Liúntas Breosla

Cad is Liúntas Breosla ann?

Is éard atá sa Liúntas Breosla ná íocaíocht a thugtar chun cabhrú leis an gcostas a bhaineann le do theach a théamh le linn mhíonna an gheimhridh. Ní íoctar é ach le duine amháin sa teaghlach.

De ghnáth, tosaíonn séasúr an Liúntais Bhreosla ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus tagann sé chun deiridh i mí Aibreáin. Thosaigh séasúr Liúntas Breosla na bliana seo Dé Luain, 25 Meán Fómhair 2023. Íocfar é ar feadh 28 seachtaine (go dtí an 5 Aibreán 2024).

Is ionann an ráta reatha den Liúntas Breosla agus €33 in aghaidh na seachtaine. Féadfaidh tú rogha a dhéanamh an Liúntas Breosla a fháil gach seachtain nó é a fháil i 2 thráthchuid (cnapshuimeanna). Íocadh an chéad tráthchuid chnapshuime i Meán Fómhair 2023. Íocadh an dara ceann i mí Eanáir 2024.

Conas cáiliú chun Liúntas Breosla a fháil

Chun Liúntas Breosla a fháil ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith i do chónaí i d’aonar (nó leis na daoine atá liostaithe thíos amháin)
  • A bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach (ach amháin má tá tú 70 nó níos sine)
  • Tástáil acmhainne a chomhlíonadh

Mínítear na 3 choinníoll seo go mion thíos.

Caithfidh tú a bheith i do chónaí in Éirinn freisin. Ní féidir leat Liúntas Breosla a fháil má tá do chostais teasa go léir san áireamh mar chuid de do chóiríocht.

Cé leis ar féidir liom a bheith maireachtáil?

Ní mór duit a bheith i do chónaí i d’aonar nó le:

  • Céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir a cháilíonn d’ardú ar do phinsean nó ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh nó atá ag fáil íocaíocht cháilitheach ina gceart féin
  • Leanaí cleithiúnacha
  • Duine atá ag fáil Liúntas do Chúramóirí nó Sochar do Chúramóirí agus atá ag tabhairt aire duit nó do do chéile, do do pháirtí nó do do chomhchónaitheoir ar bhonn lánaimseartha
  • Duine a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora Poist (níos lú ná 312 lá) ar bhonn gearrthéarmach nó Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach (níos lú ná 364 lá)
  • Daoine eile a bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil acu agus a bheadh incháilithe do Liúntas Breosla ina gceart féin
  • Duine atá 70 bliain d’aois nó níos sine, faoi réir na tástála acmhainne (féach thíos)
  • A person renting a room from you, where this doesn’t affect your entitlement to Fuel Allowance (see ‘Renting a room in your home’ below)
  • A person you are providing accommodation to in your own home and for whom you are getting the Accommodation Recognition Payment

Má cháilíonn níos mó ná duine amháin i dteaghlach

Ní íoctar ach Liúntas Breosla amháin d’aon teaghlach amháin.

Má tá níos mó ná duine amháin sa teaghlach ag fáil íocaíochta cúnaimh shóisialaigh, is féidir cinneadh a dhéanamh maidir le cé a dhéanfaidh iarratas ar Liúntas Breosla.

Má tá íocaíocht cháilitheach árachais shóisialaigh á fáil ag duine éigin sa teaghlach, amhail Pinsean Stáit (Ranníocach) nó Pinsean Easláine, ba cheart dóibh siúd iarratas a dhéanamh ar dtús (ionas gur féidir tástáil acmhainne a dhéanamh ar a n-ioncam). Is féidir le duine cáilitheach eile sa teaghlach iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla freisin, ach caithfidh siad faisnéis a chur san áireamh faoin duine atá ag fáil íocaíocht árachais shóisialaigh.

Má tá duine sa teaghlach 70 bliain d’aois nó os a chionn, ba cheart dóibh siúd iarratas a dhéanamh.

Íocaíochtaí agus pinsin cáilithe leasa shóisialaigh

Má tá tú 70 bliain d’aois nó os a chionn, ní gá íocaíocht cháilitheach a bheith agat chun cáiliú don Liúntas Breosla.

Bíonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC (íocaíochtaí árachais shóisialaigh) nó ar íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh de réir tástála acmhainne.

Íocaíochtaí cáilitheachta árachais shóisialaigh

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Forlíonadh Éagumais faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
  • Pinsean Easláine
  • Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
  • Sochar Báis faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
  • Pinsean nó sochar ó thír atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE nó ó thír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí acu le hÉirinn (má tá íocaíocht chomhionann le fáil in Éirinn)

Íocaíochtaí cáilitheachta cúnamh shóisialaigh

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean na nDall
  • Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ÍTA)
  • Íocaíocht Caomhnóra (Neamhranníocaíoch)
  • Cúnamh Feirme
  • Íocaíocht Idirthréimhse Cuardaitheora Poist

Liúntas Leasa Forlíontach

Féadfaidh tú cáiliú má bhí Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach á fháil agat ar feadh tréimhse níos mó ná bliain (is é seo 364 lá thar 12 mhí - íoctar é ar bhonn seachtaine 7 lá agus mar sin, sroichtear íocaíocht 12 mhí i ndiaidh lá 364).

Liúntas Cuardaitheora Poist

Féadfaidh tú cáiliú má bhí Liúntas Idirthréimhse Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh tréimhse níos mó ná 312 lá (thar 12 mhí - íoctar é ar bhonn seachtaine 6 lá agus mar sin, sroichtear íocaíocht 12 mhí i ndiaidh lá 364). Is féidir laethanta ar Shochar Cuardaitheora Poist (SCP) agus PUP a áireamh i dtreo na 312 lá, má bhí do SCP nó PUP díreach roimh d’éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist.

Féadfaidh tú do Liúntas Breosla a choinneáil má bhogann tú go Liúntas Cuardaitheora Poist ó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora , Liúntas do Chúramóirí nó Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist.

Spouse, civil partner or cohabitant on a CE scheme

If you are getting Jobseeker’s Allowance, and your spouse, civil partner or cohabitant is on a Community Employment (CE) scheme, they can be considered as a qualified adult on your payment if you apply for Fuel Allowance.

Scéimeanna tacaíochta oideachais nó fostaíochta

Má tá tú ag glacadh páirte i scéimeanna áirithe tá tú i dteideal do Liúntas Breosla a choinneáil má bhí sé á fháil agat sular thosaigh tú ar an scéim.

  • an Liúntas um Fhilleadh ar Obair
  • an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas
  • an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
  • Fostaíocht Pobail
  • Scéim Shóisialta na Tuaithe
  • Tús

CE, RSS and Tús

You can apply for Fuel Allowance at any point when you are on CE, RSS or Tús if you meet all the relevant qualifying conditions for Fuel Allowance. If you were getting a long-term qualifying payment before starting CE, RSS or Tús, you satisfy the qualifying payment requirement.

Time spent on the above schemes cannot be used to meet the minimum number of days on a qualifying payment for Fuel Allowance.

Íocaíochtaí leathráta

Ní cháilíonn tú don Liúntas Breosla má tá íocaíocht leathráta á fáil agat, chomh maith le híocaíocht cháilitheach. Ní bhaineann sé seo le Liúntas do Chúramóirí leathráta.

Conas a dhéantar measúnú ar d’ioncam chun Liúntas Breosla a fháil

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne an Liúntas Breosla. Ciallaíonn sé seo go ndéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar gach foinse ioncaim atá agat. Caithfidh d’ioncam comhlán seachtainiúil a bheith faoi bhun méid áirithe chun an tástáil acmhainne a chomhlíonadh.

Glactar leis go hiondúil go bhfuil tú tar éis na tástála acmhainne don Liúntas Breosla a chomhlíonadh má tá íocaíocht cháilitheach cúnaimh shóisialaigh (de réir tástála acmhainne) á fáil agat.

Má fhaigheann tú íocaíocht de réir tástála acmhainne, tá an tástáil acmhainne comhlíonta agat cheana féin agus ní gá í a dhéanamh arís.

Ioncam leasa shóisialaigh

Ní áirítear roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa tástáil acmhainne:

  • Ní áirítear gach íocaíocht cúnaimh shóisialaigh
  • Má fhaigheann tú íocaíocht árachais shóisialaigh agus má fhaigheann do chéile nó do pháirtí íocaíocht cúnaimh shóisialaigh, ní chuirtear an t-ioncam ón íocaíocht cúnaimh shóisialaigh san áireamh
  • Ní chuirtear Liúntas do Chúramóirí ar leathráta san áireamh a thuilleadh (ó Eanáir 2023)
  • Ní chuirtear Sochar Míthreorach san áireamh a thuilleadh (ó Eanáir 2023)

Is féidir teacht anseo ar an liosta iomlán de na híocaíochtaí a dtugtar neamhaird orthu (na híocaíochtaí nach n-áirítear).

Caipiteal

Áirítear le caipiteal an luach a bhaineann le coigiltis, infheistíochtaí, scaireanna nó réadmhaoin ar bith atá agat (gan do theach cónaithe a áireamh).

Má tá tú faoi bhun 70 bliain d’aois, ní chuirtear an chéad €20,000 de do chaipiteal san áireamh.

Má tá tú 70 bliain d’aois nó os a chionn, ní chuirtear an chéad €50,000 de do chaipiteal san áireamh. Faigh tuilleadh eolais anseo faoi chaipiteal nach n-áirítear sa tástáil acmhainne.

Déantar caipiteal a mheas trí mhéid ioncaim seachtainiúil a chur i leith an chaipitil atá agat os cionn figiúr áirithe.

Second property

If you have a second property (property other than your own home), the rental income from that property is assessed. However, the capital value (less any mortgage outstanding on the property) will be assessed if the property is not rented.

Seomra i do theach a ligean ar cíos

If you are renting out a room in your home, you can have an income from rent of up to €269.23 a week (€14,000 per year) without affecting your Fuel Allowance. The person renting the room in your home must use the room for a minimum of 28 consecutive days and cannot be an employee of yours or an immediate family member.

The Accommodation Recognition Payment (for hosting people from Ukraine) is not taken into account in the means test.

Caithfidh an duine a bhfuil an seomra á ligean ar cíos uait a bheith ag fáil íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh nó caithfidh sé/sí cáiliú don Liúntas Breosla ina c(h)eart féin.

Íocaíocht Bhreosla Gheimhridh na Ríochta Aontaithe

D’fhéadfadh roinnt pinsinéirí ón RA a chónaíonn in Éirinn a bheith cáilithe le haghaidh Íocaíocht Bhreosla Gheimhridh ón RA. Cuirtear an Íocaíocht Bhreosla Gheimhridh san áireamh sa tástáil acmhainne don Liúntas Breosla.

Teorainn ioncaim an Liúntais Bhreosla do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois

Ba cheart an t-eolas thuasluaite a léamh faoi mar a dhéantar d’ioncam a mheasúnú, sula léann tú an chuid seo.

Is féidir ioncam suas le €512 sa tseachtain a bheith agat, nó €1,024 in aghaidh na seachtaine do lánúin agus fós a bheith cáilithe chun an Liúntas Breosla a fháil.

Déantar measúnú freisin ar do chaipiteal (coigilteas, maoin agus infheistíochtaí). Ní chuirtear an chéad €50,000 de do chaipiteal san áireamh sa tástáil acmhainne.

Teorainn ioncaim an Liúntais Bhreosla do dhaoine faoi bhun 70 bliain d’aois

Má tá tú faoi bhun 70 bliain, ní mór go bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil agat chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla (féach ‘Íocaíochtaí cáilitheacha leasa shóisialaigh agus pinsin’ thuas).

To qualify for Fuel Allowance, your means must be less than the maximum State Pension (Contributory), including any increases you could get for dependents or living alone, plus an additional €200. This is called the ‘assessable income limit’.

For example, the maximum State Pension (Contributory) for a single person under 70 is €277.30. You then add €200 to €277.30, which gives a total weekly income limit of €477.30.

See the table below for examples of weekly assessable income limits.

Household type

Assessable income limit (per week)

Single person under 70

€477.30

Couple (where qualified adult is under 66)

€662.00

Couple (where qualified adult is 66 or over, but under 70)

€725.90

 

Ráta an Liúntais Bhreosla

Is ionann an ráta reatha den Liúntas Breosla agus €33 in aghaidh na seachtaine.

Is féidir do Liúntas Breosla a fháil go seachtainiúil nó in dhá chnapshuim.

Íocaíocht sheachtainiúil

De ghnáth, íoctar Liúntas Breosla ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go dtí mí Aibreáin gach bliain ar feadh 28 seachtain. In 2023-2024, ba é Dé Luain an 25 Meán Fómhair 2023 an dáta tosaigh don Liúntas Breosla. Cuirtear Liúntas Breosla san áireamh i d’íocaíocht sheachtainiúil, má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat.

Mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, is féidir do Liúntas Breosla a fháil go díreach isteach i do chuntas in institiúid airgeadais nó is féidir an liúntas a bhailiú i d’oifig poist áitiúil.

Íocaíochtaí cnapshuime

In 2023-2024, is ionann an íocaíocht iomlán den Liúntas Breosla thar 28 seachtain agus €924.

Is féidir é a fháil in dhá thráthchuid (cnapshuimeanna). Íocadh an chéad tráthchuid i mí Mheán Fómhair 2023. Íocfar an dara cheann i mí Eanáir 2024.

Chun athrú a dhéanamh ar an mbealach atá do Liúntas Breosla á íoc, comhlánaigh an fhoirm seo: Athraigh Minicíocht d’Íocaíochta (pdf) mí amháin ar a laghad roimh an dáta atá an chéad tráthchuid dlite.

Níl rogha na tráthchoda seo ar fáil do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí faoin Scéim Shóisialta Tuaithe, Tús, Gateway, Fostaíocht Pobail nó Liúntas Leasa Forlíontach.

Liúntas Tacaíochta Teileafóin

Má tá Liúntas Breosla á fháil agat chomh maith leis an Méadú i leith Maireachtáil Aonair, gheobhaidh tú Liúntas Tacaíochta Teileafóin freisin ar fiú é agus €2.50 in aghaidh na seachtaine

Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla

Má dhéanann tú iarratas ar Liúntas Breosla tar éis thosach shéasúr an Liúntais Breosla, ní dhéanfar é a shiardhátú.

Ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Breosla bliain i ndiaidh bliana mura dtiocfaidh athrú ar d’imthosca agus má leanann tú den íocaíocht leasa shóisialaigh chéanna a fháil.

Iarratais ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar Liúntas Breosla. Ní mór cuntas MyGovID a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar líne.

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh tú foirm iarratais pháipéir a úsáid

Má tá tú faoi bhun 70 bliain d'aois, comhlánaigh an Fhoirm NFS 1 chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla (pdf).

Má tá tú 70 bliain d’aois nó os a chionn, comhlánaigh an Fhoirm NFS 1 chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla (pdf).

Is féidir foirm a fháil ó d’oifig poist áitiúil freisin, nó trí ghlaoch a chur ar 0818 200 400.

Féadfaidh tú cabhair a fháil maidir le d’fhoirm iarratais a chomhlánú ag d’Ionad Intreo, d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó Ionad Faisnéise do Shaoránaigh.

Cá háit le d'fhoirm a sheoladh

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat foirm pháipéir a úsáid. Braitheann an áit a seolann tú d'fhoirm ar an gcineál íocaíochta leasa shóisialaigh a fhaigheann tú.

Má fhaigheann tú:

  • Pinsean Easláinte
  • Liúntas Míchumais
  • Fórlionadh Neamhábaltachta

Seol d'iarratas chuig:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770

Má fhaigheann tú:

  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
  • Sochar Banchéile Thréigthe
  • Pinsean Stáit (Ranníocach) nó Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
  • Pinsean na nDall
  • Na híocaíochtaí chaomhnóra
  • Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh

Seol d'iarratas chuig:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach F91 T384
Éire

Uaireanta Oscailte: Ní thairgeann an oifig seo seirbhís do chuairteoirí pearsanta. Caithfidh gach ceist a bheith cur isteach tríd an fhoirm fiosraithe ar líne a úsáid, tríd an teileafón nó i scríbhinn.
Teil: (071) 915 7100 or 0818 200 400

Má fhaigheann tú:

  • Liúntas Fadtréimhseach Cuardaitheora Poist
  • Cúnamh Feirme
  • An Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora nó Socrú idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist

Send your completed form to your local Intreo Centre or Social Welfare Branch Office.

If you get long-term Supplementary Welfare Allowance (12 months), send your form to your local Community Welfare Officer at your local office.

Pinsean nó sochar ó thír atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE nó ó thír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí acu le hÉirinn (má tá íocaíocht chomhionann le fáil in Éirinn)

Scéim Náisiúnta Breosla

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Bóthar an Choláiste
Sligeach F91 T384
Éire

Teil: (071) 915 7100 or 0818 200 400
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Feabhra 2024