil 2023.

Tugann sé 5 lá saoire gan phá duit más gá duit am saor ón obair a ghlacadh chun déileáil le cúram leighis tromchúiseach do leanbh nó do dhuine ábhartha eile ar nós ball teaghlaigh. Tá an tsaoire ar fáil do thuismitheoirí agus cúramóirí araon - féach 'Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?' thíos.

Ní gá duit fógra a thabhairt do d'fhostóir an saoire a ghlacadh i gcúinsí éigeandála. Ba cheart duit fógra a thabhairt más féidir.

Is é an Work Life Balance and Miscellaneous Provisions Act 2023 an dlí a chlúdaíonn saoire do chúram leighis.

Ní hionann saoire gan phá do chúrama leighis agus saoire force majeure, arb é saoire le pá í do ghéarchéim phráinneach teaghlaigh.

Cá fhad atá an saoire?

Tá sé de cheart agat 5 lá saoire le haghaidh cúram leighis in aon 12 mhí as a chéíle. Seo an teidlíocht reachtúil (ciallaíonn se sin an t-íosmhéid dlíthiúil).

Ní gá duit an saoire a ghlacadh go léir ag an am céanna. Is feidir é a ghlacadh mar laethanta singil nó iolracha.

Fág ar feadh níos lú ná lá

Ní féidir an tsaoire a ghlacadh i dtréimhsí níos lú na lá amháin.

Má ghlacann tú leathlá saoire, mar shampla, áireofar é mar lá amháin fós.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar tsaoire chun cúraim nó chun tacú le do:

  • Leanbh (leanbh uchtaithe san áireamh)
  • Céile nó páirtí sibhialta
  • Comhchónaitheoir
  • Tuismitheoir nó seantuismitheoir
  • Deartháir nó deirfiúr
  • Páirtí tí (aon duine eile dóibh siúd atá liostaithe thuas a chónaíonn sa teach céanna leatsa)

Caithfidh cúram nó tacaíocht shuntasach a hbeith ag teastáil ón duine ar chúis thromchúiseach leighis.

Ní theastaíonn aon seirbhís íosta le d'fhostóir chun an tsaoire seo a ghlacadh.

Cén cúram leighis tromchúiseach atá clúdaithe?

Ní mór cúram nó tacaíocht shuntasach a bheith ag an duine breoite ar chúis thromchúiseach leighis.

Ní shainmhínítear cúis thromchúisach leighis san Acht.

Is féidir le d'fhostóir fianaise ábhartha a iarraidh ar riachtanas leighis na saoire.

Is é an fhianaise ábhartha ná:

  • Teastas leighis sínithe ag dochtúir
  • Fianaise eile a d'fhéadfadh an fostóir a éileamh le réasún

Ní gá don teastas leighis cineál an riochta leighis a lua. Ní gá ach ráiteas fíorais a bheith ann go bhfuil, nó go raibh, gá ag an duine le cúram nó tacaíócht shuntasach ar chúis thromchúiseach leighis.

An gá dom fógra a thabhairt?

Ní gá duit fógra a thabhairt do d'fhostóir an saoire a ghlacadh i gcúinsí éigeandála.

Ba cheart duit fógra a thabhairt más féidir.

Conas iarratas a chur isteach

Ní mór duit dearbhú i scríbhinn a thabhairt do d'fhostóir go dteastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar an tsaoire (nó go bhfuil glactha agat cheana féin). Ba cheart duit é seo a dhéanamh chomh luath agus is réasúnta praiticiúil. Ní mór duit an deimhniú seo a shíniú freisin.

Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith i do dheimhniú sínithe:

  • An dáta tosaithe
  • Fad na saoire
  • Ráiteas fíricí (ag míniú cén fáth a bhfuil tú i dteideal na saoire).

Ní mór do d'fhostóir an doiciméad deimhnithe a choinneáil agus admháil scríofa a thabhairt duit go bhfuair siad an deimhniú.

Cén faisnéis a chaithfidh mé a thabhairt?

Is féidir le d'fhostóir faisnéis a iarraidh maidir le:

  • Do chaidreamh leis an duine dá dtugtar aire
  • Nádúr an chúraim sin
  • Fianaise ábhartha a dhearbhaíonn go bhfuil, nó go raibh, ag teastáil ón té a ainmníodh le cúraim nó tacaíocht shuntasach ar chúis thromchúiseach leighis

Féach 'Cén cúram leighis tromchúiseach atá clúdaithe?' thuas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cad a áirítear mar fhianaise ábhartha.

Cosaint do chearta fostaíochta

Go ginearálta, déileálfar leat amhail is go bhfuil tú ag obair le linn saoire do chúram leighis. Ciallaíonn sé seo:

  • Tá tú i dteideal filleadh ar an obair sa phost a bhí agat díreach sular thosaigh tú ar an tsaoire
  • Ní áiríonn tú do chuid ama ar saoire mar bhriseadh do sheirbhís leanúnach
  • Ní féidir thú a dhífhostú mar gheall ar an saoire a ghlacadh nó a iarraidh
  • Níor cheart go ndéanfaí íospairt ort mar gheall ar saoire a ghlacadh nó a iarraidh le haghaidh cúram leighis a ghlacadh. Ní féidir le d'fhostóir pionós a ghearradh nó héagórach leat trí, mar shampla, cionníollacha fostaíochta níos measa a thabhairt duit nó tú a roghnú le haghaidh iomarcaíochta.

Má ghlacaim saoire le haghaidh cúram leighis agus mé ar promhadh

Féadfaidh d'fhostóir do phromhadh, d'oilúint nó do phrintíseacht a chur a fionraí ar feadh na tréimhse a bhfuil tú ar saoire do chúam leighis. Is féidir na laethanta a chur le deireadh do thréimhse promhaidh, oiliúna nó printíseachta.

Fadhbanna ag glacadh saoire le haghaidh cúram leighis

Má tá gearán nó díospóid agat le d'fhostóir faoi shaoire do chúram leighis, ba chóir duit é a ardú le d'fhostóir ar dtús.

Mura féidir leat an cheist a réiteach go díreacht le d'fhostóir, féadfaidh tú gearán forimiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidream san Áit Oibre (WRC).

Conas gearán a dhéanamh leis an WRC

Má tá díospóid agat le d'fhostóir faoi shaoire do chúram leighis, nó má tá dífhostú éagórach os comhair do cheart chun saoire, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an WRC ar líne.

Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí ó tharla an díospóid. Féadfar an teorainn ama a fhadú ar feadh suas le 6 mhí eile, má bhí cúis réasúnach leis an moill.

Tuilleadh faisnéise ón WRC

Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a fháil ó Sheirbhís Fiasnéise agus Custaiméara an Chomisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Iúil 2023