Caomhnóireacht dhlithiúil agus lánúineacha comhchónaithe

Réamhrá

Más caomhnóir linbh tú, bíonn dualgas ort cúram agus cothabháil cheart a thabhairt do do leanbh agus bíonn an ceart agat chun cinntí a ghlacadh faoi oideachas an linbh – bíodh sé i gcreideamh eaglasta éigin nó go dí-eaglasta – faoina riachtanais sláinte agus faoina leas ginearálta. Is ag caomhnóirí linbh amháin a bhíonn an ceart chun caomhnú agus rochtain ar an leanbh sin.

Is "comhchaomhnóirí" iad tuismitheoirí pósta linbh, agus cearta cothroma acu i ndáil leis an leanbh dá réir. Leagtar síos cearta na dtuismitheoirí chun caomhnóireachta in Alt 6 den Acht um Chaomhnóireacht Naíonán, 1964.

I gcás na leanaí a rugtar lasmuigh den phósadh in Éirinn; is ag an máthair amháin a bhíonn cearta uathoibríocha caomhnóireachta. (Cé go bhféadann ainm athar a bheith cláraithe ar theastas beireatais an linbh, ní thugann sé sin aon chearta caomhnóireachta i ndáil lena leanbh dósan.) Léigh tuilleadh faoin i 'Rialacha’ thíos.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht go dtí go sroicheann leanbh 18 mbliana d’aois. Críochnaíonn caomhnóireacht nuair a bhíonn leanbh 18 mbliana d’aois mura bhfaigheann caomhnóir bás nó má bhaintear as é roimh sin.

Ar an 18 Eanáir 2016, tháinig in éifeacht forálacha áirithe den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015 a raibh roinnt athruithe ar an Acht um Chaomhnóireacht Naíon 1964 mar thoradh air.

Caomhnóireacht uathoibríoch

Má bheirtear leanbh lasmuigh den phósadh, is í an mháthair an caomhnóir uathoibríoch. Níl seasamh athair neamhphósta an linbh chomh cinnte. Beidh athair neamhphósta ina chaomhnóir go huathoibríoch má chónaigh sé le máthair an linbh ar feadh 12 mhí as a chéile tar éis 18 Eanáir 2016, lena n-áirítear 3 mhí ar a laghad leis an máthair agus an leanbh tar éis bhreith an linbh. Má tá easaontas ann i dtaobh an raibh siad ag cónaí le chéile ar feadh na tréimhse ama riachtanach, is féidir iarratas ar an dearbhú riachtanach a dhéanamh os comhair na cúirte.

Pósadh idir tuismitheoirí tar éis bhreith an linbh

Má phósann tuismitheoirí linbh a chéile tar éis na breithe, ansin bíonn an t-athair ina chomhchaomhnóir ar an leanbh go huathoibríoch (ar choinníoll go bhfuil ainm an athar ar an deimhniú breithe). Ní gá, dá bhrí sin, iarratas a dhéanamh ar chearta caomhnóireachta ná ní gá don athair an leanbh a uchtú

Caomhnóireacht le comhaontú

Má aontaíonn an mháthair, is féidir leis an athair a bheith ina chomhchaomhnóir má shíníonn an bheirt tuismitheoirí dearbhú reachtúil. Ní mór an dearbhú reachtúil (IR 210 de 2020) pdf a shíniú i láthair Nótaire Poiblí, feidhmeannach Síochána, Coimisinéir Mionnaíseirbhís cláraithe sibhialta atá údaraithe chun dearbhuithe reachtúla a ghlacadh agus a fháil.

Bíonn ainmneacha thuismitheoirí an linbh, go bhfuil siad neamhphósta agus go n-aontaíonn siad gur cheart an t-athair a cheapadh mar chomhchaomhnóir luaite sa dearbhú seo. Má tá níos mó ná leanbh amháin ann, ba cheart dearbhú reachtúil ar leithligh a dhéanamh maidir le gach duine acu.

Soláthraíonn SI 210 de 2020 foirm dearbhaithe reachtúil freisin do mháthair agus don dara tuismitheoir chun go mbeidh siad ina gcomhchaomhnóirí trí chomhaontú i gcás linbh a rugadh mar thoradh ar nós imeachta atáirgthe daonna le cúnamh deontóra.

Caomhnóireacht trí na cúirteanna

Aithreacha neamhphósta

Mura n-aontaíonn an mháthair an dearbhú reachtúil a shíniú nó mura n-aontaíonn sí go gceapfaí an t-athair mar chomhchaomhnóir, caithfidh an t-athair iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun a bheith cheaptha mar chomhchaomhnóir. Ní gá duit ionadaíocht dhlíthiúil a fháil chun é seo a dhéanamh, is féidir leat an t-iarratas a dhéanamh thar do cheann féin. Déan iarratas díreach chuig an gCúirt Dúiche agus téigh i dteagmháil le cléireach na cúirte chun imeachtaí a thionscnamh. (Tá sé seo indéanta, is cuma an bhfuil d’ainm ar dheimhniú breithe an linbh nó nach bhfuil).

Cé go gcuirtear tuairimí na máthar san áireamh, ní tharlóidh se go huathoibríoch má dhiúltaíonn sí don iarratas caomhnóireachta go ndiúltóidh an chúirt don ordú atá á lorg ag an athair. Ina áit sin, cinnfidh an chúirt cad é atá chun leasa an linbh.

I gcásanna inar ceapadh an t-athair ina chomhchaomhnóir linbh, ansin teastaíonn a thoiliú le haghaidh rudaí áirithe a bhaineann le leas ginearálta an linbh agus le nithe eile. (Mar shampla, maidir le hiarratais ar phasanna don leanbh agus an leanbh a thógáil lasmuigh den tír). Léigh tuilleadh faoi phasanna do leanaí tuismitheoirí neamhphósta anseo (pdf). Teastaíonn toiliú an athar freisin chun go n-uchtóidh lánúin eile (nó an mháthair agus a fear céile) an leanbh. Léigh tuilleadh faoi uchtáil anseo.

Iarratais ar chaomhnóireacht dhlíthiúil tar éis athruithe eile ar stádas caidrimh na dtuismitheoirí

Sa chás gur comhchaomhnóir é tuismitheoir agus go bpósann sé/sí ina dhiaidh sin, go dtéann sé/sí i gcomhpháirtíocht shibhialta nó go dtiocfaidh sé/sí chun bheith ina chomhchónaitheoir cáilithe, fanfaidh an caomhnóir eile mar chomhchaomhnóir an linbh.

Mar sin féin is féidir leis an gcéile/páirtí/comhchónaitheoir cáilithe nua iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun bheith ina chaomhnóir gan an leanbh a uchtú. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh ceachtar acu seo a leanas a bheith i gceist leis an gcéile/páirtí/comhchónaitheoir cáilithe:

  • Roinn sé/sí freagracht na dtuismitheoirí as cúram laethúil an linbh leis an tuismitheoir a bhfuil sé ina c(h)ónaí leis/léi ar feadh 2 bhliain ar a laghad; nó
  • Thug sé/sí cúram laethúil don leanbh ar feadh bliain amháin ar a laghad nuair nach bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir ag an leanbh atá toilteanach nó in ann a gcearta caomhnóireachta a fheidhmiú

Caithfear an t-iarratas a chur in iúl do thuismitheoirí nó chaomhnóirí uile eile an linbh, cé nach ndéanfaidh an cinneadh difear do chearta reatha an tuismitheora nó an chaomhnóra sin maidir leis an leanbh. Agus cinneadh á dhéanamh aici an gceadófar an t-iarratas caomhnóireachta nó nach gceadófar, breithneoidh an chúirt ar an méid a bhíonn aon chaomhnóirí eile bainteach le tógáil an linbh agus aon tuairimí ón leanbh nó na leanaí atá i gceist. Má cheadaítear caomhnóireacht, leagfar amach cearta an chaomhnóra nua in ordú na cúirte agus ní gá dóibh a bheith chomh leathan le cearta na gcaomhnóirí eile.

De rogha air sin, b’fhéidir gur mhaith leis an tuismitheoir agus a c(h)éile/p(h)áirtí/c(h)omhchónaitheoir cáilithe an leanbh a uchtú. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh siad toiliú a lorg ó chaomhnóir eile an linbh. Má aontaíonn caomhnóir eile an linbh leis an uchtáil, géilleann sé nó sí an ceart chun caomhnóireachta agus tuismitheoireachta an linbh.

Caomhnóireacht shealadach

Is féidir leis an gCúirt Dúiche caomhnóireacht shealadach a dheonú a ligfidh do dhuine fásta eile, ar a dtugtar an duine ainmnithe, aire a thabhairt do do leanbh nó do leanaí má éiríonn tú an tinn nó má tá ort dul isteach in ospidéal. Caithfidh an duine ainmnithe a bheith ina dhuine oiriúnach agus os cionn 18 mbliana d’aois.

Ní mór duit foirm speisialta a chomhlánú chun caomhnóir sealadach (pdf) a ainmniú, inar féidir leat do mhianta a leagan amach maidir le haon srianta ar an gcaomhnóir sealadach. Ansin caithfidh an duine ainmnithe iarratas a dhéanamh chun na cúirte mura féidir leat ról do thuismitheoirí a chomhlíonadh mar gheall ar bhreoiteacht thromchúiseach. Leagfar amach raon feidhme chearta an chaomhnóra shealadaigh in Ordú na Cúirte Dúiche, a bheidh de ghnáth ar aon dul leis na mianta a leagann tú amach san fhoirm.

Má cheapann an chúirt caomhnóir ar leanbh sa chás ina bhfuil tuismitheoir amháin nó an bheirt tuismitheoirí beo, de ghnáth ní bheidh sé de cheart ag an gcaomhnóir cinntí móra áirithe a dhéanamh faoin leanbh mura ndeonaíonn an chúirt an ceart sin go sainráite.

Cearta caomhnóireachta a bhaint

Is féidir le haithreacha agus le daoine eile ceaptha mar chomhchaomhnóirí ag cúirt nó trí dhearbhú reachtúil a gcaomhnóireacht a bheith bainte má tá an chúirt sásta go bhfuil sé chun leasa an linbh. Is é an t-aon bhealach is féidir le máthair a cearta caomhnóireachta a thabhairt suas in Éirinn seachas go gcuirtear an leanbh lena (h)uchtáil.

Caomhnóirí agus uachtanna

Tá sé an-tábhachtach más caomhnóir linbh tú (go háirithe más máthair agus caomhnóir aonair tú) go ndéanann tú uacht, ag ceapadh caomhnóra a ghníomhóidh ar do shon i gcás do bháis. Moltar go láidir duit é seo a phlé le duine a d’fhéadfadh gníomhú mar chaomhnóir agus go dtugann sé/sí a dtoiliú a (h)ainm a bheith i d’uacht mar chaomhnóir tiomnach.

Gníomhóidh caomhnóir marthanach an linbh (má tá ceann ann) i gcomhpháirt leis an gcaomhnóir nua. Léigh tuilleadh faoi uacht a dhéanamh agus faoi cad é a chaithfidh a bheith ar eolas agat anseo.

Rataí

Ní theastaíonn ionadaíocht dhlíthiúil uait chun cur isteach ar chaomhnóireacht do linbh. Saoláthróidh an fhoireann i do chúirt dúiche áitiúil comhairle agus cúnamh duit chun thú a threorú tríd an bpróiseas.

Má théann tú go dtí aturnae dlí teaghlaigh, beidh ort íoc as táillí aturnae. Ba cheart duit bheith feasach nach táillí seasta iad táillí aturnae in Éirinn agus is féidir leo a bheith an-éagsúil óna chéile. Fiosraigh an scéal agus faigh roinnt meastachán sula ndéanann tú cinneadh faoi ghnólacht dlí. Bí san airdeall, áfach, nach mór do d’aturnae gach ceann de na costais a mhíniú duit roimh ré.

Má tá tú i dteideal cúnamh dlí a fháil, ní mór duit ranníocaíocht a íoc i dtreo na gcostas.

Conas iarratas a dhéanamh

eolas maidir le cur isteach ar chaomhnóireacht ar a láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Téigh i dteagmháil leis an bhfoireann i do chúirt dúiche áitiúil le haghaidh eolais um an bpróiseas chun cur isteach ar chaomhnóireacht.

Dá mb’fhearr leat comhairle dlí a lorg, téigh i dteagmháil le haturnae.

Déan teagmháil leis an ionad dlí is gaire duiti gcomhair eolais um Chabhair Dhlíthiúil. Bíonn eolas ar fáil ón mBord um Chabhair Dhlíthiúil freisin.

Teagmháil

Tá fáil ar Shonraí teagmhála le haghaidh gnólachtaí aturnaetha ar fud na hÉireann ar láithreán gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann.

Cuireann Treoir, an tIonad Náisiúnta um Faisnéis le haghaidh Tuismitheoirí Neamhphósta, faisnéis ar fáil le haghaidh tuismitheoirí neamhphósta. Tá teacht ar roinnt faisnéise áisiúil ar ábhair éagsúla ar a láithreán gréasáin, na hábhair seo a leanas san áireamh:

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/

An tSeirbhís Eadrána Teaghlaigh

Teil: +353 (0)1 874 7446
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Samhain 2021