Samplaí den chaoi a ngearrtar cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Cánachas ar Shochar Máithreachais, ar Shochar Uchtaíoch agus ar Shochar Atharthachta

Má fhaigheann tú Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Atharthachta, Sochar Tuismitheora agus Sochar Sláinte agus Sábháilteachta, tá tú faoi dhliteanas cáin ioncaim a íoc. Braitheann an ráta iarbhír cánach a íocann tú ar do chúinsí pearsanta agus ar na faoisimh chánach agus na creidmheasanna cánach atá á n-éileamh agat.

Ní íocann tú an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) agus ÁSPC.

Sampla

Míníonn an sampla seo a leanas conas a ghearrtar cáin ar Shochar Máithreachais. Tá feidhm ag na rialacha céanna maidir le Sochar Uchtaíoch, Sochar Atharthachta, Sochar Tuismitheora agus Sochar Sláinte agus Sábháilteachta.

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) Sochar Máithreachais gan cáin a asbhaint. Inseoidh an RCS do na Coimisinéirí Ioncaim méid an tSochair Mháithreachais atá á fháil agat, áfach.

Má íocann tú cáin tríd an gcóras ÍMAT, laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim (nuair is féidir) do chreidmheasanna cánach bliantúla agus bandaí ráta go huathoibríoch chun cuntas a thabhairt ar an gcáin atá iníoctha ar do Shochar Máithreachais (féach tuilleadh samplaí den chaoi a ngearrtar cáin ar Shochar Máithreachais thíos).

Má tá tú féinfhostaithe agus má íocann tú do cháin tríd an gcóras féinmheasúnaithe, ba chóir duit sonraí faoi aon Sochar Máithreachais a fhaightear a chur san áireamh i do thuairisceán cánach bliantúil.

Féadfaidh tú faisnéis níos mionsonraithe a léamh ar conas a ghearrtar cáin ar Shochar Máithreachais, ar Shochar Uchtaíoch, ar Shochar Atharthachta, ar Shochar Tuismitheora, agus ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta (pdf) ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tuilleadh samplaí den chaoi a ngearrtar cáin ar Shochar Máithreachais

Má íocann tú cáin tríd an gcóras ÍMAT agus má cháilíonn tú do Shochar Máithreachais, is dócha go mbeidh tú i gceann de na 3 chatagóir seo a leanas:

1. Íocann d'fhostóir do thuarastal iomlán nó do thuarastal páirteach leat agus íoctar do Shochar Máithreachais go díreach leo.

Laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach agus banda ráta chun cuntas a thabhairt ar an gcáin atá iníoctha ar do Shochar Máithreachais, agus ar an mbealach seo baileoidh siad an cháin atá dlite. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ansin deimhniú creidmheasa cánach athbhreithnithe chuig d’fhostóir. Níor cheart do d’fhostóir cáin, MSU agus ÁSPC a asbhaint ach ar an difríocht idir an tuarastal a íoctar agus an Sochar Máithreachais.

2. Íocann d'fhostóir do thuarastal iomlán nó do thuarastal páirteach leat agus íoctar do Shochar Máithreachais go díreach leat.

Laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach agus banda ráta chun cuntas a thabhairt ar an gcáin atá iníoctha ar do Shochar Máithreachais. Níor cheart do d’fhostóir cáin, MSU agus ÁSPC a asbhaint ach ar an méid tuarastail a d’íoc siad.

3. Ní fhaigheann tú aon tuarastal agus tú ar shaoire mháithreachais agus íoctar do Shochar Máithreachais go díreach leat.

Laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach agus banda ráta chun cuntas a thabhairt ar an gcáin atá iníoctha ar do Shochar Máithreachais. Seolfaidh siad deimhniú creidmheasa cánach athbhreithnithe chuig d’fhostóir. Más Sochar Máithreachais an t-aon ioncam atá agat, is dócha nach n-íocfaidh tú ach fíorbheagán cánach nó cáin ar bith (mar is dócha go sáróidh do chreidmheasanna cánach iomlán do dhliteanas cánach iomlán).

Mura bhfuil tú i dteideal aon phá ar an ngnáthlá pá, féadfaidh tú dul i dteagmháil le d’fhostóir chun aisíocaíocht aon cháin a d’fhéadfadh a bheith dlite a iarraidh. Nó, nuair a théann tú ar ais ag obair tar éis saoire mháithreachais, is féidir aon aisíocaíocht chánach a d’fhéadfadh a bheith dlite a ríomh.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil inár gCás-Staidéar: Gearradh cánach ar Shochar Máithreachais.

Cánachas ar Shochar Breoiteachta agus ar Shochar Díobhála

Má tá tú as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht agus má fhaigheann tú (nó má fhaigheann d’fhostóir ar do shon) Sochar BreoiteachtaSochar Díobhála, Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim méid an tSochair Bhreoiteachta nó Díobhála san áireamh nuair a athróidh siad do chreidmheasanna cánach nó nuair a athbhreithneoidh siad cúrsaí cánach do chéile nó do pháirtnéara shibhialta.

Ní íocann tú ÁSPC ná MSU.

Insíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) do na Coimisinéirí Ioncaim an méid Sochar Breoiteachta nó Díobhála inchánach atá á fháil agat, agus an dáta ar thosaigh an íocaíocht. Ní insíonn an RCS do d’fhostóir an méid Sochar Breoiteachta nó Díobhála atá á fháil agat.

Cánachas ar Shochar Cuardaitheora Poist agus ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

Má oibríonn tú agus má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist (SCP), bailítear an chuid inchánach de do SCP trí do chreidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a choigeartú chun cuntas a thabhairt don cháin iníoctha.

Gearrtar cáin ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ar an mbealach céanna. Ní íocann tú ÁSPC ná MSU.

Tuilleadh faisnéise

Léigh ár leathanach faoi chánachas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Má tá ceist agat faoi do dhliteanas cánach, ba cheart duit dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh faisnéise a fháil ar chánachas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

B’fhéidir gur mhaith leat dul i dteagmháil le d’Ionad áitiúil um Fhaisnéis do Shaoránaigh, chun labhairt le hOifigeach Faisnéise.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Feabhra 2024