Print Page Send to a Friend

Caipiteal agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Eolas

Má tá iarratas á chur isteach agat ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh caithfidh tú tástáil mhaoine a chomhlíonadh. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar gach foinse ioncaim de do chuid (mar shampla ioncam airgid thirim, fostaíocht, caipiteal agus cothabháil) Faoi reachtaíocht um Leas Sóisialach áfach, ní chuirtear roinnt míreanna san áireamh agus do chuid acmhainní á measúnú.

Is é cuspóir an doiciméid seo míniú a thabhairt ar an dóigh a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar do chuid acmhainní ó chaipiteal i gcomhair íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá tuilleadh eolais maidir le foinsí ioncaim eile agus ioncam nach chuirtear san áireamh ar fáil inár ndoiciméad maidir leis an tástáil mhaoine.

Rialacha

Chun do chuid acmhainní a ríomh ó chaipiteal, sa chéad dul síos ní foláir duit do luach chaipitiúil iomlán a ríomh. Ciallaíonn sé seo go caithfidh tú gach foinse caipitil de do chuid a shuimiú (mar shampla, maoin, coigilteas agus infheistíochtaí). Ansin cuir an fhoirmle ábhartha thíos i bhfeidhm.

Is í an fhoirmle chun acmhainní ó chaipiteal a mheasúnú maidir le gach íocaíocht leasa shóisialaigh (seachas Liúntas Míchumais agus Liúntas Leasa Forlíontach) ná mar a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €20,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Is í an fhoirmle chun acmhainní ó chaipiteal a mheasúnú maidir le Liúntas Míchumais ná mar a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €50,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid (aon chaipiteal os cionn €70,000) €4 in aghaidh gach €1,000

Is í an fhoirmle chun acmhainní ó chaipiteal maidir le Liúntas Leasa Forlíontach a mheasúnú ná mar a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €5,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €25,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Maoin

Ní chuirtear an baile ina gcónaíonn tú san áireamh leis an measúnú ar do chuid acmhainní ó chaipiteal mura bhfuil ioncam á fháil agat uaidh. Má tá ioncam á fháil agat ó do bhaile (mar shampla, má tá seomra sa teach curtha ar cíos agat) déantar measúnú ar an ioncam sin. Ní dhéantar measúnú ar ioncam ó sheomra i do theach a chur ar cíos má fhaigheann tú Pinsean Stáit (Neamhranníocach), Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) agus dá mbeifeá i do chónaí i do aonair mura gcuirfí an seomra ar cíos.

Do bhaile a dhíol

Má dhíolann tú do bhaile, de ghnáth cuirfí fáltais an díolacháin san áireamh. Ní chuirtear an chéad €190,460.71 d’fháltais an díolacháin san áireamh áfach má fhaigheann tú ceann amháin de na híocaíochtaí atá liostaithe thíos agus má dhíolann tú do theach chun cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos, nó chun bogadh go teach altranais, nó chun bogadh isteach le duine a fhaigheann an Liúntas do Chúramóirí thar do cheann.

Ní foláir nó go n-íocfar ceann amháin de na híocaíochtaí a leanas duit:

  • Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) (má tá tú 66 bliana d'aois nó os a chionn)
  • Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora (má tá tú 66 bliana d'aois nó os a chionn)
  • Liúntas Míchumais (LM)
  • Pinsean na nDall (PD)

Cuirtear an díolúine seo €190,500 i bhfeidhm má dhíolann tú do bhaile chun:

  • Cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos
  • Cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos
  • Bogadh go teach altranais príobháideach atá cláraithe faoin Acht um Shláinte (Tithe Banaltrais) 1990
  • Bogadh isteach le duine a fhaigheann íocaíocht cúramóra thar do cheann
  • Bogadh go tithíocht speisialta nó sciath-thithíocht sna hearnálacha deonacha, comhoibríocha, reachtúla nó príobháideacha

De ghnáth, ní chuirtear an chéad €190,500 d’fháltais an díolacháin san áireamh. Áfach, má bhaineann tú úsáid as fáltais an díolacháin chun cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach, tabharfar díolúine ar iarmhéid na bhfáltas ó do sheanbhaile cónaithe a dhíol suas go teorainn €190,500.

Ioncam infheistíochta ó dhíolachán do bhaile

Déantar aon sochar a fhaigheann tú ó infheistíocht fáltais an díolacháin do bhaile a mheasúnú. Déantar ús atá coinnithe mar chaipiteal a mheasúnú sa chaoi chéanna mar déantar caipiteal a mheasúnú de ghnáth.

Áfach, leagann an Roinn Coimirce Sóisialaí sa Threoirlínte Oibriucháin maidir le Measúnú Acmhainne go dhéanfaí lámháil má tá costais shuntasacha cothabhála ag duine, mar shampla costais tithe altranais, agus caithfidh siad as íocaíochtaí úis bheith glanta. Sna cásanna seo, ní dhéanfar neamhshuim ar thástáil mhaoine ach amháin an t-ús ar an chaipiteal díolmhaithe (suas go teorainn €190.500).

Ag fágáil do bhaile gan é a dhíol

Má fhágann tú do bhaile, de dheasca seanaoise nó éiglíochta, ar feadh gearrthréimhse nó ar feadh tréimhse éiginnte, ní mheasúnófar luach do bhaile chónaithe mar acmhainn. Má bhaintear feidhm bhrabúsach as do bhaile cónaithe, áfach, mar shampla má ligtear ar cíos é, ansin measúnófar luach caipitil do thí mar acmhainn.

Athbhailte

Luach caipitiúil: Ní chuirtear an baile ina gcónaíonn tú san áireamh leis an measúnú ar do chuid acmhainní ó chaipiteal - féach 'Maoin' thíos mura bhfuil ioncam á fháil agat uaidh. Má tá athbhaile agat agus tá an athbhaile curtha ar cíos, déantar measúnú ar an luach caipitiúil na réadmhaoine ach ní dhéantar measúnú ar ioncam ón chíos. Bainfear aon mhorgáiste gan íoc atá cláraithe in aghaidh na réadmhaoine as an luach margaidh chun an luach caipitiúil a fháil.

Má tá athstruchtúrú déanta ar an morgáiste ar an teach ina gcónaíonn tú chun caipitil a fháil chun an dara maoin a cheannach, ní asbhainfear an morgáiste athstruchtúraithe seo ón measúnú caipitiúil don dara maoin.

Is féidir a thuilleadh eolais faoi mheasúnú ar chaipiteal mar acmhainní a fháil ar láithreán gréasáin Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ioncam ó chíos: Má tá leas saoil agat i maoin déantar measúnú ar an ioncam ó chíos seachas ar an luach caipitiúil.

Sa chás go bhfuil comhúinéireacht ar mhaoin nó gur faoi úinéireacht do chéile/pháirtí amháin atá sí, déanfar measúnú ar ioncam ó chíos maidir le Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a íoc in éineacht le d’íocaíocht árachais shóisialta. Déanfar measúnú ar an luach caipitiúil mura ligtear an mhaoin ar cíos - féach ‘Luach caipitiúil’ thuas.

Déantar measúnú ar ioncam ó chíos mar airgead tirim sa tástáil acmhainne.

Lánúineacha

Má tá comhchuntas agat le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, go dlíthiúil is le gach duine agaibh an méid iomlán sa chuntas. Mar sin is féidir measúnú a dhéanamh air ina iomláine i gcoinne na beirte agaibh. Má fhaigheann an beirt agaibh íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh ar bhonn tástála acmhainne áfach, déanfar é a mheasúnú ar bhonn comhroinnte nó i gcoinne duine amháin agaibh.

Maidir le gach íocaíocht cúnaimh shóisialaigh (seachas an Pinsean Stáit (Neamhranníocach), Pinsean na nDall agus an Liúntas do Chúramóirí) déantar bhur gcaipiteal comhcheangailte a mheasúnú agus an fhoirmle ábhartha maidir le caipiteal á húsáid - féach ‘Rialacha’ thuas.

An Pinsean Stáit (Neamhranníocach), Pinsean na nDall agus an Liúntas do Chúramóirí

Más duine de lánúin tú agus má dhéanann tú iarratas ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), Phinsean na nDall nó Liúntas do Chúramóirí déantar bhur gcaipiteal comhcheangailte a roinnt ina dhá leath agus déantar an méid níos ísle seo a mheasúnú agus an fhoirmle ábhartha á húsáid - féach ‘Rialacha’ thuas. Tar éis duit an fhoirmle ábhartha a chur i bhfeidhm déantar an méid a fhaightear a dhúbailt chun do chuid acmhainní ó chaipiteal a ríomh.

Sampla

Tá coigilteas de €20,000 ag Seán agus tá coigilteas de €20,000 ag a bhean chéile Máire, agus tá comhchuntas acu a bhfuil €10,000 istigh ann. Tá iarratas curtha isteach ag Máire ar an Liúntas do Chúramóirí. Déantar a cuid acmhainní ó chaipiteal a mheasúnú mar a leanas:

€20,000 + €20,000 + €10,000 = €50,000

€50,000 ÷ 2 = €25,000

€25,000 measúnaithe ag baint úsáide as an bhfoirmle thuas = €5

€5 x 2 = €10

Déantar acmhainní caipitil seachtainiúla Mhaire a mheasúnú mar €10

Acmhainní lánúine a roinnt ina dhá leath

Déanann tástáil acmhainne iniúchadh ar gach foinse ioncaim atá agat (mar shampla, ioncaim airgid thirim, fostaíocht, caipiteal agus cothabháil). Nuair a dhéantar acmhainní iomlána lánúine pósta nó lánúine atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile a ríomh, ní chuirfear ach leath den mhéid seo san áireamh.

Má fhaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Réamhscoir, Cúnamh FeirmeLiúntas Míchumais ní dhéantar bhur gcuid acmhainní a roinnt ina dhá leath ach má fhaigheann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe nó má tá sé/sí ar chúrsa FÁS nó VTOS agus má fhaigheann sé/sí liúntas ina c(h)eart féin. Tá tuilleadh eolais faoi lánúineacha inár ndoiciméad faoin tástáil acmhainne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Tástáil mhaoine
    Chun cáiliú d' íocaíocht cúnaimh shóisialaigh caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Scrúdaíonn tástáil mhaoine d'fhoinsí ioncaim go léir. Mar sin féin, ní thógtar roinnt ioncaim san áireamh agus do mhaoin á meas.
  • Tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist
    Chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Le tástáil mhaoine, scrúdaítear d’fhoinsí ioncaim ar fad. Áfach, tá ioncam nach nglactar san áireamh agus d’fhoinsí ioncaim á ríomh.
  • Cúnamh Feirme
    Scéim tacaíochta ioncaim do fheirmeoirí é Cúnamh Feirme. Faigh amach tuilleadh faoin scrúdú maoine den íocaíocht seo agus faoi na rialacha maidir le cé a cháilíonn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.