Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta chun dídeanaithe ón Úcráin a óstáil

Cad í an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta?

Is íocaíocht saor ó cháin de €800 in aghaidh na míosa í an Íocaíocht Aithint Cóiríochta (ARP) do gach maoin a úsáidtear chun cóiríocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin. Mhéadaigh an íocaíocht go €800 in aghaidh na míosa ón 1 Nollaig 2022.

Caithfear an chóiríocht a sholáthar ar feadh 6 mhí, ar a laghad, agus caithfidh sí freastal ar na caighdeáin riachtanacha.

Ní chruthaíonn an ÍAC caidreamh idir tiarna talún agus tionónta idir tú féin agus na daoine a chónaíonn i do chóiríocht.

Is féidir an ÍAC a shiardhátú go dtí an 4 Márta 2022 má bhí cóiríocht á soláthar agat. Ba é an ráta íocaíochta ná €400 in aghaidh na míosa go dtí 1 Nollaig 2022.

Ní chuirtear san áireamh é sa tástáil mhaoine d’aon deontais nó íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó ó chomhlachtaí poiblí eile.

Conas cáiliú don Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta

Le cáiliú don Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta (an ÍAC):

  • Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine
  • Caithfidh tú a bheith i d’úinéir ar an gcóiríocht, nó i do thionónta sa chóiríocht atá á soláthar agus caithfidh tú toiliú ó aon úinéirí nó tionóntaí eile a fháil
  • Caithfidh cóiríocht a bheith á soláthar agat anois (nó roimhe seo) ar feadh 6 mhí, ar a laghad, do dhuine amháin nó níos mó atá cumhdaithe ag an Treoir um Chosaint Shealadach an AE
  • Caithfidh ar a laghad duine amháin atá cumhdaithe ag an Treoir um Chosaint Shealadach an AE a bheith ag cónaí sa réadmhaoin ar an lá deireanach den mhí féilire chun íocaíocht a fháil don mhí sin

Ní theastaíonn grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Caithfidh an chóiríocht a bheith in Éirinn agus caithfidh sí freastal ar na caighdeáin riachtanacha. Bíonn na caighdeáin seo i gceist fiú má tá an chóiríocht á soláthar agat i do theach féin. Is féidir leat teacht ar shonraí breise ar na caighdeáin riachtanacha agus ar sheicliosta áisiúil do do réadmhaoin.

Ní bhaineann an prótacal asláithreachta ná beartas neamhláithreachta na Nollag 2023 le dídeanaithe ón Úcráin a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht óstaithe.

An gá dom fanacht 6 mhí sula gcuirfidh mé isteach ar an ÍAC?

Ní gá duit fanacht 6 mhí sula gcuirfidh tú isteach ar an ÍAC. Nuair a dhéanann tú iarratas, áfach, caithfidh tú gealltanas a thabhairt an chóiríocht a sholáthar ar feadh 6 mhí, ar a laghad.

An gá dom an ÍAC a aisíoc má sholáthraím cóiríocht ar feadh tréimhse níos giorra ná 6 mhí?

Caithfidh tú gealltanas a thabhairt an chóiríocht a sholáthar ar feadh 6 mhí, ar a laghad. Mura féidir leat an gealltanas 6 mhí a shásamh, áfach, ní gá duit an ÍAC a aisíoc a íocadh leat do na míonna inar chónaigh an duine atá cumhdaithe ag an Treoir um Chosaint Shealadach an AE i do chóiríocht.

Caithfidh tú an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas gur fhág an duine do chóiríocht.

Ráta na hÍocaíochta Aitheantais Cóiríochta

Is é atá san Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta (ARP) ná ráta míosúil socraithe de €800 in aghaidh na maoine ó 1 Nollaig 2022. €400 in aghaidh na míosa a bhí ann roimhe seo.

Má bhíonn costais eile i gceist agus má tá tú thíos le deacracht airgeadais, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Déantar cinneadh faoin Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise ar bhonn cás ar chás.

Íocaíocht a fháil

Íoctar an ÍAC ar an dara Máirt gach mí.

Íocfar é trí Ríomhaistriú Airgid (EFT) isteach sa chuntas bainc ar d’iarratas. Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le cuntas bainc Éireannach, an RA, SEPA, N26 nó Revolut.

Conas iarratas a dhéanamh ar anÍocaíocht Aitheantais Cóiríochta

Is féidir leat cur isteach ar an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta ar líne trí MyWelfare a úsáid.

Beidh ort an t-eolas seo a leanas a sholáthar:

  • D’ainm, uimhir PSP agus do sheoladh
  • Sonraí faoin gcóiríocht, an tÉirchód san áireamh
  • An dáta a thosaigh tú le cóiríocht a sholáthar do dhaoine atá cumhdaithe ag an Treoir um Chosaint Shealadach an AE agus an dáta deiridh (má tháinig deireadh leis)
  • Ainm agus uimhir PSP gach duine atá cumhdaithe ag an Treoir um Chosaint Shealadach an AE a bhfuil cóiríocht á soláthar agat dóibh, an dáta a thosaigh siad ag cónaí sa chóiríocht agus an dáta a d’fhág siad (má d’fhág siad an chóiríocht)

Eolas breise

Tá an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta (an ÍAC) á riar ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS). Má bhíonn cheisteanna agat faoi d’íocaíocht, déan teagmháil leis an RCS ar an nguthán trí ghlaoch ar 0818 70 80 90 (idir 9am agus 5pm ó Luan go hAoine) nó ar ríomhphost ag ARP@Welfare.ie

Má bhíonn ceist agat faoin scéim nó faoi chaighdeáin chóiríochta, déan teagmháil leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige trí ghlaoch ar (01) 223 2266 nó ar ríomhphost ag ukrainerecognitionpayment@equality.gov.ie

Is féidir leat tacaíocht agus faisnéis phraiticiúil a fháil maidir le cóiríocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin ó tabhair dídean, tabhair dóchas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Aibreán 2024