Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige

Eolas

Soláthraíonn an scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (COLÓ) cúram agus oideachas luath-óige do leanaí atá in aois réamhscolaíochta. Is féidir le páistí COLÓ (ECCE) a thosú nuair a bhíonn siad 2 bhliain agus 8 mí d'aois agus leanann siad ar aghaidh go dtí go n-aistríonn siad chuig an mbunscoil (ar choinníoll nach bhfuil siad níos sine ná 5 bliana agus 6 mhí ag deireadh na bliana réamhscoile).

Íocann an Stát táille chaipitíochta le gach naíonra agus seirbhís cúram lae atá páirteach sa scéim. Mar chúiteamh air sin, cuireann siad seirbhísí réamhscolaíochta ar fáil saor in aisce do gach leanbh atá san aois cháilithe ar feadh líon áirithe uaireanta an chloig ar feadh líon áirithe seachtainí (Féach thíos ‘Conas a chuirtear an scéim COLÓ ar fáil’).

Ní chuireann tosnú an Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS) isteach ar ECCE. Féadfaidh tú tacaíocht airgeadais a fháil ón NCS i dtreo chostas cúram leanaí ar feadh na n-uaireanta a chaitear lasmuigh den réamhscoil. Is féidir leat níos mó a léamh ar ncs.gov.ie.

Rialacha

Raon aoise incháilithe

Ó Mheán Fómhair 2016, is féidir le leanaí tosú le COLÓ nuair a bhaineann siad 3 bliana d’aois amach agus leanúint ar aghaidh leis go dtí go n-aistrítear iad go dtí an bhunscoil (más rud é nach bhfuil siad níos aosta ná 5 bliana, 6 mhí ag deireadh na scoilbliana). Ní féidir le páistí clárú sa réamhscoil ach i mí Meán Fómhair. Níl aon phointe iontrála ann i mí Eanáir agus i mí Aibreáin.

Ó Mheán Fómhair 2018, beidh leanaí in ann tosú le COLÓ nuair a bhaineann siad 2 bhliain, 8 mí d’aois amach agus leanúint ar aghaidh leis go dtí go n-aistrítear iad go dtí an bhunscoil (más rud é nach bhfuil siad níos aosta ná 5 bliana, 6 mhí ag deireadh na scoilbliana). Ní bheidh leanaí in ann clárú sa réamhscoil ach amháin i mí Mheán Fómhair. As seo amach ní ghlacfar le pointí iontrála i mí Eanáir ná san Aibreán.

Cuireann Coistí Cúram Leanaí Éireann féilire cáilitheachta ar fáil a thaispeánann cathain is féidir le do leanbh páirt a ghlacadh sa chlár COLÓ.

Díolúintí ón riail aoise

Más rud é go bhfuil do leanbh os cionn na haoise incháilitheachta de bharr riachtanais speisialta d’fhéadfadh sé nó sí a bheith i dteideal díolúine a fháil ó uasteorainn aoise na Scéime COLÓ.

Conas a chuirtear an scéim COLÓ ar fáil

Braitheann leagan amach na n-uaireanta oideachais réamhscolaíochta saor in aisce ar an gcineál seirbhíse a bhfuil do leanbh ag freastal uirthi agus ar leagan amach seachtainiúil na seirbhíse sin. Tá cur síos le fáil ar na cineálacha seirbhíse éagsúla inár ndoiciméad faoi roghanna maidir le cúram leanaí.

Seirbhísí in aghaidh an tseisiúin

Má fhreastalaíonn do leanbh ar sheirbhís leathlae nó “seisiúnach”, ar nós naíonra, scoil Montessori nó grúpa tuismitheoir agus lapadán, is é gnáthphátrún na bliana réamhscolaíochta saor in aisce ná 3 uair an chloig in aghaidh an lae, 5 lá na seachtaine ar feadh tréimhse 38 seachtaine. Más rud é go bhfuil do leanbh ag freastal ar feadh breis agus 3 uair an chloig, gearrfar táille ort as an am breise.

Seirbhísí cúram lae

Má tá do leanbh ag freastal go lánaimseartha nó go páirtaimseartha ar sheirbhís cúram lae is é an gnáthleagan amach i gcomhair na bliana réamhscolaíochta saor in aisce ná 2 uair is 15 nóiméad in aghaidh an lae ar feadh tréimhse 50 seachtaine. Gearrfar táille ort as an am breise má tá do leanbh ag freastal ar feadh tréimhse níos faide ná sin gach lá.

I gcás tuismitheoirí nach bhfuil a leanaí ag freastal go páirtaimseartha nó go lánaimseartha ar sheirbhís ach ar feadh 3 lá sa tseachtain, féadfaidh a leithéid de sheirbhís rogha a dhéanamh trí sheisiún réamhscolaíochta saor in aisce a mhairfidh 3 uaire is 45 nóiméad a chur ar fáil ar feadh tréimhse 50 seachtaine.

Ábhar agus cáilíocht na seirbhíse

Ní mór do na seirbhísí cúram leanaí atá ag glacadh páirte sa scéim COLÓ clár oideachais réamhscolaíochta iomchuí a chur ar fáil a chloíonn le prionsabail Síolta, an chreatlach náisiúnta d’oideachas agus cúram na luath-óige. Tabharfaidh comhordaitheoirí agus foireann an Choiste Cúram Leanaí áitiúil Cathrach/Contae tacaíocht do sheirbhísí rannpháirteacha trí chuairteanna cuiditheacha a thabhairt orthu agus comhairle a sholáthar.

Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim ECCE a fháil ar láithreán gréasáin Oifig an Aire Gnóthaí Leanaí agus Óige.

Leanaí faoi riachtanais speisialta

Tugadh isteach don chéad uair Múnla um Rochtain agus Chuimsiú (MRC) ar an 25 Meitheamh 2016 le haghaidh leanaí ag tosú COLÓ i Meán Fómhair 2016. Tugann MRC tacaíocht do mhúnla páiste-lárnach, ina gcuimsítear seacht leibhéal de thacaíocht leanúnach, ó leibhéil uilíocha go leibhéil spriocdhírithe, agus iad go léir bunaithe ar riachtanais an linbh agus an tsoláthróra réamhscolaíochta. Cuireann an múnla tacaíochtaí oiriúnaithe agus praiticiúla ar fáil, bunaithe ar riachtanais.

Réimse tacaíochtaí uilíocha atá ar fáil i Leibhéil 1 – 3 den mhúnla a ndearadh chun cultúr cuimsitheach a chur chun cinn agus chun tacaíocht a thabhairt leis laistigh de réamhscoileanna trí thionscnaimh oideachasúla agus fhorbraíochta ó thaobh acmhainne de spreagadh i measc soláthróirí agus cleachtóirí. Áit a gceapann soláthróir seirbhíse réamhscolaíochta, i gcomhpháirtíocht le tuismitheoir, gur seans go bhfuil gá le tacaíochtaí breise chun freastal ar riachtanais linbh ar leith, is féidir leo iarratas a dhéanamh faoi leibhéil 4-7 den mhúnla ar chineál amháin tacaíochta spriocdhírithe, nó ar níos mó cineálacha más gá.

D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas bheith i gceist le tacaíochtaí spriocdhírithe breise: sainchúram luathóige agus comhairle agus meantóireacht oideachasúil (leibhéal 4); trealamh, gléasanna agus mionathruithe speisialaithe(leibhéal 5); tacaíochtaí teiripeacha (leibhéal 6); nó caipitíocht bhreise chun cúnamh breise a mhaoiniú sa seomra naíonra COLÓ (leibhéal 7).

Nuair a bheidh cinneadh déanta agat maidir le naíonra le haghaidh do linbh, déanfaidh do sholáthróir seirbhíse réamhscolaíochta, i gcomhpháirtíocht leatsa, measúnú maidir leis na tacaíochtaí a bheidh ag teastáil chun rannpháirtíocht do linbh sa naíonra a chinntiú.

Áit a gceaptar go bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth ar do leanbh, is féidir le do sholáthróir seirbhíse réamhscolaíochta, i gcomhpháirtíocht leatsa, iarratas a dhéanamh le haghaidh tacaíochtaí spriocdhírithe faoin MRC.

Cuireann an láithreán gréasáin MRC eolas le haghaidh Tuismitheoirí agus Ceisteanna Coitianta ar fáil maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh an Coiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae in ann eolas a thabhairt duit, chomh maith le treoir maidir leis an MRC.

Rataí

Ní ghearrtar aon táille ar thuismitheoirí i gcomhair na n-uaireanta naíonra nó cúram lae a chuirtear ar fáil faoin scéim COLÓ. Íocann an Stát an naíonra nó an tseirbhís cúram lae as na huaireanta COLÓ sin trí mheán táille caipitíochta. Má tá do leanbh ag freastal ar feadh uaireanta breise beidh ort íoc as na huaireanta sin ar an ngnáthbhealach.

Féadfaidh seirbhís costas a ghearradh ar thuismitheoirí as gníomhaíochtaí breise. Caithfidh siad sin a bheith roghnach agus caithfidh an tseirbhís gníomhaíochtaí oiriúnacha eile a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ag glacadh páirte sna gníomhaíochtaí roghnacha sin ar gá íoc astu.

Éarlaisí áirithinte

Is féidir leis an tseirbhís éarlais a éileamh uait chun áit a áirithint dod leanbh. Tá uasteorainn ar aon éarlais a éilítear uait - méad an ráta caipitíochta cuí faoi dhó - agus caithfidh an tseirbhís an t-airgead seo a aisíoc leat roimh tús mí Deireadh Fómhair sa bhliain ina thosaíonn do leanbh ag freastal ar an tseirbhís.

Rátaí caipitíochta do sholáthraithe seirbhíse

Cuirtear an táille sheachtainiúil chaipitíochta ar fáil le linn na scoilbhliana le haghaidh soláthróirí seirbhísí cúram lae agus soláthróirí seirbhísí seisiúnacha. Seans gur mbeadh naíonraí cúram lae agus naíonraí seisiúnacha a bhfuil foireann ardcháilíochtaí acu i dteideal táille chaipitíochta níos airde.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas chuig naíonra nó chuig ionad cúram lae atá rannpháirteach chun áit a fháil do do leanbh. Féadfaidh tú liosta de na seirbhísí atá páirteach sa scéim a fháil ó Choiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae do cheantair - féach ar ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Tacaíochtaí le haghaidh leanaí faoi riachtanais speisialta

Má tá tacaíocht bhreise ag teastáil ó do leanbh, is féidir le do sholáthróir réamhscolaíochta iarratas a dhéanamh, i gcomhpháirtíocht leatsa, le haghaidh tacaíochtaí spriocdhírithe faoin MRC. Déantar iarratais ar an gclár PIP (clár oibre a bhaineann le cur i bhfeidhm cláir) ar an láithreán gréasáin Pobal. Tá próiseas an iarratais ar oscailt anois agus fanfaidh sé ar oscailt i rith na bliana. Beidh cur amach ag do sholáthróir seirbhíse réamhscolaíochta ar an láithreán gréasáin Pobal agus ar an gclár PIP.

Ní féidir le seirbhís iarratas a dhéanamh gan do chomhthoiliú iomlán.

Chun comhairle agus tacaíocht a fháil ó Shainseirbhís na Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsiú), cuir glaoch ar (01) 511 7222 nó cuir ríomhphost chuig: Onlinesupport@pobal.ie

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun naíonra nó ionad cúram lae a aimsiú, déan teagmháil leis an gCoiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae is gaire duit.

Stiúrthóireacht um Chúram Leanaí

Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Teil: (01) 647 3000
Facs: (01) 647 3224
Láithreán Gréasáin: https://www.gov.ie/dcediy

MRC

Déantar iarratais ar an gclár PIP (clár oibre a bhaineann le cur i bhfeidhm cláir) ar an láithreán gréasáin Pobal. Beidh cur amach ag do sholáthróir seirbhíse réamhscolaíochta ar an láithreán gréasáin Pobal agus ar an gclár PIP.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Iúil 2021