Iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí agus seirbhísí leasa shóisialaigh ar líne

Réamhrá

Láithreán gréasáin é MyWelfare a chuireann teacht ar fáil ar líne duit ar íocaíochtaí agus seirbhísí leasa shóisialaigh.

Is féidir leat úsáid a bhaint as MyWelfare le coinní a dhéanamh, ráitis a ordú agus iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh. Is féidir leat do shonraí teagmhála agus eile a nuashonrú freisin.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar na rudaí seo a leanas:

  • Íocaíochtaí cuardaitheora poist
  • Sochar Breoiteachta
  • Sochar Atharthachta
  • Sochar Máithreachais
  • Sochar Linbh
  • Aisíocaíochtaí ÁSPC

Má theastaíonn uait cáipéisí tacaíochta a sholáthar chun cabhrú le d’iarratas, is féidir leat iad seo a uaslódáil ar MyWelfare.

Is féidir leat:

  • Coinní a dhéanamh chun uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí nó Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil
  • Do shonraí faoi athrú ar sheoladh a nuashonrú
  • Iarraidh ar ráiteas íocaíochtaí nó ráiteas ranníocaíochtaí.
  • Éileamh cuardaitheora poist a dhúnadh
  • Iarraidh ar shaoire chuardaitheora poist
  • Eolas faoi obair agus scileanna a sheoladh chuig cásoifigeach
  • Cáilitheacht do shochar fiaclóireachta agus optúil a sheiceáil
  • Teacht ar Mheastóir Sochar Oibre
  • Teacht ar uirlis athríofa pinsin

MyGovID

Le seirbhísí ar líne MyWelfare a úsáid, tá ort cuntas MyGovID a chruthú. Seirbhís fíoraithe aitheantais shlán ar líne é MyGovId.

Ceadaíonn do chuntas MyGovID duit teacht ar réimse seirbhísí rialtais ar líne chomh maith le seirbhísí leasa shóisialaigh. Cuirfear níos mó seirbhísí leis amach anseo.

Tá dhá shaghas cuntas MyGovID ann:

  • Cuntas simplí MyGovId é cuntas bunúsach. Is féidir leat teacht ar sheirbhísí cosúil le coinní a chur in áirithe chun Uimhir PSP agus Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil agus iarraidh ar ráiteas ar do ranníocaíochtaí ÁSPC. Ní theastaíonn uait ach seoladh ríomhphoist chun clárú do chuntas bunúsach.
  • Is é is cuntas deimhnithe ná cuntas MyGovID atá níos sláine a cheadaíonn duit teacht ar na seirbhísí go léir atá ar fáil.

Conas a dhéanaim iarratas ar chuntas MyGovID?

Le do chuntas bunúsach MyGovID a chruthú, tabhair cuairt ar MyGovID.ie, iontráil do sheoladh ríomhphoist, cruthaigh pasfhocal agus cliceáil ‘Cláraigh anois’. Seolfar cód chuig do sheoladh ríomhphoist a bheidh ort a iontráil ar an scáileán chun an clárú do do chuntas bunúsach a chríochnú.

A luaithe a ghníomhachtaigh tú do chuntas MyGovID, is féidir leat logáil isteach i do chuntas bunúsach. Feicfidh tú liosta seirbhísí ar líne, seirbhísí MyWelfare san áireamh.

Is féidir leat logáil go díreach isteach in MyWelfare freisin trí úsáid a bhaint as do MyGovID.

Más mian leat uasghrádú ó chuntas bunúsach go cuntas deimhnithe MyGovId, teastaíonn an méid seo a leanas uait:

  • Uimhir PSP (féach thíos)
  • Cárta Seirbhísí Poiblí (féach thíos)
  • Guthán deimhnithe ar féidir leis glacadh le teachtaireachtaí téacs. Mura bhfuil do ghuthán deimhnithe cheana féin, is féidir leat do ghuthán a dheimhniú ar líne nó glaoch ar: 0818 927 999.

Iarrfar ort cód fíoraithe a sheoltar chuig do ghuthán póca a iontráil gach uair a thagann tú ar do chuntas deimhnithe MyGovId. Déanann an próiseas fíordheimhnithe dhá chéim seo cuntas an-slán de do chuntas.

Conas a fhaighim uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí agus Cárta Seirbhísí Poiblí?

Teastaíonn Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) uait chun iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

A luaithe a bhíonn cuntas deimhnithe agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar líne. Caithfear cuireadh a thabhairt duit iarratas a dhéanamh ar líne i gcásanna áirithe.

Cad a tharlaíonn mura mbíonn teacht agam ar an Idirlíon?

Cuireann MyWelfare bealach eile ar fáil duit chun teacht ar sheirbhísí, iarratas a dhéanamh ar shochair nó do shonraí cuardaitheora poist a leasú. Mura bhfuil teacht agat ar an idirlíon, is féidir leat leanúint le do shochair a fháil mar is gnách.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Tabhair cuairt ar MyWelfare.ie chun teacht ar sheirbhísí agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar líne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Nollaig 2022