Post a aimsiú

Réamhrá

Má tá post á chuardach agat, tá go leor bealaí ann chun eolas agus tacaíochtaí a fháil chun cabhrú le do chuardach.

Chun go mbeidh an rath ort agus tú ag dul sa tóir ar phost, ba cheart duit coimeád sna sála ar na foinsí is déanaí d’eolas ar fholúntais.

Is féidir leat súil a chaitheamh, chomh maith, ar roghanna eile, mar shampla, féinfhostaíocht, filleadh ar oideachas nó oibriú go deonach chun taithí oibre a fháil. Nó, má tá tú ag teacht go hÉirinn chun oibriú, is féidir leat teacht ar eolas breise ar ár leathanach, Post a fháil in Éirinn.

An áit a dtiocfar ar eolas arphoist

Ba cheart duit na foinsí go léir a liostaítear anseo a sheiceáil go rialta chun teacht ar aon fholúntais nua.

D’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh

Is féidir bualadh isteach nó glaoch ar d’Ionad Intreo áitiúil chun eolas a fháil ar fholúntais phoist. Cuireann Ionaid Intreo eolas agus comhairle ar fáil do gach cuardaitheoir poist. Seirbhís atá in Intreo a chuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) ar fáil a sholáthraíonn pointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim ar fáil. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis faoi sheirbhísí fostaíochta do chuardaitheoirí poist.

Láithreáin Ghréasáin

Liostaítear ar láithreán gréasáin JobsIreland poist atá ar fáil in Éirinn agus thar lear. Liostaítear ann, chomh maith, intéirneachtaí agus folúntais ar chláir fostaíochta. Is féidir leat do CV a uaslódáil ar láithreán gréasáin JobsIreland chun gur féidir le fostóirí teacht air agus teagmháil a dhéanamh leat go díreach.

Na meáin shóisialta

Liostaítear folúntais phoist ar roinnt láithreáin mheán sóisialta agus déanann siad cuardaitheoirí poist a cheangal le fostóirí agus le gairmithe eile gnó.

Nuachtáin

Is minic go liostaítear poist i míreanna fógraí rangaithe i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus ar a láithreáin ghréasáin).

Gníomhaireachtaí earcaíochta

Tá eolaire de ghníomhaireachtaí earcaíochta ag an gCónaidhm Náisiúnta Earcaíochta (an CNE). Is minic gur gá duit clárú leis na cuideachtaí príobháideacha seo, a bhféadfaidís táille a fháil ón bhfostóir má fhaigheann tú an post. Déan teagmháil le gníomhaireachtaí earcaíochta speisialaithe má tá saghas ar leith d’obair á cuardach agat.

Fógraí

Is minic go bhfógraítear poist áitiúla i bhfuinneoga siopa agus bialainne, i leabharlanna, ollmhargaí agus ar chláir fógraí pobail.

Laethanta oscailte agus laethanta earcaíochta

Cuireann roinnt fostóirí agus tionscal laethanta oscailte ar siúl chun foireann a earcú. Is féidir laethanta oscailte agus imeachtaí i do cheantar a fhógairt ar líne, i nuachtáin áitiúla agus ag imeachtaí áitiúla eile.

Cuideachtaí

Caith súil ar an láithreáin ghréasáin cuideachtaí a bhaineann le do limistéar oibre, mar gheall go bhféadfadh nach bhfógraítear roinnt folúntais phoist ach ar a láithreáin ghréasáin féin.

Teagmhálaithe pearsanta

B’fhéidir gur fios do chairde nó gaolta faoi dheiseanna poist.

Iarratas a dhéanamh ar phost

De ghnáth, nuair a dhéantar iarratas ar phost, caithfidh tú do CV (curriculum vitae) a thabhairt do d’fhostóir nó foirm iarratais ar líne a líonadh. Baineann buntábhacht le CV nó iarratas maith nuair a bhíonn post á chuardach agat, chun gur féidir leat tú féin ‘a dhíol’ le fostóir.

Cuirtear an méid seo a leanas ar fáil ar do CV nó d’fhoirm iarratais:

•Sonraí teagmhála

•Cáilíochtaí oideachais

•Taithí oibre

•Príomhscileanna agus eolas ábhartha eile

•Ainmneacha beirt daoine a chuirfidh teistiméireacht ar fáil duit

Sula seolann tú do CV nó d’iarratas ar aghaidh ar líne

Nuair a aimsíonn tú folúntas poist, ba cheart duit a mhéid eolas agus is féidir leat a fháil faoin gcuideachta agus an deis phoist. Caith súil ar láithreán gréasáin na cuideachta nó déan teagmháil leo go díreach.

Cinntigh go ndíríonn do CV nó d’iarratas ar riachtanais ar leith an phoist a bhfuil tú ag cur isteach air. B’fhéidir gur mian leat do CV a chur in oiriúint (a mhionathrú) chun gur fearr a léirítear ann d’oiriúnacht do riachtanais an róil ar leith.

Ba cheart duit litir chumhdaigh a scríobh nó foirm iarratais a líonadh, má iarrtar san fhógra air seo.

Cabhair a fháil le do CV, litir chumhdaigh nó foirm iarratais ar líne

Má tá tú dífhostaithe, is féidir le do sheirbhís fostaíochta áitiúla (SFÁ) nó do Chlub Post áitiúil cabhrú leat le CVanna a scríobh agus le hiarratais ar phost a líonadh. Is féidir leo cabhair a thabhairt freisin le hoiliúint ar scileanna agallaimh – féach ‘Scéimeanna agus tacaíochtaí oiliúna do chuardaitheoirí poist’ thíos.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, le do Lárionad Eolais don Ógra áitiúil chun teacht ar chabhair le do CV agus litir chumhdaigh. Tá Lárionaid Eolais don Ógra suite timpeall na hÉireann go léir, agus cuirtear seirbhís eolais saor in aisce rúnda ar fáil do dhaoine idir 12 agus 25 bliain d’aois.

Comhionannas fostaíochta

Tá tú cosanta ag reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta nuair a dhéanann tú iarratas ar phost. Ciallaíonn seo nach féidir le fostóirí idirdhealú a dhéanamh i d’aghaidh nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu cibé acu thú a fhostú nó a mhalairt.

Mar shampla, ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh i leith cineáil, inscne, aoise nó stádas teaghlaigh. Is féidir leat teacht ar eolas faoi gach ceann de na 9 bhforas idirdhealaithe ar ár leathanach faoi Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Agallaimh poist

Roimh d’agallamh poist, tá ort tú féin a ullmhú. Is féidir leat ullmhú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

•Taighde a dhéanamh ar an gcuideachta agus ar an ról

•D’fhreagraí ar roinnt ceisteanna samplacha a chleachtadh

•An-chur amach a bheith agat ar do CV agus ar an bhfoirm iarratais

•D’aistear chuig an gcuideachta a phleanáil, chun go dtéann tú go mór i gcion orthu ar an lá

Is féidir leat teacht ar leideanna áisiúla agallaimh ar líne anseo.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, le do sheirbhís fostaíochta áitiúla (SFÁ) nó do Chlub Post áitiúil chun cabhair a fháil le hoiliúint ar scileanna agallaimh – féach ‘Scéimeanna agus tacaíochtaí oiliúna do chuardaitheoirí poist’ thíos.

Má tá tú bodhar nó má tá moill éistigh ort, nó má tá lagú urlabhra ort, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chistiú chun íoc as ateangaire chun cabhrú leat ag agallaimh phoist. Tugtar an Scéim Deontais um Ateangaire ag Agallamh Poist (an SDAAP) air seo.

I ndiaidh an agallaimh

Cibé acu má éiríonn leat nó mura n-éiríonn leat san agallamh poist, is féidir leat iarraidh ar an bhfostóir aiseolas a thabhairt duit ar conas a d’éirigh leat. Ní gá dóibh aiseolas a sholáthar duit, ach féadfaidh siad sin a dhéanamh mar dhea-bhéasa (múineadh).

An féidir liom mo nótaí agallaimh a fheiceáil?

Má thugann an fostóir neamhaird ar d’iarraidh neamhfhoirmiúil ar aiseolas ón agallamh nó má dhiúltaíonn siad é a thabhairt, tá an ceart agat iarratas duine ar a sonraía sheoladh ar aghaidh faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS). Ciallaíonn seo gur féidir leat aon eolas a iarraidh go foirmiúil a shealbhaíonn an fostóir fút, nótaí agallaimh san áireamh a bhaineann leat. Is féidir eolas a fháil ar conas teacht ar do shonraí pearsanta faoin RGCS.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara sin, murar roghnaíodh thú don phost, b’fhéidir go mbeidh sé deacair teacht ar na cúiseanna nár roghnaíodh thú. Mar shampla, b’fhéidir nach ndéanfar tagairt ar leith duit sa chinneadh, agus ní féidir leat na nótaí agallaimh ná sonraí pearsanta iarratasóirí eile a iarraidh.

Scéimeanna agus tacaíochtaíoiliúna do chuardaitheoirí poist

Cabhraíonn Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla (ar a dtugtar SFÁ agus Obair) le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach cuardach a dhéanamh do phost. Déanann siad teagmháil le fostóirí áitiúla. Cuireann SFÁ eolas ar fáil freisin ar roghanna oiliúna agus scéimeanna fostaíochta. Aimsigh an SFÁ is gaire duit.

Cuireann Clubanna Post oiliúint agus tacaíocht ar fáil do chuardaitheoirí poist Is féidir leo cabhrú leat CV a scríobh, oiliúint a sholáthar ar scileanna agallaimh, agus tacaíocht a thabhairt duit leis an gcuardach do phost.

Chomh maith leis sin, cuireann siad seirbhísí buail isteach agus ceardlanna foirmiúla ar fáil a mhaireann idir 1 agus 4 seachtaine. Chun freastal ar cheardlann fhoirmiúil, caithfidh gur cuardaitheoir poist thú a ndearna seirbhís fostaíochta áitiúla thú a atreorú. Aimsigh an Club Post is gaire duit.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi phost a fháil ar láithreán gréasáin Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe.

Scéimeanna do dhaoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu

Má bhí íocaíochtaí cuardaitheora poist, nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á bhfáil agat ar feadh tréimhse áirithe ama, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar scéimeanna tacaíochta fostaíochta. Cabhraíonn na scéimeanna seo le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach chun filleadh ar an obair.

Cuireann roinnt scéimeanna, ar nós scéim Fostaíochta Pobail (FP) poist ar fáil sa phobal. Cabhraíonn scéimeanna eile, ar nós Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair leat tabhairt faoin bhféinfhostaíocht agus cuid de d’íocaíocht a coimeád freisin.

Is féidir leat Deontas Tacaíochta Oiliúna (DTO) a fháil más cuardaitheoir poist thú agus má tá íocaíochtaí áirithe eile á bhfáil agat. Cuirtear an DTO ar fáil d’oiliúint ghearrthéarmach nach bhfuil ar fáil láithreach ó sholáthraí Stáit, nó d’oiliúint a chabhróidh leat post a fháil go tapa.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 Deireadh Fómhair 2023