Athruithe ar féidir tionchar a bheith acu ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh

Réamhra

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat agus má thagann athrú ar do chúinsí pearsanta, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. D'fhéadfá méadú nó laghdú a fháil i d'íocaíocht leasa shóisialaigh mar gheall ar athrú i do chúinsí pearsanta. D'fhéadfá bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise nó difriúil a fháil.

Má dhéanann tú teagmháil leis an Roinn, gheobhaidh tú d'íocaíocht níos tapúla nó seachnóidh tú aisíoc na n-íocaíochtaí iomarcaí.

Mar gheall ar athrú i do chúinsí pearsanta, d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil don chéad uair.

Mar shampla, más rud é go raibh tú ag obair agus gur chaill tú do phost le déanaí, féadann tú a bheith incháilithe i gcomhair Sochar Cuardaitheora PoistLiúntas Cuardaitheora Poist. Sa chás seo, má tá tú i gcóiríocht phríobháideach ar cíos, féadann tú bheith incháilithe chomh maith i gcomhair Fhordheontas Cíosa. Tá tuilleadh eolais faoi do phost a chailliúint anseo.

Uaireanta, tar éis athruithe i do chúinsí pearsanta ní bhíonn tú incháilithe le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh. Sa chás seo féadfaidh tú a bheith i dteideal Liúntas Leasa Forlíontach a fháil. Mar shampla, mura n-íocfaidh d'fhostóir tú agus tú tinn as obair, ach mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh Sochar Tinnis, féadfaidh tú a bheith i dteideal Liúntas Breise Leasa Shóisialaigh a fháil.

Tá tuilleadh eolais faoi Forlíonadh Cíosa agus athruithe ar do chúinsí.

Rialacha

Athruithe a cháilíonn tú i gcomhair íocaíochtaí leasa shóisialaigh breise

Mar gheall ar athrú i do chúinsí pearsanta, d'fhéadfá bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise a fháil. Cuir i gcás go bhfaigheann tú Íocaíocht do Theaghlach Aontuismitheora, agus má fhaigheann tú post 19 uair in aghaidh na seachtaine ar a laghad, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF).

Athruithe a cháilíonn tú i gcomhair íocaíocht leasa shóisialaigh difriúil

Mar gheall ar athrú i do chúinsí, féadfaidh tú a bheith docháilithe le haghaidh íocaíocht a fhaigheann tú faoi láthair ach féadfaidh tú a bheith incháilithe le aghaidh íocaíocht dhifriúil. I gcásanna áirithe, d'fhéadfá a bheith i dteideal níos mó airgid leis an íocaíocht dhifriúil. Mar shampla, ní íoctar an Liúntas Cúram Baile a thuilleadh nuair a shroicheann an duine atá faoi chúram 16 bliana d'aois. Ach is féidir leis an duine míchumasaithe cur isteach ar Liúntas Míchumais, agus íoctar é sin ag ráta níos airde ná Liúntas Cúram Baile.

Athruithe a cháilíonn tú i gcomhair íocaíocht leasa shóisialaigh laghdaithe

Má chuireann tusa nó do chéile nó do pháirtí cuid den Pinsean Stáitse (Neamh-Ranníocach) i dtaisce gach seachtain, tógfar na coigiltis seo san áireamh mar chuid de d'acmhainní. Tá sé tábhachtach an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas faoi na coigiltis seo chun íocaíocht iomarcach agus aisíoc na híocaíochta iomarcaí ina dhiaidh sin a sheachaint.

Athruithe a dhícháilíonn tú ó íocaíocht leasa shóisialaigh atá agat

Mar gheall ar athrú i do chúinsí tá seans ann nach bhfuil tú incháilithe a thuilleadh i gcomhair íocaíocht leasa shóisialaigh. Mar shampla, níl tú incháilithe an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a fháil má athphósann tú, má déanann tú páirtnéireacht shibhialta nua nó má chónaíonn tú le duine mar fhear céile agus bean chéilí.

Is cion coiriúl é íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh, má tá a fhios agat nach bhfuil tú i dteideal í a fháil.Is féidir tú a ionchúiseamh as íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh nach bhfuil ag dul duit a thuilleadh.

Athruithe a dhéantar go huathoibríoch ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh

I gcásanna áirithe, athróidh an Roinn Coimirce Sóisialaí d'íocaíocht leasa shóisialaigh go huathoibríoch chun na hathruithe i do chúinsí pearsanta a thaispeáint. Mar shampla, má tá tú íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, gheobhaidh tú méadú go huathoibríoch nuair a shroichfidh tú 80 bliain d'aois. I bhformhór na gcásanna áfach, ní mór duit dul i dteagmháil leis an Roinn Sóisialaí nuair a athraíonn do chúinsí pearsanta.

Tuilleadh Eolais

I gcásanna áirithe, má tá tú i dteideal níos mó ná íocaíocht amháin a fháil, ní mór duit an ceann is tairbhí duit a roghnú. Cuir i gcás go bhfuil tú i dteideal Sochar Tinnis a fháil, tá seans ann go mbeadh sé níos tairbhí duit Liúntas Míchumais a éileamh mar gheall ar na sochair bhreise ar nós Liúntas um Chónaí Aonair agus an Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Féadfaidh d'Ionad Intreo ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil cabhair agus comhairle a thabhairt duit maidir leis an íocaíocht leasa shóisialaigh a bhfuil tú incháilithe di agus cé acu is tairbhí duit.

Tá tuilleadh eolais anseo faoi na híocaíochtaí leasa shóisialaigh difriúla go bhféadfaidh tú a bheith i dteideal a fháil de bharr do chúinsí pearsanta:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Eanáir 2020