Ag obair in Éirinn i ndiaidh cónaí thar lear

Intreoir

Tá éileamh ar fhostaithe in a lán earnálacha, rud a fhágann gur am maith é chun filleadh ar Éirinn agus post a fháil. Is féidir leat féachaint ar na staitisticí fostaíochta, lena n-áirítear na hearnálacha a raibh ganntanas iontu in 2018 sa ghrafaic faisnéise seo ón gComhairle Scileanna Náisiúnta agus SOLAS (pdf).

Má bhí tú i do chónaí thar lear ar feadh i bhfad, nó nár oibrigh tú riamh in Éirinn, beidh ort tú féin a chur ar an eolas arís faoi bheith ag obair in Éirinn. Tá athruithe tagtha ar réimsí cosúil le cearta fostaíochta, áit a bhfógraítear poist agus cad iad na roghanna cúraim leanaí atá ar fáil. Leagann an doiciméad seo béim ar na príomhathruithe agus treoraíonn sé faisnéis úsáideach eile duit.

Má tá tú ag teacht abhaile le baill teaghlaigh neamh-LEE, agus más mian leat a bheith ag obair in Éirinn, ní mór dóibh cead oibre a fháil.

Ag aimsiú agus ag fáil poist

Is maith an smaoineamh é do chuardach poist a thosú sula dtagann tú abhaile. Tá roinnt fostóirí sásta iarrthóirí a fhostú go díreach ó thar lear, mar sin d'fhéadfá post a fháil sula dtagann tú abhaile. Beidh ort doiciméid a ullmhú, tagairtí a eagrú agus taighde a dhéanamh ar phá agus coinníollacha in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi phost a fháil Éirinn tar éis duit cónaí thar lear.

Ag tosú ag obair agus ag fáil íocaíochta

Nuair a fhaigheann tú post, ba chóir duit céimeanna a ghlacadh chun a chinntiú go n-íoctar tú in am agus go seachnófar cáin éigeandála a chur i bhfeidhm ar do phá.

Ní mór do d'fhostóir conradh fostaíochta a thabhairt duit laistigh de 5 lá ó thús a chur le do phost nua. Ba chóir go luafadh sé seo go soiléir an ráta nó an modh chun pá a ríomh, cá mhéad uair an chloig a bhfuiltear ag súil go n-oibreoidh tú i ngnáth seachtain oibre agus cá fhad a bheidh an conradh fostaíochta.

Cáin a íoc ar d'ioncam

Mar fhostaí in Éirinn, íocann tú cáin agus muirir ar do thuilleamh tríd an gcóras ÍMAT (Íoc Mar a Thuillir). Is iondúil go n-íocann tú cáin ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ar d'ioncam fostaíochta.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gcáin a íocann tú mar fhostaí in Éirinn.

Do chearta fostaíochta a thuiscint

Rinneadh go leor athruithe le déanaí ar reachtaíocht fostaíochta in Éirinn. Má bhí sé i bhfad ó d'oibrigh tú in Éirinn (nó nár oibrigh tú anseo riamh), is smaoineamh maith é tú féin a nuashonrú agus a chinntiú go dtuigeann tú reachtaíocht a bhaineann leat. Is féidir leat liosta cothrom le dáta de chearta agus de theidlíochtaí fostaíochta a fheiceáil.

A bheith eolach ar na roghanna cúraim leanaí atá ar fáil

Má tá leanaí agat, agus má tá duine de dhíth ort chun aire a thabhairt dóibh agus tú ag obair, ní mór duit do roghanna cúram leanaí a fhiosrú.

Deacrachtaí maidir le hobair a fháil

Mura bhfaigheann tú post sula dtagann tú abhaile, is féidir leat rochtain a fháil ar thacaíochtaí fostaíochta Stáit nuair a thagann tú abhaile go hÉirinn.

Tá tacaíochtaí leasa shóisialaigh ann freisin do chuardaitheoirí poist lena n-áirítear:

Íocaíocht de réir tástála acmhainne is ea an Liúntas do Lucht Cuardaigh Poist a thugtar do dhaoine dífhostaithe atá ag lorg oibre. Léigh tuilleadh faoi Liúntas Cuardaitheora Poist.

Is íocaíocht é Sochar Cuardaitheora Poist a thugtar do dhaoine dífhostaithe atá ag lorg oibre agus a bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha acu. Ní dhéantar tástáil acmhainne air. Má tá tú ag cur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist agus má tá na ranníocaíochtaí íoctha agat i mballstát eile de chuid an AE / LEE chun cabhrú leat cáiliú, caithfidh go raibh do ranníocaíocht dheireanach in Éirinn. Léigh tuilleadh faoi Shochar Cuardaitheora Poist.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Lúnasa 2019