Aicmí árachais shóisialta

Réamhrá

Íocann daoine atá i bhfostaíocht in Éirinn ranníocaíochtaí go dtí Ciste Árachais Shóisialaigh na hÉireann. Braitheann an ranníocaíocht a íocann tú ar do chuid tuillimh agus gairm bheatha agus mar sin glaoitear Árachas Sóisialta Pá Choibhneasa (ÁSPC) ar an ranníocaíocht. Tá roinnt daoine a bhfuil ioncam neamhthuillte acu faoi dhliteanas íoc as ÁSPC chomh maith. Tá 11 aicme éagsúla ÁSPC ann faoi láthair. Is iad A, B, C, D, E, H, J, K, M, S agus P - féach 'Breis faisnéise' thíos. Braitheann na híocaíochtaí árachais shóisialaigh a mb’fhéidir go mbeidh tú i dteideal a fháil ar an aicme ÁSPC ina bhfuil tú.

Déantar gach aicme ÁSPC, ar a uain, a roinnt ina fho-aicmí éagsúla. Ní dhéanann na fo-aicmí seo difear do do chuid teidlíochtaí faoin gcóras árachais shóisialaigh. Ní bhaineann siad ach leis an méid ÁSPC nach mór duit nó d’fhostóir a íoc.

Ríomhtar ÁSPC ar do phá inríofa. Is ionann pá inríofa agus an t-ollphá airgid móide pá barúlach (nó sochar comhchineáil), más infheidhme. Níl aon fhaoiseamh ÁSPC ann d’fhostóirí ar ranníocaíochtaí pinsin a íocann fostaithe. Tá roinnt faoiseamh ÁSPC ar fáil ar ranníocaíochtaí pinsin a d’íoc fostóirí.

Tá réimse leathan íocaíochtaí ar fáil do dhaoine a d’íoc árachas sóisialach. Mura ranníocóir Aicme A thú, níl tú i dteideal an réimse iomlán íocaíochtaí árachais shóisialaigh a fháil. Is amhlaidh atá seo mar gheall go bhfuil níos lú a íoc agat i dtreo árachas sóisialach ná ranníocóir Aicme A. I gcásanna áirithe, má thagann d’ioncam faoi chuimsiú méid áirithe, ní gá duit ranníocaíocht árachais shóisialaigh a íoc, ach beidh tú fós cumhdaithe ag árachas sóisialach, áfach, mar gheall nach mór do d’fhostóir árachas sóisialach a íoc duit. Tá níos mó faisnéise ar fáil inár gcáipéis Árachas sóisialach a íoc.

Seachtain ranníocaíochta ÁSPC

B’fhéidir nach ionann do sheachtain oibre agus an tseachtain ranníocaíochtaí ÁSPC. Tosaíonn seachtain ranníocaíochtaí ÁSPC an 1 Eanáir gach bliain. Is é seachtain a haon an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 7 Eanáir, gabhann seachtain a dó ón 8 Eanáir go dtí an 14 Eanáir agus mar sin de. Don bhliain 2023, thosaigh sé ar Domhnach agus chríochnaigh sé ar an Dé Sathairn. Is féidir leis an tseachtain ranníocaíochtaí difear a dhéanamh do chumhdach árachais shóisialaigh oibrithe páirtaimseartha agus daoine a roinneann post.

Rialacha

Aicmí ÁSPC agus daoine faoi árachas i ngach Aicme

Bhaineann sé le daoine i bhfostaíocht thionsclaíoch, thráchtála nó seirbhíse atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse le pá ináirithe de €38 nó níos mó ó fhostaíocht in aghaidh na seachtaine. Cuimsíonn siad seo státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí a earcaíodh ó 6 Aibreán 1995. Íocann an chuid is mó d'fhostaithe in Éirinn ÁSPC Aicme A.

Ní bhaineann Aicme A le daoine atá i bhfostaíocht inárachais agus os cionn 66 bliana d'aois. Tá siad seo inárachais faoi Aicme J.

Is féidir leat sonraí faoi aicmí árachais shóisialta a fháil agus na gairmeacha atá clúdaithe ag gach aicme i 'Tuilleadh eolais' thíos.

Rataí

Braithfidh méid an ÁSPC a íocann tú féin agus d’fhostóir ar do thuillimh agus ar an aicme faoina bhfuil tú árachaithe.

Aicme A creidmheas barrchaolaithe

Tá creidmheas barrchaolaithe seachtainiúil €12 ar fáil d'fhostaithe ar aicme A agus a thuilleann idir €352.01 agus €424 in aghaidh na seachtaine. Baineann an t-uaschreidmheas ÁSPC €12 in aghaidh na seachtaine le holltuilleamh €352.01. Íocann duine a thuilleann €352.01 €14.08 ÁSPC (4%). I ndiaidh don chreidmheas €12 a bhaint íocfaidh sé/sí €2.08 ÁSPC. I gcás duine a thuilleann idir €352.01 agus €424, laghdaítear an creidmheas €12 faoin séú cuid den tuilleamh os cionn €352.01. Níl aon chreidmheas ÁSPC nuair a sháraítear tuilleamh €424.

Baineann an ráta íseal Aicme A d'ÁSPC fostóra le tuilleamh seachtainiúil suas go €376. Méadaíodh an tairseach ó €356 go €376 in Eanáir 2016.

Aisíocaíochtaí árachais shóisialta (ÁSPC)

Má asbhaintear an ráta mícheart ÁSPC ó do chuid pá, tá tú i dteideal aisíocaíochta. Tá roinnt cúiseanna go bhféadfá a bheith ag íoc an ráta mícheart ÁSPC. Mar shampla, b'fhéidir nach bhfuil d'fhostóir ar an airdeall go bhfuil cárta leighis agat agus nár chóir dó/di a bheith ag íoc Ranníocaíochta Sláinte.

Chun aisíocaíocht a fháil, ba chóir duit féin nó d'fhostóir teagmháil a dhéanamh le Rannóg na dTaifead sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí - Féach ‘Cá hait le iarratas a dhéanamh’ thíos. Seolfar foirm iarratais aisíocaíochta chugat le líonadh amach. Má tá an iomarca ÁSPC íoctha agat gheobhaidh tú aisíocaíocht agus ceartóidh an Roinn do thaifead árachais shóisialta.

Conas iarratas a dhéanamh

Más fostaí tú, bainfidh d'fhostóir do ranníocaíocht árachais shóisialta roimh duit do chuid pá a fháil. Cuireann d'fhostóir do ranníocaíocht agus ranníocaíocht ÁSPC an fhostóra faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim. Íocfaidh d'fhostóir árachas sóisialta ar do shon chomh maith. Léigh anseo chun breis eolais a fháil faoi dhualgas an fhostóra agat féin ÁSPC a íoc

Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú árachas sóisialta in Aicme S. Sa chás seo, íocann tú do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Más oibrí ÍMAT thú agus má tá ioncam neamhthuillte os cionn €5,000 agat, duine inmhuirir thú agus ní mór duit ÁSPC ar 4% a íoc faoi chóras féinmheasúnaithe na gCoimisinéirí Ioncaim (Íoc agus Comhdaigh). Íocann na Coimisinéirí Ioncaim an t-airgead isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. Seoltar taifead ar na ranníocaíochtaí a d’íoc tú ansin chuig an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Cá hait le iarratas a dhéanamh

Má tá fadhb ag déanamh cinnidh maidir le cén aicme d'árachas sóisialta gur chóir duit a íoc déan teagmháil leis:

Rannóg Scóip

Roinn Coimirce Sóisialaí

Teach Gandon
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
Éire
D01 A361

Teil: (01) 673 2585

Tá eolas maidir le do thaifead árachais shóisialta in Éirinn ar fáil ó:

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

Má tá an iomarca ranníocaíochtaí ÁSPC déanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar:

An Rannóg Aisíocaíochtaí ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Teach Gandon
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
Éire
D01 A361

Teil: (01) 673 2586

Tuilleadh eolais

Tá 11 Aicme Árachais Shóisialta difriúla in Éirinn. Seo a leanas iad:

Baineann Aicme A le daoine sna hearnálacha tionsclaíochta, tráchtála agus seirbhíse ata fostaithe faoi chonradh seirbhíse le pá inríofa de €38 nó níos mó in aghaidh na seachtaine ag baint leis an bhfostaíocht. Áirítear leo sin státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí freisin a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995. Íocann tromlach na bhfostaithe in Éirinn ÁSPC Aicme A.

Baineann Aicme J le daoine atá ag tuilleamh níos lú ná €38 in aghaidh na seachtaine. Mar sin féin, bíonn daoine os cionn 66 bliana d’aois nó daoine i bhfofhostaíocht i gcónaí inárachais ag Aicme J, is cuma cé mhéid a thuilleann siad. Fofhostaíocht in Aicme J is ea daoine, mar shampla, atá inárachais in Aicme B, C, D nó H ina bpríomhfhostaíocht. Clúdaíonn Aicme árachais shóisialta J Sochar Díobhálacha Ceirde amháin.

Baineann Aicme E le ministrí creidimh atá fostaithe ag Comhlacht Ionadaíoch Eaglais na hÉireann. Clúdaíonn an Aicme na híocaíochtaí árachais shóisialta uile seachas Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus Sochar Díobhálacha Ceirde.

Baineann Aicme B le státseirbhísigh agus Gardaí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995, agus dochtúirí agus fiaclóirí cláraithe atá fostaithe sa Státseirbhís. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta d’íocaíochtaí árachais shóisialta.

Baineann Aicme C le hOifigigh Choimisiúnaithe an Airm agus baill de sheirbhís Altranais an Airm a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta de shochair árachais shóisialta.

Baineann Aicme D le fostaithe buana agus inphinsin sa tseirbhís phoiblí seachas iad sin atá luaite in Aicmí B agus C a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta d’íocaíochtaí árachais shóisialta.

Baineann Aicme H le ONC agus pearsanra liostáilte Óglaigh na hÉireann. Clúdaíonn an aicme na híocaíochtaí árachais shóisialta uile seachas Sochar Díobhálacha Ceirde.

Baineann Aicme K le daoine ar ioncam nach raibh faoi réir ranníocaíochtaí árachais shóísialta ach ar a ndlitear an Ranníocaíocht Sláinte (cosúil le sealbhóirí na bpinsean gairme, sealbhóirí oifige áirithe (breithimh agus aturnaetha Stáit) agus daoine os cionn 66 bliana d’aois a bhí ar Aicme S roimhe sin). Maidir le 2012, íocfaidh sealbhóirí oifige poiblí ÁSPC ag ráta 4% ar an ioncam uile, más rud é go bhfuil a n-ioncam os cionn €5,200 sa bhliain. Sealbhóirí oifige poiblí a mbeadh €100 nó ní ba lú d'ioncam seachtainiúil acu, ba chóir iad a thuairisciú ar Aicme M. Ní bhaineann aon íocaíochtaí árachais shóisialta le daoine atá faoi árachas in Aicme K.

Baineann Aicme M le fostaithe gan dliteanas ar bith chun ranníocaíocht a dhéanamh le hárachas sóisialta cosúil le fostaithe atá faoi bhun 16 bliana d’aois agus daoine le hioncam €500 nó níos lú agus atá faoi árachas in Aicme K.

Clúdaíonn Aicme M ranníocóirí áirithe le Sochar Díobhálacha Ceirde.

Baineann Aicme S le daoine féinfhostaithe lena n-áirítear stiúrthóirí cuideachtaí áirithe, daoine atá i mbun gnó go neamhspleách agus daoine a bhfuil ioncam acu ó infheistíochtaí agus cíosanna. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta d’íocaíochtaí árachais shóisialta.

Baineann Aicme P le scair-iascairí a rangaítear mar dhaoine féinfhostaithe agus a íocann ÁSPC faoi Aicme S cheana féin. Is iad na híocaíochtaí a leanas atá i gceist: Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta teoranta, Sochar Breoiteachta teoranta agus Sochar Cóireála.

Má bhíonn fadhb ann ag déanamh amach cén aicme árachais shóisialta lena déanfar íocaíocht, féadfaidh Rannóg Scóip na Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí cinneadh a dhéanamh ar an gceist tar éis do chás fostaíochta a scrúdú.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Má bhíonn fadhb agat ag déanamh amach cén aicme árachais shóisialta lena mbaineann tú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg seo a leanas:

Rannóg Scóip

Roinn Coimirce Sóisialaí

Teach Gandon
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
Éire
D01 A361

Teil: (01) 673 2585
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2023