Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Seanóirí agus Daoine Scortha > Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid

Print Page Send to a Friend

Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid

Eolas

Bronnann Uachtarán na hÉireann gradam náisiúnta ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn nuair a shroicheann siad 100 bliain d’aois.

Déanann ball den chléir áitiúil nó cara leis an bhfaighteoir an bronnadh thar cheann an Uachtaráin de ghnáth. Bíonn litir chomhghairdis atá sínithe ag an Uachtarán ag dul leis an ngradam. Is féidir leis an bhfaighteoir a iarraidh go seolfaí litir agus deontas an Uachtaráin díreach chuige nó chuici gan searmanas bronnta.

Ón gcéad lá d’Eanáir 2000 tá aitheantas ar leith ón Uachtarán tugtha do gach duine atá ós cionn 100 bliain d’aois ar a gcuid laethanta breithe. Ar a 101ú breithlá agus ar gach breithlá ina dhiaidh sin faigheann an duine sin bonn cuimhneacháin speisialta maraon le litir chomhghairdis sínithe ag an Uachtarán. Bíonn dearadh nua faoi leith ar an mbonn gach bliain.

Rialacha

Íoctar Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid le gach náisiúnach agus náisiúnach coigríche a bhfuil cónaí orthu in Éirinn nuair a shlánaíonn siad 100 bliain d'aois. Ó Mhárta 2006 i leith, tá na critéir incháilitheachta leathnaithe sa mhéid go bhfuil saoránaigh Éireannacha a rugadh ar oileán na hÉireann agus a bhfuil 100 bliain d'aois slánaithe acu, is cuma cá bhfuil cónaí orthu, incháilithe anois le cur isteach ar an Deontas.

Rataí

Faightear €2,540 agus litir chomhghairdis ón Uachtarán nuair a shroichtear 100 bliain d'aois. Faightear bonn cuimhneacháin agus litir chomhghairdis ón Uachtarán ar an 101ú breithlá agus ar gach breithlá ina dhiaidh.

Conas iarratas a dhéánamh

Daoine atá ag cónaí in Éirinn agus atá ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh na hÉireann

Seolann an Roinn faisnéis faoi dhaoine atá ar tí 100 bliain d'aois a shroicheadh agus atá ag fáil pinsin na Roinn Coimirce Sóisialaí, sa ghnáthchúrsa chuig oifig an Uachtaráin roimh a mbreithlá. Déanann oifig an Uachtaráin an gradam a bhronnadh ar an duine ansin.

Daoine atá ag cónaí in Éirinn ach nach bhfuil ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh na hÉireann

Ba chóir faisnéis faoi dhaoine (náisiúnaigh na hÉireann agus náisiúnaigh choigríche) atá cónaitheach in Éirinn nach bhfuil ag fáil pinsin leasa shóisialaigh a sheoladh ar aghaidh chuig Áras an Uachtaráin (áit chónaithe an Uachtaráin). Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Déanfar an fhaisnéis a sheoladh ar aghaidh chuig Rannóg na bPinsean sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Socróidh an Roinn go ndéanfaidh Cigire Leasa Shóisialaigh an fhaisnéis seo a dheimhniú, agus d'fhéadfadh cuairt ón gCigire a bheith i gceist anseo. Nuair atá sé deimhnithe go bhfuil an duine incháilithe don deontas, déantar an gradam a bhronnadh.

Daoine nach bhfuil ag cónaí in Éirinn

Ba chóir faisnéis faoi shaoránaigh na hÉireann a rugadh ar oileán na hÉireann agus atá cónaitheach lasmuigh den Stát, a sheoladh ar foirm iarratais do Dheontas do Dhaoine in Aois a gCéid chuig an misean taidhleoireachta Éireannach is gaire dóibh nó chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Nuair atá sé deimhnithe go bhfuil an duine incháilithe don deontas, bronntar an gradam ar an saoránach.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oineach an Chéid

Áras an Uachtaráin
Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:(01) 617 1000
Facs:(01) 617 1001
Láithreán Gréasáin: http://www.president.ie/

Má tá tú i do chónaí thar lear téigh i dteagmháil leis an misean taidhleoireachta Éireannach is gaire duit nó an Rannóg Chonsalachta (Scéim Dheontas do Dhaoine in Aois a gCéid) sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rannóg Consalachta
69-71 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 478 0822
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=301

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 August 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
    Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bhfuil freagracht iomlán uirthi as an gcaidreamh le tíortha eile a stiúradh. Faigh amach feidhmeanna na Roinne Stáit seo.
  • Saoránacht d'Éirinn ó bhreith nó ó ghinealach
    Ní hé an gnáthchúrsa é gur saoránach Éireannach tú má saolaíodh in oileán na hÉireann tú. D'fhéadfá a bheith i dteideal saoránacht Éireannach dá mb'Éireannaigh iad do thuismitheoir(í) nó do sheantuismitheoirí ach d'fhéadfá an bhreith a chlárú. Faigh amach tuilleadh.
  • Ag pósadh thar lear
    Eolas do shaoránach/shaoránaigh Éireannacha maidir le conas a chinntiú go bhfuil do phósadh thar lear bailí de réir an dlí in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.