Ag teacht go hÉirinn chun oibriú

Réamhrá

Is féidir le saoránaigh an LEE (an AE, móide an Íoslainn, an Iorua agus Lichtenstein), an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, cónaí agus oibriú in Éirinn gan cead fostaíochta.

Más as tír lasmuigh den LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe thú, teastaíonn cead uait chun cónaí agus obair in Éirinn.

Más mian leat teacht ag obair in Éirinn, b'fhéidir go mbeidh ort:

  • Iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta
  • Iarratas a dhéanamh ar víosa chun dul isteach in Éirinn

Is féidir le roinnt daoine obair in Éirinn gan cead fostaíochta.

Rialacha inimirce In Éirinn

Más ón LEE (an AE móide an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin), an Eilvéis nó an RA thú, is féidir leat teacht go hÉirinn chun oibriú gan víosa nó cead fostaíochta. Má tá daoine muinteartha á dtabhairt leat chun cónaí in Éirinn arb as áit lasmuigh den LEE, an Eilvéis nó an RA dóibh, b’fhéidir go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa nó réamh-imréiteach chun Éire a iontráil.

Más ó áit lasmuigh den LEE, an Eilvéis nó an RA thú, ba cheart duit seiceáil an dteastaíonn víosa uait chun teacht go hÉirinn. Tá ort cur isteach ar chead fostaíochta chun oibriú in Éirinn. Is féidir le saoránaigh neamh-LEE a chónaíonn in Éirinn cheana féin agus a bhfuil saghsanna áirithe cead inimirce acu oibriú gan cead fostaíochta. Ina theannta sin, b’fhéidir nach dteastóidh cead fostaíochta uait má tá tú ag taisteal go hÉirinn le cónaí le do theaghlach. Féach ‘Stampaí inimirce agus an ceart chun oibriú’ thíos.

Saoirí oibre

Más ó cheann de na tíortha seo a leanas thú, b’fhéidir go mbeidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar Údarú Saoire Oibre trí ambasáid na hÉireann i do thír. Ceadaíonn seo duit teacht go hÉirinn chun oibriú do thréimhse áirithe agus níl sé ar fáil ach d’iarratasóirí atá faoi aois áirithe:

  • An Airgintín
  • An Astráil
  • Ceanada
  • An tSile
  • Hong Cong
  • An tSeapáin
  • An Nua-Shéalainn
  • An Chóiré Theas
  • An Téaváin
  • SAM

Nóta: Níl iarratais ar Údarú Saoire Oibre á bpróiseáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi láthair mar gheall ar COVID-19.

Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (ar a dtugtar ‘tearmann a éileamh’ freisin), is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead chun oibriú má tá tú ag feitheamh go fóill go ndéanfar an chéad chinneadh ar d’iarratas i ndiaidh 5 mhí. Tá ort iarratas a dhéanamh ar Chead Rochtana ar an Margadh Saothair.

Stampaí inimirce agus an ceart chunoibriú

Murab as an LEE, an Eilvéis agus an RA thú, caithfidh tú cead a fháil chun cónaí agus oibriú in Éirinn. Chun cead a fháil teacht go hÉirinn chun oibriú, tá ort cur isteach ar chead fostaíochta. Caithfidh tú cead fostaíochta a fháil, i bhformhór na gcásanna, sula dtagann tú go hÉirinn. Is féidir leat cur isteach ar chead fostaíochta nuair a rinneadh post a chur ar tairiscint duit. Ciallaíonn seo go bhfuil ort post a aimsiú agus cur isteach ansin ar chead fostaíochta. Nuair a bhíonn an cead fostaíochta agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht go hÉirinn (má theastaíonn víosa uait).

Ní theastaíonn cead fostaíochta ó roinnt daoine chun oibriú agus is féidir leo cead a fháil chun oibriú tríd an gcóras inimirce.

Daoine muinteartha neamh-LEE

Má tá tú ag teacht go hÉirinn chun cónaí le duine muinteartha a chónaíonn anseo cheana féin, nó má tá tú ag bogadh go hÉirinn le duine muinteartha a bhfuil ceart acu cheana féin chun oibriú in Éirinn, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta chun oibriú. Bíonn rialacha éagsúla i gceist ag brath ar shaghas an chaidrimh atá agat leis an duine muinteartha. Mar shampla, bíonn cearta níos láidre ag céilí, go ginearálta, chun teacht ag cónaí lena fir chéile nó a mná céile in Éirinn ná mar a bhíonn ag saghsanna eile caidrimh.

  • Is féidir le daoine muinteartha le saoránaigh AE/an LEE iarratas a dhéanamh ar chárta cónaithe faoi rialacháin an AE. Má éiríonn leis an iarratas, is féidir leat Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ) a fháil ar a bhfuil Stampa 4EUFAM, a bhronnann an ceart ort oibriú gan cead fostaíochta.
  • Is féidir le daoine muinteartha le saoránaigh an RA a bhogann go hÉirinn i ndiaidh an 1 Eanáir 2021 iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht agus cead chun oibriú.
  • Is féidir le daoine muinteartha le daoine ar deonaíodh stádas dídeanaí nó cosanta coimhdí orthu iarratas a dhéanamh teacht go hÉirinn trí athaontú teaghlaigh i ndiaidh dóibh iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Má éiríonn leis an iarratas, is féidir leat Stampa 4 IRP a fháil a cheadaíonn duit oibriú gan cead fostaíochta.
  • Is féidir le daoine muinteartha le sealbhóirí Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla Stampa 1G a fháil a cheadaíonn duit oibriú gan cead fostaíochta.
  • Is féidir le daoine muinteartha le saoránaigh Éireannacha iarratas a dhéanamh ar chónaí in Éirinn. Má éiríonn leis an iarratas, gheobhaidh tú Stampa 4 IRP a cheadaíonn duit oibriú gan cead fostaíochta.

Mic léinn agus céimithe idirnáisiúnta

Má tá cead agat staidéar a dhéanamh in Éirinn agus má tá CCÉ le Stampa 2 agat, is féidir leat obair páirtaimseartha a dhéanamh (20 uair an chloig) i rith téarmaí coláiste agus obair lánaimseartha a dhéanamh i rith saoirí coláiste. Ní féidir leat oibriú má tá CCÉ agat le Stampa 2A.

Is iad na tréimhsí saoire:

  • Meitheamh, Iúil agus Meán Fómhair
  • Ón 15 Nollaig go dtí an 15 Eanáir

Má bhaineann tú cáilíocht amach ó choláiste nó ollscoil Éireannach ar leibhéal 8 nó os a chionn (leibhéal céim onóracha nó os a chionn), b’fhéidir go mbeidh tú in ann cur isteach ar an Scéim Céimithe Tríú Leibhéal. Is féidir leat cárta CCÉ le Stampa 1G a fháil a cheadaíonn duit oibriú gan cead fostaíochta d’fhad na scéime.

Daoine a bhfuil Stampa 4 acu

Má tá CCÉ le Stampa 4 agat, is féidir leat oibriú gan cead fostaíochta. Faigheann tú Stampa 4 má tugadh cead duit cónaí in Éirinn:

  • Mar dhídeanaí, i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta
  • Le cosaint choimhdeach, i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta
  • Le cead chun fanacht, i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta
  • Mar an gcéile, páirtnéir nó duine muinteartha cleithiúnach le saoránach Éireannach
  • Mar thuismitheoir leanbh saoránaigh Éireannaigh
  • Mar dhuine muinteartha le saoránach an LEE
  • Mar gheall go bhfuil cónaitheacht fhadtéarmach agat
  • I ndiaidh achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a rinneadh chun thú a dhíbirt (faoi Alt 3 den Acht Inimirce, 1999)

B’fhéidir go bhfaighidh tú Stampa 4 ar chúis eile nach liostaítear thuas freisin.

Conas obair a aimsiú

Más mian leat teacht go hÉirinn chun oibriú, tá ort post a aimsiú sular féidir leat cur isteach ar chead fostaíochta. Tá roinnt saghsanna éagsúla cead fostaíochta ann, ag brath ar an saghas oibre atá tú cáilithe a dhéanamh.

Is féidir leat obair a aimsiú ar roinnt bealaí:

  • Ar líne ag láithreáin ghréasáin cosúil le JobsIreland. Tá roinnt gníomhaireachtaí earcaíochta príobháideacha ar líne ann
  • Sna meáin shóisialta
  • Ar láithreáin ghréasáin chuideachta

Is féidir leat níos mó a léamh faoi obair a lorg in Éirinn.

B’fhéidir go mbeidh ort aitheantas a fháil ar do cháilíochtaí gairmiúla in Éirinn.

Údarú d’Agallamh Poist Ardoilte: Má thugtar cuireadh duit teacht go hÉirinn chun freastal ar agallamh poist ar Liosta na nGairmeacha Ardoilte, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Údarú d’Agallamh Poist Ardoilte. Ceadaíonn seo duit fanacht in Éirinn ar feadh fad uasta 90 lá.

Áit éigin le cónaí ann aaimsiú

B’fhéidir go dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil costas ard ar chónaí in Éirinn. Ba cheart duit súil a chaitheamh ar láithreáin ghréasáin chóiríochta cosúil le Daft.ie agus MyHome.ie lena dheimhniú cé mhéid a bheidh ort a íoc as cíos, agus cé mhéid a chosnaíonn sé áit a cheannach le cónaí ann.

Tá tithíocht shóisialta ar fáil, ach féadfaidh sé tamall fada a ghlacadh sula ndéanfaidh údarás áitiúil nó comhlacht tithíochta deonach áit éigin le cónaí ann a chur ar tairiscint duit.

Cónaíonn roinnt daoine lasmuigh de na príomhchathracha agus déanann siad comaitéireacht chuig an obair.

Eolas faoi oibriú in Éirinn

Íoctar pá íosta in Éirinn agus tá go leor dlíthe chun oibrithe a chosaint ann.

Má chailleann tú do phost nó má éiríonn tú breoite agus mura féidir leat oibriú, b’fhéidir go mbeidh tú in ann íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil.

Má tá leanaí agat, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar Shochar Linbh chun cabhrú leat íoc as na costais bhreise a bhaineann le leanaí a thógáil aníos.

Tá an bhunscoil agus an mheánscoil saor in aisce in Éirinn. Cistíonn an Stát oideachas tríú leibhéal, ach is gnách go mbíonn ort roinnt táillí a íoc as freastal ar thríú leibhéal.

Is í an aois scoir 66 bliain i measc fear agus ban.

Eolas breise agus teagmhálaithe

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi:

  • Ag Filleadh ar Éirinn
  • Riachtanais víosa chun Éire a iontráil
  • Córas leasa shóisialaigh na hÉireann
  • Cearta fostaíochta in Éirinn
  • Ceadanna fostaíochta

An Roinn Fiontar Trádála agua Fostaíochta

Rannóg Ceadanna Fostaíochta

Ionad Phort an Iarla
bóthar níos ísle
Baile Átha Cliath 2
D02 PW01
Éire

Uaireanta Oscailte: Líne Chabhrach: Luan go hAoine 9:30rn - 5ir
Teil: +353 1 417 5333
Lóghlao: 0818 808 090
Facs: +353 1 631 3268
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2022