Ag éileamh iocaíochta leasa shóisialaigh

Réamhra

Tá réimse íocaíochtaí leasa shóisialaigh ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais. Chun íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil, ní mór duit cur isteach uirthi. Go hiondúil, níl aon duine chun teacht chugat le tairiscint íocaíochta leasa shóisialaigh. Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal íocaíochta, ba chóir duit cur isteach uirthi, ach amháin má tá tú lánchinnte nach bhfuil tú incháilithe.

An chéad chéim ná a fháil amach cén íocaíochtaí a d'fhéadfá a bheith i dteideal a fháil. Tá íocaíochtaí ar fáil don lucht dífhostaithe,do theaghlaigh agus pháistí, do bhaintreacha, bhaintreacha fir agus páirtnéirí sibhialta marthanacha, do chaomhnóirí nó dhílleachta, do sheanóirí agus dhaoine scortha agus do dhaoine míchumasaithe agus a gcúramóirí. Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, féadfaidh tú bheith i dteideal sochair bhreise a fháil.

Rialacha

Chun cur isteach ar íocaíocht leasa shóisialaigh, ní mór duit an fhoirm iarratas a chomhlánú agus cáipéisíocht thacaíochta a sholáthar. Bíonn éagsúlacht sa bhfaisnéis agus sa cháipéisíocht a theastaíonn ó íocaíocht go híocaíocht. Braithfidh sé ar do chúinsí chomh maith. Ach go hiondúil, ní mór duit roinnt cáipéisíochta a chur faoi bhráid le d'fhoirm éilimh.

Má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh, nó má tá tú á fáil i láthair na huaire (lena n-áirítear Sochair Linbh), féadfaidh tú cuireadh a fháil chun clárú i gcomhair do Chárta Seirbhísí Poiblí.

Má cháilíonn tú le haghaidh íocaíocht, féadfaidh tú méadú a fháil i d'íocaíocht i gcomhair duine fásta cleithiúnach. Féadfaidh tú éileamh i gcomhair linbh chleithiúnach. Más féidir éileamh i gcomhair cleithiúnach beidh an Roinn ag iarraidh faisnéise faoi do chleithiúnaigh ar an bhfoirm iarratas.

D'fhéadfadh an Roinn tamall a chaitheamh ar an éileamh a phróiseáil. Mar chuid den phróiseas, féadfar tú a chur faoi agallamh i do bhaile nó féadfar iarraidh ort freastal ar agallamh ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.

Féadfaidh tú a bheith incháilithe le haghaidh Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh fad is atá d'éileamh á phróiseáil ag an Roinn.

Tá sé tábhachtach go ndéanann tú d'éileamh chomh luath agus a thuigeann tú go bhfuil tú i dteideal na híocaíochta. Ní mór íocaíochtaí go léir a éileamh taobh istigh de thréimhse ama shonrach. Mura n-éilíonn tú in am féadfaidh tú cailliúint ar íocaíocht. Faigh amach tuilleadh faoi éileamh déanach a dhéanamh.

I gcomhair Pinsean Stáitse (Ranníocach), Pinsean Stáitse (Neamh-Ranníocach), Pinsean Stáitse (Idirthréimhseach) agus Pinsean na nEaslán, is féidir cur isteach orthu trí mhí sula mbeidh tú i dteideal do phinsean a fháil.

Má dhiúltaítear íocaíocht leasa shóisialaigh duit nó má fhaigheann tú suim níos lú ná mar a bhí tú ag súil léi, tá 21 lá agat chun achomharc a dhéanamh leis an Roinn Gnothaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Tá eolas breise maidir le conas a dhéanann an Roinn cinntí ar éilimh in 'Tuilleadh Eolais' thíos.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit an fhoirm iarratas a chomhlánú agus an cháipéisíocht thacaíochta a sholáthar. Is féidir foirm iarratas nó foirm éilimh a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí , ó d'Ionad Intreo ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó ó d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil. Is féidir foirm iarratas a íoslódáil agus a comhlánú chomh maith ó láithreán gréasáin na Roinne. Is féidir iarratas ar líne ar sheirbhísí áirithe a dhéanamh.

Cabhróidh d'Ionad Intreo, d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil leat d'fhoirm iarratas a chomhlánú.

Má tá Teastas Breithe, Pósta nó Báis uait i gcomhair íocaíocht Árachais nó Cúnaimh Leasa Shóisialaigh, is féidir é a cheannach ar tháille laghdaithe (€0 faoi láthair) ó Oifig an Phríomh-Chláraitheora is gaire duit nó ó Oifig an Ard-Chláraitheora. Oifig Náisiúnta is ea Oifig an Ard-Chláraitheora. Is Oifigí Áitiúla iad Oifigí an Phríomh-Chláraitheora (oifig do gach Contae de ghnáth). Is eisceachtaí iad Teastais Bhreithe Páistí Uchtaithe agus Teastais Phósta do dhaoine nach Caitlicigh iad, agus níl siad ar fáil ach ó Oifig an Ard-Chláraitheora. Níos mó eolais anseo faoi Theastas Breithe, Pósta nó Báis.

De ghnáth, beidh litir ón Leasa Shóisialaigh de dhíth, mar chruthúnas go bhfuil an teastas ag teastáil ar mhaithe le gnóthaí Leasa Shóisialaigh.

Coimeádfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí na teastais ar tháille laghdaithe.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh ba chóir duit an fhoirm iarratas cheart a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte priontáilte ar chúl na foirme iarratas.

Conas a dhéantar cinntí leasa shóisialaigh

Tá Oifigigh Cinnidh fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí chun glacadh nó diúltú le héilimh a dhéantar in Éirinn le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tugtar an chumhacht na cinntí seo a dhéanamh d’Oifigigh Breithiúnachta tríd an Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 agus reachtaíocht leasa shóisialaigh roimhe seo.

Roimh duit iarratas a dhéanamh nó a éileamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh, ní mór duit an fhoirm iarratais a chomhlánú. Iarrfaidh an fhoirm iarratais ar shonraí éagsúla, mar shampla d'ainm, do sheoladh, d’uimhir PSP, d’ioncam srl. Tabharfaidh na sonraí seo cabhair don Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí d'iarratas a phróiseáil agus, má éiríonn le d’éileamh, é a íoc.

Mar chuid den phróiseas iarratais, ní mór duit doiciméadú tacaíochta a chur ar fáil freisin chun a chruthú go bhfuil an t-eolas atá tugtha agat ar an bhfoirm iarratais ceart. Mar shampla, iarrfar ort ar theastas breithe chun a chruthú gur thug tú an dáta breithe cruinn.

Ionas go mbeifeá incháilithe íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil, ní mór duit na critéir sháinithe uile a shásamh i gcomhair na híocaíochta sin. Tá critéir cháilitheacha éagsúla ag íocaíochtaí leasa shóisialaigh éagsúla. Tá an fhreagracht ort a chruthú don Roinn go bhfuil tú incháilithe an íocaíochta ar a rinne tú iarratas uirthi a fháil.

Má tá tú ag déanamh iarratais ar íocaíocht de bharr tinnis nó míchumais ní mór do do dhochtúir cuid den fhoirm iarratais a líonadh isteach. Má tá tú ag obair, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar d’fhostóir cuid den fhoirm a líonadh isteach. Braitheann an cineál faisnéise a theastaíonn ar an íocaíocht ar a dhéanann tú iarratas uirthi.

Nuair a sheolann tú d'fhoirm iarratais isteach chuig an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí measúnófar í chun a chinntiú go bhfuil sí comhlánaithe i gceart agus gur sheol tú an doiciméadú is gá ar fad le d'fhoirm iarratais. Ag an bpointe seo, is féidir leis an Roinn tuilleadh eolais a iarraidh ort nó iarraidh ort freastal ar scrúdú leighis chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe an íocaíocht ar a rinne tú iarratas uirthi a fháil. Mar shampla, má dhéanann tú iarratas ar Liúntas Míchumais is féidir iarraidh ort freastal ar scrúdú leighis. Más é seo an cás, seolfar tuarascáil an dochtúra cibé an gcomhlíonann tú na critéir leighis nó nach gcomhlíonann chuig an duine ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí atá freagrach as cinneadh a dhéanamh ar d'éileamh.

Nuair a bheidh an t-eolas ar fad atá ag teastáil ón Roinn aici, déanfaidh Oifigeach Breithiúnachta scrúdú ar d'éileamh agus glacfaidh sé/sí nó diúltóidh sé/sí le d'éileamh don íocaíocht leasa shóisialaigh ar a rinne tú iarratas uirthi. Ní mór don Oifigeach Cinnidh an dlí a fheidhmiú mar atá leagtha amach in Achtanna Leasa Shóisialaigh, Ionstraimí Reachtúla, agus Treoirlínte ábhartha na Roinne, Ciorcláin srl. agus cinneadh á dhéanamh ar d'éileamh. Má fhaomhaítear d'éileamh, cinnteoidh an tOifigeach Breithiúnachta ráta d'íocaíochta.

Ní mór d’Oifigeach Breithiúnachta a c(h)inneadh ar d'éileamh a thaifead i scríbhinn. De ghnáth, má éirigh le d'iarratas ar íocaíocht gheobhaidh tú litir ag deimhniú a leithéad. Mura éiríonn le do chinneadh, áfach, ní mór don oifigeach breithiúnachta litir a thabhairt duit ag rá go ndiúltaíodh d’éileamh agus chomh maith leis sin na cúiseanna don chinneadh seo i scríbhinn. Má bhronnadh níos lú ná an t-uasráta íocaíochta ort, ní mór duit litir a fháil a luann na cúiseanna maidir leis seo.

Tá sé úsáideach eolas a bheith agat ar an gcúis nó ar na cúiseanna gur dhiúltaigh oifigeach breithiúnachta d'éileamh nó gur bhronn sé/sí níos lú ná an t-uasráta íocaíochta ort, go háirithe más mian leat dul i gcoinne a c(h)innidh.

Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh maidir le d'éileamh is féidir leat:

Tá tuilleadh eolais faoi conas iarraidh ar achomharc ar chinntí leasa shóisialaigh ar fáil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Meán Fómhair 2021