Tuismitheoirí Aonair in Éirinn

Eolas

De réir Daonáireamh 2006 bhí 162,551 bean agus 26,689 fear ina dtuismitheoirí aonair in Éirinn. Bionn tuismitheoirí ina n-aonar ar chúiseanna éagsúla.. D’fhéadfadh sé tarlú tar éis bás céile nó páirtí, tréigean nó príosúnacht . Féadfaidh teaghlach aontuismitheora a bheith ann de thoradh idirscartha, colscartha nó neamhniú pósta chomh maith. D’fhéadfadh tuismitheoireacht aonair tarlú de thoradh toircheas nach raibh duine ag súil leis. Cibé cúis atá leis, d’fhéadfá a bheith i dteideal réimse sochar agus teidlíochtaí. I dteannta leis, ba chóir duit eolas a bheith agat faoi shainceisteanna dlíthiúla tábhachtacha a bhfuil tionchar acu ar thuismitheoirí aonair.

Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

Má tá tú i do thuismitheoir aonair d’fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar leith má tá cónaí ort in Éireann. Déantar Sochar Linbh a íoc do gach aon leanbh faoi 16 bliana d’aois, nó faoi 18 bliana d’aois má tá an leanbh ag fáil oideachas lánaimseartha nó má tá sé/sí faoi mhíchumas. Íocaíocht de réir tástála acmhainne is ea an Íocaíocht do Theaghlaigh Aontuismitheora d’fhir agus do mhná in Éireann atá ag tógáil linbh gan tacaíocht ó pháirtí. Íoctar é le duine nach bhfuil pósta, baintreach/baintreach fir, céile príosúnaigh, duine atá colscartha nó idirscartha nó le duine a rinneadh neamhniú pósta orthu. Fuair 78,000 bean agus os cionn 1,800 fear an Íocaíocht do Theaghlaigh Aontuismitheora i 2004.

D’fhéadfá a bheith i dteideal Pinsean Ranníocach Baintrí/Baintrí Fir má bhíonn dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat féin nó ag do chéile éagtha. Faoi Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde, is féidir Pinsean Baintrí/Baintrí Fir a íoc má tharla an bás de bharr gortú ceirde nó galar nó timpiste agus an duine sin ag taisteal díreach chuig nó ón obair.

Cothabháil

Tá sé d’fhreagracht dhlíthiúil in Éirinn ar an mbeirt céile a chéile agus aon leanbh leo a chothabháil de réir a gcuid acmhainní. Tá tuismitheoirí colscartha nó idirscartha freagrach as cothabháil a gcuid leanaí agus d’fhéadfadh freagrachtaí cothabhála a bheith acu i leith a chéile, ag braith ar théarmaí an colscartha nó an t-idirscartha. Níl aon fhreagracht airgeadais dá chéile ar thuismitheoirí nach bhfuil pósta ach tá freagracht ar an dá thuismitheoir as cothabháil a gcuid leanaí. Faigh amach faoi chothabháil anseo.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar pháirtithe sibhialta freisin cothabháil a sholáthar dá chéile agus do leanaí ar bith cleithiúnacha, de réir a gcuid acmhainní, agus tá seans ann go mbeidh dualgais chothabhála orthu maidir lena chéile má tharlaíonn sé go ndíscaoiltear an pháirtnéireacht shibhialta, ag brath ar théarmaí an díscaoilte.

Níl aon dualgas airgeadais ar thuismitheoirí atá comhchónaí orthu ach tá dualgas ar an mbeirt acu maidir lena leanaí a chothabháil. Tá dualgas airgeadais do leanbh ar chomhchónaitheoir atá ina chaomhnóir/caomhnóir do leanbh a pháirtí/páirtí, nó don leanbh atá i gcúram laethúil a pháirtí/páirtí.

Má chliseann ar chaidreamh comhchónaithe, seans go bhfuil duine i dteideal cothabhála faoin scéim um shásamh le haghaidh lánúineacha comhchónaithe.

Is féidir teacht ar eolas maidir le cothabháil anseo. Is ann freisin d’eolas faoi mar a dhéantar measúnú ar chothabháil le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ar thionchar na cothabhála ar do chúrsaí cánach.

Cánachas

Tá rialacha sonracha ann faoi chánachas sa bhliain ina bhfaigheann duine bás.. Mar shampla, d’fhéadfadh aisíoc cánach a bheith dlite. Tá creidmheasanna sa bhreis ar fáil do thusimitheoirí ar baintreacha /baintreacha fir iad sna blianta tar éis bás céile. Léigh anseo chun tuilleadh eolas a fháil ar cháin i mbliain an bháis agus sna blianta tar éis báis. Tá eolas ag na Coimisinéirí Ioncaim anseo ar an mbealach ina ndéileálfar ó thaobh cánach le daoine ar baintreacha/baintreacha fir iad. Tá eolas ar fáil anseo maidir le creidmheasanna agus faoisimh cháin ioncaim atá ar fáil do thuismitheoirí aonair.

Caomhnóireacht

Tá tuismitheoir linbh de réir cearta caomhnóireachta i dteideal cinntí tábhachtacha a dhéanamh maidir le tógáil an linbh, mar shampla, cinntí i dtaobh reiligiúin, oideachais, cóireáil leighis an linbh agus cá mbeidh cónaí ar an leanbh. Tá stádas caomhnóireachta uathoibríoch ag gach máthair in Éireann, is cuma iad a bheith pósta nó gan a bheith, ach amháin má thugann siad an leanbh uathu ionas go ndéanfar é/í a uchtáil. I dteannta leis, tá cearta caomhnóireachta uathoibríocha ag aithreacha atá pósta le máthair a linbh. Níl cearta caomhnóireachta uathoibríocha i leith an linbh ag athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh, áfach,. Faigh tuilleadh eolas ar chaomhnóireacht anseo. Ba cheart do mháithreacha arb iad an t-aon caomhnóir amháin uacht a dhéanamh amach ag ceapadh caomhnóirí dá leanaí i gcás a mbás féin.

Caomhnadh agus Rochtain

Is é atá i gceist le coimeád ná an ceart a bhaineann le cúnamh fisiciúil agus urlámhas an linbh. Is é atá i gceist le rochtain ná ceart an linbh teagmháil dhíreach a bheith aige/aici leis an tuismitheoir nach bhfuil cónaí orthu leo. Má scarann tuismitheoirí linbh gan a bheith ábalta cinneadh a dhéanamh maidir le coimeád an linbh, is í an chúirt a dhéanann an cinneadh sin. Bíonn máthair neamhphósta ina caomhnóir aonair ar leanbh ar bith a bheirtear lasmuigh den phósadh. Ach ní gá don athair caomhnóireacht a bheith aige sula gcuireann sé isteach ar rochtain nó ar chaomhnóireacht.

Teagmháil

Cumann Náisiúnta Bhaintrí na hÉireann

Teach Chúil Raithin
Sráid Chúil Raithin
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 1 872 8814
Láithreán Gréasáin: http://www.nawi.ie
R-phost: info@nawi.ie

Clann Amhain

8 Coke Lane
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 662 9212
Lóghlao: 0818 66 22 12
Láithreán Gréasáin: https://onefamily.ie/

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Meán Fómhair 2016