Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua

Cad is Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ann?

Is éard atá sa Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (LÉCSN) ná íocaíocht a chuidíonn le costas éidí agus coisbhirt do leanaí atá ag dul ar scoil.

Íoctar an LÉCSN go huathoibríoch le go leor teaghlach. Má íoctar go huathoibríoch tú, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an LÉCSN.

Cuirfear d'íocaíocht uathoibríoch in iúl duit faoin 8 Meitheamh ar MyWelfare. Íocfar do BSCFA an tseachtain dar tús an 10 Iúil 2023.

Mura bhfaigheann tú íocaíocht uathoibríoch, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht ar MyWelfare. Tá iarratais oscailte go dtí an 30 Meán Fómhair 2023

Cé a fhaigheann an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua?

Féadfaidh tú an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (LÉCSN) a fháil má tá leanbh cáilithe agat agus má bhaineann na cúinsí seo a leanas leat:

  • Má tá íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat, nó má tá tú páirteach i scéim tacaíochta cheadaithe um fhostaíocht, oideachas nó oiliúint. Is féidir teacht anseo ar liosta d’íocaíochtaí agus scéimeanna cáilitheacha.
  • Má tá do theaghlach laistigh de theorainn an LÉCSN. Féach ‘teorainneacha ioncaim’ thíos.
  • Má tú féin agus gach leanbh a bhfuil tú ag éileamh an LÉCSN ina leith ina gcónaí in Éirinn.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, ní mór go bhfuil Méadú do Leanbh Cáilithe (IQC) á fháil agat le d'íocaíocht. Baineann roinnt eisceachtaí leis seo, mar shampla:

  • Má tá íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat, gan méadú a bheith á fháil agat do do leanbh toisc nach bhforáiltear d’íocaíocht linbh i rialacha na híocaíochta. Is samplaí de seo iad Sochar Máithreachais agus Sochar Uchtála. Is féidir fós an LÉCSN a éileamh má chomhlíonann tú rialacha eile an LÉCSN.
  • Má tá íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat, gan méadú a bheith á fháil agat do do leanbh toisc go bhfuil ioncam do chéile nó do pháirtí os cionn theorainn sonraithe d’íocaíochta. Is féidir an LÉCSN a éileamh fós má tá d’ioncam iomlán teaghlaigh laistigh de theorainneacha ioncaim an LÉCSN. Féach ‘teorainneacha ioncaim’ thíos.

Na leanaí atá cáilithe

Chun an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fháil, caithfidh do leanbh a bheith:

  • Idir 4-17 mbliana d’aois ar an 30 Meán Fómhair sa bhliain ina bhfuil tú ag déanamh iarratais ar an LÉCSN
  • Idir 18-22 bliain d’aois agus ag filleadh ar oideachas dara leibhéal lánaimseartha i scoil nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana ina bhfuil tú ag déanamh iarratais ar an LÉCSN

Ní féidir an LÉCSN a éileamh do leanbh nach bhfuil ina c(h)ónaí sa Stát.

Níl leanaí altrama cáilithe chun an LÉCSN a fháil Liúntas ós rud é go n-áirítear sa tacaíocht airgeadais a fhaigheann tuismitheoirí altrama ó Tusla (Liúntas Cúraim Altrama) cúnamh i leith costas éadaí agus coisbhirt don leanbh.

Teorainneacha ioncaim

Caithfidh d’ioncam iomlán teaghlaigh a bheith níos lú ná na méideanna atá leagtha amach sa tábla ‘Teorainneacha Ioncaim Seachtainiúil’ thíos. Cuirtear do leanaí cleithiúnacha go léir san áireamh nuair a chuirtear an teorainn ioncaim i bhfeidhm (lena n-áirítear leanaí nach bhfuil cáilithe don LÉCSN toisc go bhfuil siad faoi 4 bliana d’aois).

Áirítear le d’ioncam iomlán teaghlaigh do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh nó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus aon ioncam eile atá agat lena n-áirítear pá (roimh cháin, ach ní áirítear ÁSPC agus gnáthliúntas taistil suas le €20 in aghaidh na seachtaine), cothabháil, coigilteas agus infheistíochtaí. .

Déantar measúnú ar choigilteas agus infheistíochtaí (lena n-áirítear réadmhaoin, seachas do theach cónaithe) mar seo a leanas:

How savings and investments are assessed
Capital Weekly means assessed
An chéad €5,000 Ní chuirtear san áireamh é
An chéad €10,000 eile €1 sa €1,000
An chéad €25,000 eile €2 sa €1,000
Iarmhéid €4 sa €1,000

Ní chuirtear san áireamh aon ioncam a fhaigheann tú ó na foinsí seo a leanas:

  • Sochar Linbh
  • Forlíonadh Cíosa nó Liúntas Leasa Forlíontach
  • Íocaíocht Teaghlaigh Oibre
  • íocaíochtaí caomhnóra
  • Liúntas Leasa na nDall
  • Liúntas Oiliúna Athshlánaithe
  • fostaíocht athshlánúcháin (suas le €165 in aghaidh na seachtaine)
  • Liúntas Cúraim Baile
  • Liúntas Soghluaiseachta
  • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)


Weekly income limits for 2023
Number of children Income limit
1 leanbh €642
2 leanbh €692
3 leanbh €742
4 leanbh €792*

*Cuirtear €50 leis an teorainn ioncaim le haghaidh gach linbh chleithiúnaigh breise.

Ráta an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua

In 2023, is ionann an méid LÉCSN a n-íocfar i leith gach linbh incháilithe idir 4-11 bliana d’aois ar 30 Meán Fómhair 2023 agus €260.

In 2023, is ionann an méid LÉCSN a n-íocfar i leith gach linbh incháilithe idir 12-22 bliana d’aois ar 30 Meán Fómhair 2023 agus €385. Ní mór do leanaí idir 18 agus 22 bliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas dara leibhéal lánaimseartha i scoil nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana 2023.

Conas iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil

Beidh scéim an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (LÉCSN) á hoscailt i mí an Mheithimh 2023. Is é an 30 Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Íoctar an LÉCSN go huathoibríoch le go leor teaghlach. Má íoctar go huathoibríoch tú, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an LÉCSN. Má tá tú le híoc go huathoibríoch, cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí é sin in iúl duit trí úsáid a bhaint as do MyWelfare chuntas, nó tríd an bpost, roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2023.

Mura n-íoctar go huathoibríoch thú, is féidir iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar líne ag MyWelfare.ie nuair a osclófar an scéim.

Má tá iarratas déanta agat ar íocaíocht leasa shóisialaigh agus má tá tú ag fanacht le haghaidh cinnidh maidir le d’iarratas nó má tá achomharc déanta agat in aghaidh an chinnidh gan íocaíocht leasa shóisialaigh a dhámhachtain duit, ba cheart iarratas a dhéanamh ar an LÉCSN sula ndúnfar an scéim. Déanfar cinneadh maidir le d’iarratas ar an LÉCSN nuair a bheidh cinneadh déanta maidir le d’iarratas nó d’achomharc.

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh maidir leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua

Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh maidir le d’iarratas ar an LÉCSN.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh maidir le d’iarratas ar an LÉCSN, ba chóir litir a sheoladh chuig Rannóg Athbhreithnithe an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag an seoladh thíosluaite, agus an chúis nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh leagtha amach inti, agus ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an iarratas.

Ba cheart athbhreithniú a iarraidh laistigh de 21 lá tar éis do chinneadh a fháil.

Conas teagmháil a dhéanamh le rannóg an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Roinn Athbhreithnithe Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar an Choláiste
Sligeach
F91 T384

Teil: 071 919 3318 or 0818 111 113
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Iúil 2023