Cartlann Náisiúnta na hÉireann

Réamhrá

Is ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann is féidir le taighdeoirí agus baill den phobal amharc ar bhuncháipéisí agus ar bhuntaifid ó ranna stáit, na cúirteanna, comhlachtaí poiblí anuas ar go leor bailiúcháin phríobháideacha.

Cabhraíonn na cáipéisí a choimeádtar sna Cartlanna le tuiscint a sholáthar ar stair shóisialta, gheilleagrach agus pholaitiúil na hÉireann. Cruthaíodh an Chartlann Náisiúnta i 1988, nuair a rinneadh Oifig na dTaifead Poiblí (a bunaíodh in 1867, a bhí suite roimhe seo ag na Ceithre Chúirt) agus Oifig Pháipéar an Stáit (a bunaíodh i 1702, a bhí suite roimhe seo ag Caisleán Bhaile Átha Cliath) a chumasc in aon institiúid amháin.

Cad a dhéanann an Chartlann Náisiúnta?

Áirítear le feidhmeanna na Cartlainne Náisiúnta an méid seo a leanas:

•Cartlanna a chaomhnú, a athchóiriú, a eagrú agus cur síos a dhéanamh orthu

•Treoracha, liostaí, innéacsanna agus áiseanna eile aimsithe maidir le cartlanna a ullmhú

•Cartlanna a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal

•Cóipeanna de chartlanna a dhéanamh agus a sholáthar

•Seirbhísí oideachais a sholáthar a bhaineann le cartlanna

Rinne dóiteán agus pléascadh a tharla ag tús Chogadh Cathartha na hÉireann i Meitheamh 1922 go leor de na cartlanna a bhí á gcoimeád ag Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn roimh 1922 a scriosadh. Mar gheall air seo, gabhann na cartlanna atá á gcoimeád anois ag an gCartlann Náisiúnta siar go príomha go dtí an 19ú agus 20ú haois, cé go ngabhann roinnt díobh siar chomh fada leis an 13ú haois.

An Chartlann Náisiúnta a úsáid

Féadfaidh tú cuardach a dhéanamh ar thaifid ar líne nó i bpearsan. Coimeádtar na milliúin taifead sa Chartlann Náisiúnta agus ba cheart duit léamh faoi conas a eagraíonn sé a chatalóg ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta sula dtugann tú cuairt air. Is féidir leat treoracha taighde a léamh freisin ina bhfuil eolas ar ábhair thaighde ar leith.

Catalóg ar líne

Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar thaifead trí úsáid a bhaint as catalóg ar líne na Cartlainne Náisiúnta, ach níl na taifid go léir liostaithe ar líne, mar sin, b’fhéidir go mbeidh ort an chatalóg cruachóipeanna a úsáid atá ar fáil i bpearsan ag an seomra léitheoireachta.

I bpearsan

Ní féidir cáipéisí a bhaint ó fhoirgneamh na Cartlainne Náisiúnta, ach is féidir leat iad a iniúchadh sa Seomra Léitheoireachta. Tá an Seomra Léitheoireachta ar oscailt do gach ball den phobal, ach beidh ort iarratas a dhéanamh ar Thicéad Léitheora nuair a thagann tú i láthair.

Is gá am a chur in áirithe roimh ré faoi láthair. Tá ticéid léitheora saor in aisce agus maireann siad ar feadh trí bliana. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Thicéad Léitheora ar do chéad chuairt. Ba cheart duit na rudaí seo a leanas a thabhairt leat:

•Aitheantas grianghraif, cosúil le ceadúnas tiománaí nó pas

•Cruthúnas maidir le do sheoladh, cosúil le bille fóntais

Chun súil a chaitheamh ar na cartlanna, beidh ort ‘Na Rialacha do Léitheoirí’ a léamh a scríobhadh chun timpeallacht oibre chompordach a sholáthar do léitheoirí agus leis na cartlanna a choimeád sábháilte.

Más spéis leat cartlann atá á coimeád i stóráil amuigh ón suíomh, ba cheart duit é a ordú roimh ré. Beidh ort an cód tagartha ceart a bheith ar eolas agat agus an t-ordú a dhéanamh ar a laghad 3 lá roimh do chuairt. Ní féidir leat cartlanna a réamhordú a choimeádtar ar an láthair.

Cóipeanna de chartlanna a fháil

Tá cóipeanna de chartlanna ar fáil ag an gCartlann Náisiúnta. Tá iad seo i bhfoirm fótachóipeanna, cóipeanna ó mhicreafoirmeacha (íomhánna ar scála beag den bhuncháipéis) nó cóipeanna ó íomhánna digiteacha.

Ní féidir leat cóipeanna a dhéanamh de na cartlanna tú féin, ach má iarrann tú ar chead ón gCartlannaí ar dualgas, b’fhéidir go mbeidh tú in ann grianghraif dhigiteacha a ghlacadh díobh do d’úsáid phearsanta. Is féidir leat cóipeanna a ordú sa Seomra Léitheoireachta ar ríomhphost nó tríd an bpost. Is féidir leat iad a bhailiú nó a iarraidh go seolfar sa phost iad chuig do sheoladh. Cuireann an Chartlann Náisiúnta achoimre ar na táillí a ghearrtar ar chóipeanna ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Bailiúcháin chartlainne eile

Ní stóráiltear cartlanna na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann ag an gCartlann Náisiúnta ar Shráid an Easpaig, ach ag an gCartlann Mhíleata i nDún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6. Mar an gcéanna leis sin, stóráiltear cartlanna Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann ag Foirgneamh na Suirbhéireachta Geolaíochta, Tor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath 4. Le hamharc ar na cartlanna seo, moltar duit scríobh nó glaoch gutháin a chur roimh ré.

Taighde a dhéanamh ar do chraobh ghinealaigh

Is féidir teacht ar go leor taifead a bhaineann le stair theaghlaigh na hÉireann laistigh den Chartlann Náisiúnta. Rinne an chartlann go leor taifid ábhartha a dhigitiú atá ar fáil gan srian ar a láithreán gréasáin ginealais. Cuireann siad seirbhís chomhairleach ginealais ar fáil freisin atá ar fáil ar ríomhphost faoi láthair. Más mian leat taighdeoir gairmiúil a fhostú chun do ghinealas a fhiosrú duit, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ginealeolaí creidiúnaithe.

Ní choimeádtar taifid a bhaineann le breitheanna, póstaí agus básanna ag an gCartlann Náisiúnta. Chun iad seo a fháil, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ard-Chláraitheora – féach ‘Eolas breise agus Teagmhálaithe’ thíos.

Eolas Breise agus Teagmhálaithe

Chun teacht ar shonraí faoi cháipéisí a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, déan teagmháil le:

An Chartlann Náisiúnta

Sráid an Easpaig
Dublin 8
Ireland

Teil: +353 (0)1 4072300
Lóghlao: 1890 252424
Facs: +353 (0)1 4072333
Láithreán Gréasáin: http://www.nationalarchives.ie

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
F42 VX53
Ireland

Teil: +353 90 663 2900
Facs: +353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.gov.ie/gro

An Chartlann Mhíleata

Beairic Chathail Bhrugha
Ráth Maonais
Baile Átha Cliath 6
D06 RX00
Éire

Teil: +353 (0)1 804 6457
Láithreán Gréasáin: https://www.militaryarchives.ie/home

Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

Tor an Bhacaigh
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
D04 K7X4
Éire

Teil: +353 1 678 2000
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meán Fómhair 2021