Cás-Staidéar ar theidlíocht saoire poiblí

Réamhrá

Tá Daniel ag obair go páirtaimseartha ó Mheitheamh. Oibríonn sé Máirt go Satharn gach seachtain ó 6in go dtí 9in. Bhí lá saor ag na baill fhoirne eile ar fad atá lánaimseartha nuair a bhí an siopa dúnta don saoire phoiblí i mí Lúnasa. Fuair Daniel amach gur íocadh leo don tsaoire poiblí seo agus dúirt siad leis gur chóir go mbeadh sé íoctha chomh maith. D'iarr sé ar a fhostóir faoi seo ach dúirt a fhostóir leis ós rud é nár oibrigh sé Dé Luain, ní raibh aon cheart aige d'íocaíocht ar shaoire phoiblí. Cé atá ceart?

Tá fostóir Daniel mícheart. Roimh shaoire phoiblí Lúnasa, bhí 15 uaireanta sa tseachtain ar feadh 7 seachtain oibrithe aige sa siopa leabhair a tháinig go dtí iomlán de 105 uaireanta. Chiallaigh sé seo go raibh sé i dteideal íocaíocht ar shaoire phoiblí faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997. Ós rud é nach raibh dualgas ar oibriú ar an lá a thit an tsaoire phoiblí tá sé i dteideal d'aon cúigiú dá ghnáthphá seachtainiúil. Ba chóir do Daniel mar sin 3 uaire bhreise pá a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Meán Fómhair 2019