Víosaí do thurasóirí ag teacht go hÉirinn

Cé a dteastaíonn víosa gearrchuairte uathu d’Éirinn?

Má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt ar Éirinn, ba cheart duit a sheiceáil an dteastaíonn víosa uait.

Cuirtear eolas ar fáil ar an leathanach seo ar conas iarratas a dhéanamh ar víosa gearrchuairte. Tugtar víosa ‘C’ air seo agus tá sé le haghaidh cuairte a fhaide le 90 lá. Déanann tú iarratas ar víosa má tá sé ar intinn agat teacht go hÉirinn:

  • Ar mhaithe leis an turasóireacht
  • Le cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha nó ar chairde
  • Le pósadh
  • Chun cóir leighis a fháil
  • Le staidéar gearrthéarmach a dhéanamh

Mura saoránach an AE, an LEE, na hEilvéise nó an RA thú agus mura dteastaíonn víosa uait chun teacht go hÉirinn, tá ort cáipéisí a bheith leat fós féin leis an gcúis atá le do chuairt a thaispeáint. Caithfidh tú teacht i láthair ag inimirce nuair a iontrálann tú Éire.

Ní chinntíonn víosa a bheith agat go gceadófar duit Éire a iontráil.

Conas iarratas a dhéanamh ar víosa gearrchuairte

Déanann tú iarratas ar víosa ar líne. Líonann tú iarratas ar leith do gach duine atá ag taisteal, leanaí san áireamh. I ndiaidh gur sheol tú an fhoirm víosa ar aghaidh, tugtar 30 lá duit leis na cáipéisí tacaíochta a sheoladh. Smaoineamh maith é do cháipéisí a ullmhú sula líonann tú an fhoirm.

Íocann tú táille €60 ar gach iarratas. Cosnaíonn víosa iliontrála €100.

Nuair a sheol tú an fhoirm ar aghaidh, gheobhaidh tú achoimre ar d’iarratas. Áirítear leis seo:

  • Uimhir idirbhirt d’iarratais ar víosa
  • Bileog achoimre d’iarratais
  • Sonraí faoin oifig iarratais ar cheart duit do cháipéisí a sheoladh chuici

Seolann tú an bhileog achoimre shínithe ar aghaidh le do cháipéisí.

Cáipéisí le seoladh ar aghaidh do víosa gearrchuairte

Caithfidh tú cáipéisí a sheoladh chun tacú le d’iarratas. Cuirtear eolas ar fáil sa mhír seo ar na príomhcháipéisí is gá duit a sheoladh. Is féidir leat eolas breise a fháil faoi cháipéisíocht ar láithreán gréasáin Sholáthar Inimirce Éireann.

Caithfidh tú buncháipéisí a sheoladh ar aghaidh (ní ghlactar le fótachóipeanna). Mura bhfuil do cháipéisí i mBéarla, caithfidh tú aistriúchán deimhnithe agus an bhuncháipéis a sheoladh ar aghaidh.

Seolfar teastais bhreithe, deimhnithe pósta agus báis ar ais chugat. Más mian leat go seolfar leathanaigh eile ar ais chugat, ba cheart duit nóta a chur san áireamh le d’iarratas a chuireann seo in iúl. Seol fótachóip (anuas ar an mbunchóip) den leathanach is mian leat go seolfar ar ais chugat.

Má cheadaítear do víosa, caithfidh tú árachas taistil a fháil sula dtaistealaíonn tú go hÉirinn.

Litir iarratais

Caithfidh tú litir a scríobh a mhíníonn an fáth gur mhaith leat teacht go hÉirinn. Ba cheart duit na sonraí faoi do thuras, na dátaí a bheartaíonn tú a bheith anseo, cá bhfanfaidh tú agus conas a íocfaidh tú as rudaí fad a bhíonn tú anseo san áireamh, a thabhairt.

Caithfidh tú a lua i do litir go ndéanfaidh tú na rudaí seo a leanas:

  • Cloífidh tú le coinníollacha do víosa ina n-iomláine
  • Fágfaidh tú Éire sula n-éagfaidh do víosa
  • Ní bhraithfidh tú ar sheirbhísí ná ní bheidh tú i d’ualach ar an Stát

Má tá cuairt á tabhairt agat ar chairde nó ar dhaoine muinteartha, ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith i do litir chomh maith:

  • A n-ainmneacha agus seoltaí
  • Ainmneacha agus seoltaí aon duine de do theaghlach a chónaíonn in Éirinn nó i dtír eile sa LEE nó san Eilvéis, fiú má mura mbeartaíonn tú cuairt a thabhairt orthu

Litir chuiridh

Má tá cuairt á tabhairt agat ar dhuine in Éirinn, ba cheart duit litir chuiridh a scríobh siad a sheoladh ar aghaidh. Ba cheart go mbeadh eolas sa litir faoi conas atá aithne acu ort, na dátaí a bheidh cuairt á tabhairt agat orthu agus an fáth go bhfuil cuireadh á thabhairt acu duit teacht go hÉirinn.

Ba cheart dóibh cóip dhaite dá bpas nó a gcárta náisiúnta aitheantais a chur san áireamh. Más ó áit lasmuigh den LEE, an Eilvéis agus an RA dóibh, caithfidh siad cóip dá gCead Cónaithe Éireannach agus an stampa reatha inimirce ina bpas a chur san áireamh.

Caithfear a lua sa litir go dtuigeann siad gur gá duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Cloífidh tú le coinníollacha do víosa ina n-iomláine
  • Fágfaidh tú Éire sula n-éagfaidh do víosa
  • Ní bhraithfidh tú ar sheirbhísí ná ní bheidh tú i d’ualach ar an Stát

Eolas faoin áit a bhfanfaidh tú

Caithfidh tú na sonraí faoin áit a bhfanfaidh tú a chur san áireamh Ba cheart duit asphriontaí de do dheimhnithe áirithinte a chur san áireamh. Má tá tú ag fanacht le cairde, daoine muinteartha nó le comhghleacaithe, féach ‘Litir chuiridh’ thuas.

Pas

Caithfidh tú do phas reatha a sheoladh. Caithfidh sé a bheith bailí ar feadh 6 mhí, ar a laghad, tar éis an dáta a bheartaíonn tú Éire a fhágáil. Caithfidh tú fótachóip de gach leathanach de na pasanna a bhí agat roimhe seo a sheoladh freisin.

Cruthúnas airgeadais

Caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil an t-airgead agat a theastaíonn uait do do thuras. Má tá duine eile ag íoc as do chuairt (mar shampla, duine muinteartha), ba cheart duit cáipéisí a sheoladh ar aghaidh lena thaispeáint gur féidir leo íoc asat.

Ní gá duit méid ar leith nó socraithe airgid a bheith agat chun cáiliú do víosa gearrchuairte.

Grianghraif phas

Cuir 2 ghrianghraf pas san áireamh. Caithfidh tú d’ainm a shíniú agus uimhir idirbhirt d’iarratais ar víosa a scríobh ar chúl gach grianghraif.

A thabhairt le fios gur gá duit filleadh abhaile

Caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil ceangail láidre agat le do thír dhúchais agus gur gá duit filleadh abhaile. D’fhéadfadh freagrachtaí teaghlaigh, obair, oideachas nó rud éigin eile a bheith i gceist leis seo. Ba cheart duit cruthúnas na bhfreagrachtaí seo a sheoladh. Mar shampla, má tá tú ag oibriú, ba cheart duit litir ó d’fhostóir agus duillíní pá a eisíodh le déanaí a sheoladh ar aghaidh.

Is féidir leat sonraí breise a léamh faoi na cáipéisí a theastaíonn uait ar láithreán gréasáin Sholáthar Seirbhíse Inimirce.

Cinntí agus achomhairc

Má sheol tú d’iarratas go Baile Átha Cliath, is féidir leat cinntí agus tréimhsí feithimh víosa a sheiceáil. Má sheol tú d’iarratas áit éigin eile, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid nó leis an gconsalacht ar sheol tú do cháipéisí chucu chun nuashonruithe a fháil ar d’iarratas. Glacann iarratais thart ar 8 seachtaine, ach d’fhéadfaidís níos faide a ghlacadh.

Má éiríonn le d’iarratas ar víosa, seolfaidh an oifig víosaí do phas ar ais sa phost chugat agus an víosa ceangailte leis. Beidh an víosa bailí ar feadh tréimhse ar leith. Ní chinntíonn víosa a bheith agat go gceadófar duit Éire a iontráil.

Diúltú

Gheobhaidh tú litir ina luaitear an fáth gur diúltaíodh d’iarratas ar víosa. Is féidir leat an cinneadh seo a achomharc laistigh de 2 mhí.

An féidir liom fanacht níos faide ná 3 mhí?

Bíonn súil leis go bhfágann tú an Stát ar an dáta nó roimh an dáta a stampáil an tOifigeach Inimirce ar do phas nuair a d’iontráil tú.

Ní féidir leat do víosa a shíneadh ach má thagann athrú gan choinne ar do chúinsí ó d’iontráil tú Éire.

Ní féidir leat síneadh a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • Ní thagann aon athrú ar chúinsí ón am a d’iontráil tú Éire
  • Ní thagann aon athrú ar chúinsí ón am a deonaíodh víosa taistil duit
  • Tá tú in Éirinn le cóir leighis a lorg
  • Tá cead á lorg agat pósadh in Éirinn
  • Tá tú in Éirinn le saoráidí cúraim leanaí a sholáthar
  • Is mian leat cónaí in Éirinn go lánaimseartha

Táillí víosa

Ní gá do roinnt daoine an táille víosa a íoc.

Cosnaíonn víosa:

Víosa turais singil: €60

Víosa ilturais: €100

Eolas breise

Má theastaíonn víosa uait chun cuairt a thabhairt ar Éirinn, caithfidh tú d’iarratas a dhéanamh ar líne.

Ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit

Oifig na Víosaí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
ÉIRE

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Eanáir 2023