Liúntas Tacaíochta Teileafóin

Céard é an Liúntas Tacaíochta Teileafóin?

Is íocaíocht sheachtainiúil bhreise é an Liúntas Tacaíochta Teileafóin do dhaoine ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a bhfuil an Méadú do Mhaireachtáil Aonair agus an Liúntas Breosla araon á fháil acu.

Beartaítear cabhair a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar le costas cumarsáidí nó costas córais foláirimh tí.

Toisc gur liúntas é sin a íoctar uaidh féin do dhaoine atá ina theideal, níl gá duit iarratas a dhéanamh air. Íoctar é le do phríomhíocaíocht sheachtainiúil leasa shóisialaigh.

Cén chaoi le cáiliú don Liúntas Tacaíochta Teileafóin

Chun bheith ina theideal, caithfidh go mbeidh an Méadú do Mhaireachtáil Aonair agus an Liúntas Breosla araon á fháil agat chomh maith le ceann de na híocaíochtaí seo a leannas

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin Liúntas Tacaíochta Teileafóin ar Gov.ie.

Ráta an Liúntais Tacaíochta Teileafóin

Ráta an Liúntais Sheachtainiúil Tacaíochta Teileafóin in 2024

Íocaíocht

Rata seachtainiúil

Liúntas Tacaíochta Teileafóin

€2.50

Is suim bhreise é an Liúntas Tacaíochta Teileafóin a íoctar ar an lá céanna agus tríd an módh céanna a íoctar do phríomh-íocaíocht sheachtainiúil.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Tacaíochta Teileafóin?

Toisc gur íoctar an Liúntas Tacaíochta Teileafóin uaidh féin do dhaoine atá ina theideal, níl gá duit iarratas a dhéanamh air. Níl aon fhoirm iarratais.

Má cheapann tú go bhfuil tú ina theideal agus níl íocaíocht uaidh féin faighte agat, ba cheart duit dul i ngleic leis an rannóg sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisalaí a íocann do phríomh-íocaíocht leasa shóisialaigh (féach thuas ar liosta na n-íocaíochtaí faoi ‘Cén chaoi le cáiliú don Liúntas Tacaíochta Teileafóin’).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Márta 2024