Tá bóithre dola ann ar fud an domhain agus tá siad in Éirinn ón na blianta 1980. De ghnáth leagann na bóithre dola in Éirinn dola (tobhach nó táille) ar gach feithicil a bhíonn ag úsáid na mbóithre seo. In Éirinn tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (ÚBN) freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais dola. Ina theannta sin, tá an tÚdarás freagrach freisin as na bóithre náisiúnta uile in Éirinn a phleanáil, as maoirsiú a dhéanamh ar a dtógáil agus as iad a chothabháil.
Tá an cumas ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta de bhun an Achta Rialtais Áitiúil (Bóithre Dola), 1979, dolaí a ghearradh agus a bhailiú ar fheithiclí as úsáid a dhéanamh de bhóithre áirithe. Sula ngearrtar dola ar aon bhóthar, ní mór fodhlí a rith de réir an Achta.
Is minic anois a mhaoinítear agus a théitear i mbun forbairtí móra bóthair in Éirinn thrí bhíthin na comhpháirtíochta príobháidí poiblí. Is é sin le rá, go dtagann cuid den mhaoiniú le haghaidh bóithre a thógáil agus chothabháil ó fhoinsí poiblí (.i. Rialtas na hÉireann) agus cuid de ó fhoinsí príobháideacha tráchtála. Tá an úsáid a bhaineann an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta as tionscadail chomhpháirtíochta príobháidí poiblí i gcomhréir leis an straitéis atá ann dolaí a ghearradh an oiread agus is féidir ar na bóithre seo d’fhonn cuid ar a laghad den infheistíocht shuntasach a rinne an earnáil príobháidí a chúiteamh.
De réir mhodh oibre an Údaráis um Bóithre Náisiúnta, tá bóithre dola á dtógáil mar bhreis ar an líonra bóithre náisiúnta atá ann anois, seachas mar chaoi leis na bóithre atá ann cheana a fheabhsú.
Gach uair a fhoilsítear scéimh dola do bhóthar, caithfidh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta fógra poiblí a fhoilsiú ag tabhairt le fios do mhuintir na háite go bhfuil an t-athrú seo á mholadh. Ina theannta sin, tá iallach ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta Dréacht-Scéim Dola a chur ar fáil agus tugtar cuireadh ar feadh míosa don phobal an scéim a iniúchadh agus a gcuid tuairimí / aighneachtaí ar an scéim a chur i láthair.
Má tá rud ar bith agat le cur in aghaidh na scéime, caithfidh tú do chuid agóidí a chur faoi bhráid an Údaráis um Bóithre Náisiúnta go soiléir i scríbhinn ar an dáta nó roimh an dáta a luaitear.
Réiteofar an Dréacht-Scéim Dola d’aon bhóthar ar leith agus an Ráiteas Mínithe a théann léi de réir forálacha reachtúla Acht na mBóithre 1993, arna leasú ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.
Déanfaidh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta fógra a sheirbheáil ar na húdaráis áitiúla arb ina limistéir a shuífear an bóthar dola atá beartaithe, ag cur in iúl dóibh go bhfuil Dréacht-Scéim Dola tar éis a réitithe don bhóthar áirithe agus a rá leo gur féidir uiríll scríofa a dhéanamh maidir leis an mbeart chun an Údaráis go ceann tréimhse a shaineofar.
Má fhaightear agóidí in aghaidh na Dréacht-Scéime Dola agus nach dtarraingítear siar iad, eagróidh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta éisteacht ó bhéal sna háiteanna a bhfuil sé beartaithe an bóthar dola a shuíomh d’fhonn iniúchadh a dhéanamh ar na cúrsaí lena mbaineann na hagóidí. Breithneoidh Bord an Údaráis um Bóithre Náisiúnta tuarascáil agus moltaí an duine a ceapadh chun an éisteacht a thionól sula gcinnfear ar an Dréacht-Scéim a ghlacadh nó gan í a ghlacadh.
Féadfaidh an tÚdarás an Dréacht-Scéim a ghlacadh le nó gan athruithe nó féadfaidh sé diúltú di.
Foilseofar cinneadh an Údaráis maidir leis an Dréacht-Scéim Dola.
Tá tuilleadh eolais faoi na socruithe reachtúla maidir le scéim dola a dhéanamh le fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis.
Tá feithiclí áirithe in Éirinn saor ó tháillí dola. Is iad na feithiclí atá i gceist feithiclí le hÓglaigh na hÉireann nó a úsáideann Óglaigh na hÉireann, feithiclí a úsáideann An Garda Síochána (póilíní na hÉireann), feithiclí na briogáide dóiteáin agus otharcharranna.
Tá na feithiclí a cuireadh in oiriúint do thiománaithe faoi mhíchumas seo saor freisin ó tháillí dola. Eisíonn na hoibreoirí bóthair pasanna speisialta a aithníonn na hoibreoirí bóthair eile go léir agus a ligeann d’fheithiclí dá leithéid dul tríd an dola gan íoc. Le pas speisialta a fháil déan iarratas leis an oibreoir bóthair is gaire duit.
Is féidir cáin bhealaigh agus pionóis a fháil trí ghnáthamh coiriúil nó sibhialta.
Gnáthamh coiriúil
Is féidir leat a bheith cúisithe le coir mura íocann tú do cháin bhealaigh nó mura n-éisteann tú le treoir ó dhuine ainmnithe. Is é an pionós a bhaineann le ciontú achomair ná fíneáil nach bhfuil níos mó ná €5,000 nó tréimhse príosúnachta nach bhfuil níos faide ná 6 mhí, nó an dá rud.
Ar an M50, leagann na fodhlithe amach pionóis dóibh siúd nach íocann, a dhiúltaíonn nó a dhéanann dearmad táillí cháin bhealaigh a íoc. Seo a leanas na táillí do ghnáthfheithiclí:
Gnáthamh sibhialta
Tá méid na gcánacha bealaigh agus na bpionós le híoc in-aisghabhála mar fhiach conartha. Tá úinéir cláraithe na feithicle freagrach fiú mura bhfuil tú ag tiomáint na feithicle. D’fhéadfadh sé seo a bheith costasach má tá go leor bealaí.
Is cion é in Éirinn gan dola a íoc ar bhóthar náisiúnta nó faillí a dhéanamh san íoc nó diúltú é a íoc.
Mura n-íocann tú an dola ní fhéadfaidh tú dul feadh an bhóthair.
Tá na rátaí dola do na bóithre dola le fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis um Bóithre Náisiúnta:
Leagann Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath dola ar charranna, thacsaithe, rothair ghluaiste, veaineanna agus ar fheithiclí tráchtála éadroma amháin. Ní íocann feithiclí tráchtála is mó ná 3.5 tonna agus iad luchtaithe aon dola ná busanna a bhfuil níos mó ná 25 shuíochán iontu.
Is féidir le húsáideoirí bóithre atá cláraithe don CBL an CBL ar na dolaí a éileamh ar ais.
Tá dhá bhealach in Éirinn a chuireann ar do chumas dolaí a íoc - le hairgead tirim nó leis an eToll (rDhola).
Cuireann an doláil leictreonach ar chumas na ngluaisteánaithe lánaí dolála leictreonacha a úsáid, agus ar an gcaoi sin am a shábháil agus gan iallach a bheith orthu airgead a bheith acu agus iad ag taisteal feadh bóthair dhola. Úsáideann an doláil leictreonach clib leictreonach a chuirtear ar an bhfeithicil agus a bhraitear gach uair a théann an fheithicil tríd an dola. Cuirtear an dola do dochar chuntas an chustaiméara ansin. Aithníonn an córas dolála leictreonach go huathoibríoch an dola ceart don aicme feithicle atáthar a thiomáint.
Tá roinnt cuideachtaí in Éirinn a chuireann clibeanna leictreonacha ar fáil do ghluaisteánaithe. Úsáideann na soláthraithe seo go léir an córas céanna, agus mar sin ní theastóidh ach an chlib chéanna uait le haghaidh saoráidí dolála uile na hÉireann.
Ó Lúnasa 2008 i leith tá scéim dolála gan bhacainn á hoibriú ar
Dhroichead an Naisc Thiar ar an M50, ar a dtugtar eFlow. Cuireann sé seo ar
chumas na ngluaisteánaithe dul tríd an dola ar luas mótarbhealaigh. Tá trí
bhealach ann leis an dola a íoc, agus gearrfar na táillí de réir an
bhealaigh a úsáideadh. Ní fhéadfaidh tú an dola a íoc le hairgead tirim
ag Droichead an Naisc Thiar, ach ní mór an dola a íoc faoina 8 i.n. an lá
dar gcionn. Gheofar faisnéis eile faoin scéim dola ag www.eflow.ie.
De ghnáth, íoctar na táillí dola ag an mbacainn ar an mbóthar dola.
Féadfaidh tú íoc le hairgead tirim nó ag baint leasa duit as clib eToll.
Maidir le Droichead an Naisc Thiar, mura bhfuil cuntas agat, caithfidh tú íoc ar-líne, nó ag déanamh glao
áitiúil duit ar 1890 501 050, nó trí asraonta Payzone.
Más suim leat clib eToll a fháil, níl le déanamh ach dul i dteagmháil le ceann de na cuideachtaí a chuireann clibeanna dolála leictreonaí ar fáil, a bhfuil liosta díobh sa nasc thuas.
St. Martin's House
Waterloo Road
Dublin
Ireland
Teil:+353 (0)1 6602511
Facs:+353 (0)1 6680009
Láithreán Gréasáin: http://www.nra.ie
R-phost: info@nra.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.