Íocaíocht mhíosúil is ea an Liúntas Cúram Baile a dhéantar le cúramóir linbh a bhfuil míchumas trom air a chiallaíonn go bhfuil i bhfad níos mó cúraim agus aire agus/nó maoirseachta de dhíth air ná leanbh eile den aois chéanna. Caithfear an cúram agus aire seo a sholáthar le cur ar chumas an linbh déileáil le gníomhaíochtaí laethúla. Caithfidh sé a bheith dealraitheach go mbeidh an leibhéal cúraim agus aire seo de dhíth ar an leanbh ar feadh 12 mhí ar a laghad.
Bhí an Liúntas Cúram Baile á riar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sular aistríodh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí é.
Tharla an t-aistriú ina dhá chéim:
Le go mbeidh sé incháilithe, ní mór míchumas trom a bheith ar an leanbh is dócha a mhairfidh bliain ar a laghad agus:
Lena chois sin, caithfidh an duine a bhfuil an liúntas á éileamh don leanbh aige:
Ní bhíonn cáilitheacht don Liúntas Cúram Baile bunaithe ar an gcineál lagaithe nó galair, ach ar easpa feidhme na colainne nó na hintinne a thagann dá bharr agus a fhágann go mbíonn cúram agus aire bhreise ag teastáil ón leanbh. Cuirfidh Measúnóir Liachta na Roinne an méid seo a leanas san áireamh sula dtabharfaidh sé/sí a thuairim nó a tuairim maidir le cibé an gcomhlíonann an leanbh na critéir liachta:
Níl leanaí atá atá ag fáil cúraim ar bhonn lánaimseartha in ionaid chónaithe nó in institiúidí eile incháilithe don liúntas.
Féadfaidh leanaí in ionaid chúraim chónaithe a théann abhaile íocaíocht ar leathráta a fháil áfach má bhíonn siad sa bhaile ar feadh 2 lá nó níos mó in aghaidh na seachtaine, mar shampla, leanaí a théann abhaile ag an deireadh seachtaine.
Má dhiúltaítear d’iarratas ar chúiseanna liachta, is féidir leat
iarraidh go ndéanfadh Lia-mheasúnóir eile athbhreithniú ar an gcás, ba
chóir duit aon fhaisnéis bhreise atá agat a sheoladh isteach in éineacht le
d’iarratas ar athbhreithniú. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh fós, nó
más mian leat achomharc a dhéanamh ar chúiseanna eile, is féidir leat
achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Oifig Achomhairc Leasa
Shóisialaigh.
Is é an ráta don Liúntas Cúram Baile ná €309.50 in aghaidh na míosa.
Níl aon srian ar líon na leanaí a bhféadfar Liúntas Cúram Baile a éileamh ina leith. (Is é sin le rá, má tá tú ag tabhairt cúraim do bhreis agus leanbh amháin atá incháilithe don Liúntas Cúram Baile, féadfaidh tú an liúntas míosúil a éileamh do gach duine díobh).
Déantar íocaíocht ar an tríú Máirt de gach mí don mhí reatha.
Féadfaidh íocaíocht leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse suas go dtí 13 seachtaine má bhíonn cóir leighis nó cóireáil eile á fháil ag an leanbh in ospidéal.
Níl aon bhaint aige seo leis an teidlíocht ar Shochar Leanaí agus féadfaidh tuismitheoir nó cúramóir eile a bheith incháilithe do Shochar Cúramóra nó do Liúntas Cúramóra freisin má chomhlíonann siad na coinníollacha eile.
Féadfar Deontas
Cúraim Faoisimh a éileamh freisin, rud a íoctar go huathoibríoch gach
bliain i rith an Mheithimh.
Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm Dom Care 1 nó téacsáil “FORM DCA” agus d’ainm agus do sheoladh ina dhiaidh chuig 51909 (bíonn rátaí caighdeánacha téacs i bhfeidhm).
Is féidir leat foirm iarratais a fháil i d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh freisin.
Ba chóir duit Codanna 1 go dtí 5 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus
iarraidh ar lia-chleachtóir ginearálta do linbh codanna 6 agus 7 a
chomhlánú. Bí cinnte le do thoil go gceanglaíonn tú aon tuarascálacha nó
measúnuithe a bhaineann le míchumas do linbh.
Ba chóir d’fhoirm iarratais agus doiciméid a thacaíonn léi a sheoladh chuig:
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Liúntas Cúram Baile a sheoladh
tríd an fhoirm
fhiosraithe daingnithe Liúntas Cúram Baile a úsáid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.