Ag dul amach ar pinsean luath

Eolas

Ciallaíonn 'ag dul amach ar pinsean luath', má théann tú amach ar pinsean roimh 65 bliain d'aois. B'fhéidir go dtarlódh seo de bharr: go bhfuil aois sainordaithe dul amach ar pinsean san fhostaíocht ina bhfuil tú, gur roghnaigh tú féin dul amach ar pinsean luath nó b'fhéidir gur scaoileadh leat. Anois agus arís déantar cur síos ar raidhsiúlacht mar 'dul amach ar pinsean luath'. Tá daoine ann agus sé an dearcadh atá acu ná go bhfuil siad dífhostaithe de bharr gur cuireadh iachall orthu dul amach ar pinsean luath.

Sa doiciméad seo déantar cur síos ar do chuid cearta ó thaobh Liúntas Leasa Shóisialaigh, má théann tú amach ar pinsean luath agus na socraithe cuí ar cheart a dhéanamh le cinntiú go mbeidh tú i dteideal an pinsean seanaoise.

Má scaoiltear leat de bharr raidhsiúlacht, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal cnapshuim raidhsiúlachta reachtúla. Má théann tú amach ar pinsean luath, is cuma cén chúis atá taobh thiar de, tá tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist agus ar ndóigh iad seo a leanas: Liúntas Cuardaitheora Poist. Seans go mbeidh tú i dteideal réimse scéimeanna ar nós an Scéim filleadh ar obair agus an Scéim filleadh ar Oideachas.

Má théann tú amach ar pinsean luath, is cuma cén chúis atá taobh thiar de, déan cinnte de go gcoinníonn tú suas chun dáta le do chuid íocaíochta ÁSPC sa chaoi is go mbeidh tú i dteideal an Pinsean Seanaoise Cúntach.

Rialacha

Má dhéantar iomarcach thú

Má dhéantar iomarcach thú, d'fhéadfá cáiliú le haghaidh íocaíochta cnapshuime iomarcaíochta reachtúla. Is é an chnapshuim reachtúil (an modh a leagtar síos leis an dlí) an tsuim íosta a chaithfidh tú a fháil. Ar ndóigh, is féidir leat íocaíocht níos airde a idirbheartú le d'fhostóir, le tú féin nó le do cheardchumann. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi iomarcaíocht ar ár láithreán gréasáin.

Má tá tú dífhostaithe

Is Cuma má tá tú dífhostaithe nó raidhsiúil, b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) a fhad agus atá tú faoi 66 bliain d'aois. Ina dhiaidh sin b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP).

Má tá tú ag éileamh LCP nó SCP agus má tá tú 62 nó os a chionn ní cheanglaítear ort dul i ngleic leis an bpróiseas gníomhachtaithe agus ní bheidh tú faoi réir rátaí pionóis as neamh-rannpháirtíocht. Tabhair faoi deara, le cáiliú le haghaidh Sochar nó Liúntas Cuardaitheora Poist, go gcaithfidh tú a bheith ag lorg oibre i ndáiríre agus a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta lánaimseartha agus leanfaidh na coinníollacha seo d'fheidhm a bheith acu le cuardaitheoirí poist níos sine. Is féidir leat leas a bhaint as deonach tacaíochtaí (mar shampla, cláir oiliúna nó tacaíochta fostaíochta) ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Léigh níos mó inár ndoiciméad maidir le cuardaitheoirí poist níos sine.

Sochar Cuardaitheora Poist

Caithfidh tú a bheith in ann dul ag obair, ar fáil le haghaidh oibre agus go bhfuil tú dairíre ag lorg oibre.

Más rud é gur fhág tú do phost go deonach, mar shampla, dá mba rud é go ndeachaigh tú amach ar pinsean luath, b'fhéidir nach mbeidh tú i dteideal SCP go ceann 9 seachtainí. B'fhéidir go mbeidh fadhb agat freisin ina dhiaidh sin cruthú go bhfuil tú dáiríre ar fáil agus ag lorg oibre.

B'fhéidir nach mbeidh tú i dteideal JB go ceann 9 seachtainí, más rud é go bhfuil tú faoi bhun 55 bliain d'aois agus go bhfuair tú íocaíocht raidhsiúlachta níos mó ná €50,000.

Is féidir leat méid áirithe obair a dhéanamh agus fós a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist. Sula dtosaíonn tú ag obair téigh i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí le eolas a fháil ar cén tionchur a bheidh aige ort.

Tá SCP iníoctha do thréimhse 9 nó 12 mhí mar rial gineáralta. Ach mar sin féin, má tá tú idir 65 agus 66 bliain d'aois agus de ghnáth críochnaíonn íocaíochtaí UB, b'fhéidir go bhfaighfeá íocaíochtaí a fhad agus a chomhlíonann tú na riachtanais ÁSPC.

Ón 1 Eanáir 2021, más rud é go mbeidh tú 65 nó 66 bliana d’aois nuair a thiocfadh deireadh le do Shochar Cuardaitheora Poist de ghnáth, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist go dtí go mbeidh tú 67, má tá 156 ranníocaíocht ÁSPC ar a laghad agat.

Liúntas Cuardaitheora Poist

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP), má tá do chuid íocaíochtaí ar SCP úsaidte suas agat agus má tá tú faoi bhun 66 bliain d'aois nó muna bhfuil SCP ag gabhail duit de bharr nach bhfuil Cabharthach ÁSPC agat. Caithfidh tú a bheith dífhostaithe, a bheith in ann d'obair, a bheith ar fáil lena haghaidh agus a bheith ag lorg oibre. Beidh ort fiosrú maoine a dhéanamh.

Go ginearalta, níl móran seans ann go mbeidh tú i dteideal UA má tá tú ag fáil pinsean réasúnta ó iar-fhostóir.

Ag filleadh ar oideachas

B'fhéidir go mbeidh tú i dteideal ceann de na scéimeanna filleadh ar oideachas, má tá tú ag fáil íocaíochtaí dífhostaíochta le tamall anuas.

Do chearta a chosaint

Má théann tú amach ar pinsean luath agus tú díomhain, beidh cúpla bliain agat gan Cabharthach ÁSPC. Da bharr seo, beidh deacrachtaí agat a chruthú go bhfuil tú i dteideal Pinsin Rann-íocaíochta Seanaoise . Má tá tú dífhostaithe nó féinfhostaithe, ní chaithfidh tú Cabharthach ÁSPC a thabhairt suas go dáta nuair a fhaigheann tú creidmheasa nó má íocann tú go deonach as Cabharthach ÁSPC.

Creidmheasa

Faigheann tú creidmheasa árachais shóisialaigh nuair atá tú ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist. Gheobhaidh tú creidmheasa má áthraíonn tú go Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá tú ag fáil aon cheann de na Liúntas suas go dtí 65-66 bliain d'aois, níl aon rud eile uait chun do chuntas árachas shóisialaigh a choiméad.

Is féidir leat síniú do chreimheasa muna bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist de bharr gur theip ort sa bhfiosrú maoine. Go hiondúil, síníonn tú uair sa mhí.

Muna bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist de bharr go bhfuil sé ráite nach bhfuil tú ar fáil d'obair, b'fhéidir nach mbeidh tú in ann síniú do chreidmheasa ach an oiread. Más seo é an cás nó mar shampla, go bhfuil tú ag iarraidh dul amach ar pinsean thar lear go fadthéarmach nó achar ghairid, is féidir leat a bheith i do ranníocóir dheonach don árachas shóisialaigh. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí mar ranníocóir dheonach lastuigh de bhliain i ndiaidh duit dul amach ar pinsean.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Meitheamh 2020