Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta

Réamhrá

Tá raon d'íocaíochtaí ann a dhéanann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RCS) agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine aosta. Mura bhfuil tú cinnte an mbeifeá incháilithe íocaíocht a fháil, cuir iarratas isteach ar aon nós.

Tá roinnt íocaíochtaí árachais shóisialta agus tástála acmhainne ar fáil do dhaoine aosta. Go ginearálta tá íocaíochtaí déanta suas d’íocaíocht phearsanta duit féin agus méideanna breise do do chéile cleithiúnach/páirtnéir sibhialta/comhchónatheoir agus leanaí cleithiúnacha ar bith. Is comhchónatheoir duine a chónaíonn i gcaidreamh caidreamhach agus domhain le duine den ghnéas céanna nó den ghnéas eile nach céile, páirtnéir sibhialta, nó muintir an duine sin é/í.

Íocaíochtaí árachais shóisialta

Teastaíonn ranníocaíochtaí ÁSPC imleora le bheith incháilithe na híocaíochtaí a fháil. Cuir iarratas isteach don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Pinsean Stáit (Ranníocach)

Tá sé seo iníoctha do dhaoine 66 bliana d’aois nó níos sine. Is féidir leat ioncam a bheith agat ó aon fhoinse eile nuair a fhaigheann tú an pinsean seo, ach is féidir cáin a ghearradh ar an ioncam agus ar an bpinsean araon. Tá roinnt Pinsin Stáit (Ranníocach) Pro-Rata a íoctar ag ráta níos ísle.

Tugadh isteach iad seo chun déileáil le fadhbanna agus aimhrialtachtaí a tharla mar gheall ar dhaoine a bheith ag íoc cineálacha éagsúla ranníocaíochtaí árachais shóisialta nó gan a bheith ag íoc ranníocaíochtaí ar chúiseanna éagsúla. De réir an Chreata Náisiúnta Pinsean tá roinnt athruithe ar na coinníollacha cáilitheacha don Phinsean Stáit (Ranníocach) beartaithe. Ní théann na hathruithe seo i bhfeidhm ar an bPinsean Stáit (Neamhranníocach).

Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)

Féadfaidh tú a bheith incháilithe Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil, más baintreach nó bainteach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach tú, mura bpós tú arís nó mura bhfuil tú i bpáirtnéireacht shibhialta nua, agus mura bhfuil tú ag maireachtáil le duine eile. Is féidir leat aistriú go dtí an Pinsean Stáit (idirthréimhseach) ag 65 bliana d’aois nó go dtí an Pinsean Stáit (Ranníocach) ag 66 bliana d’aois.

Íocaíochtaí de réir tástála acmhainne

Cuirtear aon acmhainní a d’fheadfadh a bheith agat san áireamh, amhail ioncam seachtainiúil nó coigilteas, maidir leis na híocaíochtaí seo ach ní do bhaile féin. Caithfidh tú an coinníoll maidir le gnáthchónaí a chomhlíonadh freisin; go ginearálta, ba chóir duit a bheith i do chónaí go dlíthiúil sa tír ar feadh dhá bhliain sula gcuireann tú iarratas isteach ar íocaíocht. Cuir iarratas isteach don Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Pinsean Stáit (Neamhranníocach) - ar a dtugadh an Pinsean Seanaoise (Neamhranníocach) roimhe seo

Seo íocaíocht do dhaoine 66 bliana d’aois nó níos sine nach bhfuil incháilithe Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil.

Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)

Más baintreach, baintreach fir, nó páirtnéir sibhialta thú nach bhfuil i dteideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil, nár phós arís nó nach bhfuil i bpáirtnéireacht shibhialta, nach bhfuil páistí cleithiúnacha agat agus nach bhfuil ag maireachtáil le duine eile, féadfaidh tú a bheith incháilithe Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) a fháil. Ag 66 bliana d'aois aistríonn tú go dtí an Pinsean Stáit (Neamhranníocach).

Pinsin phríobháideacha

Pinsin cheirde agus phearsanta

Eagraíonn fostóirí pinsin cheirde chun pinsin a sholáthar d’fhostaithe a imíonn ar scor nó do chleithiúnaithe a mhaireann tar éis bhás an fhostaí. Eagraíonn daoine féinfhostaithe nó fostaithe nach bhfuil scéim pinsin cheirde acu pinsin phearsanta nó Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSP) ina n-aonar.

Caithfidh tú déileáil go díreach leis an soláthraí pinsin le fáil amach go díreach faoi na sochair a sholáthraíonn an pinsean duit. Is é an Bord Pinsean an comhlacht rialála maidir le pinsin cheirde agus CCSP. Má tá gearán agat, tabharfaidh an Bord comhairle duit maidir le do chearta. Déanann Ombudsman na bPinsean iniúchadh agus cinneadh ar ghearáin a bhaineann le pinsin cheirde agus CCSP. Go ginearálta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ioncam agat ó fhoinsí eile, mar shampla, ó obair, má fhaigheann tú pinsean. Tá srianta áirithe ar dhaoine a fhaigheann pinsean agus ioncaim ó fhostaíocht araon ón earnáil phoiblí - ba chóir duit seiceáil leis an soláthraí pinsin.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile

Cuir iarratas isteach ar an Roinn Sóisialaí maidir leis na híocaíochtaí seo.

Liúntas Cónaithe Aonair

Is íocaíocht fhorlíontach é an Liúntas Cónaithe Aonair do dhaoine ar phinsin leasa shóisialaigh atá ag maireachtáil ina n-aonar. Tá sí ar fáil freisin do dhaoine faoi bhun 66 bliana d’aois a fhaigheann íocaíochtaí áirithe eile ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Méadú ag 80 bliana d’aois

Má fhaigheann tú pinsean leasa shóisialaigh, faigheann tú méadú ar do phinsean go huathoibríoch nuair a bhaineann tú 80 bliana d’aois amach.

Méadú maidir le maireachtáil ar Oileán Sainithe

Seo méadú ar íocaíocht sheachtainiúil íocaíochtaí áirithe ón RCS, nó a coibhéis AE, do dhaoine atá 66 bliana d’aois nó níos sine atá ag maireachtáil ar oileán sainithe amach ó chósta na hÉireann. Is é cuspóir na scéime ná cúiteamh a dhéanamh as na costais bhreise a bhaineann le maireachtáil ar na hoileáin seo curtha i gcomparáid le maireachtáil ar an mórthír.

Pacáiste Sochair Teaghlaigh

Cuimsíonn an Pacáiste Sochair Teaghlaigh an Liúntas um Leictreachas /Ghás Nádúrtha In Aisce agus Cheadúnas Teilifíse In Aisce. Má tá tú 70 bliana d’aois nó níos sine, tá tú incháilithe gan aird ar d’ioncam nó ar cibé duine atá ina chónaí leat. Féadfar go mbeidh an scéim ar fáil do dhaoine atá 66 bliana d’aois nó níos sine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe nó a bhfuil a n-ioncam faoi theorainneacha áirithe. Cuir iarratas isteach don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Saorthaisteal

Má tá tú níos sine ná 66 bliana d’aois nó má fhaigheann tú íocaíocht cúramóra nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile, is féidir leat Pas Saorthaistil a fháil, a thugann an ceart duit taisteal saor in aisce am ar bith ar sheirbhísí bus, bóthair, iarnróid agus DART a oibríonn Bus Átha Cliath, Bus Éireann, Iarnród Éireann, ar sheirbhísí LUAS, ar sheirbhís farantóireachta na nOileán Árainn agus ar sheirbhísí príobháideacha áirithe a roghnaigh páirt a ghlacadh sa scéim.

Is féidir leat do Phas Saorthaistil a úsáid ar cheann ar bith de na 34 scéim faoin Tionscnamh Iompair Tuaithe. Tá daoine atá i dteideal saorthaistil i dteideal freisin go dtaistileoidh a gcéile/bpáirtí leo saor in aisce nó féadfar go mbeidh siad i dteideal Pas Compánaí a fháil ar fhorais mhíochaine. Ón 7 Aibreán 2007 leathnaíodh an Scéim Saorthaistil chun seirbhísí iompair phoiblí i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann a chuimsiú do shinsearaigh a chónaíonn i gceachtar den dá dhlínse.

An Scéim Breosla Náisiúnta

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í an Scéim Breosla Náisiúnta le cuidiú le daoine nach bhfuil d’acmhainn acu íoc as a gcostais téimh féin. Féadfar go mbeidh tú incháilithe má fhaigheann tú íocaíochtaí áirithe ón Roinn Sóisialaí nó a coibhéis AE.

Cúramóirí

Má sholáthraíonn tú cúram lánaimseartha do dhuine atá breoite nó éagumasaithe, féadfar go mbeidh tú incháilithe íocaíocht cúramóra a fháil. Tá níos mó eolais ar fáil inar ndoiciméad maidir le íocaíochtaí do chúramóirí.

Tithíocht

Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta

Is deontas údaráis áitiúil é an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Aosta a úsáidtear chun tithe a fheabhsú atá faoi na caighdeáin bhunúsacha. Tá sé dírithe ar dhaoine aosta go príomha a chónaíonn i gceantair tuaithe. Bíonn sé mar aidhm ag an údarás áitiúil cuidiú leis an duine fanacht ina b(h)aile seachas bogadh go tithíocht an údaráis áitiúil tríd an deontas a íoc. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas

Má theastaíonn uait do bhaile a oiriúnú le cur ar do chumas fanacht ann, féadfar go mbeidh tú incháilithe an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

An Scéim um Bailte níos Teo

Faoin scéim seo soláthraíonn eagraíochtaí pobalbhunaithe seirbhísí amhail insliú áiléir agus díonadh ar shéideáin do theaghlaigh ar ioncaim ísle i gcuid mhaith den tír. Is féidir le critéir incháilithe na scéime a bheith difriúil i gceantair éagsúla agus uaireanta bíonn táille bheag ann. Seiceáil le d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil le sonraí a fháil faoi sholáthraithe áitiúla.

Táillí Dramhaíola agus Uisce

I gceantair údarás áitiúil áirithe, is féidir le teaghlaigh ar ioncaim ísle leas a bhaint as tarscaoileadh (is é sin, laghdú nó díolúine iomlán) maidir le táillí dramhaíola agus uisce a ghearrann oibreoirí príobháideacha agus údaráis áitiúla. Athraíonn na tarscaoiltí seo ó réigiún go réigiún agus i gceantair áirithe ní bhíonn siad ar fáil ar chor ar bith. Le fáil amach cé acu an n-oibríonn d’údarás áitiúil scéim tarscaoilte, ba chóir duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leo.

Ag obair tar éis dul ar scor

Má fhaigheann tú íocaíocht de réir tástála acmhainne, bíonn tionchar ag obair nó féinfhostaíocht ar mhéid na híocaíochta sin. Ba chóir duit seiceáil a dhéanamh leis an Roinn Sóisialaí sula dtéann tú i mbun oibre le fáil amach faoin tionchar a bheidh ann. Is féidir leat suas le €200 a thuilleamh ó fhostaíocht inárachais gan tionchar a bheith aige ar mhéid do Phinsean Stáit (Neamhranníocach).

Féach ag dul ar scor ón obair le tuilleadh eolais faoi bheith ag obair ar scor, cháin ioncaim srl.

Tá tuilleadh Eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ó d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil agus ón Seirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar 0818 07 4000.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Deireadh Fómhair 2020