Ag teacht go hÉirinn ón Úcráin

Réamhrá

Tá faisnéis ar an leathanach seo do dhaoine a bhfuil teaghlach acu san Úcráin, nó do dhaoine san Úcráin a bhfuil sé ar intinn acu taisteal go hÉirinn, nó a tháinig anseo le déanaí.

Is féidir leat léamh freisin faoi thacaíochtaí d’Úcránaigh in Éirinn agus faoi thacaíochtaí leasa shóisialaigh do theifigh ón Úcráin.

Is féidir leat Google Translate a úsáid chun an leathanach seo a léamh i Úcráinis nó i dteanga eile (tabhair ar aird go n-úsáideann sé seo aistriúchán meaisín agus b'fhéidir nach aistriúchán iomlán cruinn é ar an leathanach).

Víosaí

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÚcráine chun taisteal go hÉirinn. Ní theastaíonn cruthúnas uait ach an oiread go bhfuil vacsaín COVID-19 faighte agat, agus ní gá duit tástáil COVID-19 a dhéanamh sula dtagann tú.

Mura bhfuil pas reatha agat, is féidir leat foirm aitheantais eile a úsáid chun taisteal go hÉirinn (mar shampla, cárta aitheantais náisiúnta, pas atá imithe in éag nó teastas breithe). Tá iarrtha ag Rialtas na hÉireann ar aerlínte glacadh leis na cáipéisí seo.

Má tá tú ag taisteal le daoine muinteartha nach saoránaigh de chuid na hÚcráine iad, d'fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil uathu chun teacht go hÉirinn.

Is féidir leat ceisteanna coitianta a léamh ó údarás inimirce na hÉireann, ar a dtugtar Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD), le haghaidh faisnéise faoi víosaí agus inimirce.

Tá eolas ag Comhairle Dídeanaithe na hÉireann chomh maith ar theacht go hÉirinn in Úcráinis.

Nuair a shroicheann tú Éire

Nuair a shroicheann tú Éire, ba cheart duit labhairt le hoifigeach inimirce (ag Rialú Pasanna). Is féidir thú a thabhairt chuig Lárionad Comhdhála Iarthar na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chosaint Shealadach faoin Treoir um Chosaint Shealadach, agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP, ar gá duit iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí.

Má thagann tú chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath nó Calafort Bhaile Átha Cliath, agus mura bhfuil lóistín ar fáil láithreach, cuirfear tacaíocht ar fáil duit ó eagraíocht neamhrialtasach (ENR).

Má thagann tú go Calafort Ros Láir, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chosaint Shealadach san áis fáiltithe sa Chalafort.

Níl litir um chead cosanta sealadach faighte agam

Má shroich tú Aerfort Bhaile Átha Cliath roimh 9 Márta 2022 (nuair a thosaigh litreacha ceada a eisiúint) nó má tháinig tú isteach i gcalafort iontrála eile sa Stát, is féidir leat do litir cheada a fháil ach cuairt a thabhairt ar cheann de na hionaid seo:

  • Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach, Teach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath, D24 A38Y
  • Ionad PSC Chathair Chorcaí agus UPSP, Urlár na Talún, Sráid Hanover, Corcaigh, T12 PX62
  • Ionad Intreo Luimnigh, Sráid San Doiminic, Luimneach, V94 X327

Mura féidir leat taisteal chuig ionad, is féidir leat ríomh-phost a chur chuig ukrainesupportmailbox@justice.ie chun iarracht a dhéanamh socruithe eile a dhéanamh chun do litir cheada a fháil.

Cead Cónaitheach na hÉireann

Déantar do chead cosanta sealadach a shíneadh go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2025. Tá tús curtha ag an Roinn Dlí agus Cirt ag eisiúint cártaí Cead Cónaitheach Éireannach (IRP) do thairbhithe Threoir an AE um Chosaint Shealadach.

Leas sóisialach

Nuair a thagann tú go hÉirinn is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ar thacaíocht ioncaim. Is íocaíocht sheachtainiúil leasa shóisialaigh í seo duitse agus d’aon chleithiúnaithe (mar shampla, leanaí) a d’fhéadfadh a bheith agat.

Teastaíonn Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP) uait chun aon íocaíocht leasa shóisialaigh Éireannach a fháil. Má thagann tú go hAerfort Bhaile Átha Cliath, agus má thugtar chuig Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach thú i mBaile Átha Cliath, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar d’uimhir PSP ansin agus na foirmeacha a theastaíonn uait a fháil chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ioncaim. Mura bhfuil spás ar fáil in Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach, cuirfear tacaíocht ar fáil duit trí ENR san aerfort.

Murar tháinig tú trí Aerfort Bhaile Átha Cliath nó má tá tú in Éirinn cheana féin, ba chóir duit dul chuig d’ionad áitiúil Intreo nó oifig bhrainse an RCS, chun iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi thacaíocht ioncaim a fháil ar ár leathanach ar thacaíochtaí leasa shóisialaigh do theifigh ón Úcráin.

Má tá tacaíocht ioncaim á fháil agat agus má tá sé ar intinn agat Éire a fhágáil, ba chóir duit insint do d’Ionad Intreo áitiúil nó d’oifig brainse RCS sula dtaistealaíonn tú.

Lóistín agus tithíocht

Tá ganntanas lóistín ann, agus braitheann an cineál áite a chuirfear ar fáil duit ar a bhfuil ar fáil ag an am sin. B’fhéidir go mbeidh ort fanacht in ionad pobail, páirc spóirt nó i gcóiríocht pubaill ar feadh tréimhse. I gcásanna áirithe, b’fhéidir nach bhfaighidh tú áit ar bith le fanacht, go háirithe má tá tú i d’aonar.

Má fhanann tú i gcóiríocht ina gcuirtear bia ar fáil, caithfidh tú ranníocaíocht €10 in aghaidh an lae a íoc do dhaoine fásta, agus €5 in aghaidh an lae do gach leanbh. Ní gá duit íoc as do chéad 2 sheachtain. Má dhiúltaíonn tú íocaíocht a dhéanamh, d’fhéadfaí iarraidh ort imeacht.

Má dhiúltaíonn tú tairiscint lóistín amháin, ní bhfaighidh tú a thuilleadh tairiscintí. Is féidir leat ceisteanna coitianta faoi chóiríocht IPAS (pdf) a léamh.

Ní cheadófar asláithreacht ghearrthéarmach ó chóiríocht IPAS ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Ní mór iarratais ar neamhláithreacht a chur isteach roimh ré agus déantar cinneadh orthu ar bhonn cás ar chás. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi neamhláithreachtaí ó chóiríocht ghearrthéarmach IPAS. Ligeann polasaí neamhláithreachta na Nollag 2023 duit a bheith as láthair ó do chóiríocht, ó 22 Nollaig 2023 go 8 Eanáir 2024, gan iarratas neamhláithreachta a dhéanamh. Mura bhfilleann tú faoin 8 Eanáir 2024, tá an baol ann go gcaillfidh tú do chóiríocht.

Conas iarratas a dhéanamh ar lóistín

Ba cheart duit a rá le hoifigigh inimirce go dteastaíonn áit chónaithe uait nuair a thagann tú go hÉirinn agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig Foireann Cóiríochta Sealadach Géarchéime an Úcráin (UCTAT) de chuid an Rialtais thú.

Mura bhfuil áit uait le fanacht láithreach (toisc go bhfuil tú ag fanacht le teaghlach nó le cairde), is féidir leat an cúnamh seo a iarraidh am ar bith níos déanaí.

Má tá lóistín uait agus tú in Éirinn cheana féin, is féidir leat ríomh-phost a chur chuig krainetempaccom@equality.gov.ie. Seans go mbeidh ort fanacht go dtí go mbeidh lóistín ar fáil.

Cuir an fhaisnéis seo a leanas san áireamh i do ríomh-phost:

  • Ainm iomlán aon duine a bhfuil lóistín de dhíth air/uirthi
  • Dátaí breithe
  • Uimhir ghutháin
  • Cá bhfuil tú anois (an seoladh iomlán má tá ceann agat)
  • Nuair a bheidh an lóistín uait (mar shampla, ón oíche anocht)
  • Coinníollacha leighis, míchumais, ailléirgí agus riachtanais chothaithe

Íocaíocht do dhaoine a sholáthraíonn lóistín

Má tá cóiríocht á cur ar fáil agat do theifigh ón Úcráin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta (ÍAC) míosúil de €800 in aghaidh na réadmhaoine. Ní mór duit gealltanas a thabhairt do chóiríocht a sholáthar ar feadh 6 mhí ar a laghad. Soláthraíonn Ag Cabhrú le hÓstaigh na hÉireann tacaíocht agus faisnéis phraiticiúil faoi chóiríocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin.

Cúram sláinte agus cártaíleighis

Is í seirbhís cúram sláinte poiblí na hÉireann a sholáthraíonn seirbhísí sláinte in Éirinn - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Is féidir leat na seirbhísí cúram sláinte poiblí céanna a fháil agus a fhaigheann daoine a chónaíonn in Éirinn.

Tá gach duine a thagann go hÉirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach i dteideal cárta leighis a fháil freisin. Ceadaíonn cárta leighis duit cuairt a thabhairt ar dhochtúir saor in aisce, rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte eile agus cógais a fháil ar phraghas laghdaithe. Ní mór do leanaí atá os cionn 16 bliana d'aois iarratas ar chárta leighis a dhéanamh astu féin.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar do chárta leighis ag baint úsáide as foirm iarratais ar chárta leighis speisialta (pdf) do dhaoine ón Úcráin. Is féidir leat d'fhoirm chomhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig PCRS.Applications @HSE.ie nó tríd an bpost chuig an seoladh ar an bhfoirm.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar línefreisin. Ba chóir duit a rá gur dídeanaí thú ón Úcráin sa chuid tráchta de d'iarratas ar líne.

Teastaíonn na nithe seo a leanas uait:

  • D'ainm, do sheoladh reatha agus do dháta breithe.
  • D'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) (féach thuas).
  • Seoladh, stampa agus síniú do dhochtúra (GP).

I gceann 9 mí, beidh ort iarratas iomlán a dhéanamh ar chárta leighis. Cuimseoidh sé seo measúnú airgeadais nó tástáil acmhainneiomlán.

I measc na seirbhísí sláinte is féidir leat a fháil tá:

  • Dochtúirí teaghlaigh - ar a dtugtar liachleachtóirí ginearálta (GP) chomh maith
  • Altraí
  • Seirbhísí cúraim phobail - mar shampla, fisiteiripe, teiripe urlabhra
  • Seirbhísí ospidéil nó éigeandála
  • Seirbhísí sláinte leanaí
  • Seirbhísí meabhairshláinte
  • Seirbhísí míchumais
  • Seirbhísí toirchis
  • Seirbhísí do dhaoine aosta

Mura bhfuil Béarla agat, is féidir leat ateangaire a iarraidh.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chártaí leighis.

Is féidir leat faisnéis faoi sheirbhísí cúraim sláinte in Éirinn a fháil ó láithreán gréasáin FSS. Is féidir leat léamh freisin faoi chóras sláinte na hÉireann in Úcráinis (pdf) agus i Rúisis(pdf).

Vacsaíní in Éirinn

Cuidíonn vacsaínithe leat féin agus do leanaí a chosaint ar ghalair thógálacha inchoiscthe. Tá go leor vacsaínithe saor in aisce in Éirinn. Is féidir leat faisnéis a léamh faoi na vacsaíní atá ar fáil duit féin agus do do leanaí ó FSS in Úcráinis, Rúisis agus Béarla.

Ag obair in Éirinn

Tá sé de cheart agat oibriú in Éirinn nuair a bhíonn do litir cheada agat ag deimhniú gur bronnadh Cosaint Shealadach ort faoi Threoir an AE. Is féidir leat oibriú duit féin (féinfhostaíocht) freisin agus is féidir leat rochtain a fháil ar ghairmoiliúint in Éirinn.

Cabhrú le hobair a aimsiú

Caithfidh aon duine ar Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith ar fáil d’obair lánaimseartha agus á lorg. Is féidir leat a bheith ag obair go páirtaimseartha ach ba chóir duit leanúint ar aghaidh ag lorg obair lánaimseartha.

Is féidir leat cuidiú le hobair a fháil ó sheirbhísí fostaíochta Intreo.

Is féidir leat:

  • Labhair le hOifigeach Tacaíochta Fostaíochta ag d’ionad áitiúil Intreo nó oifig bhrainse
  • Téigh chuig imeacht tacaíochta fostaíochta atá á eagrú in aice leat d'Úcránaigh. Ba cheart duit cuireadh a fháil, ach is féidir leat freastal gan ceann.
  • Aimsigh folúntais agus cuir isteach ar phoist ag baint úsáid as an suíomh Gréasáin um poist ar líne www.jobsireland.ie – tá faisnéis ar fáil in Úcráinis agus i Rúisis

Do thacaíocht ioncaim nuair a thosaíonn tú ag obair

Féadfaidh tú oibriú agus Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Mar sin féin, ní féidir leat ach líon áirithe laethanta a oibriú agus caithfidh d’ioncam a bheith faoi mhéid áirithe.

Bain úsáid as an áireamhán ar líne chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag obair go páirtaimseartha ar d’íocaíocht tacaíochta ioncaim a sheiceáil.

Nuair a thosaíonn tú ag obair go páirtaimseartha nó go lánaimseartha ní mór duit dul i dteagmháil le d’Oifig Intreo áitiúil chun a chur in iúl dóibh go bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí.

Tá tuilleadh faisnéise ag an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi oibriú in Éirinn san Úcráinis agus sa Rúisis.

Do chearta fostaíochta

Léigh tuilleadh faoi do chearta fostaíochta agus tú ag teacht go hÉirinn ón Úcráin. Tá faisnéis ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) ar dhlí na fostaíochta san Úcráinis (pdf) agus sa Rúisis (pdf).

Gairmeacha

Ní mór duit clárú agus aitheantas a thabhairt do do cháilíochtaí chun oibriú i ngairmeacha áirithe. Mar shampla, ní mór duit clárú le Comhairle na nDochtúirí Leighis chun oibriú mar dhochtúir.

Tá próiseas ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun ligean do mhúinteoirí a cháiligh san Úcráin clárú agus múineadh in Éirinn.


Airgead agus cáin

Teastaíonn aitheantas uait chun cuntas bainc a oscailt. Tá treoir san Úcráinis maidir le cuntas bainc a oscailt mura bhfuil an t-aitheantas caighdeánach (pdf) agat.

faisnéis ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi na cánacha a íocann tú mar oibrí san Úcráinis agus sa Rúisis.

Má tháinig tú go hÉirinn mar gheall ar an gcogadh ach leanann tú ag obair go cianda do d’fhostóir Úcráinis, ní gá duit cáin ioncaim Éireannach a íoc ar ioncam a fhaigheann tú ón bhfostóir i 2022, 2023 nó 2024. Léigh tuilleadh faoi cháin agus oibriú go cianda do d’fhostóir Úcráinis.

Cúram leanaí

Is clár réamhscoile saor in aisce é an clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ) do gach leanbh incháilithe sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. Caithfidh do leanbh a bheith idir 2 bhliain agus 8 mí sa Mheán Fómhair a thosaíonn an téarma COLÓ. Ní féidir leo a bheith níos sine ná 5 bliana agus 6 mhí faoi dheireadh an téarma COLÓ i mí an Mheithimh. De ghnáth cuirtear COLÓ ar fáil ar feadh 3 huaire sa lá, 5 lá na seachtaine i rith na scoilbhliana.

Tá 2 chineál fóirdheontais ag an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí do leanaí atá os cionn 6 mhí d’aois:

  • Fóirdheontas uilíoch do leanaí faoi 15 bliana d’aois. Ní dhéantar tástáil acmhainne air.
  • Fóirdheontas measúnaithe ioncaim do leanaí suas go 15 bliana d’aois. Déantar tástáil acmhainne air.

Is féidir le tuismitheoirí faisnéis a fháil ar chúram leanaí lena n-áirítear tacaíochtaí do leanaí faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar chúram leanaí agus treoir maidir le cúram leanaí in Éirinn.

Oideachas

Conas is féidir liom mo leanbh a chlárú ar scoil?

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le do scoil áitiúil nó leis na Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga (FROAT) chun cabhrú leat do leanbh a chlárú ar scoil.

Is féidir le Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla cabhrú leat freisin scoil a aimsiú do do leanbh.

Is féidir leat léamh faoi conas do leanbh a chlárú i:

Is féidir le tuismitheoirí a bhfuil leanbh acu atá ag tosú sa bhunscoil faisnéis a fháil in Úcráinis agus i Rúisis. Is féidir leat faisnéis a fháil san Úcráinis agus sa Rúisis ar luathchúram leanaí, ar an mbunscoil agus ar an Idirbhliain sa mheánscoil.

Iompar Scoile

seirbhísí iompair scoile ar fáil do mhic léinn ón Úcráin ar an mbonn céanna le leanaí in Éirinn. Ní bheidh aon táille ar an tseirbhís má tá suíocháin ar fáil.

Má tá tú:

  • I do chónaí le teaghlach ósta, i do chóiríocht féin nó i gcóiríocht phríobháideach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne. Is féidir leat an fhoirm a fháil i mBéarla, in Úcráinis agus i Rúisis
  • Ag cónaí in ionad cóiríochta, ba chóir do phríomhoide scoile do linbh iarratas a dhéanamh ar iompar scoile agus an fhoirm a sheoladh ar ais chuig REALT.

Má bhogann tú go lóistín nua beidh iarratas nua ag teastáil.

Déan teagmháil le Transportapplications@education.gov.ie nó glao 057 932 5467 chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi iompar scoile.

Breisoideachas agus ardoideachas

Iarratais ar an gcoláiste agus ar an ollscoil

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar áit in Institiúid Ardoideachais (IAO) tríd an Lár-Oifig Iontrála (LOI). Beidh ort a dheimhniú an bhfuil d’iarratas bunaithe ar do thorthaí Ardteistiméireachta. Seachas sin, beidh d’iarratas bunaithe ar do thaifid acadúla mar theastas inniúlachta Béarla nó trialacha scoile Úcráinise a chuirfidh tú i láthair d’Institiúidí Ardoideachais aonair.

Tacaíochtaí airgeadais

Más mian leat freastal ar choláiste nó ollscoil agus mura gcáilíonn tú do dheontas mac léinn nó don Scéim Táillí In Aisce, féadfaidh tú an Scéim Táillí Teagaisc Sealadacha agus stipinn airgeadais a fháil. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar gov.ie/ukraine.

Tá treoir ag Cumann Ollscoileanna Éireann maidir le tacaíochtaí d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe ón Úcráin.

Breisoideachas

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna a sholáthraíonn Boird Oideachais agus Oiliúna ar fud na hÉireann. Tá na cúrsaí saor in aisce nó tá táille íseal orthu. Is féidir leat roghanna cúrsa a fháil ar shuíomh Gréasáin FETCH.

Sparánacht PLC

Más mian leat freastal ar chúrsa PLC, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Sparánachta PLC do Dhaoine Easáitithe (Úcráin) 2023-2024.

Tá an Sparánacht oscailte do mhic léinn atá ag tosú sa chéad bhliain de chúrsa ceadaithe PLC nó ag dul ar aghaidh go dtí an dara bliain de chúrsa faofa 2 bhliain.

Cáilíochtaí ón Úcráin

Tá faisnéis (san Úcráinis) ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann faoina seirbhís aitheantais cáilíochtaí. Cabhraíonn an treoir seo leat úsáid a bhaint as seirbhís aitheantais cáilíochtaí eachtracha an QQI (NARIC).

Peataí, tiomáint agussaincheisteanna eile

An féidir liom mo pheata a thabhairt go hÉirinn?

Ó 21 Samhain 2022, má thugann tú peataí ón Úcráin go hÉirinn, ní mór duit na ceanglais go léir a chomhlíonadh maidir le peataí a thagann isteach go hÉirinn ó lasmuigh den AE/LEE. Níl rialacha speisialta ann a thuilleadh do dhaoine a thagann ón Úcráin nó ón Rúis.

Mura bhfuil do pheata comhlíonta go hiomlán, cuirfear i gcoraintín é. Caithfidh tú íoc as an gcoraintín ag ráta €15 in aghaidh na hoíche agus táille iompair bhreise €25.

An féidir liom tiomáint in Éirinn?

Is féidir leat tiomáint ar do cheadúnas tiomána Úcráinis agus tú in Éirinn faoi chosaint shealadach. Ní féidir leat do cheadúnas Úcráinis a mhalartú ar cheadúnas tiomána Éireannach a thuilleadh.

Má tá do cheadúnas tiomána Úcránach malartuithe agat cheana féin ar cheadúnas Éireannach, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag tiomáint ar do cheadúnas Éireannach ar feadh bliana ón dáta a eisíodh é.

Má tá do cheadúnas tiomána Úcránach malartaithe agat cheana féin agus gur mhaith leat é a chur ar ais chugat, seol do cheadúnas Éireannach chuig an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána, Bosca Poist 858, Oifig Sheachadta an Taobh Theas, Corcaigh. Ní mór duit litir i mBéarla a chur isteach ag rá gur mhaith leat do cheadúnas Úcráinis a thabhairt ar ais. Caithfidh tú do sheoladh Éireannach agus uimhir theileafóin a chur san áireamh freisin.

Is féidir leat tuilleadh a léamh sna ceisteanna coitianta d’úsáideoirí bóithre na hÚcráine (pdf) ar shuíomh Gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Is féidir leat ríomh-phost a sheoladh i mBéarla freisin chuig Ukrainelicence@ndls.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Ag tabhairt do ghluaisteáin leat ón Úcráin

Má thugann tú do ghluaisteán leat ón Úcráin, tá rialacha iompórtála feithiclí áirithe ann nach mór duit a leanúint, ag brath ar cé chomh fada agus a fhanann tú in Éirinn. Féadfaidh tú cur isteach ar dhíolúine shealadach feithicle nuair a thagann tú. Ciallaíonn sé seo nach gá duit cáin fheithicle a íoc. Is féidir leat dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh eolais.

Árachas gluaisteáin

De réir an dlí ní mór duit a bheith árachaithe chun do charr Úcráinis a thiomáint agus é á úsáid ar bhóithre na hÉireann. D’ullmhaigh Biúró Árachais Mótair (Iompar) na hÚcráine (UA) liosta de Sholáthróirí Árachais na hÚcráine a ligeann do dhídeanaithe ón Úcráin a bpolasaithe árachais a athnuachan ar líne agus Cárta Glas Árachais Idirnáisiúnta a fháil. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo ag www.mibi.ie

Tuilleadh eolais

Is féidir leat léamh faoi:

Tá tuilleadh eolais ag na heagraíochtaí seo a leanas i mBéarla, in Úcráinis agus i Rúisis:

Tá líne chabhrach saorghlao san Úcráin ag an gCoimisiún Eorpach ar féidir léi faisnéis a thabhairt duit maidir le hiontráil agus taisteal san AE, do cheart chun oideachais agus rochtain ar phoist nó cúram sláinte.

  • Saorghlao 00 800 6789 1011 ó laistigh den AE
  • Glao +32 22 99 96 96 ó lasmuigh den AE (tá táillí i gceist)

Cuireann an líne chabhrach faisnéis ar fáil freisin i dteangacha oifigiúla an AE agus i Rúisis agus tairgeann sí seirbhís ghlao ar ais saor in aisce. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach freisin le haghaidh faisnéise trí fhoirm theagmhála ar líne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Aibreán 2024