Ag teacht ón AE/LEE chun oibriú

Réamhrá

Mar shaoránach AE, is féidir leat teacht go hÉirinn chun obair a chuardach, agus is féidir leat glacadh le fostaíocht nó féinfhostaíocht gan cead fostaíochta a bheith ag teastáil uait. Baineann sé seo freisin le saoránaigh an Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (LEE) agus leis an Eilvéis.

Is limistéir saorthrádála agus saorghluaiseachta daoine é an EEA comhdhéanta de bhallstáit an AE, chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.

Is féidir le saoránaigh an RA cónaí agus oibriú in Éirinn mar chuid den Chomhlimistéar Taistil.

Cearta cónaithe duit féin agus dodo theaghlach

Is féidir le saoránaigh an AE, an LEE agus na hEilvéise taisteal go hÉireann gan víosa. Ní mór pas nó carta aitheantais náisiúnta a bheith agat chun teacht isteach in Éirinn. Níl Éire mar chuid de Limistéar Schengen.

Is féidir leat fanacht in Éirinn ar feadh a fhaide le 6 mhí chun obair a chuardach. Ní gá duit clárú le Soláthar Seirbhíse Inimirce (údaráis inimirce na hÉireann). Murar aimsigh tú obair i ndiaidh 6 mhí, is féidir leat fanacht in Éirinn más féidir leat tacú leat féin. Níl tú i dteideal cúnamh leasa shóisialaigh a fháil fad a bhíonn post á chuardach agat.

Mar sin féin, má bhí íocaíocht dífhostaíochta á fáil agat i dtír eile de chuid an AE/LEE, b'fhéidir go mbeifeá in ann leanúint leis an íocaíocht seo a fháil leat. Ba cheart duit iarraidh ar fhoirm U2 ón tír a íocann tú sula dtagann tú go hÉirinn.

Is féidir leat fanacht in Éirinn ar feadh breis agus 6 mhí sna cásanna seo a leanas:

Tá tú fostaithe nó féinfhostaithe

Tá dóthain acmhainní agat chun tacú leat féin agus le do chleithiúnaithe

Is mac léinn thú, tá dóthain acmhainní agat chun tacú leat féin, agus tá árachas sláinte cuimsitheach agat

Do theaghlach

Is féidir le do dhaoine muinteartha, ar saoránaigh an AE, an LEE, an RA nó na hEilvéise iad, cónaí leat in Éirinn.

Má tá daoine muinteartha agat ó áiteanna lasmuigh den AE, an LEE, an RA nó an Eilvéis, caithfidh siad cur isteach ar chónaí. Más ó thír iad a dteastaíonn víosa chun Éire a iontráil uathu, caithfidh siad cur isteach ar víosa sula dtaistealaíonn siad go hÉirinn. Má tá cárta cónaithe ag an duine muinteartha a d’eisigh tír eile an LEE tír faoi dhlí an AE, is féidir leo Éire a iontráil gan víosa.

Ag Filleadh ar Éirinn

Tá eolas inár mír ‘Ag Filleadh ar Éirinn’ ar chearta agus teidlíochtaí atá ag saoránaigh Éireannacha atá ag filleadh ar Éirinn.

An ceart atá agat go gcaithfear gocothrom leat

Tá an ceart agat go gcaithfear leat ar an mbealach céanna a chaitear le saoránaigh Éireannacha agus níor cheart idirdhealú a dhéanamh i d’aghaidh mar gheall nach saoránach Éireannach thú. Ciallaíonn seo gur cheart go mbeadh na cearta céanna agat atá ag oibrí Éireannach maidir leis na rudaí seo a leanas:

Cearta oibre agus dálaí oibre

Conas a ghearrtar cáin ort

Ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC)

Rochtain ar oiliúint

Ballraíocht de cheardchumainn

Teacht ar oideachas (scoileanna do do leanaí san áireamh)

Teacht ar chúram sláinte

Obair a chuardach

Is féidir leat obair a aimsiú ar roinnt bealaí:

Ar líne ag láithreáin ghréasáin cosúil le JobsIreland. Tá roinnt gníomhaireachtaí earcaíochta príobháideacha ar líne ann

Sna meáin shóisialta

Ar láithreáin ghréasáin chuideachta

Is féidir leat níos mó a léamh faoi obair a lorg in Éirinn.

B’fhéidir go mbeidh ort aitheantas a fháil ar do cháilíochtaí gairmiúla in Éirinn.

Slándáil shóisialach agus cáin

Nuair a dhéantar post a thairiscint duit, nó más maith leat do ghnólacht féin a thosú, beidh ort Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP) a fháil. Caithfidh tú clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim freisin. Faigh tuilleadh eolais faoi obair a thosú in Éirinn.

Mar fhostaí, déanfaidh d’fhostóir asbhaintí ó do phá chun cáin agus árachas sóisialach a íoc. Braitheann an méid a íocann tú ar do thuarastal agus do chúinsí (mar shampla, má tá tú pósta). Caithfidh d’fhostóir duillín pá a thabhairt duit, ina leagfar amach na hasbhaintí seo:

ÍMAT: Íoc Mar a Thuillir – is cáin ioncaim é seo

MSU: Muirear Sóisialta Uilíoch – is cáin eile é seo

ÁSPC: Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa – is árachas sóisialach é seo

Ranníoctar ÁSPC le do phinsean, agus má dhífhostaítear thú nó má thagann breoiteacht ort, b’fhéidir go mbeidh tú in ann íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC. Is féidir leat do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a d’íoc tú i dtír eile an LEE a chur san áireamh chun cáiliú do shochair Éireannacha.

Má tá tú féinfhostaithe, caithfidh tú do chánacha féin agus d’árachas sóisialach féin a íoc trí thuairisceán cánach bliantúil a dhéanamh.

Sochair teaghlaigh

Is féidir leat sochair teaghlaigh a éileamh do do leanaí cleithiúnacha fad a bhíonn tú fostaithe agus féinfhostaithe in Éirinn. Áirítear leis seo leanaí a leanann ag cónaí i dtír eile an AE/an LEE.

Is féidir leat leanúint leis na híocaíochtaí seo a fháil ar feadh tréimhse má chailleann tú do phost nó mura féidir leat oibriú mar gheall ar bhreoiteacht nó éagumas.

Faigh tuilleadh eolais faoi oibrithe imirceacha agus dífhostaíocht.

Cearta fostaíochta

Tá roinnt cearta tábhachtacha ag oibrithe in Éirinn. Áirítear leo seo:

Pá íosta

Tréimhsí scíthe agus sosanna

Saoire bhliantúil

Sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre

Téarmaí fostaíochta scríofa

Comhionannas san ionad oibre

Saoirí poiblí

Dlíthe maidir le dífhostú éagórach

Iomarcaíocht

Saoire theaghlaigh, saoire mháithreachais agus saoire atharthachta san áireamh


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Lúnasa 2021